Pota Focal Intergaelic
mór | mo | M | | |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní mó ná sásta a bhí sé He wasn't one bit happy
" Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin.
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
Sráid an Mhóta Mount Street (Fianna Fáil headquarters)
" Ach níl Sráid an Mhóta ag dréim go mbeidh na huimhreacha acu agus tá siad ag díriú a n-airde ar Quinn agus Lucht Oibre.
Ní fhéadfá níos mó a iarraidh You couldn't ask for anything better
" "Ní fhéadfá níos mó a iarraidh," ar seisean.
an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó the biggest constitutional nationalist party
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
sa tréimhse is mó idéalachais dá saol in the most idealistic period of their lives
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
cúisíodh níos mó ná leath more than half were prosecuted
" Sa bhliain 2000 gabhadh 62,000 duine; astu sin cúisíodh níos mó ná leath.
cruthaíodh níos mó spáis more space was created
" Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla.
an fhreagracht is mó the greatest responsibility
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
is mó a bhainfidh leas as an teip seo who will benefit most from this failure
" Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.
nach mothaíonn sí mar sin níos mó that she doesn't feel like that any more
" Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta.
an chloch is mó atá ar an bpaidrín the biggest concern
" Obair ag teastáil ======= Ó thaobh cúrsaí daonra de, is í an chloch is mó atá ar an bpaidrín anois do cheantar Charna ná deis a thabhairt don daonra daoine óga atá ann fanacht sa gceantar.
an naoú comhlacht déag is mó the nineteenth biggest company
" Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de.
níos mó cúl more goals
" Go deimhin, tá níos mó cúl scóráilte aige ná imreoir ar bith sa Bhreatain - 474 in 882 cluiche.
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
an rud is mó a ghoilleann air what bothers him most
" Ach an rud is mó a ghoilleann air ná an phraiseach a rinne sé i gcúrsaí ama.
an meall is mó ar deireadh last but not least
" Agus an meall is mó ar deireadh: tá drogall ar na Gearmánaigh a admháil gur chlis ar an gcóras a rabhadar chomh bródúil sin as.
cailltear níos mó agus níos mó postanna more and more jobs are lost
" Gach seachtain, cailltear níos mó agus níos mó postanna i monarchana traidisiúnta timpeall na tíre.
go mbainimís níos mó spóirt as that we used to enjoy it more
" D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
is mó chuaigh i gcion orm which had the most impact on me
" Ach is stíl fhidléireachta iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin.
is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua who will take most advantage of the new markets
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
na fostóirí is mó the biggest employers
" Fostaíocht ======= Is iad Marine Harvest na fostóirí is mó sa cheantar seo.
tréith is mó the biggest trait
" Ach caithfidh gurb é an tréith is mó a bhaineann le ceannaire an UUP na laetha seo ná éiginnteacht.
mó cuidithe more help
" Cén fhís atá agat féin don eagraíocht agus don Ghaeilge? Go leanfaidh sí ag fás agus ag láidriú mar eagraíocht atá ag cur na Gaeilge chun cinn agus go mbeidh níos mó cuidithe ar fáil ón stát d'eagraíochtaí mar seo.
sa spórt úr is mó ráchairt in the most popular new sport
" " Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh sé ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí samhraidh na hÉireann: "Aimsigh an Turasóir Meiriceánach".
níos mó ná a sáith den ghrian more than enough of the sun
" Bhí bean bheag ramhar chruinn ina seasamh díreach roimhe agus níos mó ná a sáith den ghrian aici.
tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis most of the walkers seize the opportunity
" Is cúrsa dátheangach é mo chúrsa siúil sléibhe i nGleann Cholm Cille agus, de ghnáth, tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh cuid den am.
Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin if more than one text was published
" Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin ag deireadh, teip a bheadh ann.
níos mó ábhar conspóideach more controversial subjects
" B'fhéidir gur cheart go mbeadh níos mó ábhar conspóideach á bplé ar na cláracha, ach tiocfaidh sin.
is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo it is the Irish people who would suffer the most as a result of this
" Agus, ainneoin dhearcadh an phobail i leith an cheathrú eastát, i mo thuairmse is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
níos mó any more
" Is mó suíochán atá ag an DUP ná mar atá ag páirtí Trimble, más cuí páirtí Trimble a thabhairt air níos mó.
is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama there will be more interest in the songs with the passing of time
" Is breá le daoine amhráin agus is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama.
Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis it will be the fishermen who will suffer most
" Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm.
ag dul i gcion níos mó ar an gCumann Lúthchleas Gael making a bigger impression on the GAA
" Ní hé an chéad fhear óg a d'ardaigh na seolta agus seans maith nach é an duine deireanach a dhéanfas a leithéid ach oiread, ach is cosúil go bhfuil a imeacht ag dul i gcion níos mó ar an gCumann Lúthchleas Gael ná éinne eile roimhe.
an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh the biggest nationalist party in the north
" Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.
níos mó forbartha more development
" Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí! AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de? SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna.
ar mó sháimhín só at my ease
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
an chloch is mó ar a phaidrín his biggest concern, his priority
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
réitíodar le chéile den chuid is mó they got on for the most part
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
níos mó measa more respect
" Feicimid freisin go bhfuil níos mó measa ag tuistí ar an teanga dá bharr sin agus tá éileamh mór ar na ranganna Gaeilge a eagraímid i rith na bliana.
ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú one of the best-known loyalist areas
" " B'in a dúirt fear amháin le hiriseoir agus b'ionann "these people" agus Caitlicigh atá ina gcónaí in aice le Sandy Row, ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú i mBéal Feirste.
an chartlann mionteanga is mó ar domhan the biggest minority language archive in the world
" Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin atá an chartlann mionteanga is mó ar domhan.
a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige who has done more than his bit
" Craobh na hÉireann sa dornálaíocht ======= Duine amháin a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige ar son aos óg na háite agus ar son na peile agus na dornálaíochta i gCamus is ea Colmán Ó Flatharta.
i bhfad níos mó airde much more attention
" Tugadh i bhfad níos mó airde ar shaothar Ern Malley ó shin ná mar tugadh ar fhormhór fhilí eile an 20ú céad san Astráil, ina measc McAuley agus Stewart.
is mó a chuaigh i gcion orm who made the biggest impression on me
" Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste.
an éagsúlacht is mó the greatest variety
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
níos mó ceall dearg more red cells
" Faoi mar atá, más den chine gorm thú ó réigiúin arda na hAfraice tá buntáiste mór agat mar go bhfuil níos mó ceall dearg i do chuid fola agus go gcuidíonn sin leat bheith níos tapúla etc.
aon phioc níos mó any more
" Ní dóigh liom go bhfuil muid ag athrú an traidisiúin aon phioc níos mó ná mar a d'athraigh an ghlúin a chuaigh romhainn.
i gCuan Mó in Clew Bay
" Droimníní báite atá iontu, cosúil leis na hoileáin i gCuan Mó i gContae Mhaigh Eo.
i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta after the biggest and most glamorous event
" De ghnáth, áfach, ní bhíonn na himreoirí sin ag ceapadh gur san ospidéal a bheidh siad coicís i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta i gcúrsaí spóirt na tíre seo.
móta agus bábhún motte and bailey
" Caisleán den saghas "móta agus bábhún" atá ann.
níos mó béime more emphasis
" Rith sé léi go gcuirfí níos mó béime ar chúrsaí tráchtála sa chomhlacht go luath.
an imní is mó the greatest concern
" Tá úsáid guthán póca i measc na bpáistí is óige tar éis an imní is mó a chur ar dhaoine, go háirithe ó d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (NRPB) foláireamh ag rá nár cheart do pháistí faoi ocht mbliana guthán póca a úsáid.
nach bpeacóinn níos mó that I wouldn't sin anymore
" MÁNAS: Bhuel, em, chuir sé ar bhealach mo leasa mé agus shocraigh sé nach bpeacóinn níos mó.
níos mó féinmhuiníne more self-confidence
" D’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí le feiceáil i *Léargas*, tá níos mó féinmhuiníne i measc na nÉireannach i Learpholl na laethanta seo.
níos mó gasúr more children
" Dá bhrí sin tá níos mó gasúr ag imirt sacair agus fiú amháin galf, cuir i gcás, ná riamh.
go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim that the biggest industry in the country would recover from the crisis
" Buille an bháis ======= Rinne pobal na tíre seo gnaithe maith aimsir an ghalair crúibe is béile nuair a tharraing muid le chéile lena chinntiú go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim.
níos mó tuisceana more understanding
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó the two biggest supermarket companies
" Bhí siad míshásta leis an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó sa tír, Coles agus Woolworth’s, a bhfuil formhór an mhargaidh do bhia acu ar fud na tíre.
níos mó tuisceana more understanding
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
is mó éilimh most popular
" AÓF: Céard iad na hócáidi is mó éilimh? LÓM: Na comórtais amhránaíochta ar an sean-nóis, an damhsa ar an sean-nós, na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, ach tá lucht leanúna dílis, mar shampla, ag leithéidí an chomórtais d'amhráin nua-chumtha agus is breá le daoine na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do na daoine óga.
a chuireann an chuid is mó den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt which hides most of this magical technology
" Tá bogearraí simplí saor in aisce ar fáil a chuireann an chuid is mó den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt agus a chinntíonn gur féidir le daoine díriú ar an gcomhrá agus ní ar an teicneolaíocht féin.
go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó that they shake their heads more and more
" Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann? “Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach.
níos mó éagsúlachta more variety
" Caithfear forbairt a dhéanamh sna bailte agus sna réigiúin a bheadh in ann club sraithe a chur le chéile, ionas go mbeidh níos mó éagsúlachta i Sraith Eircom.
ceann de na cinn scríbe is mó éilimh one of the most popular destinations
" Loch álainn ======= Bhí go leor cloiste agam faoi Loch Bled, ceann de na cinn scríbe is mó éilimh sa tSlóivéin.
ráchairt níos mó bigger demand
" Tá Balor sásta tuar agus tairngreacht eile a dhéanamh – is é sin go mbeidh ráchairt níos mó ar na muifléid sin i rith na bliana seo atá le teacht ná mar a bheas ar fháinne na Gaeilge.
a dhá oiread níos mó úsáide twice as much use
" Ábhar imní eile sa tír seo ná go mbaineann muid a dhá oiread níos mó úsáide as cártaí creidmheasa (agus rátaí úis chomh hard le 18.
ag ceilt fírice i bhfad níos mó hiding a bigger fact
" ” B’fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne sna scéalta seo, ach tá an bhéim iomlán ar chúrsaí gnó ag ceilt fírice i bhfad níos mó, is é sin go bhfuil cur chuige Google ag athrú na slí a oibríonn muid agus an tslí a n-imríonn muid.
na duaiseanna is mó the biggest prizes
" Taobh amuigh den eaglais, tá clú agus cáil ar an bheirt mar amhránaithe Gaelacha, a bhaineann na duaiseanna is mó sna comórtais.
is mó ráchairte most popular
" Is ceantar náisiúnach den chuid is mó é arb iad na cluichí Gaelacha an spórt is mó ráchairte ann, agus ina roinntear an chumhacht sa chomhairle áitiúil.
ag ceilt fírice i bhfad níos mó hiding a bigger fact
" ” B’fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne sna scéalta seo, ach tá an bhéim iomlán ar chúrsaí gnó ag ceilt fírice i bhfad níos mó, is é sin go bhfuil cur chuige Google ag athrú na slí a oibríonn muid agus an tslí a n-imríonn muid.
is mó gradam most prestigious
" Chuir sé iontas an domhain uirthi nuair a fuair sí scéala go raibh an dara leabhar sin ar ghearrliosta an Orange Prize for Fiction, ceann de na duaiseanna liteartha is mó gradam sa Ríocht Aontaithe.
tugadh an bóthar do níos mó ná céad acu over a hundred of them were sacked
" An coláiste a bhí ag íoc as gach rud, ar ndóigh, agus nuair nach raibh airgead ar bith fágtha do phá na foirne, tugadh an bóthar do níos mó ná céad acu (cf.
an t-ábhar iontais is mó the greatest surprise
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
an t-ábhar iontais is mó the greatest surprise
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
na dúshláin is mó the biggest challenges
" Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn agat agus tú ag teagasc i Meiriceá? Seosaí Nic Rabhartaigh: Is dócha go mbaineann cuid de na dúshláin le gach múinteoir teanga.
níos mó airde more attention
" I measc na mbuntáistí atá ann do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí físeáin a fhoilsiú ar an idirlíon tá (a) an costas íseal a bhaineann leo (má tá físeán nó fógra cruthaithe acu cheana féin ní chosnaíonn sé mórán é a chur ar fáil do lucht féachana domhanda ar an idirlíon) agus (b) an phoiblíocht chumhachtach (insíonn daoine dá chéile mar gheall ar mhíreanna maithe físe agus mar sin tugann daoine níos mó airde orthu).
níos mó cúl a fháil ná an freasúra to get more goals than the opposition
" Sílim féin go raibh meon speisialta ag an bhfoireann sin ina leith féin; an cur chuige a bhí acu ná dul ar an ionsaí mar bhealach cosanta agus níos mó cúl a fháil ná an freasúra.
go scórálfaidís níos mó cúl that they would score more goals
" Is dóigh liom gur chreid an fhoireann úd go scórálfaidís níos mó cúl ná an freasúra cuma cé mhéad cúl a scaoilfidís féin isteach (agus ní raibh mórán díobh sin ann le fírinne).
an feachtas is mó pleanála teanga the biggest language planning campaign
" Seo é an feachtas is mó pleanála teanga ar thug aon eagraíocht Stáit faoi ó bunaíodh an Stát.
solúbthacht níos mó greater flexibility
" Tabharfaidh sé solúbthacht níos mó don eagraíocht, ach fiú muna dtéann sé ar aghaidh, leanfaidh siad lena gcuid oibre forbartha pé scéal é.
níos mó ná riamh more than ever
" Bainim sásamh pearsanta as, b’fhéidir, ar bhealach, níos mó ná riamh.
agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó and that we didn't have to covet our colonizer's wealth any more
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu most of them were independent socialists
" Ba Chumannaigh iad, cuid acu ina mbaill de Chumann Uí Chonghaile, dála Uí Ríordáin féin, ach ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu agus bhí neart iarthrodaithe de chuid na Briogáide Idirnáisiúnta ina measc.
an cáineadh is mó the greatest criticism
" “Is é sin an cáineadh is mó a bheadh aige ar dhuine ach is deimhnitheach nach bhféadfadh aon duine a rá gur duine leamh ab ea é féin.
tionchar níos mó a big influence
" Is mian leo go gcuirfear athruithe móra i gcrích sula mbeidh siad sásta páirt a ghlacadh sa Bhord Póilíneachta agus tionchar níos mó a bheith acu ar chúrsaí póilíneachta ar mhaithe lena lucht tacaíochta.
níos mó geana more affection
" Anuas air sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó geana ag an phobal air go fóill ná mar atá ar a chéilí comhraic san fhreasúra.
mó ná 50 lóiste Oráisteach over 50 Orange lodges
" Tá Bolton faoi chúram Greater Manchester Police (GMP) agus, gan fhios dom, thosaigh siadsan imscrúdú ar na dílseoirí i Learpholl, áit a bhfuil níos mó ná 50 lóiste Oráisteach.
níos mó fomhuireán more submarines
" Bhí sé ina ábhar fonóide ar feadh na mblianta go mbíodh níos mó fomhuireán ag páirc siamsaíochta The West Edmonton Mall ná mar a bhí ag cabhlach Cheanada.
níos mó cumhachta more power
" Nuair a bhreathnaigh mé timpeall, thuig mé gurbh é an rud a chabhraigh le daoine dul chun cinn a dhéanamh, dul suas an dréimire agus níos mó cumhachta a bhaint amach, ná *political astuteness* agus sin clisteacht speisialta.
bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu most of them are very fluent
" Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu.
a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair who concentrates mostly on her work
" com), a bhunaigh sí le cara dá cuid, Sandy Neal, i 1993, ach ní duine í a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe.
mó ná leath na ndeontas tithíochta more than half of the housing grants
" Is do dhaoine i nGaillimh a bronnadh níos mó ná leath na ndeontas tithíochta anuraidh (51%) agus íocadh a dhá oiread ann thar mar a íocadh i nGaeltacht Dhún na nGall, a tháinig sa dara háit.
an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid to use the biggest resource in the area
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
an t-ábhar misnigh is mó the biggest reason to have hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
an tionscal is mó the biggest industry
" Is í an turasóireacht an tionscal is mó i nDún na nGall fosta.
níos mó ná an líon sin more than that number
" Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.
níos mó ionad a aimsiú to find more venues
" Céard ba mhaith libh a bhaint amach anois sna blianta atá romhainn?***TÓU: Leanúint leis an obair agus níos mó ionad a aimsiú inar féidir le daoine ceol a chasadh.
níos mó infheistíochta more investment
" (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear.