Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
litir a chur suas to type a letter
" Is é a chéad rud a fuair Rita le déanamh ná litir a chur suas ar an ríomhaire and ansin á bualadh amach.
litreacha galánta lovely letters
" "Faighim litreacha galánta as achan chearn den domhan ag tabhairt buíochais domh, daoine ag inse domh gur bhain siad pléisiúr as ceardlann nó as mo chuid ceoil.
litir aturnae solicitor's letter
" Ansin lá amháin faigheann tú litir aturnae ag rá leat go bhfuil léas na talún ar a bhfuil an teach tógtha ídithe agus go gcaithfidh tú €54,000, mar aon le costaisí dlíodóra €127 san uair, a íoc más mian leat fanacht i do theach.
Níor foilsíodh a litir. His letter was not published.
litir aturnae solicitor's letter
" Spreag seo litir aturnae láithreach ó chomhlacht amháin darbh ainm Larry Goodman's Anglo-Irish Beef Processors.
an rabharta litreacha the flood of letters
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
fheachtas litreach letter campaign
" Ba é James Beck, Ollamh Ealaíne in Ollscoil Columbia, a chuir tús leis an fheachtas litreach.
litreacha na haibítre the letters of the alphabet
" Bhain sí úsáid as a tallann chruthaitheach scór bliain ina dhiaidh sin, le linn di a bheith i mbun scríobh Mo Leabhar ABC, leabhar oideachasúil do pháistí atá ag cur eolais ar litreacha na haibítre.
trí litir bhreise three extra letters
" Ansin, tar éis lánstad, bhí cead acu trí litir bhreise a úsáid chun insint don chóras oibriúcháin cén fhormáid comhaid a bhí i gceist.
litreacha móra fadálacha long tedious letters
" B’olc an mhaise dó, mar shampla, litreacha móra fadálacha a sheoladh chuig na nuachtáin mar fhreagra ar an díospóireacht faoi Dingle/An Daingean.
níor fhoilsigh ceann ar bith acu a litir. not one of them published her letter.
" Cheannaigh sí na nuachtáin ar fad an tseachtain sin ach níor fhoilsigh ceann ar bith acu a litir.
litreacha rúnda agus ionramháil pholaitiúil secret letters and political maneouvering
" Beidh rómánsaíocht, bréagadóireacht, litreacha rúnda agus ionramháil pholaitiúil i gceist! Cá háit a mbeidh tú i gceann cúig bliana, a Diego? Ba mhaith liom a bheith i mo chónaí in Éirinn agus Gaeilge níos fearr á labhairt agam!
níos mó litreacha chuig an eagarthóir more letters to the editor
" Le linn dó a bheith ag scríobh a cholúin laethúil, “An Irishman’s Diary”, don *Irish Times* spreag altanna Myers níos mó litreacha chuig an eagarthóir ná altanna a chomhghleacaithe uilig le chéile.
a mheallfadh litir ghearáin nó dhó. which would attract a letter or two of complaint.
" Síleadh i dtosach gur gnáthalt a bheadh ann, a mheallfadh litir ghearáin nó dhó.
litreacha na haibítre letter of the alphabhet
" Bhí beirt fhear ar a nglúine in aice le ceann na mná, agus bhí litreacha na haibítre “A, B, C” ag rith trí m'intinn.
ar an chlúdach litreach. on the envelope
" Bhí stampa agus postmharc na Spáinne ar an chlúdach litreach.
De réir na litreach according to the letter
" De réir na litreach a fuair mé ó chomhlacht darbh ainm dó Grupo Eulen Security Company SA, roghnaíodh m'ainm mar chuid den “*international promotion programme*” atá acu.
litreacha gearáin letters of complaint
"litreacha gearáin scríofa chuig Coimisinéir na bPóilíní agus chuig na Náisiúin Aontaithe ag muintir Rūātoki.
litir chairdiúil a friendly letter
" Chonaic mé fógra in *An Phoblacht*, nuachtán Shinn Féin, faoi “*mini*-choláiste” a bhí eagraithe acu sa chathair sin agus nuair a chuir mé litir chucu ag fiafraí faoi, fuair me litir chairdiúil ar ais i mí an Mhárta ó Mháirtín Ó Muilleoir, Ceannasaí Roinn an Chultúir, agus dúirt seisean: “Beidh fáilte is céad romhat ag an chéad *mini*-choláiste eile”.
litreacha spochta complaintive letters
" Más ag McCain an bua, ámh, cuirfidh mé fáilte Uí Cheallaigh roimh bhur litreacha spochta.
bronnta na gclúdach litreach tendering brown envelopes
" Scaip cultúr caochta na súl agus nós bronnta na gclúdach litreach ar fud an chórais riaracháin.
litir a chur a fhad leis send him a letter
" Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.
cearnóigín de chlúdach litreach a little envelope corner
" Is cuimhin liom gur shínigh sé cearnóigín de chlúdach litreach dem’ chuid, atá fós agam, i mbosca éigin, in áiléar mo thuistí.
litreacha ollmhóra massive letters
" Caithfidh mé a admháil gur bhuail taom mórtas cine mé nuair a chonaic mé na litreacha ollmhóra ar an Sliabh Dubh os cionn Bhéal Feirste an tseachtain seo caite.
litir ghearáin a letter of complaint
" Scríobh sé litir ghearáin i 2008 chuig an Aire freagrach, an tAire Dlí is Cirt, faoin moill a bhí ag baint leis an iarratas a bhí déanta aige breis is dhá bhliain go leith níos luaithe.
Litreacha Suirbhéireachta (ordinance) survey letters
" ’* Is Casta an Scéal ====== An duine bocht a rachaidh ag lorg smearadh eolais féin ar na sloinnte, beidh sé ag ransú na n-údar ó Litreacha Suirbhéireachta Uí Dhonnabháin, trí thaighde Matheson anuas tríd an Athair de Bhulbh, Mac Lysaght, Robert Bell agus Seán de Bhulbh, ag iarraidh adhmad a bhaint astu.
a chuid litreacha a bhreacadh write his letters
" Faoi Choim na Gaeilge ======= Scríobhadh Cruise O Brien abhaile gach seachtain dá bhean chéile, Máire Mhac an tSaoi, agus b’éigean dó a chuid litreacha a bhreacadh as Gaeilge ionas ná féadfadh cinsirí áitiúla cur isteach orthu.
ba mhinic focal trí litir as a bhéal go tarcaisniúil he often uttered a three letter word insultingly
" Níor dhuine deas é agus ba mhinic focal trí litir as a bhéal go tarcaisniúil, ‘w.
léann siad litreacha agus ríomhphoist they read letters and emails
" Éisteann siad le craolacháin mhóra agus bheaga, idir theilifís agus theileafóin; léann siad litreacha agus ríomhphoist; déanann siad monatóireacht ar gach saghas cumarsáide sa tír agus timpeall an domhain.
chum sé litir dá phater muirneach he composed a letter to his beloved father
" Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig.
bhí sé corraitheach na litreacha it was moving (to read) the letters
" Tá a lán ábhar pearsanta ar iasacht óna dheirfiúr Barbara Mc Narry agus bhí sé corraitheach na litreacha a scríobh an peileadóir óg chuig a theaghlach i mBéal Feirste a léamh.
fágadh litir isteach a letter was left in
" Ach chomh maith le sin shiúil na céadta againn soir a fhad le Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta agus fágadh litir isteach don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley, ag léiriú ár míshástachta le dearcadh agus le cur chuige an rialtais i leith na Gaeltachta.
leis an litir a dhréachtadh with drafting the letter
" Bhí baint agam leis an litir a dhréachtadh agus inti dúradh go neamhbhalbh le Dinny Mc Ginley go raibh ‘tréas’ déanta ar an nGaeltacht nuair a bhrúigh sé Acht na Gaeltachta tríd an Oireachtas dhá bhliain ó shin, gan aon tacaíocht ag an reachtaíocht ó aon duine taobh amuigh den rialtas.
Is sliocht as litir an excerpt from a letter
" Is sliocht as litir atá ann, rud a scríobh duine bocht agus é ag iarraidh breis cearta ar an tiarna a bhí os a chionn; '*Folks say that things are brightening up for the poor.
neart litreacha sna nuachtáin plenty of letters in the newspapers
" Céard faoina cheapachán, a tharraing neart cainte agus neart litreacha sna nuachtáin? Tá poiblíocht nach bhféadfaí a cheannacht faighte ag Oideas Gael i nGleann Colm Chille do na gearrchúrsaí Gaeilge a reáchtáltar ann.
leathanach na litreacha the letters page
" Tá díospóireacht spéisiúil ar bun ar leathanach na litreacha faoi John Redmond le mí anuas san Irish Times.
acrainmneacha trí litir three-letter acronyms
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén bhrí atá le cuid de na hacrainmneacha trí litir atá in úsáid go coitianta i saol na ríomhaireachta anois.