Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
míshásta dissatisfied
" Tá an Pholainn míshásta toisc nach bhfuil aon tagairt don Chríostaíocht.
míshásta dissatisfied
" Ní móide go mbeadh formhór mhuintir na Stát sásta a ghabháil chomh fada sin, ach léiríonn sé cé chomh míshásta is atá daoine ag éirí faoin treo ina bhfuil an tír ag gabháil faoi réimeas Bush.
fíor-mhíshásta deeply dissatisfied
" Faoi mar a bhí muintir na hIaráine i 1979, nuair a cuireadh tús le réabhlóid bhunúsach, tá muintir na hAraibe Sádaí fíor-mhíshásta leis na polasaithe a leanann rialtas na tíre i leith na Meiriceánach.
míshásta unhappy
" Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu.
míshásta dissatisfied
" Tá siad míshásta freisin faoi na hiarrachtaí a rinneadh le Nguyen a shábháil.
míshásta leis an ráiteas seo unhappy with this statement
" ” Bhí an Feisire áitiúil, Louise Ellman, míshásta leis an ráiteas seo agus d’iarr sí ar an Ord Oráisteach Barwise agus Irwin a dhíbirt as an eagraíocht.
agus cuma an-mhíshásta ar a haghaidh with a displeased expression
" Tháinig póilín amháin amach as an slua agus gloine Baileys ina lámh aici agus cuma an-mhíshásta ar a haghaidh.
Bhí cuma mhíshásta air. He looked displeased.
" Bhí cuma mhíshásta air.
míshásta agus míshuaimhneach dissatisfied and uncomfortable
" Tá mórán daoine míshásta agus míshuaimhneach leis an gceangal atá coitianta idir ól agus spórt.
míshásta dissatisfied
" “Ghéill mé dóibh, ach tá mé míshásta leis na leabhair sin dá bharr le fada an lá.
an-mhíshásta very dissatisfied
" Tá go leor an-mhíshásta leis an rialtas – tá siad míshásta faoi iompar poiblí, na hospidéil, tollán faoi lár Sydney agus a lán eile.
míshásta leis an chleamhnas. unhappy with the match.
" I ndiaidh cúirtéireachta fada, phós sé Lydia Fraser, bean óg oilte a raibh a tuismitheoirí míshásta leis an chleamhnas.
chomh míshásta sin so displeased
" Bhí na cúntóirí chomh míshásta sin go raibh póstaer acu agus aghaidh Chaitríona Ruane agus Margaret Thatcher, laoch stailc na mianadóirí, air.
an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta the thing that is irritating those who are dissatisfied
" Anuas air sin – agus thar gach ní eile – an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta ná gur bhuaigh foireann na Breataine Móire níos mó bonn ná mar a bhuaigh na hAstrálaigh.
an-mhíshásta very dis-satisfied
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
míshásta upset
" " Mo dhála féin, bhí an Casaideach míshásta faoin dóigh a bhfuil ár gcultúir féin scriosta amach as an stair.
míshásta dis-satisfied
" Agus tá teannas eile ann anois, leis an dúnghaois úr atá ag an BNP faoi na hÉireannaigh, Gan amhras, tá na hOráistí míshásta faoi bheirt Chaitliceach de bhunadh Éireannach atá mór le rá sa BNP, gan trácht ar an bratach nua atá acu ! Sa deireadh, ní bhfuair an BNP ach 5,300 vóta i Learpholl, áit a raibh turnout 24% ann.
míshásta dissatisfied
" Thar a bheith míshásta a bhíos nuair a foilsíodh ‘Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge’ ag deireadh na bliana seo caite.
míshásta dis-satisfied
" Chas mé le roinnt cuairteoirí míshásta ar bharr Shliabh a Liag an samradh seo.
míshásta dissatisfied
" Tá daoine ag rá gur cheart an locht a chur ar an aimsir, nach raibh sé chomh fuar ó bhí an oighearaois dheireanach ann, ach tá an pobal míshásta, ní leis an aimsir ach fan dóigh a raibh ciuránacht ar NIW agus an ghéarchéim os a gcomhair.
míshásta dissatisfied
" Deir Mary Bhaile Átha Cliath Thiar go bhfuil a sáith aici de chúrsaí sláinte agus lucht otharlainne agus daoine míshásta agus míbhuíoch; agus go bhfuil sí ag dréim go mór le dul amach *“to paint the town red!”* Aos Fásta Dóp agus Bainte Móin ================ Ach, an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir? Tá daoine sa Dáil anois nach ligfí a leithéid thar an gheata isteach le mo linn.
níos míshásta more dissatisfied
" D’aontaigh an bheirt acu go láidir, i ndiaidh dóibh pilleadh ar Éirinn, go bhfuil muintir na Polainne níos míshásta ná na hÉireannaigh faoin drochdhóigh ina bhfuil geilleagar a dtíre, faoi chur chuige an AE, nó faoi aimhréidhe an AE le bheith cruinn.
míshásta dissatisfied
" Tá an tAontas Eorpach, Amnesty International, na Stáit Aontaithe chomh maith le tíortha eile, ealaíontóirí agus ceoltóirí naisiúnta agus idirnáisiúnta míshásta agus ag cur brú ar údarás na Rúise athbhreithniú a dhéanamh ar an chás.
míshásta dissatisfied
" Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998.
cuma míshásta a dissatisfied appearance
" Eachtra soineanta, spraoiúil a bhí ann, i measc daoine fásta, ach nuair a d’fhág muid an loch, thug mé faoi ndeara go raibh cuma míshásta ar bheirt bhan nach raibh san uisce linn.
míshásta faoi agus curtha amach unhappy and disturbed
" Ag Snámh in Aghaidh na Meán ============= In Éirinn tá daoine míshásta faoi agus curtha amach go bhfuil a leithéid de chomórtas againn anseo anois.
d’éirigh sí míshásta leis she became upset with him
" Chonaic sé cailín i mála codlata i Leicester Square agus cuireadh náire air nuair a tharraing sé a pictiúr gan a cead agus d’éirigh sí míshásta leis.
an-mhíshásta very dissatisfied
" Bhí Sinéad Mhic Éamoinn an-mhíshásta lena saol i Meiriceá ach nuair a d'aimsigh sí an Ghaeilge tháinig feabhas mór ar chúrsaí.
míshásta dissatisfied
" Ní beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí.