Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
intleachtaí aonair lone intellectual
" " "Chonacthas dom gur siombail den intleachtaí aonair uaigneach a bhí sa phocaire gaoithe.
éan cuideáin a loner
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
Oibrithe aonair lone workers
" Oibrithe aonair a bhí á bplé tamall ina dhiaidh sin.
chailín aonair a lone girl
" Bhí sí faoi chúpla céad slat dá teach féin nuair a chonaic sí grúpa cailíní ag tabhairt faoi chailín aonair.
na tithe solais aonair the lone lighthouses
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
cadhan aonair lone bird
" Bheadh deacracht, ar ndóigh, ag an LO dul i bpáirt le cadhan aonair ar nós Higgins, iarbhall den pháirtí.
ina chillín aonair in his lone cell
" Bhí sé ina chillín aonair ar feadh i bhfad, áit a ndeachaigh a shláinte fhisiceach agus intinne in olcas.
an píobaire aonair the lone piper
" Suíonn an píobaire aonair síos gan gíog as, gan míog.
ar ruathar aonair, on a lone attack
" I bhfaiteadh na súl, bhí an leaid óg fionn a bhí á mharcáil agam imithe ar ruathar aonair, chomh sciobtha sin nárbh fhiú dom iarracht a dhéanamh fanacht leis.
chosa an aonaráin the loner's feet
" Bhíodh sé saor ar fad ón tslabhra mhorálta a chuireann an pobal ar chosa an aonaráin.
aonarach a loner
pháiste aonair a lone child
" Ba pháiste aonair é, mac Sheáin Uí Bheirn (1896-1970) agus Cassie.
fallainge aonaraigh lone cloak
" D’éalaigh an chuid eile againn amach fá bhun na fallainge aonaraigh a chaith Michael Dwyer ón tús le stíl.
iasachta foreign, 'lone'
" Ní úsáidtear an focal ‘iasachta’ i mo leith ach sin a bhíonn i gceist.
aonarán loner
" Is aonarán Moslamach an fear óg seo, scoite ó na cimí Moslamacha eile.
m’aistear aonair my lone journey
" Maidin amháin, bhailíos liom ar m’aistear aonair, d’imigh na blianta, ciúnas fada eadrainn.
gealt aonair loner lunatic
" I mí na Samhna, nuair a rachaidh muintir Mheiriceá le vóta a chaitheamh lena gcéad uachtarán eile a thoghadh, ní hamháin go mbeidh rogha acu idir an Daonlathach, Barack Obama (nó Hillary Clinton, b’fhéidir, má éiríonn le “gealt aonair” deireadh a chur le huachtaránacht eile) agus an Poblachtach, Ron Paul, ach beidh iarrthóir eile ann ón tríú páirtí nua a bheas ag seasamh don “lár radacach.
aonaránaigh loner
" Mac an gharda aonaránaigh ab ea William, mac Sherriff Seth Bullock, iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta sna Black Hills in 1877, sléibhte dar goideadh ós na hIndiaigh nuair a thángthas ar ór ann.
iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta a lone remnant of mining camp security
" Mac an gharda aonaránaigh ab ea William, mac Sherriff Seth Bullock, iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta sna Black Hills in 1877, sléibhte dar goideadh ós na hIndiaigh nuair a thángthas ar ór ann.
móide gabhdóg aonar uaigneach amháin with a lone muffin
" D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.
aonair lone
" Ó Bó go Deo! ===== Chuala Balor bean ón Ostair ag labhairt leis an Chorcaíoch aonair a bhí sa Ghleann den chéad uair, agus a raibh a dhá shúil agus a bhéal ar leathadh aige agus é ag éisteacht leis an Continental Céilí agus leis an Ghaeilge bhlasta thart air.
don fhear aonarach for the lone man
" Cineál leathbhádóra atá ann don fhear aonarach atá tagtha ar ais chuig an uisce don chéad uair le tamaill maith anuas.
i mo ghasúr aonair as a lone child
" Mar sin ní cuimhin liom a bheith i mo ghasúr aonair! Áit álainn é Indreabhán le fás aníos ann.
cuma aonarach scartha a lone and singular appearance
"cuma aonarach scartha orthu agus, ainneoin go bhfuil blas den bhoithéimeachas ag baint leis an radharc, amharcann an triúr acu rud beag dúdóite.
guth aonair lone voice
" Is guth aonair an Pháirtí Shóisialaigh i nDáil Éireann é Joe Higgins.
aonaráin loner
" Féachann Ciara Nic Gabhann ar shaol agus ar shaothar an aonaráin seo a ndeachaigh a chuid pictiúr i bhfeidhm ar go leor daoine, lucht déanta scannán ina measc.