Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhótarbhealach highway
" Tháinig deireadh leis an mhótarbhealach sa deireadh agus bhí mé ar bhóthar cúng, casta, dhá lána, ag dul suas mala ghéar go mall, isteach i gcroílár na Sléibhte Apaláiseacha.
ár gcuid mótarbhealach our own motorways
" Níor ghá dúinn déirc a iarraidh sa mBruiséal: bheadh neart airgid againn chun ár gcuid mótarbhealach féin a thógáil.
mótarbhealaí motorways
" Tá an chéad leabhar sin agam fós agus tugann na hailt ar imeachtaí móra spóirt na seachtóidí siar mé ar bhóithrín (nó mar a déarfadh Con, seans, mótarbhealaí) na smaointe.
mótarbhealach motorway
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
i lárlánaí na mótarbhealach in the middle lanes of the motorways
" B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015: “Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann” Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart? Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007: “Logánú gan Rogha” ======= Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh.
mótarbhealach motorway
" Tar éis dom an dara hárasán a fheiceáil, bhíomar ar ais ar an mótarbhealach ag tiomáint i dtreo an óstáin.
mhótarbhealach motorway
" Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal.
mótarbhealach motorway
" Chonaic mé crann mór sáinnithe sa sruth faoin droichead thar an Ribble le taobh mótarbhealach fuadrach an M6.
mótarbhealach motorway
" In ainneoin gur fhágamar Páras ar a cúig a chlog an mhaidin sin, níor éirigh linn na tranglaim thráchta ar an mótarbhealach siar ó dheas a sheachaint.
mótarbhealach motorway
" Tá baint lárnach ag an Dr Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí.
mótarbhealach motorway
" Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí.