Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mórshiúl march
" D'eagair siad mórshiúl an-mhór i Londain anuraidh in aghaidh an rialtais agus bhí ceann eile beartaithe acu don 18 Márta i mbliana, sular chuir an galar crúibe agus béil stad leis.
mhórshiúl march
" Bhí an cailín ag caint le cara dá cuid ar a fón póca: "Beidh mo mhamaí ar an mhórshiúl," a dúirt sí.
mhórshiúl march
" Thíos staighre bhí físeán suimiúil ar siúl a phléigh an cheist dheacair seo: cad é an rud is tábhachtaí - saoirse cainte nó cosaint ón leithcheal? I measc na samplaí a pléadh, bhí páirtí nuafhaisisteach Jörg Haider atá ina pháirt de rialtas na hOstaire anois; agus naimhdeas an Phápa i leith mhórshiúl *gay pride* sa Róimh.
mórshiúlta marches
" Is cosúil gur teaghlach a bhí ann a d'éalaigh ó na mórshiúlta Oráisteacha, agus a fuair rud beag síochána agus áilleachta anseo.
mórshiúlta ollmhóra large processions
" Ar laethanta na naomh, bíonn mórshiúlta ollmhóra ann darb ainm *pardons*.
mhórshiúl frithchogaidh anti-war march
" Nuair a bhuail mé le Louis de Paor i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn, 22 Feabhra bhí sé díreach tagtha ón mhórshiúl frithchogaidh a bhí ar siúl san Fhaiche Mhór, ag ar léigh sé roinnt dánta.
mhórshiúl march
" Bhí a lán mac léinn ar an mhórshiúl, agus daoine as ceantracha éagsúla sa chathair, agus níos faide ar shiúl.
mhórshiúl march
" Dhá bhliain ó shin, d'fhreastail mé ar mhórshiúl ar théama na Páise, a chuaigh ó ionad Raytheon go dtí lár na cathrach.
mhórshiúl march
" (*Déanann sé gáire*) Nuair a bhíonn tú ag breathnú ar mhórshiúl bíonn tú istigh ina lár, ag tógáil grianghrafanna agus ag déanamh fístéipeanna, ag tógáil nótaí.
fhrith-mhórshiúl mór big anti-march
" Sa deireadh, chuir na póilíní stad leis an pharáid mar gheall ar fhrith-mhórshiúl mór a d'eagraigh muintir na háite.
mórshiúlta marches
" Ach sa lá atá inniu ann, ní ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar na Fianna a chuimhníonn muid Lá Bealtaine, ná ar na mórshiúlta Caitliceacha, ná go fiú ar na mórshiúlta Cumannacha, ach ar na hainrialaithe.
mórshiúlta Oráisteacha Orange marches
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
mórshiúlta marches
" Tá siadsan ag súil go mbeidh na scórtha míle duine sásta an bhratach bhréige a ardú sna mórshiúlta ar an 4 Iúil, go mbeidh agóidí ar bun ag daoine taobh amuigh den Teach Bán agus go bhfeicfear an bhratach ar foluain i mbailte beaga ar fud na Stát.
mórshiúlta marches
" Eagraítear mórshiúlta i Magdeburg agus Leipzig gach Luan.
mhórshiúl frithchogaidh anti-war march
" Bhí an neamhaird a thug an rialtas ar an mhórshiúl frithchogaidh i Londain ar a raibh milliún duine ina chomhartha nach raibh an rialtas ag comhlíonadh mhian na ndaoine, measann Fisk.
mórshiúlta Oráisteacha Orange marches
" Chothódh sé spiorad breá i measc aicmí áirithe mórshiúlta Oráisteacha a ligint fríd ceantracha nach bhfuil fáilte rompu ach ní dhéanfadh sin maith ar bith don phobal Protastúnach.
i gceann an mhórshiúil at the top of the procession
" De ghnáth máirseálann siad i gceann an mhórshiúil, ach anuraidh níorbh fhéidir leo agus iad thar lear.
sna mórshiúlta cearta sibhialta. in the civil rights marches.
" ” Dála go leor de mhuintir Dhoire ag an am, ghlac Risteard páirt sna mórshiúlta cearta sibhialta.
mórshiúl march
" Beidh mórshiúl i Learpholl Dé Domhnaigh, 3 Nollaig leis na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh agus beidh an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh.
mórshiúl na nGearmánach the Germans' parade
" Anseo a eagraítear an *Steubenparade*, mórshiúl na nGearmánach i Nua-Eabhrac, gach Meán Fómhair.
mórshiúl bróid pride march
" Faoin gcaoi, mar shampla, ar tharla dúinn a bheith i mórshiúl bróid na nAerach! Sin scéal eile! Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
dhá mhórshiúil two parades
" Is éard atá iontu ná dhá mhórshiúil a bhí ar siúl go lár na cathrach i mBéal Feirste agus Gaeilgeoirí ag éile amh acht Gaeilge.
sa chéad mhórshiúl riamh in the first ever march
" I bparáid na bliana seo, bhí na daoine a ghlac páirt sa chéad mhórshiúl riamh sa bhliain 1978 le feiceáil chun tosaigh.
mórshiúl parade
" Fuair siad drochphoiblíocht sa bhreis i Mí Márta nuair a rinne siad iarracht mórshiúl a eagrú sa cathair.
mórshiúl parade
" I dtuaisceart na hÉireann, tá mórshiúlta na nOrd Dílse againn, cuid acu a cheiliúrann bua an Rí Liam ar an Rí Séamus 319 bliain ó shin, cuid eile a cheiliúrann an Protastúnachas agus dílseacht do Mhonarcacht Shasana.
mórshiúl mídhleathach illegal parade
" i mí Lúnasa, mhaígh teaghlach Caitliceach go ndearna an PSNI mórshiúl mídhleathach dílseachta "a chomóradh" a fhad lena dteach; An té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé.
mórshiúlta marches
" Ach níor shaill gan fiacha é - cead ag mórshiúlta Oráisteacha siúl fríd cheantracha náisiúnaíocha.
mórshiúlta parades
" Bíonn mórshiúlta ar fud na tíre ní ba dhéanaí sa lá chuig na leachtanna cuimhneacháin céanna, agus reáchtáiltear seirbhísí acu ansiúd agus sna heaglaisí.
mórshiúl march
" Eanáir 2008: Tagann na mílte as achan chearn den tír go Sráid Uí Chonaill le páirt a ghlacadh i mórshiúl a eagraíonn na heagrais dheonacha Gaeilge le cur i gcoinne fógra an Aire Oideachais, Brian Hayes, nach mbeidh an Ghaeilge ina ábhar éigeantach don Ardteist feasta.
mhórshiúil a march
" D’ainneoin seo, chuaigh sé síos go Londain le haghaidh an mhórshiúil ó *Cricklewood* go *Whitehall*, le 13 cónra dubh chun tosaigh.
mórshiúl parade
" Sa bhliain 2000, an 100ú bliain ó bunaíodh an reisimint, dheonaigh Learpholl 'Saoirse na Cathrach' dóibh, le mórshiúl trí lár na cathrach, rud a chuir díomá orm mar bhí a fhios agam go meallfadh sé níos mó 'fodar gunna' dóibh.
mórshiúl march
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
mhórshiúlta marches
" An tréimhse chéanna, thosaigh sé ag dul ar mhórshiúlta le hagóid a dhéanamh in éadan na cinedheighilte agus ceisteanna eile an lae a bhí gar dá chroí ach thosaigh sé ag léamh cuid mhór fosta agus é i Manchain.
mórshiúl march
" Ar 15ú Meitheamh 1974 chuaigh mé suas go Londain le haghaidh frithagóid in aghaidh an National Front, dream faisisteach a bhí le mórshiúl tríd an phríomhchathair ar an lá sin.
Mórshiúl mín a fine parade
mórshiúl parade
" org) Learpholl na Linne Seo =========== Ag tús Meán Fómhair bhí mórshiúl i gcuimhne na Stailce Ocrais 1981 i Learpholl, eagraithe ag Cairde na hÉireann, le bannaí cheoil as Albain, An Bhreatain Bheag agus as Learpholl féin chun tosaigh.
mórshiúl cáiliúil famous march
" D’fhulaing sí brúidiúlacht na ndílseoirí ag Droichead Burntollet agus í ar an mórshiúl cáiliúil a rinne People’s Democracy ó Bhéal Feirste go Doire Cholm Cille tús Eanáir na bliana 1969.
mórshiúl suntasach remarkable parade
" Ar Lá Fhéile Pádraig rinneadh céiliuradh iomlán Éireannach le bricfeasta Éireannach ón a sé ar maidin i bpubanna ar fud an cheantair, chomh maith le mórshiúl suntasach a d’eagraigh An Cumann Éireannach i Halifax.
mhórshiúl parade
" Ba é an chéad mhórshiúl *Love Ulster* a raibh mé riamh air an tseachtain seo caite.
mórshiúlta conspóideacha controversial marches
" D'amharc an Sliabh Dubh anuas ar na dúnmharaithe, na buamaí, na racáin, na mórshiúlta conspóideacha - agus ar an spraoi, an charthanacht agus ar an mhisneach.
mhórshiúl parade
" Fir sa mhórshiúl ag glacadh grianghrafanna de lucht agóide.
mórshiúl i gcuimhne a march in memory
" Rugadh James Larkin i Learpholl Theas, cúis mórtais do na hÉireannaigh ansin agus d’eagraigh The James Larkin Society agus Cairde na hÉireann mórshiúl i gcuimhne na Briogáide Idirnáisiúnta i mí Dheireadh Fómhair.
ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach demonstrating against the Apprentice Boys march
" Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó *William Street* ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire.
Reáchtáiltear mórshiúlta large parades are organised
" Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór.
Eagraíonn siad mórshiúl they organize a parade
" Eagraíonn siad mórshiúl ó Combermere Street gach samhradh go dtí lár na cathrach, le haitheasc ó chearchumannaí mór le rá.
leanann siad na mórshiúlta they follow the marches
" Tugaim faoi deara áfach, nach ndéanann Merseyside Police amhlaidh leis na faisistithe/dílseoirí i Learpholl agus leanann siad na mórshiúlta go dtí an ceann scríbe, ag tabhairt maslaí ciniocha ar na hÉireannaigh, rud atá in aghaidh an dlí.
mórshiúlta parades
" Fuair sí amach go raibh dianchúrsa le bheith ar siúl ag an Droichead ar an Íochtar Ormeau, ceantar ina raibh trioblóid a bhain le mórshiúlta aimsir Dhroim Cria, ach bhí Linda diongbháilte.
na racáin a lean mórshiúlta dílseacha the disturbances which followed the loyalist marches
" Michael Copeland, MLA ======== Má bhíonn an cur chuige céanna acu, ní bheidh sé chomh dian is a bhí sé le linn na racáin a lean mórshiúlta dílseacha le roinnt blianta anuas.
biaiste na mórshiúlta the marching season
" An mbeidh an aicme oibre - an dream is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha? Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d'fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.
ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta the only major coverage shall be the marches
" Ach sna nuachtáin, ar an teilifís agus ar an raidió sna míonna atá amach romhainn, ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta, teannas agus easaontas.
ag ionsaí mórshiúlta attacking parades
" Bhí sé ‘cool’ a bheith i d’Éireannach tráth - ach le cúpla bliain anuas tá brú ar na hÉireannaigh aris i Learpholl, le dílseoirí agus lucht faisisteach ag ionsaí mórshiúlta Éireannach.
fhás bearnaí móra sa mhórshiúl large gaps formed in the march
" Ní raibh plean ná fiú an bealach go dtí an staidiam oibrithe amach roimh ré ag an léirsiú a chonaic mise, rud a d’fhág gur fhás bearnaí móra sa mhórshiúl.
tógtha faoi mhórshiúl Poblachtach worked up about a republican march
" Tá slua mór acu luaite sna nuachtáin cionn is go bhfuil siad tógtha faoi mhórshiúl Poblachtach a bheas ar siúl i gCaisleán na Deirge an mhí seo chugainn, 11 Lúnasa, agus tuigim dóibh.
mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor the vicious circle of marches shall continue forever
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
faoin mórshiúl sin ar son about the march for
" Seo mar a scríobhadh ar an Irish Times faoin mórshiúl sin ar son riachtanas na Gaeilge san Ollscoil Náisiúnta: “*The occasion which brought them together in a swaying mass, that extended close-packed from (Nelson’s) Pillar to Rotunda, and overflowed into the thoroughfares beyond, was something more than the ordinary annual Language Procession of recent years.
tar éis an mhórshiúil after the march
" Na heaspaig a bhí in aghaidh Gaeilge éigeantach san Ollscoil nua, (a bhí á bunú do Chaitlicigh dar leo féin), bhog siad a seasamh tar éis an mhórshiúil agus sna míonna ina dhiaidh d’éirigh le Mac Néill agus de hÍde dul i bhfeidhm ar Sheanad an N.
ag mórshiúl marching
" Thosaigh an lucht féachana – cúpla céad duine - ag siúl ina gcuideachta, muidinne Caitlicigh, Protastúnaigh ag mórshiúl gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh .
le linn na mórshiúlta during marches
" Bunaíodh iad i dtús ama le cosaint a thabhairt do na bannaí ceoil Flannbhuí le linn na mórshiúlta.
na mórshiúlta the parades
" “Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.
le linn na mórshiúlta during the marches
" Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air as siocair na bratacha oráiste nó flannbhuí a chroch na daoine le linn na mórshiúlta.
Mórshiúl parade
" Cuireadh tús le ceiliúradh bua Stephen ag Mórshiúl Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath agus é mar fhear eagair ar an mhórshiúl.
mórshiúl ildaite il-Cheilteach a colourful pan-celtic parade
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
mórshiúlta na Fleidhe the F. parades
" Glacadh leis an chuireadh agus bhí buíonta ceoil Oráisteacha i mórshiúlta na Fleidhe, seirbhísí Gaeilge agus imeachtaí eile sna heaglaisí Protastúnacha agus go leor leor de phobal Protastúnach na cathrach le feiceáil i measc na sluaite ar na sráideanna.
Rinneadh ionsaí ar mhórshiúl dá gcuid one of their marches was attacked
" Rinneadh ionsaí ar mhórshiúl dá gcuid ar Bhóthar na bhFál i mí Dheireadh Fomhair na bliana sin, ach d’amharc poblachtánaithe ar an ghluaiseacht mar “fhealltóírí” agus gur fronta d’Oifig Thuaisceart Éireann a bhi iontu.
An tOll-Mhórshiúl the massive parade
" ”* An tOll-Mhórshiúl i mBaile Átha Cliath =============== Aontaítear go mba é an t-oll-mhórshiúl a eagraíodh i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 19 Meán Fómhair 1909, buaicphointe an fheachtais phoiblí ar son stádas na Gaeilge san ollscoil nua.
mórshiúil marches
" Tosaíonn mórshiúil na nOráisteach ar Luan Cásca.
mórshiúl parade
" Tá Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann.
mhórshiúl parade
" Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.
le linn mórshiúil during a march
" Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.
hionsaithe ar mhórshiúlta Gael attacks on Irish marches
" Míníodh i dtuarascáil Hickman nach seicteachas ach ciníochas ba bhonn le hionsaithe ar mhórshiúlta Gael i Learpholl 2012-13.
an mórshiúl the march
" Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.