Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur ina luí ar dhaoine to convince people
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
a chur ina luí ar an bpobal to convince the public
" Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh to convince the judge of this
" Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
nuair a luím isteach ar an obair when I start the work
" Suím síos ag an phianó agus b'fhéidir go mbeadh creatlach beag déanta agam sna míonna sin, ach nuair a luím isteach ar an obair, bíonn sé éasca go leor.
cur ina luí ar a lucht leanúna to convince their supporters
" Polaitíocht seachas foréigean ======= Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
theip air é a chur ina luí ar mhórán he failed to convince many people
" Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le "gorlanna gnó" i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla, theip air é a chur ina luí ar mhórán.
a chur ina luí ar an phobal to convince the public
" San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta to convince the players and the supporters
" Mar sin féin, seans go raibh bainistíocht fhoireann Átha Cliath sásta go leor tar éis an chluiche i gcoinne na hIarmhí sa mhéid is dá gcuirfeadh an fhoireann scór mór in airde i gcoinne na hIarmhí (d’fhéadfaidís 3-15 a scóráil gan stró) go mbeadh sé deacair a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta go raibh a lán oibre fós le déanamh acu ar pháirc na traenála.
a chur in luí ar mhuintir na háite to convince the locals
" Ba dheacair a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, to convince Iarnród Éireann and the government of this,
" Ach go dtí gur féidir leo é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe that we can convince the funders
" “Measaim go bhfuil muid ag an chéim sin leis an chomhlacht teilifíse go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe (An Ciste Craoltóireachta Gaeilge) go dtig linn an obair seo a dhéanamh in ainneoin mise bheith tinn.
luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú. the extermination of the people of this ghetto began.
" Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.
Chuir sé ina luí ar a mhac he convinced his son
" Chuir sé ina luí ar a mhac ceithre bliana déag d’aois páirt a ghlacadh sa chath.
an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann to instill this bare truth into the people of Ireland
" An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann.
a chuir ina luí ar who convinced
" Macalla ansin d’Aunt Edna agus do mhuintir Griswold sa scannán National Lampoon’s Vacation! Jean-Claude Romand Ach is scéal níos casta fós é cás Jean-Claude Romand a chuir ina luí ar a bhean chéile agus ar a chomhluadar gur dhochtúir é a bhí ag obair don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa Ghinéiv.
a chur ina luí ar to convince
" Rinne Rúnaí Stáit George Marshall agus Rúnaí Cosanta James Forrestal a seacht ndícheall a chur ina luí ar Uachtarán Harry Truman gan tacaíocht a thabhairt do na Síónaigh.
ach a chur ina luí ar just convince
" Ní raibh le déanamh aige anseo ach a chur ina luí ar mhuintir shomheallta na hÉireann go raibh ár n-earrach féin fós le teacht.
a chur ina luí ar to convince
" ”* Cé nár ghníomhaigh Netanyahu de bhun a gcuid moltaí ag an am, d’éirigh le Perle agus le beirt údar eile, Douglas Feith agus David Wurmser, a chur ina luí ar Uachtarán George W.
dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu sadness in all of their hearts
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill his death still weighs heavily on their hearts
" Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill.
ag luí ar a héadan lighting her face
" Tá bean óg an phictúir ina suí ag tábla, liúit ina láimh aici agus solas bog ó fhuinneog ag a taobh ag luí ar a héadan.
tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde they’re showing their enemies
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
chun a chur ina luí ar daoine to convince people
" Bhí caidreamh láidir idir an Eaglais agus an pholaitíocht ó na 30idí, am a chualathas an mana “le ciel est bleu, l’enfer est rouge” (Tá an spéir gorm, tá ifreann dearg) chun a chur ina luí ar daoine a vóta a chaitheamh ar son an pháirtí choiméadaigh.
is mó a chuir ina luí ar an phobal which mostly convinced the public
" Is dócha gurbh é an scéal a nocht Edward Snowden faoin spiaireacht a dhéanann rialtas Mheiriceá ar chumarsáid an ghnáthdhuine is mó a chuir ina luí ar an phobal a leithne is atá an chúléisteacht chealgach.
ag súil le cur ina luí ar a cara hoping to convince her friend
" Tá Alina ag súil le cur ina luí ar a cara go mba cheart di filleadh léi chun na Gearmáine agus saol nua a chruthú di féin ag obair mar fhreastalaí ar na báid turasóireachta ansin.