Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhacánta honest
" B'fhiú go mór tírdhreachanna uirbeacha Magill a fheiceáil fosta, mar aon leis na grianghraif thruamhéalacha, mhacánta, loma a thóg Billingham dá theaghlach.
bhróicéir macánta honest broker
" Agus an méid sin ráite aige, an bhféadfadh sé go fóill a bheith ina bhróicéir macánta sa lá atá inniu ann, a d'fhiafraigh mé de.
macánta honest
" Bhain mé sult as an bhaile nuair a thug mé cuairt air, mar is daoine cairdiúla iad muintir na háite; tá siad macánta, oscailte, agus tá blas láidir thuisceart Shasana ar a gcuid cainte.
macánta frank
" Níl mé ag rá nach bhfuil dúil agam ann ach, le bheith macánta, tá deacrachtaí agam samhlú cén chuma a bheas air.
macánta honest
" Bíonn na foirgnimh féinmhuiníneach, macánta agus gan náire, bíonn siad ar an tsráid os comhair an phobail, bíonn nasc idir an foirgneamh agus an pobal i gcónaí.
macánta honest
" Nuair a fhéachann tú thart ar a theach, atá suite i lár chathair Dhoire, chíonn tú saothar a dhéanann cur síos ar a shaol ar bhealach atá pearsanta agus macánta.
macánta honest
" Tá an-chur síos sa leabhar ar an eachtra ar fad agus ar an rí rá a lean í agus chaithfeadh trua a bheith agat do Jimmy Cooney mar is cinnte gur duine uasal macánta é.
gnáthdhaoine macánta honest, ordinary people
" Tá sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá ag fulaingt.
macánta honest
" Dá mba rud é, a dúirt sé, gur thug airí rialtais freagraí oscailte macánta ar cheisteanna áirithe a cuireadh orthu sa Dáil bheadh an t-eolas ar fad againn.
go macánta honestly
" Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta.
macánta honest
" Rinne Käthe Kallwitz agus Francisco Goya, mar shampla, cur síos a bhí macánta agus brúidiúil ar an éagóir shóisialta a bhí le feiceáil thart timpeall orthu.
go macánta honestly
" Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh.
macánta honest
" " "Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile.
lá macánta oibre an honest day's work
" Leisceoir amach is amach mé! Níl "lá macánta oibre" déanta agam fós agus níl aon deabhadh orm ceann a dhéanamh! AÓF: Bronnadh Gradam TG4, "Ceoltóir Óg na Bliana", ort i 1999.
iarracht mhacánta honest attempt
" Agus céard faoi spórt mar chaitheamh aimsire, mar iomaíocht fhéaráilte, mar iarracht mhacánta chun an bua a fháil, agus cailleadh le honóir agus suáilce.
macánta honest
" Ba chóir an doras a fhágáil oscailte do dhaoine macánta atá ag iarraidh fostaíocht agus fothain a fháil anseo.
macánta honest
" Nuair a fhiafraím de an féidir leo seirbhís cheart a chur ar fáil do na mic léinn, ag cur san áireamh a laghad sin daoine a bheith ag obair sa roinn, tugann sé freagra macánta.
macánta honest
" AÓF: Ar chinn sibh d'aon ghnó rudaí a choinneáil simplí, nó macánta b'fhéidir, gan an iomarca maisiú bréagach a dhéanamh ar an gceol? MÓR: Toisc nach bhfuil ann ach an bheirt againn bhí sé deacair an iomarca a dhéanamh.
macánta honest
" Agus dúirt mé leis an mbeirt acu, 'Anois, bígí macánta.
macánta honest
" Cuireann sé in iúl go soiléir agus go macánta an t-éadóchas agus an chumha a bhaineann le bás agus cailliúint.
macánta honest
" Marc: C *Seán Ó Tuairisc (FF)* Oibrí crua agus fear macánta ach sáite go huile is go hiomlán sa pholaitíocht áitiúil.
chomh macánta agus is féidir as honestly as is possible
" Ar an mbonn sin, is cóir dúinn ár suibiachtúlacht féin a aithint agus leanúint ar aghaidh chomh macánta agus is féidir ina dhiaidh sin.
iarracht mhacánta agus fhónta an honest and good effort
" "Cur chuige nua a theastaíonn agus feictear dom má dhéanann an tÚdarás (Údaráis na Gaeltacht) iarracht mhacánta agus fhónta an beartas forbartha a fógraíodh le gairid a chur i bhfeidhm, agus tacaíocht a fháil ó na pobail Ghaeltachta, go b'fhéadfaí an creimeadh a stopadh agus cothromaíocht nua teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla a bhaint amach.
go macánta sincerely
" Is féidir liom é sin a rá go hionraic agus go macánta.
measúnú macánta honest assessment
" AÓF: Céard é ról an mholtóra dar leat? LÓM: Go bunúsach is éard a bheinn ag lorg uaidh nó uaithi ná measúnú macánta ar amhránaíocht na n-iomaitheoirí agus iad ar an ardán os comhair na moltóirí ar an oíche.
macánta honest
" Chun a bheith macánta, ba chóir dom a mhíniú ag an bpointe seo nach bhfuil gréasán gan sreang agam féin sa bhaile go fóill - bhí súil agam go mbeinn in ann úsáid a bhaint as gréasán mo chomharsan (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).
macánta honest
" Chun a bheith macánta, ba chóir dom a mhíniú ag an bpointe seo nach bhfuil gréasán gan sreang agam féin sa bhaile go fóill - bhí súil agam go mbeinn in ann úsáid a bhaint as gréasán mo chomharsan (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).
macánta honest
" Is cuimhin linn na gearáin a bhí ag lucht Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tráth na gcluichí idirnáisiúnta sin agus an fhearg a bhí ar dhaoine faoi iompar na nAstálach, ach má bhímid macánta faoi nil mórán le foghlaim ag peileadóirí CLG faoi imirt fhealltach ó na hAstrálaigh chéanna.
go macánta sincerely
" Ba ghealltanas é sin a thug Adams go macánta.
macánta honest
" Deir Kennaway é féin go gcuireann an ceangal seo le paraimíleataigh brón agus déistin i gcroí daoine macánta cráifeacha an Oird.
macánta honest
" Sasana: Ár gcomharsana béal dorais, nach dtugaimid tacaíocht dóibh – céard is féidir a rá fúthu? Má bhímid macánta faoi, ní mór dúinn a admháil go mbíonn gliondar orainn nuair a chailleann na Sasanaigh cluiche peile.
léirmheas macánta honest assessment
" Is doiligh, dá bharr sin, léirmheas macánta a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge agus araile.
macánta honest
" Is cinnte go bhfuil gach duine ar aon intinn go bhfuil orainn poist a chaomhnú agus a chruthú – ach caithfimid a bheith macánta faoi na saghsanna post atá i gceist.
drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, the bad habits of football, to be honest about it,
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
glór macánta dá chuid féin aige his own honest voice
" Seo údar a bhfuil glór macánta dá chuid féin aige aimsithe aige, treoraí a chuireann ceisteanna agus a chuireann eolas ar fáil ach nach n-éiríonn sotalach.
macánta, honest,
" Ach, le bheith macánta, níl ann dáiríre ach an toradh a bhíonn ar shampla amháin den bhfeiniméan a aithnítear mar “an Irish solution to an Irish problem”.
go macánta honestly
" “Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
séimh agus macánta. gentle and honest.
" Ní dhéanann Collins na teachtaireachtaí a shá síos scornach an lucht féachana, ach tá siad ann, séimh agus macánta.
go macánta. honestly
" Tá faitíos ar dhaoine an t-ábhar áirithe seo a phlé go macánta.
cuma mhacánta honest appearance
" “Tá cuma mhacánta air,” a dúirt sé, “tá sé aosta agus é i gcathaoir rothaí.
macánta honest
" Táthar den tuairim gur duine macánta é Obama, ach ní léir cé acu an bhfuil a shoineantacht ina mhíbhuntáiste.
go macánta. honestly
" Níl freagraí iomlána na gceisteanna sin agamsa, ach is dóigh liom go gcaithfimid iad a chur agus iad a phlé go macánta.
go múinte macánta good and decently
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
macánta honest
" ” (The Irish Times 13 Meitheamh) An Cheist a Chíoradh Is é mo bharúil gur tuairimí macánta iad seo a bhfuil leas an phobail agus na tíre á spreagadh.
Le bheith macánta to be honest
" Le bheith macánta faoi, ní hí an ollscoil an chéad rogha ag go leor daoine óga ar mian leo cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh.
léamh macánta an honest reading
" Is dóigh liom gur léamh macánta é sin ar an mórphictiúr.
macánta truthful
" “Le bheith macánta faoi, a Dhara, níl tuairim faoin spéir agam,” a dúras leis.
macánta innocent
" Ní amhránaí oilte í Philipsz, rud a chuireann tocht ina glór agus a dhéanann a cur i láthair leochailleach, macánta agus simplí.
macánta honest
" Caithfear plé oscailte agus macánta a dhéanamh ar na ceisteanna seo sna míonna amach romhainn agus ins an fheachtas toghchánaíochta go mór mór.
cáinte macánta honest disparagement
" Agus líon a suíochán sa Dáil méadaithe fá thrí tá briseadh fríd suntasach déanta ag an pháirtí ainneoin na cáinte macánta agus na bolscaireachta duibhe ina éadan.
chur síos macánta honest description
" Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.
Is dream macánta a decent group
" Is dream macánta, ionraic iad na Ceanadaigh.
macánta innocent
" Úsáideann Shaw scéal simplí, is cailín macánta í Eliza, a bhíos ag díol bláthanna ar shráideanna Londain.
bíodh muid macánta let's be honest
" Tá an Ghaeilge chomh lag, bíodh muid macánta.
macánta honest
" Dáiríre, le bheith macánta faoi go náisiúnta, is iad an t-aon dream amháin a mbeadh beagáinín dóchais agat astub.
macánta honest
" Ar a laghad, bhí sí ábalta a cuid frustrachas, seanbhlas agus searbhas a chur in iúl i litir, ach an dream gan meas acu ar oideachas agus ar shaothar cóir, an dream atá ciniciúil faoin saol ar aon chuma, chruthaigh iompar na mbaincéirí agus an rialtais dóibh nach raibh duine ar bith macánta ar an domhan cláir agus gur cheart dóibh a rogha rud a dhéanamh.
macánta honest
" 
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile! Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.
macánta honest
" An Fhírinne Ghlan ========= Caithfear a rá go bhfuil gach imreoir agus daoine eile a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an leabhair seo an-oscailte agus macánta ina gcuid scagtha agus tuairimíochta.
i bhfad níos macánta far more honest
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
macánta kind
" Anois, ní iarrann Markus faic ach a cairdeas uirthi; éisteann sé léi, ní hionann is éisteacht leis féin; tá sé ann de shíor di, seachas dó féin; níl oiread agus smut den mustar ag roinnt leis; is fíordhuine álainn macánta é; agus, b’fhéidir an tréith is treise ann, tá sé iomlan dall ar a bhuanna féin.
go hiomlán macánta entirely honest
" “Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
Dlúthchara macánta aige áfach a close solid friend of his however
" (Dlúthchara macánta aige áfach ab ea Jack Kennedy óg - beirt iarshaighdiúirí iad mar aon leis an ocras dochloíte collaí céanna ag déanamh tinnis dóibh).
t-alt macánta seo this honest article
" ” Cothú an Mhisnigh ========= Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint.
bheith macánta faoi na rudaí seo to be honest about these matters
" Tá sé thar a bheith deacair dóibh siúd a bheith macánta faoi na rudaí seo nó a bheith oscailte, mar tá siad ag brath ar an bpingin sin ó dheontais reáchtála an Údaráis agus ón Rialtas chun iad a choimeád oscailte.
chuala mé trácht go mion, macánta I heard a minute honest description
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
ina dtugann sé comhairle mhacánta in which he gives good advice
" Aird an Phobail a Dhíriú =========== Tá sraith físeanna ag Simon ar an suíomh Youtube ina dtugann sé comhairle mhacánta do dhaoine atá faoi thionchar an ghalair.
iarracht mhacánta an honest effort
" Níl ann ach gur mhaith leis go gcaithfeadh an Slua Muirí leis mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí tábhachtacha a dhéanann iarracht mhacánta; is é atá i gceist ag Balor, i mbeagán focal: an sméideadh beag; an ‘Maith thú hey!’ …agus an t-ardú tuarastail chomh maith, dar ndóigh.
go macánta honestly
" com/news/transparent-workplace-everyone-knows-what-you-make-6C10945710> Dar leo, cuireann sé seo iachall ar gach aon duine tabhairt faoina gcuid oibre go macánta.
daoine macánta ag fanacht le good people waiting on (jobs)
" San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.
bheith macánta to be honest
" ” Molann Deirdre Garvey do dhreamanna a bheith macánta faoi thuarastail gach aon duine atá tuilleamh níos mó ná €60,000 sa bhliain.
i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair so they won’t drive any decent person out of their mind
" Tar anso amárach, a Niocláis,” ar seisean leis an mbearbóir, “agus déanfaimid tine chnámh de na leabhraibh mallaithe seo, i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair go deo arís.
macánta honest
" Tugann sé ardú meanman do dhaoine, dar le Colm Mac Séalaigh, agus cuireann sé leis an taitneamh a bhaineann siad as an spórt nuair a bhíonn an bua ag duine atá macánta agus nach mbriseann na rialacha, leithéidí Phádraig Harrington.