Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thigeadh lionn dubh air ó am go ham he used to get depressed from time to time
" Thigeadh lionn dubh air ó am go ham agus chaithfeadh sé go leor ama ag siúl leis féin ar an uaigneas.
lionn dubh melancholy
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi. It was worse than disappointment; she was depressed.
" Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi.
lionn dubh melancholy
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
lionn dubh depression
" Tugann sé leid nó dhó dúinn go mbíonn lionn dubh air anois agus arís.
lionn dubh depression
" Ceist Arastatail Agus chuir an fealsamh Arastatail an cheist cad chuige a raibh na fílí, na healaíontóirí agus na fealsúna is fearr ar fad luaite leis an lionn dubh? Ná déanaimis dearmad, ach oiread, dár bhfile buile féin, Suibhne Gealt, a d’imigh, i ndiaidh dó uafáis na cogaíochta a fheiceáil i gCath Mhaigh Rátha, ar seachrán mire ar fud sléibhte agus coillte na hÉireann an 7ú Céad, ag déanamh cónaí sna crainn agus ag fógairt áilleacht agus diamhracht an dúlra ó bharr na gcrann i bhfilíocht shnoite cheolmhar.
gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air he felt a dead and heavy sadness overcoming him
" Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis.
lionn dubh depression
" D’admhaigh sé in agallamh leis an Hollywood Reporter go mbíonn an lionn dubh air agus b’fhéidir nach bhfuil an dóchas céanna ina shaothar dá bhrí sin, is a bhí ag a leitheidí Gene Roddenberry, cruthaitheoir saincheadúnas *Star Trek*, cuirim i gcás.