Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
In ainneoin na lochtanna ar fad despite all the faults
" In ainneoin na lochtanna ar fad, leanann an Cumann Lúthchleas Gael ar aghaidh ag tabhairt an dea-shampla agus na cinnireachta do mhuintir na hÉireann ar go leor bealaí, rud nár thosaigh inniu ná inné, dar ndóigh.
ag fáil lochtanna finding fault
" Tá sé éasca a bheith ag fáil lochtanna nuair nach bhfuil tú ag plé leis an ngnó sin.
lochtanna faults
" Tá sé seo suimiúil nuair a chuireann tú san áireamh gur tháinig an stíl lom seo, an tÍostachas, chun tosaigh an chéad lá riamh mar fhreagra dáiríre ar na lochtanna a d'aithin roinnt ealaíontóirí ar an chineál ealaíne a bhí á shaothrú ag an am.
lochtanna bunúsacha basic faults
" Le fada an lá, tá athruithe á ndéanamh ar rialacha na peile mar iarracht ar na lochtanna bunúsacha atá sa chluiche a leigheas.
lochtanna faults, flaws
" In ainneoin a chuid lochtanna go léir, deir Joe go raibh iomrá ar a athair mar fhear teaghlaigh “a thabharfadh an dollar deireanach ina phóca duit.
ainneoin a lochtanna despite his faults
" Ach ainneoin a lochtanna, creidim gurb é an t-aon Taoiseach, go dtí seo ar aon nós, a léirigh gur thuig sé gur trí chaighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú, in éineacht le mórtas cine an phobail a athmhúscailt, a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú.
lochtanna faults
" **Moill ** Tá an mhoill a bhíonn i gceist leis an t-iarratas a mheas ar cheann de na lochtanna is mó atá ar an bpróiseas.
ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; except for all of my faults being pointed out to me
" Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas.
gur bhain lochtanna an chláir liomsa. that the faults of the programme were down to me
" Braithim gur cuireadh cuid mhór brú orm agus gur tugadh drochbhail orm agus go mbítí ag tabhairt le fios gur bhain lochtanna an chláir liomsa.
lochtanna móra big faults
" **Feachtas bacach** Gan amhras, bhí lochtanna móra ar an fheachtas ar son an Chonartha.
lochtanna faults
" An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
lochtanna faults
" Níl caillte agat ach €50 agus tá an tuairisc is fearr ar lochtanna do chairr anois agat.
lochtanna faults
" Shonraigh an staraí, Joe Lee, na lochtanna seo fiche bliain ó shin, ach bhí an córas polaitíochta dall agus bodhar ar a chuid argóintí.
lochtanna faults
" Tá sé chomh maith freisin tuiscint, tar éis go raibh lochtanna ar an méid a tharla le céad bliain i dtaobh na teanga, go bhfuil sár-dul chun cinn déanta agus go bhfuil bunsraith iontach le tógáil air.
lochtanna faults
" In ainneoin na lochtanna thuas, thug an scéim aitheantas don ghasúr a raibh Gaeilge mhaith acu agus thug sé deis do mo leithéidse, monatóireacht bhliantúil a dhéanamh ar staid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta éagsúla.
lochtanna faults
" Cheapfá gur lochtanna iad an choigilt, an mhodhúlacht, an umhlaíocht.
lochtanna faults
" Is fíor go bhfuil lochtanna ar an bhunchreat rialaithe atá glactha ag rialtas na hÉireann i dtaobh do leor réimsí.
mórán lochtanna many faults
" Tá bunphrionsabal na rialach atá faoi chaibidil anseo mar atá sí gan mórán lochtanna agus níl ag teastáil ach athrú beag.
léiríodh dúinn na lochtanna the faults were demonstrated to us
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
lochtanna móra major faults
" Is léir dúinn fosta go raibh lochtanna móra ar dhearadh an Aontais Airgeadais.
lochtanna a bhaineann leis faults pertaining to
" Níor chualamar faic faoi na lochtanna a bhaineann leis an Dáil féin.
lochtanna ar faults on
" Agus má tá lochtanna ar an gComhairle Oilimpeach Idirnáisiúnta, cén eagraíocht ar domhan nach bhfuil locht uirthi agus daoine ag plé léi? Nuair a thagann na Cluichí Oilimpeacha trí mheán na teicneolaíochta isteach sa seomra suí, iomlán beo agus daite, gach ceathrú bliain, cuirimid suim mhór iontu ar feadh na coicíse sin a bhíonn siad ar siúl agus bímid inár saineolaithe ar spóirt nach bhfaca muid le ceithre bliana anuas.
lochtanna faults
na lochtanna a fhaightear ar the faults found in
" *In Living in Limbo: Migrants’ Experiences of Applying for Naturalisation in Ireland*, ar na lochtanna a fhaightear ar an bpróiseas iarratais ar shaoránacht in Éirinn luaitear táillí arda, tréimhsí fada feithimh agus caighdeán íseal seirbhíse do chustaiméirí.
mo chuid lochtanna gramadaí agus comhréire my mistakes of grammar and syntax
" Mar sin, caithfidh tú mo chuid lochtanna gramadaí agus comhréire a mhaitheamh dom.
lochtanna faults
" Má fheiceann tú lochtanna mar seo, is leideadh láidir iad gur athraíodh an míleáiste ar an gclog.
na lochtanna a bhaineann léi the problems that occur
" Mar a mhaígh mé cheana, bíonn fadhbanna ag baint leis an E46, agus má tá tú féin ag smaoineamh ar cheann a cheannach, b’fhearr duit a bheith ar an eolas faoi na lochtanna a bhaineann léi.
D’ainneoin na lochtanna thuasluaite despite the problems mentioned
" D’ainneoin na lochtanna thuasluaite, is maith liom an E46.
níl sí gan a cuid lochtanna it has its faults
" Bhí an Korando agamsa ar feadh seachtaine agus, le bheith ionraic faoi, is carr maith í, ach níl sí gan a cuid lochtanna.
go leor lochtanna enough faults
" "Faigheann muid go leor lochtanna nuair a bhíonn muid ag breathnú timpeall orainn, ach má imíonn tú aon áit eile.
lochtanna móra an tsaoil of life’s big faults
" Bíodh nach leigheasfaidh duine nó beirt againn aon cheann de lochtanna móra an tsaoil, thiocfadh linn rudaí go leor a fhoghlaim faoin saol, faoin duine eile agus fúinn féín, fiú amháin.
lochtanna faults
" Léiríonn tuarascáil a d'fhoilsigh Coimisiún na gCeart Daonna sna Sé Chontae go bhfuil lochtanna ag baint leis an tseirbhís phóilíneachta ansin go fóill ó thaobh ethos de.
ba cheart gur bheagán áireamh a lochtanna it’s faults ought to be small in number
" Má chosnaíonn sí mórán, ba cheart gur bheagán áireamh a lochtanna, ach ní hamhlaidh atá.