Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cluas éisteachta listening
" Is é sin, tugtar tús áite don amhránaíocht de bharr go mbíonn sé deacair uaireanta deiseanna a fháil amhráin a chasadh ag áiteacha nó ag ócáidí eile, agus de bharr gur féidir a bheith cinnte de go dtabharfar cluas éisteachta don amhrán anseo.
Tá mé bodhar ag éisteacht leis I'm sick listening to him
" ' Tá mé bodhar ag éisteacht leis," arsa Caitríona.
go n-éisteodh siad liom that they would listen to me
" Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse go n-éisteodh siad liom.
ag éisteacht le deireadh listening to everything
" Ach ní raibh Stiofán ina chlabhstar déanta ar chor ar bith nó bhí sé ina sheasamh ar chúl dhoras an tseomra ag éisteacht le deireadh agus bhí plean aige.
Cogar listen (conspiratorial)
" "Cogar," ar seisean, "cén dóigh a bhfaigheann tú *Sky Sports*?" D'amharc an bheirt acu thar a ngualainn ar an chisteanach agus bhrúigh an t-oibrí cúpla cnaipe.
Clostrealamh listening equipment
D’éistinn I used to listen
" D’éistinn le hamhráin de chuid Chlannad, mar shampla, agus bhínn ag rá liom féin: “Cad é ábhar na n-amhrán seo?” Bhí siad lán d’uaigneas agus de dhúil.
D’éistinn I used to listen
" D’éistinn le hamhráin de chuid Chlannad, mar shampla, agus bhínn ag rá liom féin: “Cad é ábhar na n-amhrán seo?” Bhí siad lán d’uaigneas agus de dhúil.
D’éistinn I used to listen
" D’éistinn leis an nuacht ar an raidió i nGaeilge agus i mBéarla agus léinn na nuachtáin go rialta.
agus go n-éistidís le hollúna and that they used to listen to professors
" Mhínigh sí dúinn go dtagadh scoláirí anseo sa seanam agus go n-éistidís le hollúna ag caint faoi na plandaí.
ní bhíonn muinín acu ina gcuid éisteachta they don't have trust in their listening
" Braitheann siad ar a gcuid nótaí, ní bhíonn muinín acu ina gcuid éisteachta.
riachtanais éisteachta listening needs
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Chonacthas don Chomharchumann go raibh géarghá le stáisiún a d’fhreastalódh go speisialta ar riachtanais éisteachta phobal na Gaeilge agus a dhéanfadh ceangal tábhachtach cumarsáide idir comhluadair na Gaeilge a bhí scaipthe ar fud mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.
nach n-éistfinn ach le cúpla clár that I'd only listen to a few programmes
" Shíl mé nach n-éistfinn ach le cúpla clár agus go mbeinn sásta ach, roimh i bhfad, bhí mé an-tógtha leis an teanga.
ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach. listening to speeches about the plight of the Palestinians.
" Bhí scata mór daoine ann, ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach.
ag éisteacht le dlúthdhiosca listening to a CD
" Chomh maith leis na leabhair, áfach, tá taifeadtaí fuaime ar fáil agus thig leat suí ansin ag éisteacht le dlúthdhiosca nó ag amharc ar DVD.
ar mian leat éisteacht leis. that you wish to listen to.
" Tá uimhir le gach taifeadadh agus is féidir leat ansin an ceirnín a iarraidh ar mian leat éisteacht leis.
Níor dhea-éisteacht a phíobaireacht. His piping was not easy listening.
" Níor dhea-éisteacht a phíobaireacht.
Is gá a bheith ag éisteacht it's necessary to be listening
" Is gá a bheith ag éisteacht seachas a bheith ag smaoineamh.
ag éisteacht go géar listening intently
" Bhí an-dúil agam i gceol Ennis riamh agus thosaigh mé ag éisteacht go géar leis na rudaí beaga a bhí ar siúl aige.
spreagann sin thú le héisteacht níos géire it encourages you to listen more closely
" Nuair a éisteann tú leis an taifeadadh fuaime agus an leagan scríofa a bheith os do chomhair amach spreagann sin thú le héisteacht níos géire leis an rud a bhí ar siúl aige.
áit éisteacht leis na gnáthdhaoine. instead of listening to the ordinary people.
" Ach ba chuma le Tony Blair faoi thuairim na ndaoine i Sedgfield nó sa tír uilig agus, mar is nós le New Labour, lean formhór na bhFeisirí an ceannaire in áit éisteacht leis na gnáthdhaoine.
Athéisteacht. Listening again.
do ghairis éisteachta for listening devices
" Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta – comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin.
ag éisteacht leis an mothú, listening to the emotion,
" Spreagtar mé chun amhrán a fhoghlaim ó bheith ag éisteacht leis an mothú, leis an mbrí, agus leis an gceangal atá idir scéal agus ceol an amhráin.
agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile. while listening to the football song of their university.
" Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile.
ag éisteacht le ceol listening to music
" “Bíonn sé ag seinm giotáir agus ag éisteacht le ceol an t-am ar fad.
éisteadh leis he was listened to
" Bhí ciúnas iomlán ann agus éisteadh leis agus dúirt sé an t-amhrán agus bhí chuile dhuine faoi dhraíocht aige, ní hamháin ag an gcumas amhránaíochta nó fonnadóireachta a bhí ann, an glór faoi leith sin a bhí aige ach chomh maith leis sin an phearsantacht, go raibh sé i gceannas.
ag éisteacht leis an rithim listening to the rythm
" ********************************** Tar éis dom “Sinnerman” a chloisteáil, chuaigh mé chuig Tower Records i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus cheannaigh mé trí albam dá cuid le go bhféadfainn mé féin a bhá ina ceol! Tá mé báite! Agus anois tá mé suite sa seomra suí ag éisteacht leis an rithim sa chéad chúpla soicind de “See-line Woman”.
Bhí mé ag ligean orm go raibh mé éisteacht leis. I was pretending that I was listening to him
" Bhí mé ag ligean orm go raibh mé éisteacht leis.
labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh. speaking, listening comprehension, reading comprehension and writing
" Tá na scrúduithe bunaithe ar na ceithre scil teanga: labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh.
níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam I don't, as a rule, listen to things that I have done
" Níor éist mé le cuid albam an Bothy Band ar feadh deich mbliana nó níos faide – níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam – ach d’éist mé leis na halbaim sa deireadh agus thuig mé gur éirigh linn an fuinneamh a bhaineann le bheith ag seinm beo a athchruthú sa stiúideo.
Ba leor éisteacht leo. it was enough to listen to them
" Ba leor éisteacht leo.
suite go ciúin ag éisteacht go grinn sitting quietly listening intently
" Ní raibh radharc na súl aige ach d'fheicinn i gcónaí é ag ócáidí Slógadh, suite go ciúin ag éisteacht go grinn le gach aon nóta a canadh nó a seinneadh le linn an chomórtais.
cluas bhodhar á tabhairt giving a deaf ear, ie, not listening or ignoring
" Le tamall anuas, tá cluas bhodhar á tabhairt ag muintir na gcathracha don "mhé-féineachas" atá ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo.
laghdófar shall listen
" Táthar ag súil fós go laghdófar líon na ndaoine gan dídean 50 faoin gcéad roimh 2020.
cúléisteacht listening on the qt
" Bhí a fhios agam gur breithlá mo mháthar a bhí ann, ach, agus mé ag cúléisteacht leofa, chuala mé móraí ag ráit le Mam “*Life begins at forty*”.
síoréisteacht always listening
" ie a Rónáin! Bím ag síoréisteacht leis an raidió agus tugaim an-chluas agus an-taitneamh dó i rith an ama.
cluas éisteachta listening with intent
" Rófhurasta a bheadh sé na scríbhneoirí a cháineadh seachas cluas éisteachta a thabhairt dá bhfuil le rá acu.
gairis chúléisteachta a listening device
" Go deimhin, ’sé Adams féin a mhol go bhfaighfeadh sé peata agus cé gur thairg sé ceann a fháil dó, bhí imní ar lucht slándála go mbeadh gairis chúléisteachta ina lapa! Nuair a b’éigean do Mhandelson éirí as a chúram, ghlaoigh Adams le comhbhrón a dhéanamh leis.
nach rabhthas ag éisteacht (as it) wasn't being listened to
" D’ardaigh an cholainn a glór le gach duine acu agus stad, mar nach rabhthas ag éisteacht.
ní minic a éistim I don’t often listen
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
tar éis éisteacht having listened
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
Chuir muid cluais orainn we listened
sheal éisteachta while listening
" Aguisín: D'imíos ar thuras timpeall ar shuíomh idirlín Neil Young go gairid i ndiaidh mo sheal éisteachta i Seattle agus tháinig mé ar a réamhaisnéis don bhliain seo chugainn i dtaca le caighdeán fuaim: *A Message from Neil Young* *2012 will be the year that record companies release High Resolution Audio.
agus cluais uirthi listening
" Chonaic mé bean sa doras agus cluais uirthi.
le cluas a thabhairt sna cainteanna to listen in on the presentations
" "An Gearrscéal i Litríocht na Gaeilge" ba theideal don chomhdháil, agus tháinig daoine ó chian is cóngar chun páipéir a thabhairt nó le cluas a thabhairt sna cainteanna.
ní éisteodh wouldn’t listen
" Bhí deacracht agam leis, ní éisteodh sé liom.
is mó i gcroí an duine é ná bheith ag éisteacht le it means more to you than listening
" "Is breá liom a bheith ag déanamh seónna beo, is breá liom dul isteach i saol eile in áit eile, tá a fhios agat, nuair a théann tú isteach in áit a bhfuil atmasféar ann agus is mó i gcroí an duine é ná bheith ag éisteacht le duine ag canadh cúpla amhrán amháin.
as éisteacht an ghnáthúsáideora for listening as a normal user
" An rud is amaidí faoi seo ar ndóigh, is iad mo leitheidse, iad siúd lena ndóthain airgid/ spéise/ moráltachta cultúir is mó spéis do na fogróirí! Ach mar a thuigimse freisin é, íocann Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora.
i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis having listened to
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
Rith sé liom agus mé ag éisteacht leis it occurred to me as I listened to him
" Rith sé liom agus mé ag éisteacht leis gur aoibhinn saol an ambasadóra anois tharla an dá thír an-mhór le chéile.
cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán to listen to them on the phone
" Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán.
leath ag éisteacht leis half listening to him
" Bhí mé leath ag éisteacht leis nuair a bhí sé ag tabhairt eolais dom faoin ngluaisteán – agus faoin gcaighdeán a bhain léi.
bunaíodh an NSA chun éisteacht le daoine thar lear was founded to listen to people
" An rud is mó is cúis buartha do dhaoine sa chás seo ná gur bunaíodh an NSA chun éisteacht le daoine thar lear.
ní raibh cluas le héisteacht ar (she) wouldn’t listen
" ” “Ach, nach dtuigeann tú, a bhean,” arsa Balor, “gurb annamh a bhíonn aimsir mar seo againn; gur ón Eoraip a tháinig na piontaí sin atá tú ag ól, agus gur muintir ón iasacht atá ag seinm ceoil agus ag labhairt Gaeilge bhlasta thart ort sa teach tábhairne seo?” Ach ní raibh cluas le héisteacht ar an bhean, agus d’imigh sí léi ag lorg comhluadair eile.
Meabhraíonn na huimhreacha ísle the low (sales, listening and viewing) numbers bring to (my) mind
" Meabhraíonn na huimhreacha ísle díolacháin, éisteachta agus féachana dom na hiarrachtaí a bhí ar bun ag Éamon de Valera breis cláracha Gaeilge a chur ar Raidió Éireann le freastal ar phobal na Gaeltachta.
nach raibh bunadh na Gaeilge ag éisteacht the G. people were not listening
" Chuir státseirbhísigh comhairle air nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid siocair nach raibh bunadh na Gaeilge ag éisteacht leis na cláracha Gaeilge a bhí ann cheana féin.
cabhrach éisteacht leis helpful to listen to
" Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir faoi chúrsaí grá agus is é mo bharúil go bhfuil sé cabhrach éisteacht leis an gceol agus brí a bhaint as na lírící uaithi.
Bhínn ag éisteacht is ag caint leo I was listening to them talking
" Bhínn ag éisteacht is ag caint leo agus iadsan i mo cheartú.
An té a thabharfas cluas anyone who listens
" An té a thabharfas cluas d’aitheasc an Uachtaráin Uí Uiginn, cluinfidh sé gur duine é a thuigeann an gortú a chuireann an bhochtaineacht ar chroí an duine.
Is fiú go mór éisteacht lena chaint his talk is well worth listening to
" Is fiú go mór éisteacht lena chaint ar TED <http://bit.
Ná téigí den tsaol seo gan éisteacht leis listen before you die to
" Ná téigí den tsaol seo gan éisteacht leis an mBróitheach céanna: <http://www.
Tugadh an chluas bhodhair dúinn we weren’t listened to
" "Tugadh an chluas bhodhair dúinn.
agus cluais orm leo as I listened to them
" Anois go bhfeice muid, a deirim liom féin, agus cluais orm leo.
Chuir mé cluais orm féin I listened
a n-éistfeá go rialta leis which you’d listen to regularly
" H: Cén cineál ceoil a thaitníonn leat féin? Cén cineál ceoil a n-éistfeá go rialta leis?** N.
ag éisteacht go cúramach listening carefully
" Beidh lucht na Gaeilge ag éisteacht go cúramach leis.
ag éisteacht go géar le listening intently to
" Bhíos ag éisteacht go géar le bean an tí i gcónaí.
ar bís le héisteacht leis. dying to listen to it.
" Ba léir ón slua a bhí i láthair nuair a seoladh é go raibh go leor ar bís le héisteacht leis.
cluas le héisteacht listening intently
" Ag tabhairt cluas le héisteacht dá mothúcháin a bhí Colm Ó Snodaigh agus Dee le linn a bheith ag seinm ceoil.
éisteacht listening
" Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais.
in ann éisteacht able to listen
" D'fhreastail Bearnaí Ó Doibhlin ar an taispeántas áit a raibh sé in ann éisteacht lena ghlór féin agus le glór a bhean chéile.
thugann cluas do listen to
" Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.
ag tabhairt cluaise don óige listening to young people
" Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.
Caithfear éisteacht leis an gcolainn the body must be listened to
" Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
thug cluas dá dhea-scéala listened to his good news
" Chas Tony Birtill le ceoltóir agus cainteoir Manainnise, Paul Callister agus thug cluas dá dhea-scéala faoin teanga bheag oileáin sin.