Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunadh na háite the locals
" Úsáideann bunadh na háite iad ach ní fhaca mé riamh turasóirí orthu.
ná bunadh na háite the locals
" An raibh eagla orthu nach mbeadh a fhios ag daoine, cuairteoirí ná bunadh na háite, go raibh siad i nGaeltacht gan fógra a bheith á chur seo in iúl!? Cuirtear suas fógraí agus comharthaí gnó i mBéarla go rialta sa Ghaeltacht; labhraítear Béarla le custaiméirí i siopaí agus i dtithe tábhairne; is iad na staisiúin Bhéarla raidió a bhíonn ar siúl sa chúlra agus is annamh a chloistear ceol traidisiúnta i dtithe tábhairne ná in áiteanna eile poiblí.
bhfeisire áitiúil local MP
" D'éirigh ár bhfeisire áitiúil, Peter Kilfoyle, a bhí an-dílis do Tony Blair, as a phost mar aire fiú, ag rá go raibh an páirtí ag briseadh an cheangail leis na gnáthdhaoine.
eastát áitiúil tithíochta local housing estate
" Is ealaín a spreagann machnamh an saothar atá tagtha as an chaidreamh deich mbliana atá ag an dánlann leis an eastát áitiúil tithíochta, eastát Naomh Mícheál.
éaneolaithe áitiúla local ornithologists
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
logánta local
" Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Sinn Féin chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais.
bunadh na háite the locals
" Suite i lár na cathrach taobh istigh de na seanbhallaí stairiúla, is cinnte go mbeidh an suíomh lárnach seo an-tarraingteach do chuairteoirí go dtí an chathair chomh maith le bunadh na háite.
logánta local
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
ag feidhmiú ar bhonn áitiúil functioning at local level
" Feiceann sé é mar pholaiteoir a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn áitiúil, duine nach bhfuil idé-eolaíocht cheart forbartha aige.
na hoidhreachta áitiúla the local heritage
" Bíonn comhairle, tacaíocht agus cúnamh leanúnach á gcur ar fáil do phobail ar fud na tíre, ag brath ar an bplean oibre a leagann siad amach chun leasa an phobail sin ó thaobh cur chun cinn labhairt na Gaeilge, an chultúir Ghaelaigh agus na hoidhreachta áitiúla.
bunadh na háite the locals
" Níor chreid mórán daoine san áit go raibh Dr Shipman ina shraithmharfóir nuair a ghabh na póiliní é i Meán Fómhair 1998 mar go raibh bunadh na háite an-tógtha leis.
sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí in the local hospitality and service economy
" Tá postanna á gcailleadh go forleathan sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí agus tá tionchar an-díobháileach ag seo ar na teaghlaigh a bhíonn ag tarraingt ar Mary's Center, a bhfuil breis is 90% díobh ag brath go hiomlán ar an earnáil seo chun a mbeatha a shaothrú.
údaráis áitiúla local authorities
" Bhunaigh sé scoileanna, údaráis áitiúla, amharclanna, stáisiúin raidió agus nuachtáin a raibh an Ghaeilge mar theanga oibre iontu.
logánta local
" Is gá don rialtas logánta aire níos fearr a thabhairt do na páistí sin a bhfuil ualach an fhoréigin agus na bochtaineachta orthu, agus ag an am chéanna, caithfidh gach pobal ó thuaidh an stair a scaoileadh uathu agus aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na bpáistí.
bhunadh na háite locals
" Phill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúchais agus go minic is Béarla a bhíonn ag duine de na tuismitheoirí agus ag na páistí.
d'fhulaing muintir na háite the locals suffered
" Fuair naonúr páistí bás ansin i measc na ndaoine eile agus d'fhulaing muintir na háite mar a d'fhulaing muidne," a dúirt Colin liom.
duine de bhunadh na háite a local person
" "Gleann Fhinne, Gleann Fhinne, Gleann Fhinne mo ghleann" mar a deir an t-amhrán a chum Padaí Mag Fhloinn, duine de bhunadh na háite.
bhunadh na háite the locals
" Mhaígh Ardmhéara Cogne nach raibh *mostro *ar bith ann, nach bhféadfadh an dúnmharfóir bheith as an bhaile féin, ach tá an-imní ar bhunadh na háite go fóill.
bunadh na háite the local people
" D'fhág sé na pictiúir seo mar oidhreacht ag bunadh na háite.
laochra áitiúla local heroes
" Cén t-aire Sasanach a thuigfeadh fadhbanna seanbhunaithe Bhóthar na Seanchille? Cé a thuigfeadh an meascán saoithiúil sin de laochra áitiúla agus coirpigh? "Tá muid ag bogadh ar shiul ó fhadhb amháin go dtí ceann eile, ach is iad na 'himreoirí' céanna ata páirteach," arsa Jack McKee.
logánta local
" Agus chuile áit dá rabhas, i mo sheomra codlata san ionad taighde agus forbartha, sa charráiste ar an traein, sa stáisiún traenach logánta, bhí béim ar athchúrsáil agus boscaí bruscair faoi leith do pháipéar, do phlaisteach, do ghloine, do bhia.
le duine inteacht áitiúil with someone local
" Bhí orm a bheith cúramach de bharr gaol láidir a bhí agam le duine inteacht áitiúil.
irisí áitiúla local magazines
" Cuireann siad fógraí i nuachtáin nó in irisí áitiúla agus i bhfoilseacháin speisialta ina mbíonn grianghraif agus uimhreacha teileafóin na mban, glaonn custaiméir agus déanann sé coinne.
nuachtáin náisiúnta local papers
" Ní éireodh leis an striapach roimhe seo teacht ar mhargadh chomh mór, fiú dá gcuirfeadh sí fógra sna nuachtáin náisiúnta gach lá den tseachtain.
lóganta local
" Cén fáth ar bunaíodh é? Tháinig sé ar an tsaol cionn is go bhfuil seirbhís raidió lóganta de dhíth ar Ghaeil Bhéal Feirste.
bunadh na háite the locals
" D'fhás sí aníos i gceantar beag Caitliceach i dtuaisceart Bhéal Feirste, agus bhí teannas idir bunadh na háite agus na dílseoirí sa chéad cheantar eile.
bunadh na háite the local people
" " Bochtanas ======= Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir ná ag bunadh na háite.
scoil grád áitiúil local grade school
" "Bhí dúil mhór agam i leabhair ó bhí mé an-óg," a deir McEvoy, a bhí ina chónaí tráth i bparóiste Naomh Brian i Manhattan, agus a d'fhreastail ar an scoil grád áitiúil, sula ndeachaigh sé go hAcadamh La Salle.
stair áitiúil local history
" Is é an stair áitiúil is mó atá luaite le Loch an Iúir nó Cath na Rosann a troideadh idir Dálaigh Thír Chonaill agus Niallaigh Thír Eoghain i 1435.
nuachtán áitiúil local paper
" "A country which is close to my heart," a dúirt sé leis an nuachtán áitiúil anseo.
comhairle áitiúil local council
" " Foilsíodh tuairisc a mhaígh go gcaithfeadh gach comhairle áitiúil ó thuaidh riar do Ghaeilgeoirí.
bhunadh na háite the locals
" Tá an choláiste ag gabháil go láidir go fóill agus is dócha gur í an fhoinse airgid is tábhachtaí ag go leor de bhunadh na háite.
toghcháin áitiúla local elections
" Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.
coistí cosanta áitiúla local defence committees
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
gnólachtaí áitiúla local businesses
" Tá a n-airgeadra féin acu, fiú amháin - "Village Dollars" - ach, gan amhras, glactar le gnáthairgeadra Mheiriceá sna gnólachtaí áitiúla chomh maith.
rialtas áitiúil local government
" Anois, agus seilbh glactha ag poblachtánaigh ar chuid de shean-*status quo *na n-aontachtach - rialtas áitiúil i Stormont, cumhachtaí póilíneachta i lámha rialtas na Sé Chontae - measann siad gur féidir leo anois aontachtaithe a mhealladh mar go n-aontaíonn siad ar go leor rudaí.
gheilleagar áitiúil local economy
" Ní raibh deoch agam le cúpla lá agus nuair a chonaic mé an lipéad "Leann an Eileann" ar an chaidéal láimhe sa Nevis Bar, shíl mé go raibh sé de dhualgas orm tacaíocht a thabhairt don gheilleagar áitiúil ar an Eilean Sgiathanach, áit a ndéantar an leann.
áitreabhaigh áitiúla local inhabitants
" Chuir áitreabhaigh áitiúla ina choinne seo ar an mbonn go gcuirfeadh a leithéid d'fhorbairt as do dhinimic teanga an bhaile.
molann dochtúirí an cheantair the local doctors recommend
" Tá cuma dhonn, shalach ar an uisce agus molann dochtúirí an cheantair gan é a ól.
acmhainní na bpóilíní áitiúla the resources of the local police
" Brú ======= Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla.
na húdaráis oideachais áitiúla the local education authorities
" Bhí an scéal ina ábhar nuachta san Albáin, áit ar ghlac 287 páiste scoile as ceithre scoil i dTirana páirt i sraith imeachtaí a d'eagraigh Ionad Chearta Daonna na bPáistí agus na húdaráis oideachais áitiúla.
craobh áitiúil local branch
" I gcomhar le craobh áitiúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann thairg mé rang Gaeilge i mí Mheán Fómhair anuraidh.
bhunadh na háite the locals
" Chuir sé tús le scéim imirce do bhunadh an oileáin, agus ghlac cuid mhór de bhunadh na háite lena thairiscint.
bhunadh Rockaway the locals of Rockaway
" Ach an rachaidh sé seo i bhfeidhm ar Éireannaigh Nua-Eabhrac? Tá go leor de bhunadh Rockaway go fóill ar buile faoin dóigh ar gearradh fíneáil orthu siúd a bhí i láthair ag an chóisir chuimhneacháin do 9/11 an mhí seo caite de bharr iad a bheith ag ól go poiblí.
gasúir na háite the local children
" Rud amháin diúltach faoin fhilleadh seo ar an bhfód dúchais ná go bhfuil níos mó Béarla le cloisteáil ag gasúir na háite.
a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo that the locals are used to/familiar with
" Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil? Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.
bunadh na háite the locals
" Lena chois sin, bhí seans agam labhairt le bunadh na háite cúpla uair sna tithe tábhairne.
aimsir na dtoghchán áitiúil the time of the local elections
" Cloisfear neart bladair faoin bhfeachtas sin ó pholaiteoirí áitiúla san iarthar idir seo agus lár na bliana seo chugainn, aimsir na dtoghchán áitiúil.
feirmeoir áitiúil a local farmer
"feirmeoir áitiúil darb ainm Paddy Doherty i mbun an ionaid seo.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Nuair a bhíonn an nasc idir na húdaráis áitiúla agus an pharlaimint briste, a deir sé, bíonn sé níos deacra ag daoine seifteanna cliste an Rialtais i leith na n-údarás áitiúil a thuiscint.
na toghcháin áitiúla ar leic an dorais the local elections around the corner
" Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais.
chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers the local Glasgow Rangers supporters club
" Ar scor ar bith, is as Albain a fuadaíodh é mar sclábhaí an chéad lá riamh, áit a raibh a dhaidí ina rúnaí ar chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers.
ár gcraobh áitiúil our local branch
" Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1896.
sloinnte áitiúla local surnames
" Fuair an BBC samplaí DNA ó dhaoine a bhfuil sloinnte áitiúla acu agus rinne siad comparáid idir é agus DNA ó dhaoine san Iorua.
muintir na háite the locals
" Thaithnigh an áit agus muintir na háite go mór liom.
toghcháin áitiúla local elections
" Tá an conradh do na toghcháin áitiúla buaite ag an gcóras Nedap/Powervote ón Ísiltír, agus is léir ón suíomh gréasáin atá acu (http://www.
na húdaráis áitiúla the local authorities
"na húdaráis áitiúla ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe faoi chosc ar thobac ina gcuid foirgneamh - hallaí baile agus mar sin de.
logánta local
" "Cinnte," a deir Dorothy Carmichael, iar-eagarthóir ar *An Ileach *(an nuachtán logánta), "is spreagúil an rud é dúinne gur airigh daoine eile go raibh deiseanna ar fáil anseo.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Dhiúltaigh rialtas Londain cuidiú a bith a thabhairt dóibh, ach rinne na húdaráis áitiúla iarracht bia a sholáthar dóibh agus bhailigh muintir na háite airgead dóibh fosta.
staraí áitiúil local historian
" Cluinfidh siad léacht ansin faoi stair an champa ó staraí áitiúil.
toghcháin áitiúla local elections
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
amhránaithe áitiúla local singers
" D'fhoghlaimíos iad ó amhránaithe áitiúla.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Tá fadhb mhór le guma coganta i mbailte agus i gcathracha na tíre chomh maith agus bíonn ar na húdaráis áitiúla na milliúin euro a chaitheamh gach bliain á ghlanadh seo ó na sráideanna.
na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil the Department of the Environment and Local Government
" Ní nach ionadh ach oiread, de réir fhigiúirí na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a foilsíodh in 2002, go bhfuil 48,413 teaghlach ar an liosta tithíochta.
scéalaí áitiúil a local storyteller
" D'éirigh chomh mhaith sin léi mar ócáid gur shocraigh an coiste eagrúcháin an fhéile a chur ar siúl an bhliain dár gcionn i bhfómós Packie Manus Byrne, scéalaí áitiúil.
ceolchoirm cheantrach local concert
" Ba léir go raibh bua ar leith ag John nuair a chas sé ag ceolchoirm cheantrach an bhliain dár gcionn.
comhairle áitiúil local council
" Ag an am sin, bhí comhairle áitiúil ar an Lorgain agus ceann eile i bPort an Dúnáin.
na toghcháin áitiúla agus Eorpacha the local and European elections
" Ceann de na hargóintí a bhí ag an Aire Dlí agus Cirt chun an Reifreann seo a reáchtáil ag am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ná nach dtiocfadh mórán daoine amach chun vóta a chaitheamh.
bean de bhunadh na háite a local woman
" " Phós sé Frances Ní Chualáin, bean de bhunadh na háite a bhí ag obair le Gaeltarra ag an am.
chomhairleoir áitiúil local councillor
" Ba chomhairleoir áitiúil de chuid Pháirtí an Lucht Oibre í in Kilburn ag an am agus bhí sí ar an bhealach chuig cruinniú i Halla Baile Camden, atá os comhair King's Cross.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Táimid ag comhoibriú leis na húdaráis áitiúla i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.
gnólachtaí áitiúla local businesses
" Ina theannta san tá Bord Bainistíochta againn ar a bhfuil ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla: gnólachtaí áitiúla, an Cumann Tráchtála, Bord Sláinte an Oirdheiscirt, Comhairle na Cathrach, an Chomhairle Contae, Gaelscoileanna, Comhluadar, Cumann Lúthchleas Gael, agus ionadaí eaglasta.
gheilleagar áitiúil local economy
" Fiú mura gcuireann tú an spraoi agus an chraic san áireamh, is buntáiste luachmhar é Am Mòd do gheilleagar áitiúil.
idir mhuintir na háite agus chuairteoirí both locals and visitors
" Déistin ======= Chuir an damáiste déistin ar a lán daoine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, agus ní raibh iontas orm litir a léamh sa *Donegal Democrat *fá dtaobh de ar an 12 Lúnasa faoin teideal "Please Remove Glencolmcille Monstrosity".
ghéarchéim áitiúil éigin some local crisis
" ) Sóisialaithe, ceardchumannaithe, an seomra lán toite, agus iad ag déanamh plé ar ghéarchéim áitiúil éigin.
chun freastal ar mhuintir na háite to cater for the local people
" Táimid anseo chun freastal ar mhuintir na háite agus a gcuid riachtanas, ach is féidir leosan páirt a ghlacadh sna himeachtaí chomh maith.
sna toghcháin áitiúla in the local elections
" Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí.
díchuachadh na lúibe logánta unbundling the local loop
" Díchuchadh na lúibe logánta ======= Eascraíonn formhór na bhfadhbanna in Éirinn as deacrachtaí ag baint le díchuachadh na lúibe logánta.
Shnoigh ealaíontóir áitiúil darb ainm Owen Crawford é a local artist called Owen Crawford carved it
" Shnoigh ealaíontóir áitiúil darb ainm Owen Crawford é, le cuidiú ó chumann ban ón Chomar, baile beag atá in aice láimhe.
an feisire áitiúil the local MP
" Labhair an feisire áitiúil anseo i Walton, Peter Kilfolye, amach faoin chogadh san Iaráic tar éis bhás Ken Bigley i mí Dheireadh Fómhair.
shiopadóir áitiúil local shopkeeper
" *"What about that man with a turban on?"* arsa sise, ag caint faoi shiopadóir áitiúil.
nuachtán áitiúil local newspaper
" Bhí scéal i nuachtán áitiúil ag deireadh na míosa seo caite faoi na gardaí breith ar dhuine ag cóisir i mbaile fearainn tuaithe a raibh seacht gcinn de *joints *agus píosa de phiolla eacstaise ina sheilbh.
torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach the results of the local and European elections
" Buaileadh an buille tubaisteach ceart go leor air, i mí an Mheithimh, nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach, ach níor thit sé ar a chlaíomh.
gheilleagar áitiúil local economy
" Caillfear 48 post de bharr deireadh a bheith á chur léi - buille don gheilleagar áitiúil i Learpholl, áit a bhfuil fadhb dífhostaíochta go fóill.
díchuachadh na lúibe logánta the unbundling of the local loop
" Ar scála níos leithne, cáintear an earnáil teileachumarsáide i gcoitinne agus bíonn ceisteanna móra á gcur faoin moill atá in Éirinn ar leathnú úsáid an leathanbhanda agus díchuachadh na lúibe logánta.
díchuachadh na lúibe lóganta the unbundling of the local loop
" Go dtí seo, níor ghlac iomaitheoirí Eircom, ach amháin Smart Telecom agus Esat BT, páirt sa phróiseas ar a dtugtar "díchuachadh na lúibe lóganta".
fuaimniú áitiúil local pronunciation
" Chomh maith leis na foinsí scríofa, is cuid iontach tábhachtach den fhianaise fuaimniú áitiúil na n-ainmneacha sa lá atá inniu ann.
chinsire áitiúil local censor
" Is i nGaeilge a scríobhadh sé an chorrlitir a chuireadh sé chuig cairde dá chuid agus chuireadh sin fearg ar an chinsire áitiúil, mar bhíodh air litir den chineál sin a chur go Bombay le hí a aistriú.
potadóireacht áitiúil local pottery
" Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
údaráis áitiúla local authorities
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
na meáin chumarsáide áitiúil the local media
" Ní bheadh suim ag na meáin chumarsáide áitiúil i gcás mar seo, ar ndóigh.
turasóireacht áitiúil local tourism
" Ach anois tá imní sa chathair go bhfuil dochar déanta ag *Léargas *don turasóireacht áitiúil, mar bíonn a lán Éireannach ag an *Grand National *i mí an Aibreáin de ghnáth, agus bhí dóchas ann go dtiocfadh níos mó daoine trasna i 2008, nuair a bheidh Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Ba é an cúram a bhí ar fhoirne na dtúr ná scéala a chur chuig na húdaráis áitiúla dá bhfeicfí cabhlach coimhthíoch ag teacht.
tiarna talún áitiúil a local landlord
" "* Chuir Richard White, tiarna talún áitiúil, eolas faoin chabhlach chuig an Ghinearál Dalrymple agus Arm Shasana i gCathair Chorcaí agus d'eagraigh sé cúpla céad mílíste áitiúil mar thaispeántas nirt ar an trá.
leamhán áitiúil local elm
" "Bhronn Roinn Páirceanna Poiblí Learphoill leamhán áitiúil orainn le haghaidh na hoibre agus, mar sin, beidh áit ag píosa beag de Learpholl i stair na hÉireann!" ar seisean.
eagraíocht áitiúil local organisation
" Bhí sé i gceannas ar eagraíocht áitiúil an Pháirtí Dhaonlathaigh.
imeachtaí áitiúla local events
" Cén obair a dhéanann an CC ó bhliain go bliain? I dteannta imeachtaí áitiúla, is iondúil go dtógann sé dhá bhliain ar chraobh náisiúnta ullmhú don chomhdháil idirnáisiúnta, a théann ar camchuaird ó thír go chéile (ag filleadh ar an dtír chéanna gach séú bliain).
faoin chomhshaol áitiúil about the local environment
" Tá teachtaireacht dhiúltach á cur amach aige seo faoi mhuintir na háite fosta – is é sin, gur cuma le cuid acu faoin chomhshaol áitiúil.
dhéanfadh sé an-leas don gheilleagar áitiúil it would greatly benefit the local economy
" Bheadh sé réasúnta simplí agus saor an rud céanna a dhéanamh leis an iolar mara sa cheantar seo agus dhéanfadh sé an-leas don gheilleagar áitiúil.
bhunadh na háite the locals
" Tá an-tóir ar Guinan’s i measc bhunadh na háite le fada fosta agus téann siad ansin ar maidin le bricfeasta, nuachtáin agus caife a cheannach, nó le beoir a ól san oíche.