Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shuíomh location
" Éire ar an léarscáil Má tá tú caillte sa chibearspás, is beag suíomh idirlín atá ann chun do shuíomh ar an domhan a chinntiú - go háirithe má tá tú in Éirinn.
suíomh lárnach central location
" Suite i lár na cathrach taobh istigh de na seanbhallaí stairiúla, is cinnte go mbeidh an suíomh lárnach seo an-tarraingteach do chuairteoirí go dtí an chathair chomh maith le bunadh na háite.
chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí to find and attack the location of the journalist
" Baineadh roinnt de na fóin sin de na hiriseoirí ag tús an chogaidh toisc go raibh eagla ar arm Mheiriceá go bhféadfadh arm na hIaráice na comharthaí a bhí ag teacht uathu a úsáid chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí.
suíomh location
" Cé gur cosúil go mbeadh sé deacair suíomh na bhfón a aimsiú le gléasra ar an talamh, tá an chuma ar an scéal nach raibh muinín ag na Meiriceánaigh as an tslándáil ag ceanncheathrú an chórais, atá lonnaithe in Abu Dhabi.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
láthair reatha current location
" Léirítear an t-eolas sin don úsáideoir i bhfoirm asléamh dhigitigh leis na comhordanáidí, nó ar léarscáil leis an láthair reatha marcáilte air.
seirbhísí bunaithe ar an láthair location-based services
" Tá an córas GPS mar chuid de roinnt fón soghluaiste nua den tríú glúin atá ag teacht ar an margadh anois agus, cé gur féidir suíomh aon fón soghluaiste a aimsiú cheana féin, cuirfidh an cruinneas nua seo go mór leis na seirbhísí bunaithe ar an láthair atá ar fáil.
atá ag iarraidh a láthair a cheilt which is trying to hide its location
" Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin atá ag iarraidh a láthair a cheilt.
láthair gutháin location of a phone
" De réir an dlí in Éirinn, caithfidh na comhlachtaí gutháin eolas ar láthair gutháin a choinneáil ar taifead ar feadh tréimhse fada ama.
láthair location
" I dtéarmaí na foclaíochta, tá difríocht bheag idir "Stiúrthóir Ealaíon" (teideal an phoist atá ag Barnes faoi láthair) agus an "Stiúrthóir" a bheidh á cheapadh acu in 2005.
láthair location, site
" Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair? *Jolie Blons Bounce*, úrscéal le James Lee Burke.
suíomh location
" Go mbeidh oifig úr againn agus spás do chaife/siopa sa dóigh is go mbeidh suíomh lárnach ann do phobal na Gaeilge.
shárionad saoire an excellent holiday location
" ie): “Is deis iontach í seo do Ghaelsaoire an Ghaeltacht a phoibliú ar fud Mheiriceá mar shárionad saoire do na Gaeil thar lear.
shuíomh location
" Labhraíodh faoi na buntáistí móra atá ag Éirinn mar shuíomh don fhuinneamh gaoithe.
láithreacha scannánaíochta filming locations
" Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach *Soupspoon*, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.
ionad lárnach central location
" An-bhua is ea ionad lárnach cathrach an stáisiúin.
aistriú suímh change of location
Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois a newspaper can be printed in many different locations now
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
go dtí láthair níos mó. to a bigger location
" Cad é a spreag Warhol le tús a chur leis na taisceadáin todhchaí seo? Dar le Vincent Fremont – a d’oibrigh le Warhol ón mbliain 1969 go dtí aimsir a bháis – go raibh sé féin agus Warhol ag déanamh réidh le haghaidh an Factory a aistriú ó Union Square go dtí láthair níos mó.
láthair location
" Tugann sé deis duit do ghairdín féin a phleanáil agus a chruthú tar éis duit sonraí bunúsacha a ionchur – láthair agus méid na mballaí, cuir i gcás.
suíomh na mbialann Iodálacha location of the Italian restaurants
" Má chlóscríobhann tú an focal "pizza", mar shampla, taispeánfar duit ar an léarscáil suíomh na mbialann Iodálacha atá cóngarach don áit a bhfuil tú.
suíomh lom, scáineach a bare, threadbare location
" Bua an-mhór é seo atá le feiceáil i scéalta mar ‘An Ceol agus an Chuimhne 1’, ‘Ceol an Uafáis’ agus ‘An Rua ina Údar’, áit a mbaineann sé leas as suíomh lom, scáineach le haghaidh imeachtaí an scéil.
suíomhanna spraoi fun locations
" “Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt.
san ionad at the location
" Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn.
de thoradh na hiargúltachta as a result of the outback location
" D’fhás na buachaillí suas gan mórán de mhaoin an tsaoil acu agus maidir le cúrsaí spóirt ní léir go raibh deiseanna sa cheantar ina raibh cónaí orthu de thoradh na hiargúltachta a bheith ag imirt peile nó caide faoi mar a bhíodh fir óga eile timpeall chontae Chiarraí.
eolas áite a location
" Faigheann tú teachtaireacht agus eolas áite nuair a théann an peata nó an páiste amach as an bhfáinne sin.
shuíomh na n-úsáideoirí the users' location
" Cuireann gutháin shoghluaiste eolas ar fáil go leanúnach faoi shuíomh na n-úsáideoirí agus, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, ní hiad na Gardaí amháin a bhfuil suim acu san eolas seo.