Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
limistéar region, area
" Cé go bhfuil taobh amháin de na hocht mbonn mar an gcéanna ar fud an 12 thír i limistéar an euro, tá an taobh eile difriúil ó thaobh dearaidh de i ngach tír - cláirseach a dhear Jarlath Hayes atá roghnaithe againne.
limistéar iomána hurling area
" Tá an scéal níos measa in Uíbh Fhailí áit ina bhfuil an limistéar iomána beag agus go bhfuil easpa imreoirí óga den chaighdeán is fearr ag teacht tríd.
limistéir chathrach city areas
" Tá sé le feiceáil go soiléir ó thorthaí daonáirimh na bliana seo go bhfuil i bhfad níos mó daoine anois ina gcónaí i limistéir chathrach agus i mbailte na tíre ná mar a bhí riamh.
limistéar area
" Agus an méid sin ráite, tá an ceart ar fad ag na hiascairí nuair a deir siad gur amaidíocht atá ar bun ag an gCoimisiún Eorpach, é ag iarraidh iasc a chaomhnú agus ag an am céanna ag ligint do na Spáinnigh na céadta bád iascaireachta eile a chur isteach sa limistéar.
limistéir chónaithe residential areas
" De bharr go mbítear den tuairim agus bruachbhailte á dtógáil go mbeidh carranna ag na daoine go léir a bheas ag cur fúthu iontu, bíonn achar fada idir limistéir chónaithe agus na ceantair áitiúla gnó, rud a chiallaíonn gur gá tiomáint chuig siopaí grósaera, pictiúrlanna, tábhairní agus bialanna.
sna limistéir chúlráideacha in the isolated areas
" Ach muna bhfuil aird á tabhairt ar an bpríomhbhealach siar go Gaillimh, cén seans atá ann go n-éistfear leis na hargóintí fiúntacha atá ag lucht West on Track? Mar a dúirt Romano Prodi, gan an t-airgead a chaitheamh ar an infrastruchtúr ní fheicfear forás eacnamúil sna limistéir chúlráideacha atá scartha amach ón lár.
limistéar fairsing large area
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
limistéar ollmhór a huge area
" Clúdaíonn sí limistéar ollmhór idir sráidbhaile Dhail Chuinnidh sa deisceart, Baile Ur nan Granndach sa tuaisceart, agus Bealadair san oirthear.
limistéir areas
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
limistéar áilleachta beauty spot
" Ní hamháin go bhfuil smál ar an limistéar áilleachta, ach tá sé contúirteach fosta dul trasna an bhac-chúrsa seo.
an limistéar mór uirbeach seo this big urban area
" Chomh maith leis sin, tá mórán daoine anois ag bogadh amach as an limistéar mór uirbeach seo agus ag cur fúthu i mbailte measartha mór mar Cheatharlach agus Chill Chainnigh.
limistéir chód poist fhíorbheaga very small postcode areas
" Ach ní leigheasfaidh cóid phoist an fhadhb seo ach amháin má bhíonn limistéir chód poist fhíorbheaga ann (cód difriúil do gach aon teach tuaithe) agus níl córas aon áit ar domhan atá chomh beacht sin.
limistéir chód poist fhíorbheaga very small postcode areas
" Ach ní leigheasfaidh cóid phoist an fhadhb seo ach amháin má bhíonn limistéir chód poist fhíorbheaga ann (cód difriúil do gach aon teach tuaithe) agus níl córas aon áit ar domhan atá chomh beacht sin.
an dá limistéar the two areas
" (Is ionann an méid suíochán a bheadh sna traenacha Maglev atá pleanáilte don Bhreatain agus an méid atá le fáil in 1,800 eitleán Boeing 737!) Bheadh an turas idir deisceart agus tuaisceart Shasana níos éasca, agus laghdofaí an “scoilt” idir an dá limistéar.
an dá limistéar the two areas
" (Is ionann an méid suíochán a bheadh sna traenacha Maglev atá pleanáilte don Bhreatain agus an méid atá le fáil in 1,800 eitleán Boeing 737!) Bheadh an turas idir deisceart agus tuaisceart Shasana níos éasca, agus laghdofaí an “scoilt” idir an dá limistéar.
limistéir areas
" Tá mo shaol proifisiúnta ar fad caite agam i mBéal Feirste, i mBagdad, sa Bhoisnia, i mBéiriút – sin comhtharlúint uaime – ag amharc ar dhaoine taobh istigh de na limistéir sin ag dó agus ag fáil bháis.
limistéar area
" Mhol an Coimisiún go mbeadh tréimhse seacht mbliana ag gach limistéar Gaeltachta le cur le húsáid na Gaeilge sa cheantar.
limistéar area
" Ní bheadh an scéal chomh dona céanna, is dóigh, dá mba rud é gur tharla an t-aicsean go léir ar an bpáirc i measc na n-imreoirí, ach toisc gur scaip an choimhlint fhisiciúil ón pháirc imeartha go dtí an limistéar ar an taobhlíne agus in aice lucht leanúna, bhí an seans ann go ngortófaí duine nó daoine.
limistéir cumhachta area of power
" I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin.
infrastruchtúr an limistéir a atógáil to rebuild local infrastructure
" De réir na poiblíochta oifigiúla, tá dhá phríomhaidhm ag baint leis an mhisean, mar atá, infrastruchtúr an limistéir a atógáil agus an tslándáil a chur i bhfeidhm.
an limistéar imeartha laghdaithe the reduced playing area
" Do bhaill agus do lucht leanúna CLG, b’aisteach agus ba choimhthíoch an radharc iad na cuaillí difriúla a bhaineann le rugbaí agus an limistéar imeartha laghdaithe a fheiceáil.
limistéar area
" De réir Boeing, dá mbeadh limistéar 34,000 ciliméadar cearnach (san fharraige, is dócha – sin ceantar beagáinín níos lú ná an Isiltír nó an Eilvéis) ina mbeadh na halgaí seo ag táirgeadh breosla, ba leor é sin do gach aerlíne ar domhan, agus bheadh an eitlíocht in ann a hastuithe carbóin ar fad a neodrú.
Limistéar Caomhantais Speisialta Special Area of Conservation
" B’fhiú an rud céanna a dhéanamh i nGleann Cholm Cille, ar mhaithe leis an turasóireacht, agus mar gur Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) é.
as an limistéar intíre from the inland area
" Tháinig na teaghlaigh as an limistéar intíre chomh maith, agus bhí clú ar an tSír mar áit a bhféadfadh saoire neamhchostasach a bheith ag daoine inti.
Limistéir faoi Chosaint Speisialta Special Protection Areas
" De réir shuíomh gréasáin na heagraíochta, déanann SPNF "Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCS) a ainmniú agus a chosaint.
limistéar caomhantais conservation area
" Faoin am seo, tá os cionn 10 faoin gcéad de dhromchla an domhain ina limistéar caomhantais.
na limistéir bheaga bhídeacha the small tiny pockets or regions
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
limistéar area
" An Turlach Mór Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas.
limistéar baolach danger zone
" Labhair mé leis tar éis an chluiche in aghaidh Manchain Aontaithe ag *Ewood Park*, nuair a chaill Rovers 0-2 agus thit siad isteach sa limistéar baolach, is é sin i measc ceithre fhoireann bun na sraithe.
Limistéir Chaomhantais Speisialta special conservation areas
" Limistéir Chaomhantais Speisialta =========== Tá Gleann Cholm Cille ina ‘Limistéir Chaomhantais Speisialta’ (LCS) faoi chúram Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF; féach sna naisc ar dheis).