Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lagmhisneach loss of heart
" Baineann roinnt mhaith acu triail as an teanga a fhoghlaim arís, áfach, ach tagann lagmhisneach orthu athuair nuair a dhéanann siad freastal ar chúrsa nach bhfuil go maith.
caillteanas loss
" B'éigean na ciorruithe a dhéanamh, a dúirt bainistíocht RTÉ, mar go raibh caillteanas de £25 milliún i ndán don eagraíocht, a dhéanann maoiniú ar RnaG.
chliseadh failure, loss
" Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh.
cailliúint loss
" Deirtear go minic gurb é ceann de na dóigheanna is fearr le faoiseamh a fháil nuair a bhíonn cailliúint agus fulaingt mhór i gceist ná rud éigin nua agus iontach a chruthú mar chuimhneachán ar an rud a cailleadh.
caillteanas loss
" Síleann Rialtas na hÉireann gur féidir a léiriú nach brabach ach caillteanas airgid atá i gceist ag MOX do chiste stáit na Breataine, nuair a chuirtear na costais iomlána san áireamh.
caillteanas mór airgid a big loss of money
" Dealraíonn sé freisin go bhfuil cinneadh beartaithe a mbeidh caillteanas mór airgid do thionscal iascaireachta an stáit seo mar thoradh air.
cailleadh suíochán the loss of seats
" cailleadh suíochán ======= Ach ní cearrbhach ar bith é David Trimble, ainneoin go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil i ndán don UUP ach cailleadh suíochán agus teacht i réim an DUP mar an príomhpháirtí aontachtach.
caillteanas cothromais loss of equity
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
chailliúint an-mhór a very big loss
" Mar sin, chomh fada is a bhain sé le lucht iomána Átha Cliath ba chailliúint an-mhór é Niall Ó Cuinn dá gcúis mar bhí blianta maithe roimhe ag iomáint d'Áth Cliath, is é sin muna sciobfadh an fhoireann pheile é, mar a tharla i gcás Mick Holden.
chailliúint loss
" Ba é seo an toradh a bhí ar an ghéarchéim sa deireadh - tar éis dó tacaíocht an leasuachtaráin agus ceann de na trí pháirtí sa (chomhrialtas) a chailliúint, agus tar éis do 70 duine bás a fháil agus 500 a bheith gortaithe.
cailliúint loss
" Cuireann sé in iúl go soiléir agus go macánta an t-éadóchas agus an chumha a bhaineann le bás agus cailliúint.
cailliúint teanga language loss
" “Aontaím leis an tuairim go mbaineann easpa féinmhuiníne le cailliúint teanga,” a deir sé, “cé nach mbeadh sin róshoiléir i linn ré an Tíogair Cheiltigh.
cailliúintí losses
" Ach cad é fá na cailliúintí eile, i gcúrsaí ceart daonna, mar shampla.
a chaillteanas his loss
" Bhí iontas air a sheanathair a fheiceáil sa phictiúr agus gur éirigh liom cur síos a dhéanamh ar a chaillteanas agus ar a bhrón i gan fhios dom féin.
ghlacfaí le caillteanas deich suíochán the loss of ten seats would be accepted
" I gcás FF, ghlacfaí le caillteanas deich suíochán ach chuile sheans go n-éireodh Bertie Ahern ón cheannaireacht dá gcaillfidís cúig shuíochán déag.
Cailliúint mhór a big loss
" Cailliúint mhór is ea Setanta agus Aisake do na Piarsaigh, do Chorcaigh, do Chumann Lúthchleas Gael agus don iománaíocht.
easnamh nó cailliúint a lack or a loss
" ” B’in rud amháin a chuir ag scríobh é, an chaoi gur mhothaigh sé easnamh nó cailliúint maidir le teanga, maidir le cultúr.
ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha on the loss of linguistic, intellectual and cultural diversity
" Níl daoine ag smaoineamh ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha – níl daoine den tuairim gur tubaiste a bheas ansin.
Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, like any other election loss
" Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, ní hé go raibh cúis amháin léi.
cailliúint a shuíocháin féin. the loss of his own seat.
" Bhí John Howard ar an dara príomh-aire ab fhaide seirbhíse i stair na hAstráile, agus, gan aon agó, ba dheireadh náireach lena shaol poiblí í cailliúint a shuíocháin féin.
cailliúint comhfheasa loss of consciousness
" Nuair a bhí deora allais ag titim díom mar gheall ar an phian agus nuair a bhí cailliúint comhfheasa i gceist, bheartaigh mé gur chóir dom cúrsaí a fhiosrú le fáil amach an dtiocfadh liom an fhadhb a réiteach.
Cailliúint an-tromchúiseach a very serious loss
" Cailliúint an-tromchúiseach a bheadh anseo do thíortha beaga, ach go háirithe.
cailliúint ollmhór huge loss
" " Toghchán uachtaránachtaIs duine gnímh é Roche, is léir, agus d’fhéadfá a rá gur cailliúint ollmhór a bheadh ann do mhuintir na réigiún atá thíos le tubaiste Shearnóbail dá mbuafadh sí an toghchán uachtaránachta sa bhliain 1997.
easnamh mór a great loss
" Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí de bharr gortaithe.
Cailleadh mór a great loss
" Cailleadh mór do cheol Merseyside ba ea bás Bhrendan, agus tháinig slua mór le chéile sa Palm House i bPáirc Sefton i gcuimhne dó ar 29ú Márta.
caillteanas gnáthóige loss of habitat
" Deir sé gurb é caillteanas gnáthóige cionsiocair a ndíothaithe, ach go bhfuil locht nach beag ar ligean isteach ainmhithe andúchasacha freisin.
Cailleadh loss
" Bhí an páipéar ag Cailleadh airgid ón bhliain 2000 i leith agus bheartaigh na huinéirí go gcuirfidís deireadh leis an nuachtán, mar, a dúirt siad, nach raibh aon bhiseach i ndán do shláinte an nuachtáin.
Easnamh loss, lack
" Meathlú geilleagrach? Cén meathlú geilleagrach? Easnamh de chaoga billiún Euro? Cén caoga billiún Euro? Baileoidh mo chairde sna léinte glasa síntiúis agus ranníocaíochtaí ó lucht an rachmais fud fad na tíre.
creimeadh loss, erosion
" Ach chuir teacht na mBriotanach go hOgoniland i 1901 tús le creimeadh an chultúir atá fós ar siúl sa lá atá inniu ann.
caill loss
" Bhí an lá gruama go maith – níos mó cosúil le lá geimhridh le hamharc air, ach ní raibh sé fuar, agus cinnte ní raibh caill ar theocht an uisce.
imeacht loss
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
Amach sa Chúige a provincial loss
" Amach sa Chúige, Isteach sa Chraobh ============== Maidir le cluichí Gaelacha, scríobh mé an mhí seo caite go bhfuil sé ina bhuntáiste ag contae a bhfuil sé ina uaillmhian acu Craobh na hÉireann a bhaint, an turas chun na craoibhe a dhéanamh tríd an doras cúil.
caillteanais loss (of life)
" Líon na Sibhialtach ========== Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh.
caillteanas flaithiúnais loss of sovereignty
" Deir daoine gurb ionann seo agus caillteanas flaithiúnais.
gcaillteanas loss
" Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG.
is cailleadh mór é he is a great loss
" Méala mór a bhás dá bhean chéile, Sheelagh agus dá dtriúr clainne agus is cailleadh mór é do shaol na healaíne in Éirinn thrí chéile.
cailleadh saibhris loss of wealth
" An saibhreas aisteach Gaeilge sin a tharraing scoláirí isteach an taobh tíre sin le casadh leis na sárchainteoirí, John hInnéirí agus Seán Ó Dochartaigh (Pumps) i gCill Ghallagáin, Johnny Burns, Stanton agus daoine nach iad, grásta ó Dhia orthu, caithfidh sé go dtuigeann tusa an cailleadh saibhris atá ag imeacht le gach glúin mar sin agus an gcuireann sé cumhaidh ort?** BNC: Cuireann.
cailleadh loss
" A mhalairt a chonaic cuid mhaith daoine óga, gur údar mór sonais iad, abraimis le hais an cailleadh mór measa acu ina gcuid polaiteoirí leis na blianta anuas, as an náire a tharraing siadsan orainn mar thír.
caillteanas an tí loss of their house
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.
