Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dílseacht loyalty
" Tá rud amháin cinnte, áfach, is é sin go bhfuil gá i mBaile Átha Cliath, agus gach seans in a lán contaetha eile freisin, le córas nua, córas difriúil a thabharfaidh cothrom na Féinne do na mílte buachaill agus fear óg (tá sé ag na cailíní cheana i bhfoirm Chumann Camógaíochta na hÉireann) ar bhreá leo a gcéad dílseacht a thabhairt don iomáint.
dílseacht loyalty
" Ach is é an rud a choinníonn iad páirteach sa chumann ná a ndúil san iománaíocht agus a ndílseacht do "Kevins", mar a thugtar go coitianta ar an gcumann.
dílseacht ar leith special loyalty
" ) agus go dtugann siad an oiread sin pléisiúir agus taitnimh don oiread sin daoine, shílfeá go ndéanfaí cás speisialta díobh i gcúrsaí cánach ar bhealach samhlaíoch éigin, go mór mór i gcás imreoirí a thugann dílseacht ar leith dá gcontae bliain i ndiaidh bliana.
dílseacht dhochreidte incredible loyalty
" Tá sé tábhachtach a aithint chomh maith go bhfuil daoine ag plé leis an ngaelscolaíocht ar bhonn deonach den chuid is mó agus go bhfuil dílseacht dhochreidte ag an-chuid daoine don eagraíocht agus don ghluaiseacht, cé nach bhfaigheann siad pingin as.
dílseachta loyalty
" Nuair a tharlóidh sé - agus is cinnte go dtarlóidh - beidh deighilt i measc lucht leanúna in Éirinn ó thaobh dílseachta de.
a ndílseacht their loyalty
" Maidir leis na réiteoirí féin, is é an tréith is mó a thagann chun cinn ina measc ná a ndaonnacht agus tá a ndílseacht don jab a thugtar dóibh le déanamh an-suntasach freisin.
dílseacht loyalty
" Láidreachtaí Conradh buan léachtóra agam féin, rud a chinntíonn dílseacht na hOllscoile don teanga.
an-dílseacht great loyalty
" Dála an scéil tá an-dílseacht tugtha ag deartháireacha éagsúla d'fhoireann Uíbh Fhailí le roinnt mhaith blianta anuas.
dílseacht loyalty
" Dualgas cine agus dílseacht do mo mhuintir a spreag mé agus a choinnnigh orm cloí leis an obair go deireadh.
Dílseacht loyalty
" Cad iad na buanna a bhí acu a raibh meas agat orthu? Dílseacht, ní hamháin don dúchas ach don luach atá i ndaoine óga, coinsias a bheith acu a ndícheall a dhéanamh chun cuidiú le daoine eile; flaithiúlacht agus éifeachtacht.
dílseacht loyalty
" Go dtí seo, tá breis is milliún díograiseoir óg tar éis cártaí cúnaint a shíniú chun a ndílseacht don smaoineamh a chur in iúl.
chártaí dílseachta loyalty cards
" Go deimhin, cúisíodh daoine in Éirinn le déanaí as gnáth "chártaí dílseachta" ó ollmhargadh a úsáid chun cóipeanna a dhéanamh de chártaí bainc.
dílseacht loyalty
" Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
dílseachta loyalty
" Cé go bhfuil an dráma seo suite le linn an chéad Chogadh Domhanda, tá tábhacht fós ag baint leis sa lá atá inniu ann mar go gceistíonn sé rudaí ar nós tírghrá, dílseachta agus uafás na cogaíochta.
dílseacht loyalty
" Nuair a bheas sé de dhíth orthu agus cluichí club ag tosú arís i rith an earraigh agus an tsamhraidh, seans nach mbeidh sé in ann an dílseacht agus an cur chuige céanna a thabhairt dá chlub.
dílseacht chuimsitheach comprehensive loyalty
" ” Cé go gcaithfeadh Ó Muirí vóta dá mbeadh toghchán ar siúl, ní thuigeann sé an dílseacht chuimsitheach a bhíonn ag daoine do pháirtithe faoi leith.
dílseacht loyalty
" Ach bhí rud eile fós ag Frank seachas an stór mór amhrán agus an dílseacht don dúchas.
dílseacht loyalty
" Ach bhí rud eile fós ag Frank seachas an stór mór amhrán agus an dílseacht don dúchas.
de bharr a dhílseachta because of his loyalty
" Cailleann an t-imreoir ioncam toisc nach féidir leis obair bhreise a dhéanamh de bharr a dhílseachta don chluiche.
dílseacht loyalty
" Ach bhí rud eile fós ag Frank seachas an stór mór amhrán agus an dílseacht don dúchas.
a dhílseacht dhiongbháilte his steadfast loyalty
" Tá an grianghraf íocónach - Donaldson gualainn má ghualainn le Bobby Sands - mar theastas ar a dhílseacht dhiongbháilte.
Dílseacht a mhná fadfhulangaí the loyalty of his long-suffering wife
" Dílseacht a mhná fadfhulangaí.
a ndílseacht their loyalty
" Cheana féin, tá Easpáinnigh ag troid agus ag fáil báis i gcogadh na hIaráice, go díréireach i gcomparáid le muintir na bpobal eile, comhartha gur do Mheiriceá atá a ndílseacht cheana féin.
an-dílseacht great loyalty
" Tá an-mheascán daoine gafa leis an stáisiún agus tá an-dílseacht acu dó.
mo dhílseacht my loyalty
" Go tobann, ar nós go leor de phobal na hÉireann, bhí orm mo dhílseacht do Charlie a cheistiú.
dílseacht a pháirtí loyalty of his party
" I bhfianaise an mhéid atá tar éis tarlú le déanaí, an mairfidh dílseacht a pháirtí chomh fada sin? Ní mhaireann dílseacht ach ar feadh tréimhse áirithe ama.
Ní mhaireann dílseacht ach ar feadh tréimhse áirithe ama Loyalty only lasts for so long.
" I bhfianaise an mhéid atá tar éis tarlú le déanaí, an mairfidh dílseacht a pháirtí chomh fada sin? Ní mhaireann dílseacht ach ar feadh tréimhse áirithe ama.
faoi dhílseacht about loyalty
" Ina measc, tá "Máirseáil Phaddy Clarke", válsa nó dhó nach bhfuil teideal orthu go fóill, amhrán beag grá nach bhfuil tite ar thalamh slán go fóill, amhrán eile faoi dhílseacht - a bhfuil an iomarca focal ann, sílim - agus amhrán eile atá róchosúil le "Everybody Hurts" le REM.
dílseacht loyalty
" Thug mé dílseacht don *Irish Times* ar feadh na mblianta.
caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht standard, price, distribution, loyalty
" Tagann rudaí eile i gceist: caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht do nuachtán eile.
dílseacht loyalty
" Níl sa mhéid sin ach scéal amháin a léiríonn an dílseacht uafásach a bhí ag an bhfear do dhaoine eile, idir chairde agus mhuintir agus ‘chlann’ na hiomána.
dílseacht loyalty
" Cé nár thug sí cuairt ar Éirinn don chéad uair go dtí cúpla bliain ó shin, chuirfeadh dílseacht agus tiomántacht s’aici mearbhall iomlán ort.
Dílseacht loyalty
" Dílseacht don Taoiseach agus don Tánaiste agus don pháirtí – sin an rud a dúirt sí liom a rá.
dhílseacht chomhghuallaíoch supportive loyalty
" Grád:E John Gormley (An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) Gnaithe maith déanta aige ach tá coimheá leochailleach le socrú idir a dhílseacht chomhghuallaíoch don Rialtas agus mianta a chúlbhinseoirí féin a shásamh.
dílseacht loyalty
" Tá na mórthéamaí uilig anseo – dílseacht agus brath, mac a d’éalaigh le brideach athar, laochas agus tréas, an grá agus an drúis.
dílseacht fhraochta intense loyalty
" Maíonn an cara seo le dílseacht fhraochta go n-éascaíonn na suímh shóisialta an teagmháil idir dhaoine, ach ina cás sise, is mó de chaidreamh leictreonach ná den fhíorchaidreamh daonna a bhíonn i gceist.
Dílse Ghaoil loyalty toward loved ones
" “Ní bhraithim go bhfuil aon ghá mo chuid Gaeilge a bhrú ar éinne, ach cén fáth nach labhróinn í nuair a bhíonn deis agam?” Dílse Ghaoil Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm orm le linn an agallaimh ná a thábhachtaí atá a muintir d’Étaoin.
dhílseacht loyalty
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
dílseacht loyalty
" B’fhéidir go bhfaighfeadh muid ginearáil níos fearr a mbeadh dílseacht acu do rud éicint eile seachas a saibhreas pearsanta féin.
dílseacht loyalty
" I dtuaisceart na hÉireann, tá mórshiúlta na nOrd Dílse againn, cuid acu a cheiliúrann bua an Rí Liam ar an Rí Séamus 319 bliain ó shin, cuid eile a cheiliúrann an Protastúnachas agus dílseacht do Mhonarcacht Shasana.
ndílseachta loyalty
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
dílseacht loyalty
" Ceann de na rudaí a chuir isteach orm i gcónaí, nuair a chonaic mé a ndúthracht agus a ndílseacht don teanga, ná nach raibh slite níb éifeachtaí acu le coinneáil i dteagmháil leis an Ghaeilge agus iad bailithe leo abhaile i ndiaidh cúrsa, baile a d’fhéadfadh bheith i Manchain nó i München, i Santa Barbara, Sydney nó Seattle.
dílseachta loyalty
" Cén fáth nach gcuirfí fionraí ar feadh an chomórtais ar imreoir atá ciontach i ngníomh foréigin le linn chluiche sa chomórtas sin? An Réiteach ===== Baineann an fhadhb chomh maith le ceist na dílseachta sa Chumann.
ndílseacht loyalty
" Beidh ar na clubanna níos mó airgid a ghearradh ar an ngeata, agus ar na léinte a cheannaíonn daoine lena ndílseacht chlub a léiriú.
dílseacht loyalty
" Bhíodh dílseacht láidir ag teaghlaigh agus ag ceantracha do Fhianna Fáil, a bhí mar bhuntsraith tacaíochta lá toghcháin.
dílseacht loyalty
" Bhíodh dílseacht láidir ag teaghlaigh agus ag ceantracha do Fhianna Fáil, a bhí mar bhuntsraith tacaíochta lá toghcháin.
dílseacht loyalty
" Dúirt sé go bhfuil croíluachanna ann a shuimíonn an CLG agus go dtugann sé féin tacaíocht agus dílseacht do na luachanna sin i gcónaí.
dílseacht loyalty
" Ní hiontas ar bith é sin, mar tá Carraig Fheargusa mar eiseamláir den dílseacht idir Ulaidh Phrotastúnach agus Coróin Shasana agus an ciníochas a shíolraíonn as an nasc sin i gcásanna áirithe.
mhóid dhílseachta oath of loyalty
" Ach dhá sheachtain sular ghlac sé an mhóid dhílseachta i mí Eanáir 2003, labhair Alan Greenspan, ceannaire an Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh, agus Robert Rubin, Príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, leis an cheannaire nuathofa.
dílseachtaí éagsúla stairiúla various historic loyalties
" Níor mhiste diancheistniú a dhéanamh ar an dtuiscint traidisiúnta atá againn ar ár bhféiniúlacht mar náisiún i gcomhthéacs an gá atá le féiniúlacht oscailte nua-aimsireach a fhorbairt, lena mbeadh daoine le dílseachtaí éagsúla stairiúla in ann glacadh leis agus áit na Gaeilge a aimsiú sa bhféiniúlacht nua náisiúnta.
i dtaobh a ndílseachta regarding their loyalty
" Ba mhinic daoine a raibh amhras fúthu i dtaobh a ndílseachta don pháirtí (dá laghad nó dá neamhiontaoibhe an t-amhras céanna) curtha i ngéibheann, nó seolta chuig na mianaigh agus na Cumannaigh i gceannas na tíre.
Lena ndílseacht their loyalty
" Búrcaigh agus Uí Néill i gCroílár na Brataí ================= Lena ndílseacht a dhéanamh níos soiléire, bhí bratacha ag an *Aviva* a raibh meirge Uladh agus Bratach an Aontais i gcúinne amháin air, ar eagla go mbeadh dul amú ort.
Dílseacht an athar her father’s loyalty
" Dílseacht an athar agus dásachtacht na haintíne san aon bhean bheag amháin.
seanadhílseacht na ndaoine a mhealladh to entice the peoples’ old loyalty
" Ina chnuasach *The Stormy Hill* (1929), scríobh Daniel Corkery gearrscéal a bhaineas le sagart bródúil a dhéanann iarracht seanadhílseacht na ndaoine a mhealladh.
dílseacht as an ghnáth an unusual loyalty
" Is iad a dtíortha ionchollaithe an bheirt acu, cothaíonn siad dílseacht as an ghnáth agus tá finscéalta ag baint leo araon.
na dílseachta loyalty
" ‘Of Gods and Men’, le Xavier Beauvois (An Fhrainc 2010) Artificial Eye 517 DVD ======================= Más ag treabhadh i ngort na rúndiamhaire sácráilte atáir, an tráth seo bliana, molaim fiosrú Beauvois ar nádúr an chreidimh, an duine, agus na dílseachta.
dílseacht loyalty
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
maidir le dílseacht agus féiniúlacht in regard to loyalty and identity
" ’Sé fírinne an scéil nach é an chríchdheighilt fisiciúil idir na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus an 26 contae an fhadhb mhór atá le réiteach ach an deighilt sa phobal ó thuaidh maidir le dílseacht agus féiniúlacht.
dhílseacht loyalty
" Ní raibh aon leisce orthu, mar sin, an cinneadh a dhéanamh a leas féin a chur chun cinn ar dhílseacht agus thug siad bata agus bóthar do Gillard.
chun seandílseachtaí a áiteamh to argue old loyalties
" ”* Is féidir macalla Meiriceánach eile a bhrath i bprós Hitchens, guth níos seanda ná é féin a rinne iarracht an bás a úsáid chun seandílseachtaí a áiteamh agus seanfhiacha a dhíol.
as a dhílseacht for his loyalty
" Ina diaidhse labhair iar-Aire na Gaeltachta, Máire Ní Chlochráin, agus mhol sí Liam go hard na spéire as a dhílseacht do Thír Chonaill.
a gcéad dílseacht i dtólamh their first loyalty always
" Níl aon dabht ach go mbeidh siadsan ábalta ábhar a chur ar fáil ach is chuig na heagraíochtaí a íocann a gcuid tuarastail a bheas a gcéad dílseacht i dtólamh.
a ndílseacht a nochtadh to demonstrate their loyalty
" Is deis iontach í dá ghéillsinigh Astrálacha, leithéidí an ollaimh thuas, a ndílseacht a nochtadh don ábhar rí de shiotalach acu.
i scéal athrú dílseachta in the matter of changing loyalties
" Tá tuiscint agus easpa tuisceana i gceist go mór i scéal athrú dílseachta.
faoina dhílseacht about their loyalty
" Diúltaíodh poist do mhórchuid na n-oifigeach, siocair iad a bheith ródhílis do réimeas Saddam, agus d’éinne a raibh amhras ar bith faoina dhílseacht don tír nua.
ní ar son na cúise not from language loyalty
" An amhlaidh nach acmhainn do lucht na Gaeilge iris níos tarraingtí don léitheoir a chur ar fáil, iris a mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach, ní ar son na cúise ach ar son an sásamh a thabharfadh sé dóibh.
a ndílseacht their loyalty
" Tá réiteach simplí á mholadh ag Donncha Ó hÉallaithe dóibh: a ndílseacht mar Chríostaithe do Mhaigh Nuad agus don Róimh a scaoileadh uathu agus dul le Protastúnachas!