Pota Focal Intergaelic
logan | loman | lon | aloin | aon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar iasacht on loan
" Is léir anois go bhfuil a lán feisirí ag cailleadh trua do na feirmeoirí, go mór mhór nuair a chloiseann siad faoi 'leaba agus bricfeasta' (an leasainm a thugtar ar an chalaois a tharlaíonn nuair a thugann feirmeoirí caoirigh ar iasacht d'fheirmeoirí eile chun iad a chur i bhfolach ar chigirí) nó faoi fheirmeoirí a bheith ag thabhairt an ghalair do na caoirigh atá acu d'aon turas chun cúiteamh a fháil.
ar iasacht on loan
" " Cé gur éirigh le hAllen roinnt scoláireachtaí a fháil, bhí air go leor airgid a fháil ar iasacht chomh maith.
chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc to repay the interest on the new owners' loans
" Tá airgead mór déanta dá bharr, airgead a cuireadh ar leataobh chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc.
iasacht loan
" Ansin, ina dhiaidh sin, bhuail mé le Gráinne Hambly ag an bhFleadh agus thug sí iasacht de chláirseach dom don tseachtain agus chuaigh mé go dtí an Scoil Éigse le Micheál Ó Ruanaigh.
iasachtaí loans
" Mar shampla, cuirfear níos mó airgid ar fáil chun taighde a dhéanamh agus tionscnaimh úra a fhorbairt; agus cuirfear iasachtaí móra ar fáil ar rátaí tarraingteacha do thionscadail ar leith - tionscadail iompair ina measc.
d'iasachtaí mic léinn student loans
" B'fhéidir gur mar gheall ar chúrsaí airgid - bhí na mílte dollar d'iasachtaí mic léinn le híoc ar ais aige - a thug Buckley aghaidh ar Wall Street tar éis dó an chéim a bhaint amach.
iasachtaí loans
" Taobh amuigh de sin, braithimid ar tháillí ranganna, cíos a fhaighimid don Halla Nua agus ó sheomraí an Árais a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, táillí ballraíochta agus brabús ón mbeár chun ár gcostaisí (iasachtaí ón mbanc san áireamh) a ghlanadh.
iasachta loan
" Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé "ar mo bhealach féin é", mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …! AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach? BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla.
ar iasacht on loan
" Thug siad ceamara digiteach dom ar iasacht nuair nach raibh sé in úsáid acu, agus chleacht mé leis aon deireadh seachtaine a bhí mé in ann.
ar iasacht on loan
" Ina measc seo beidh saothar Daniel Libeskind, atá ina ailtire le hArup, a rinne an dearadh ar an phailliún *Eighteen Turns *a bheas ar iasacht ón Serpentine Gallery i Londain agus a bheidh le feiceáil i bPáirc Mhic Gearailt i rith na bliana.
ar iasacht on loan
" Gluais • Glossary athinsintretelling ar dhlúthchuid de theagasc na Súifeach iad tráthwhich were once an integral part of the Sufis' teachings an iomarca tráchtatoo much traffic ar bíson tenterhooks sceitimínírapturous excitement ar leathadhwide open as mo shlíout of my way a stumpa amadáinyou out-and-out fool ar iasachton loan is baolachI'm afraid ag grágaílbraying go frascopiously thar fóirover the top taibhreamhdream brímeaning i do dhúiseachtawake cóisirparty scata leaideannaa crowd of lads óinseachfoolish woman ag tagairt domsareferring to me stuaicsullen appearance ní nach ionadhnot surprisingly truapity murach na mnáif it wasn't for the women Sall leis.
hiasachtaí corparáideacha corporate loans
" “Bhí mé ag obair le hAIB ar feadh deich mí agus fuair mé taithí an-mhaith ag plé le hiasachtaí corparáideacha agus tugadh deis dom dul ar chúrsa oiliúna na gcéimithe, ach thuig mé nach raibh mé ag baint mórán sásaimh as an obair.
iasacht phearsanta personal loan
" É sin nó iasacht phearsanta a fháil ón bhanc leis na fiacha creidmheasa a ghlanadh.
iasacht fruilcheannaigh hire purchase loan
" Is beag duine anois nach bhfuil ceangal airgeadais éigin air, bíodh sé ina rótharraingt, iasacht phearsanta, iasacht ón Chomhar Creidmheasa nó iasacht fruilcheannaigh.
iasachtaí bainc bank loans
" Chuige sin, chuaigh scaifte acu sa tseans agus fuair siad iasachtaí bainc, agus cheannaigh siad píosa talún ar Cooke Street.
ar bhonn iasachta on a loan basis
" I lár na seachtóidí, d’imigh an bainisteoir, Pól Ó Foighil, agus d’fhiafraigh Príomhfheidhmeannach Ghaeltarra agus an Chomharchumainn de Phádraig an mbeadh sé sásta dul i mbun oibre mar bhainisteoir an Chomharchumainn le haghaidh bliana ar bhonn iasachta, a fhad is a bheadh duine eile á lorg acu.
iasachtaí stáit state loans
" ” An dara fadhb a bhí ann ná go raibh airgead an Údaráis leagtha amach i dtrí chiste: airgead riaracháin, airgead caipitil, agus rud nach bhfuil ann a thuilleadh, airleacain, nó iasachtaí stáit.
iasachtaí loans
" Tá daoine eile ag rá nár chóir deontais a thabhairt ach iasachtaí agus gur chóir go mbeadh ar na feilméaraí an t-airgead a íoc ar ais nuair a thiocfaidh an bháisteach.
ar iasacht on loan
" Tá costas ard ag baint le hiad a fhostú agus, lena chois sin, níor mhaith leis go bhféachfadh an pobal orthu mar ghrúpa atá ar iasacht aige ó cheoltóir eile.
ar iasacht on loan
" Bhain sé post amach mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam! “Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.
ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta collecting subscriptions for the National Loan
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
ar iasacht, on loan,
" Lá mo Chéad Chomaoineach d’iarr an húr sin leathchoróin orm – ar iasacht, mar dhea – agus an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir, ní bhfuair mé tásc ná tuairisc ar an leathchoróin sin riamh arís.
iasacht loan
" Chaith siad a n-óige ar fheirm 23 acra agus b’in an áit, de réir an scéil cháiliúil, ar chuir Seán Quinn tús lena impireacht nuair a thosaigh sé ag baint cloch i 1973 tar éis dó iasacht ₤100 a fháil ón mbanc.
hiasachtaí loans
" Sular cuireadh tús leis na Cluichí, bhí cur agus cúiteamh go leor faoi chionta na Síneach i réimse éagsúla: cearta daonna, an Tibéid, cúrsaí comhshaoil agus easpa trédhearcachta i dtaca le hiasachtaí a tugadh do thíortha Afracacha mar an tSúdáin agus Angóla.
iasacht loan
" Nó, d’fhéadfaí iasacht a thabhairt dóibh, faoi mar a dhéantar i Sasana.
iasachtaí loans
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
ar iasacht on loan
" Mar shampla, bhí eagla orm roimh an leabharlann, ach chuaigh siad fríd gach rud go mion, agus tá mé ábalta leabhair a fháil amach ar iasacht anois .
iasachtaí fophríomha subprime loans
" Deir na bainc Éireannacha nach raibh siad ag cur iasachtaí fophríomha ar fáil agus go bhfuil siad caipitlithe go maith.
hiasachtaí mire crazy loans
" Is beag duine nár thuig go raibh foirgníocht tráchtála i dtrioblóid faoin am sin, ach bac ná maolú níor chuir an rialtóir ar na hiasachtaí mire seo.
ar iasacht ón on loan from
" “Má amharcann tú ar Mheiriceá inniu, tá sé briste as airgead, tá a institiúidí airgeadais in aimhréidh, tá sé ag fáil airgid ar iasacht ón tSín, tá a fhórsaí armtha ag troid i dhá chogadh agus tá a údarás morálta síothlaithe.
n-iasachtaí foshuíomh subprime loans
" Thosaigh fadhb na n-iasachtaí foshuíomh i Meiriceá agus tá a tionchar le mothú anseo in Éirinn, ach ní raibh muid réidh chun déileáil leis an chúlú dhomhanda eacnamaíochta.
ar iasacht on loan
" Is cosúil go bhfaighidh an Státchiste an t-airgead - $800 billiún ar a laghad - i gcomhair plean Paulson ar iasacht ón mBanc Cúlchiste Feidearálach, a bhfuil a scairshealbhóirí go léir ina mbancanna príobháideacha.
iasacht loan
" Balor: Inis dom glan amach, a Sheáinín, cad é a rinne tú leis an chéad million euro a fuair tú ar iasacht ó do bhanc féin, i ngan fhios don bhord, agus cén fáth gur choinnigh tú na hiasachtaí ar fad faoi rún?Seáinín: Bhuel, a Bhaloir, a chara, ós tú an chéad iriseoir a chuir an cheist sin orm, inseoidh mé an fhírinne ghlan duit.
ar iasacht on loan
" Agus na hinnéacsaí stoic ag titim ar fud an domhain, táimid ag teacht ar an eolas de réir a chéile cé a bhí ag infheistiú le hairgead ar iasacht agus ar chreidmheas, agus cé a bhí ag úsáid a chuid airgid féin.
ar iasacht on loan
" Tugann muid na leabhair ar iasacht, DVDanna srl.
iasachtaí loans
" Nuair a bhí easpa airgid ar rialtas Boris Yeltsin i lár na nóchaidí, mhol foireann comhairleoirí ó Ollscoil Harvard, a cuireadh ann ag Fo-Rúnaí Chiste an Stáit SAM Lawrence Summers, do na Rúisigh iasachtaí a fháil ó bhainc de chuid na n-olagarcach.
iasachtaí loans
" Cé gur thug rialtas Mheiriceá iasachtaí do na comhlachtaí ba ghaire don teip, ba léir go raibh na cinn mhóra ag guagadh freisin.
ceal íocaíochtaí due to lack of loans
" Agus luachanna tithe ag titim, agus na sluaite neamhinniúil a morgáistí a íoc, thit na bancanna as a chéile freisin, ceal íocaíochtaí.
iasacht loan
" Thug mé rothar liom go Ros a' Mhíl, rothar a thug mo mhac is sine ar iasacht dom.
iasacht a loan
" com/fiachnaobraonain)) Thug sé iasacht leabhair dom Inside Transcendental Meditation, nuair a bhíomar ar an méanscoil.
iasacht loan
" Aithníodh na hOgiek mar phobal dúchais i 2007, áfach, nuair a fuair an Chéinia iasacht ón mBanc Domhanda.
ar iasacht on loan
" Tógaim ar iasacht uaidh é, lena chead.
iasacht loan
" Is imreoir sacair é David Beckham a d’imir le cuid de na clubanna sacair is mó cáil, agus níos tábhachtaí ná sin, is mó cuntas bainc, in Iarthar Domhain, mar atá Manchester United, Real Madrid, Los Angelas Galaxy agus Milan, mar a bhfuil sé ‘ar iasacht’ i láthair na huaire.
iasacht loan
" Fuair sé iasacht de beagnach 8 milliúin ón bhanc nuair a bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar Anglo.
iasacht loan
" Munar ar an tseilf sa bhaile agat cheana féin é, ceannaigh, nó tóg ar iasacht é.
dhrochiasachtaí bad loans
" Aibreán 2009: Fógraíonn an rialtas nach mbeidh siad ag teacht i gcabhar ar dhrochiasachtaí na mbanc.
iasacht loan
" Is é atá i gceist le saothar faoi bhanna ná go bhfaightear iasacht ó thiarna talún, nó úsaire, is oibrítear ar son an duine sin go dtí go n-aisíoctar an iasacht.
ar iasacht on loan
" (Cé gurbh í an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhí i gceist i roinnt mhaith cásanna, rud a fhágann gur ar iasacht a fuarthas an t-airgead).
hiasacht gan ús a non-interest loan
" Ach ba de thaisme a tháinig Mandelson anseo agus é ag súil le haiséirí pholaitiúil, (tar éis dó éirí as oifig de bharr gur ghlac sé le hiasacht gan ús ó chomhleacaí leis, Geoffrey Robinson, le teach a cheannach fad is a bhí a chuid gnaithe á fhiosrú ag an Roinn a bhí faoi cheannas Mhandy.
iasachtaí loans
" Ní hamháin sin, ach tá na comhlachtaí creidmheasa ag cnagadh ar dhoirse ag iarraidh a gcuid iasachtaí ar ais.
ar iasacht on loan
" Is cuma linn anois cén praghas a chuireann na margaí ar iasachtaí na tíre.
iasachtaí loans
" Is ceadmhach cártaí creidmheasa a eisiúint agus is ceadmhach iasachtaí a thabhairt amach.
iasacht a loan
"iasacht de nach mór billiún €uro á cur ar fáil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta fána choinne, ach tá an fhadhb chomh forleathan.
iasacht a loan
" ) Tá na Stáit Aontaithe chun iasacht $1 billiún a ráthú ar son na hÉigipte, cé go bhfuil a theorainn fiachais féin sáraithe ag an ngeilleagar is mó ar domhan, agus Rúnaí Státchiste Timothy Geithner ag déanamh ruathair ar chistí pinsin leis an bhfiachas a mhaoiniú.
iasachtaí fophríomha subprime loans
" Ba iad na bainc agus iasachtaí fophríomha a bhí ag déanamh imní do lucht eacnamaíochta idir 2008 agus 2009, ach ón bhliain seo caite ar aghaidh is í sóchmhainneacht na náisiún is mó atá ag cur as dóibh.
ar iasacht faoi láthair presently on loan
" Saoithiúil go leor, tá an pictiúr ar iasacht faoi láthair ó Wolverhampton Art Gallery, áit a bhfuil sé mar chuid de thaispeántas uathúil ar na Trioblóidí sa Tuaisceart.
ar iasacht on loan
" Díríonn an taispeántas ar na blianta idir 1480 agus 1490, a chaith da Vinci mar phéintéir cúirte do Ludovico Sforza, rialtóir Milano, agus de réir Nicholas Penny, stiúrthóir na dánlainne, éacht mór taidhleoireachta a bhí ann na pictiúir seo uile a fháil ar iasacht ó dhánlanna éagsúla ar fud an domhain.
iasacht airgid a financial loan
" Shíl sé, mar a shíl a lán eile cosúil leis, go raibh margadh maith déanta aige, agus deimhníodh an tuairim sin dó nuair a d’éirigh leis iasacht airgid a fháil óna bhanc gan mórán stró, ainneoin nach raibh fostaíocht leanúnach aige ag an am.
Iasacht a Fháil Amach Anseo to obtain a loan in the future
" Iasacht a Fháil Amach Anseo =========== Ní chuirfidh an conradh aon bhrú sa bhreis ar an tír seo sna blianta beaga atá amach romhainn.
B'éigean domsa iasacht a fháil I had to get a loan
" "B'éigean domsa iasacht a fháil ón Chomhar Creidmheasa in Áth an Rí freisin," ar sí.
amach ar iasacht out on loan
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
Córas iasachta úr a bheas acu they’ll have a new loan system
" Córas iasachta úr a bheas acu.
cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht a good course plus some books on loan
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
ar iasacht on loan
" Fuair m’fhear chéile Kindle le déanaí agus le linn ár saoire bhliaintúil, thug sé ar iasacht dom é ionas go mbeinn in ann an cúigiú cuid de Game of Thrones a léamh.
chun iasachtaí a íoc to pay loans
" Ach níorbh iad na rudaí sin ba mheasa; bhí baol mór ann go rithfeadh an tír as airgead reatha chun iasachtaí a íoc, rud a tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar na Stáit Aontaithe mar fiachóir.
d'iasachtaí as seo amach for loans in the future
" Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d'iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.
a lán ábhar pearsanta ar iasacht a lot of personal material on loan
"a lán ábhar pearsanta ar iasacht óna dheirfiúr Barbara Mc Narry agus bhí sé corraitheach na litreacha a scríobh an peileadóir óg chuig a theaghlach i mBéal Feirste a léamh.
ar iasachtaí na Triúrachta on Troika loans
" D’éirigh leo an ráta úis ar iasachtaí na Triúrachta a ísliú.