Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luach a saothair reward
" Tá an mana "ní neart go cur le chéile" caite ar leataobh agus luach a saothair á lorg ag na páirtithe - cumhacht pholaitiúil.
luach saothair cuibheasach maith a reasonably good reward
" Conas mar a mhaireann na daoine ======= Baintear luach saothair cuibheasach maith as cúrsaí turasóireachta anois agus tá roinnt mhaith daoine sáite sa ghnó seo ar shlí amháin nó slí eile.
luach saothair reward
" An bhfuil aon teorainn leis na híobairtí seo atá lucht CLG sásta a dhéanamh? Agus gan de luach saothair ag a bhformhór ach cruatan, gortú, pian agus fulaingt, is iontach go deo an fuinneamh atá á chaitheamh agus an saothar atá ar bun.
a luach saothair his reward
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
an t-aon luach saothair the only reward
" Ach bhí post ag teastáil uaim agus, ar aon nós, ní hé gurbh é airgead an t-aon luach saothair a bhainfinn as post a bheith agam i gcoláiste Gaeilge – coláiste a bhí lán de bhuachaillí, iad ar comhaois liom féin .
gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat. without getting our money's worth
" Dá bharr sin, ba chrá croí a bhí sa rud ar fad go minic – ag dul i mbun camchuairteanna agus ag teacht abhaile gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat.
luach saothair in recompense
" Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis.
luach saothair just reward
" Ach, cé gur imir gach fear ar fheabhas agus thar barr agus gur ‘thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt’ (John Spillane/Louis de Paor agus Madraí an Bhaile, 2002, Réalta) níor leor é agus ní raibh de luach saothair acu ach ‘bata is bóthar is fonn abhaile’.
a luach saothair his reward
" Dílseoir don cheannaire is ea é agus gheobhaidh sé a luach saothair dá bharr.