B’fhéidir go mbainfeadh lucht ollscoile pléisiúr as codarsnacht, trastagairtí,
macallaí na n-ainmneacha agus rianta an phlota a lorg sa dá théacs, ach baineann an léirmheastóir seo go dlúth le campa an ghnáthléitheora – an duine glórmhar sin a thógann leabhar áirithe ina lámh má tá fonn air é a léamh agus nach santaíonn fo-nótaí ná tráchtas a léamh sula dtugann sé faoi.