Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Inis Dáimh Léith Isle of the Grey Ox
" Deirtear gur tugadh "Inis Dáimh Léith" ar Chléire sa tseanreacht.
scead liath grey patch
" Bhí sé caol fada, a bholg buailte thiar ar a dhroim agus scead liath os cionn an dá chluais aige.
an Clochán Liath Dungloe
" Bhí carr de dhíth ar an IRA le gunnaí agus baicle fear a thabhairt go dtí an Clochán Liath.
aolchloch liath grey limestone
" Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná na ballaí arda déanta as aolchloch liath.
An Clochán Liath Dungloe
" Tá sráidbhaile Loch an Iúir suite i nGaeltacht Thír Chonaill, ar an N56 idir Gaoth Dobhair agus An Clochán Liath.
cultacha liatha grey suits
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
Mainistir Liath Greyabbey
" Tá ionad beag cuairteoirí ag Mainistir Liath fosta, agus tá luibhghort ann agus luibheanna ó na meánaoiseanna ag fás ann.
An Mhainistir Liath Greyabbey
" Sa mheánaois, bhíodh a lán feirmeacha éisc thart ar An Mhainistir Liath, agus is dócha go raibh na manaigh ag próiseáil agus ag onnmhairiú an éisc.
léithe dullness
" ) Ach ar ais chun na Foraoise, a léitheoirí dílse.
liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe the grey of the ashes of the Celtic jersey after it has been burnt
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
coilíneacht mhór rónta liatha a big colony of grey seals
" Chonaic muid coilíneacht mhór rónta liatha, ina luí ar charraigeacha.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
coilíneacht mhór rónta liatha a big colony of grey seals
" Chonaic muid coilíneacht mhór rónta liatha, ina luí ar charraigeacha.
an ghléas bheag liath the small grey appliance
" Bhí aige leis an ghléas bheag liath a chroitheadh agus a chur go béal dhá uair.
scead liath a grey streak
" “Tá sé ina sprios ceart agus thug mé faoi deara go bhfuil scead liath ag toiseacht ar chúl mo chinn, díreach mar atá ar m’athair.
geal-liath pure grey
" Bíonn sé doiligh réiteach a fháil den ghruaig atá geal-liath ach dhéanfaidh mé mo dhícheall.
cosúil le haon chathair liath like any grey city
" Sroichimid Ashikawa – tá sé díreach cosúil le haon chathair liath timpeall an domhain.
na scamaill mhóra liatha. the big grey clouds.
" Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha.
san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, in the development planned for Greystones,
" Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna, á scrios ar mhaithe leis an airgead.
ag éirí liath getting grey
" Sleamhnaíonn m’aird chuig an mbean in aice liom ag gearán faoina ceann a bheith ag éirí liath le strus an tsaoil! An *latté* ídithe.
liath grey
" An t-aon rud liath a bhí le feiceáil nó lí mhistéireach Mont Sainte-Victoire, í liath-airgid, pastalach agus taibhsiúil – bé Cézanne.
fánaithe na léithe the grey wanderers
" Tá na feirmeoirí ag brath freisin ar dhaoine ar scor a chaitheann cuid dá saol ag taisteal – ‘fánaithe na léithe’, mar a thugtar orthu, ach arís, níl an cumas ceart iontu.
liath grey
" Scannán a chuireann an dubh ina gheal is an geal ina dhubh agus an liath go tiubh tréan dá phailéad sin.
léithe luath silver strands of hair
" Ach má tá an léithe luath ort agus tú ag dul in ‘aibíocht’ nó in aois, is féidir gur cuimhin leat go ndearna arm na hAirgintíne ionradh ar oileáin creagacha san Atlantach Theas in Aibreán na bliana 1982.
liath agus bagrach grey and threatening
" Bhí pictiúir eile ar na ballaí, iad chomh gránna lena chéile, dubh agus liath agus bagrach, iad ag teacht salach ar mhúrphictiúir eile a léirigh mórtas cine na bProtastúnach - an Titanic, George Best, cath an Somme (tá patrún á nochtadh anseo).
ar dhath liath grey colored
" Is cuimhneach liom, a bheith ag canbhasáil leis lá i gCois Fharraige agus bhuaileamar isteach i mbothán, ar a dtugtaí demountable i gConamara: bosca pre-fab ar dhath liath taobh amuigh agus dorcha taobh istigh, cheal mórán de sholas an lae á scaoileadh isteach ag na fuinneoga beaga.
glas' agus 'liath green/grey and grey
" ” Ach ar ndóigh tá an chiall chéanna ag na focail 'glas' agus 'liath' sa Ghaeilge, agus mar sin de bhí an dath ag fóirstean go maith don bhuaic sceirdiúil, chlochach seo.
idir fhir is mhná, ó liath go leanbh both male and female, young and old
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.
chomh liath scamallach as grey and cloudy
" Tá mé thar a bheith sásta a bheith anseo cé go bhfuil sé chomh liath scamallach agus atá sé sa bhaile.
béim faoi léith curtha ar particular emphasis place on
" Ag an tréimhse chéanna nuair a bhí rialtas na Fraince ag cur coisc ar an chomórtas seo ina bhfuil béim faoi léith curtha ar áilleacht agus ar chur i láthair na bpáistí—bhí an chéad cheann riamh den chineál chomórtas Mheiriceánach seo ar siúl abhus in Éirinn i mí Meán Fómhair.
Cruthaíodh neart conspóide ina léith a lot of controversy arose from it
" Cruthaíodh neart conspóide ina léith sna meáin, i pobal na tíre gan trácht ar thuismitheoirí agus ar Ryan Tubridy fiú amháin! Ní mó ná sásta a bhí an chuid is mó de mhuintir na hÉireann faoin chineál chomórtais seo a bhí ag leagan béime ar chuma an pháiste—ag tosú leis na héadaí.
dóite agus liath burnt and grey
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.