Síothlú Gnáthurlabhra loss of everyday speech
" ’* Síothlú Gnáthurlabhra agus Fás na Filíochta =================== Osclaíonn an scannán seo le habhainn mhór mhall, agus críochnaíonn ar an abhainn chéanna.
ga seá gan faoiseamh a permanent loss of breathe
" Tá sé cosúil le ga seá gan faoiseamh, nó a bheith ólta.
caillteanais throma heavy losses
" Aighneas tionsclaíoch agus caillteanais throma a ba chúis le druidim an chomhlachta C-Plast ar an Spidéal, áit ar chaill 34 duine a gcuid postanna.
caillteanas gnáthóige loss of habitat
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
an chailliúint mhillteanach seo this tremendous loss
" Scrúdaíonn Duggan an toradh a bhíonn ag an chailliúint mhillteanach seo uirthi féín agus ar a fear chéile, Tony, agus ar an dóigh a scamhann an dubrón a gcaidreamh go dtí go mbíonn sé róghoirt acu fanacht le chéile.
cailliúint a loss
" Níl de rogha acu go reachtúil, ach nach ndéanfadh siad cailliúint ar an bhliain seo chugainn.
caillteanas agus fulaingt the loss and suffering
" Is oth liom é a rá ach feictear dom gur shaothar in aisce é caillteanas agus fulaingt saighdiúirí na hAstráile.
cailleadh teanga language loss
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir lack of language and the resulting loss of culture
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas a loss of affection through ignorance
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
an chaochaíl scáileanna loss of vision
" Údair Imní ===== I measc na gcúiseanna gearáin is mó a bhíonn ag an phobal i gcás feirm gaoithe tá: an tormán, an chaochaíl scáileanna, agus an tionchar ar áilleacht na tíre.
Cailleadh Cumhachta loss of power
" Cailleadh Cumhachta ========= Ar maidin, agus an aibhléis gearrtha, níorbh eol dúinne ná d'éinne eile sa cheantar, cé chomh buailte is a bhíomar.
ach laghdú beag just a small loss
" Sa tréimhse chéanna, níor tháinig ach laghdú beag ar an ioncam a fhaigheann RTÉ ón gceadúnas agus sin de bharr go bhfuil an BAI anois ag úsáid sciar den cheadúnas le cláracha a choimisiúnú tríd an scéim *‘Sound and Vision’*.
titim beag a small loss
" 4 faoin chéad i líon na jabanna a bhíodh ann i mi Meithimh 2008 i dTuaisceart Éireann ach sa Bhreatain Mhór, tá dul chun cinn déanta agus titim beag, 0.
Meath Líofachta a loss of fluency
" ”* Meath Líofachta ======= Tá nóta sa mheamram sin fosta faoin mhéid a bhí le rá ag an bhreitheamh i leith na Gaeilge ina iarratas ceapacháin: *“I have a good working knowledge of Irish and did hold a gold fáinne.
An raibh cineál lagar misnigh ar dhaoine was there some loss of spirit
" An raibh cineál lagar misnigh ar dhaoine nuair a d’imigh an Raidió as an áit, meas tú?** PÓMurchú: Bhí! Ara chuir sé lagmhisneach mhór ar mhuintir na Gaeltachta.
ní hionann is briseadh slabhra saíochta it’s not the same as the loss of cultural continuity
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
nár ghoill an easpa nirt the loss of power (in his legs) didn’t bother him
" Ba léir nár ghoill an easpa nirt sna cosa air, dubh, bán ná riabhach.
Chailliúint Chumhachta i Réimsí Eile a loss of power in other areas
" Dúnghaois Srianadh na hInimirce mar Fhreagra ar Chailliúint Chumhachta i Réimsí Eile Fágann sé seo go léir go bhfuil ceannasacht an Stáit á hionsaí ó gach taobh, ón leibhéal idirnáisiúnta, fornáisiúnta is fonáisiúnta.
ach cliseadh cumhachta as a (electricity) power loss
" Ní beidh ann dar linn, ach cliseadh cumhachta nuair a loicfidh gach gléas aibhléise orainn.
thíos leis at a loss because of it
" Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.
chuir sé crothnú mhillteanach orm it brought on a great feeling of loss
" Chuir sé cumhaidh mhillteanach agus chuir sé crothnú mhillteanach orm, don bheirt acu.
theaghlaigh a d’fhulaing an bhris sin families who suffered that loss
" Is eagras é Féileacáin a thapaíonn an deis le tacaíocht thábhachtach a chur ar fáil go cneasta do theaghlaigh a d’fhulaing an bhris sin nuair a tháinig páiste ar an saol marbh.
créachtaí doimhne caillteanas mar sin deep wounds of a loss like that
" Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir.
Cailliúint ollmhór is ea a bhás, his death is a big loss
" Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.
Is mór an chailliúint é bás Kieran Hegarty, Kieran Hegarty's death is a great loss
" Is mór an chailliúint é bás Kieran Hegarty, fear a raibh baint aige le gach clár Gaeilge a craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann le ceithre bliana is fiche.
díchuimhne memory loss
" Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc.