Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht although she wasn't expecting to become a broadcaster
" Bhí patachán trí bliana d'aois ag Neasa ag an am agus cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht - bhí an chéim dhochtúireachta comhlíonta seachas an tráchtas - chuaigh sí sa tseans agus b'in sin! Thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisc ag cur an chláir cúrsaí reatha "Cúrsaí" i láthair ag an am.
ag luí le gnás following custom/practice
" Is cinnte nach raibh sin ag luí le gnás, ach bíodh sin mar atá, mhionnaigh siad di gur sin mar a bheadh nó níor mhian le Myrtle achan duine faoin spéir a bheith ag amharc isteach uirthi ag rá "Orú, nach í atá cosúil léi féin".
luigh sé le réasún it made sense
" Agus toisc go raibh mé ag díol seanuirlisí ceoil ag an am, luigh sé le réasún seansiopa a raibh stair ársa ceoil taobh thiar de a cheannach.
Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. The Irish language fits in better with my own viewpoint.
" Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin.
le cur ina luí orainn to convince us
" Caithfidh na comhlachtaí nua Gaeilge a thuiscint nach bhfuil go leor déanta acu go dtí seo le cur ina luí orainn gur féidir leo rudaí mórthaibhseacha a dhéanamh.
Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. The Irish language fits in better with my own viewpoint.
" Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin.
luíonn sé le loighic it's logical
" Tá an ceart ag an Stát a rá cén t-ainm oifigiúil atá ar áit agus luíonn sé le loighic gur i nGaeilge a bheadh sin i gceantair Ghaeltachta.
a bhfuil luí acu le peil who prefer football
" Ós rud é go bhfuil níos mó clubanna peile ná clubanna iománaíochta sa chontae, tá tromlach mór a bhfuil luí acu le peil ar choiste an chontae.
go raibh luí agam le rudaí eile. that I was into other things.
" Ach de réir a chéile, chonacthas dom go raibh rudaí eile a theastaigh uaim a dhéanamh, go raibh luí agam le rudaí eile.
luíonn sé le réasún it stands to reason
" “Ní dream polaitiúil sinn ar chor ar bith ach luíonn sé le réasún go mbaineann ceol traidisiúnta na hÉireann leis an tír iomlán, leis an diaspóra agus leis an lear mór daoine sin nach bhfuil baint ar bith acu leis an tír ach a bhfuil dúil mhór acu i gceol na tire seo.
le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste to convince the taxi drivers of Belfast
" I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
le cur ina luí ar dhaoine to convince people
" Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
réidh le luí isteach ready to concentrate
" Tá muid réidh le luí isteach ar an obair.
le luí isteach ar an obair. to get down to the work
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
luíonn sé le réasún it makes sense
" Bhí go leor trealaimh ceannaithe againn faoin am sin le tabhairt faoin taifeadadh – luíonn sé le réasún go ndéanfaimis amhlaidh; is cuimhin liom, agus muid le Island Records cuir i gcás, go mbíodh muid ag íoc £1,300 sa lá as stiúideo.
luíonn sé le nádúr it is natural
" Mar gheall ar ar fhulaing na Giúdaigh san Uileloscadh, luíonn sé le nádúr go leor gur iomaí duine atá báúil le coincheap an tSíónachais.
luíonn sé le réasún reasonable to assume
" Más é brábach sprioc do chomhlachta, nach luíonn sé le réasún go ngearrfaidh tú na praghasanna is airde ar na táirgí is saoire? Faigh Cumhdach Árachais nó Cónra! Sin mar a sheasann cúrsaí mar atá siad.
ag luí le agreeing with
" Tá ceist pholaitiúil déanta as seo, ach ní dóigh liom go bhfuil seasamh Fhine Gael ag luí le tuairimí na múinteoirí ná na saineolaithe teanga, ná go deimhin, le dearcadh mhuintir na hÉireann.
Luíonn sé le céill it stands to reason
" Luíonn sé le céill go bhfuil rath ar an innealtóíreacht sna tíortha atá faoi fhorbairt ghasta.
le cur ina luí ar to convince
" Lúbadh béal, drad, is an iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi.
Luíonn sé le céill it stands to reason
" Luíonn sé le céill go raibh an teanga beo beathach freisin sna ceantair eile ina raibh na luathchoilínigh lonnaithe.
le luí na gréine go mórmór particularly at sunset
" Ar feadh an fhómhair i mbliana, le luí na gréine go mórmór, bhí an dá chaipín le feiceáil go soiléir agam.
luíonn sé le céill it’s reasonable to assume
" In aimsir na gciorruithe luíonn sé le céill go ndéanfadh na comhairlí contae a ndícheall na gnóthaí móra seo a mhealladh.
luíodh sé isteach le do threalamh scíála it’d go well with your skiing equipment
" Is teicneolaíocht ghlan é agus cuma an- “allamuigh-ach” agus dlúth leis an uirlis seo: luíodh sé isteach le do threalamh scíála an geimhreadh seo.
le cur ina luí ar an lucht vótála to convince the voters
" Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
luíonn sé le réasún it makes sense
" Má tá an Eoraip le dul in iomaíocht leis an tSín agus leis na Stait Aontaithe, luíonn sé le réasún gur gá cur le chéile.
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar if the government doesn’t convince
" Agus Corn an Domhain 2014? ============= Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
Luíonn sé sin le réasún it’s reasonable
" Luíonn sé sin le réasún agus leis an dlí nádúrtha, más mian leat.
Luíonn sé le ciall it’s sensible to assume
" Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas.
luigh an ráiteas le ciall the statement made sense
" Bhí an chúilfhéith i bhfad siar ar Mháirtín agus luigh an ráiteas le ciall ag an am, ach tá glúin tagtha ina dhiaidh a bhfuil an cultúr le bheith casta ina thráchtáil acu.
ag súil le cur ina luí ar a cara hoping to convince her friend
" Tá Alina ag súil le cur ina luí ar a cara go mba cheart di filleadh léi chun na Gearmáine agus saol nua a chruthú di féin ag obair mar fhreastalaí ar na báid turasóireachta ansin.
luigh le taibhsí cáiliúla slept with famous ghosts
" Shiúil Breandán de Gallaí dorchlaí stairiúla Sid Vicious, Nancy Spungeon bhocht agus Jimi Hendrix agus luigh le taibhsí cáiliúla eile i seanóstán i Nua-Eabhrac ar na mallaibh.
luíonn sé le céill it stands to reason
" Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis.