Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
morgáiste mór millteach a aisíoc to repay a huge mortgage
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
bhloc mór millteach leac oighir a great big block of ice
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
nathair mhór mhillteach a great big snake
" Cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí ar an 8 Eanáir le taispeántas mórthaibhseach radharcach dar teideal *Awakening* ina bhfeicfear nathair mhór mhillteach, cruthaithe as tine, soilse, piriteicnic agus ceol, ag teacht chun beatha agus ag síneadh amach a coirp leis na trí dhroichead sa chathair a thrasnú.
tithe móra millteacha huge mansions
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
mór millteach massive
" “Chuaigh mé ar an mbunscoil i mBearna agus ba *culture shock* mór millteach é sin.
meangadh mór millteach a great big smile
" Cairde agus féile Thóg Duncan agus Lawrence amach ag rince muid oíche amháin agus b’iontach an taithí é – bíonn sé deacair go leor coinneáil suas leis na hAfracaigh agus iad ag rince! Chuir an cairdeas agus an fhéile a taispeánadh dúinn na laethanta sin meangadh mór millteach ar m’aghaidh, agus ní bhaineann na dea-chuimhní ar fad atá agam ar Livingstone le Victoria Falls nó leis na cóisirí sa bhrú óige, ach leis na daoine a casadh orm sa mhargadh sin.
leacht cuimhneacháin millteach mór an extremely big memorial
" Gar don phríomhbhóthar a thugann cuairteoirí go dtí an sluachampa géibhinn seo tá leacht cuimhneacháin millteach mór a tógadh i 1969 chun comóradh a dhéanamh ar an bhfuascailt a rinne an tArm Dearg ar an áit 25 bliain roimhe sin.
na fathaigh mhóra mhillteacha the big huge giants
" Tá ag teip ar na comhlachtaí móra, na fathaigh mhóra mhillteacha a bhfuil goile ollmhór craosach acu.
mór millteach huge
" Ach éacht ar leith – éacht mór millteach – is ea é an tríú craobh as a chéile a ghnóthú.
tsuim mhór mhillteach intense interest
" Agus an tsuim mhór mhillteach atá ag muintir na hÉireann sa spórt (rud a thuigeann lucht TG4 go rímhaith) bheadh duine ag ceapadh go dtabharfadh lucht foilsitheoireachta leabhair Ghaeilge cuireadh do scríbhneoir(í) Gaeilge tabhairt faoi ábhar éigin spóirt.
coire mór millteach great large pot
" Chríochnaigh muid an lá éagsúil seo le seacláid the as coire mór millteach i siopa seacláide sa bhaile mór – fianaise eile go raibh an aimsir i bhfad níb fhuaire ná aimsir na hAstráile um Nollaig.
sin rud mór millteach that’s something incredible
" Thar aon rud eile, léiríonn sé gur teanga bheo atá inti agus sin rud mór millteach.
an dúil mhór mhillteach a crazy appetite
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
móra millteacha incredibly large
" I mbeagán focal, scriosfaí an radharc nuair nach mbeadh le feiceáil soir nó siar ach muilte móra millteacha.
le gearradh siar mór millteach a dhéanamh to make a massive cutback
" Anois céard déarfá! Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh! Caoinfhulaingt na Gaeilge: ============ ‘Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil.
slua mór millteach a really large crowd
Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach a massive marketing campaign is needed
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
na cillíní móra millteacha seo these giant churches
" Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.
slua mór millteach i láthair a great big crowd present
" Bhí slua mór millteach i láthair, naoi gcéad duine nó mar sin, agus ba spleodrach, ghlórach an imeacht í idir choirm agus cheol, aithisc agus dhamhsa, á gcur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Marty Ó Muirgheasa.
scéal mór millteach really big news
" Ach ’sí eochair na réabhlóide i ndáiríre ná *YouTube Live*, atá ag tarlú go ciúin cheana féin ach a bheas ina scéal mór millteach an bhliain seo chugainn.
gnólacht mór, millteach a massively large business
" Cad a cheapaimse? Is dóigh liom go gcaithfidh bainistíocht an CLG a bheith fíorchúramach agus gan dearmad a dhéanamh nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG agus tosaíochtaí *Sky TV*, gnólacht mór, millteach nach iad an spórt ná cluichí na nGael is cás dóibh ach brabach.