Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a mhacasamhail something similar
" Tharla a mhacasamhail anuraidh agus moladh do na mílte duine a gcuid uisce a bhruith.
macasamhail the like
" Measaim go bhfuil siad á dhéanamh seo sa dóigh is go mbeidh siad cinnte nach mbeidh macasamhail 1969 ann arís, nuair a d'ionsaigh dílseoirí agus an RUC agus na B-Specials ceantracha náisiúnaíocha.
macasamhail the likes of
" Rud nádúrtha go leor, dar le Sinn Féin, le bheith cinnte nach bhfeiceann muid macasamhail mhí Lúnasa 1969 (nuair a d'ionsaigh baill den RUC, de na B-Speisialaigh agus dílseoirí ceantracha Caitliceacha ar fud na Sé Chontae) agus na heachtraí náireacha a raibh an RUC páirteach iontu roimhe sin agus ó shin.
agus a macasamhail and their like
" Tá na hinstitiúidí stáit ag brú Béarla de shíor ar phobal na Gaeltachta, mar shampla Bord Sláinte an Iar-Thuaiscirt, An Chomhairle Contae, An Roinn Dlí agus Cirt, agus a macasamhail.
macasamhail like
" Is suíomh gréasáin aorach é an *The Portadown News,* macasamhail *Private Eye* thall i Sasana, nó leagan níos lú agus níos óige de.
macasamhail copy
" Ní gá a rá nach é an fíor-Rolex é ach macasamhail.
A mhacasamhail his like
" A mhacasamhail atá imithe!!! Idir an dá linn - nó "between the two swimming pools", mar a déarfadh lucht an Bhéarla - tá faighte amach ag gníomhairí rúnda "Beo ar Éigean" nach Balor atá ag scríobh an ailt seo ar chor ar bith an mhí seo.
a macasamhail féin people like themselves
" Ach ag an am chéanna, tugann Pastor McKee agus daoine eile óganaigh ón tSeanchill go dtí Ard Eoin nó go Bóthar na bhFál, le go dtig leo aithne a chur ar a macasamhail féin "ón taobh eile".
macasamhail an chinn seo like this one
" Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
macasamhail such as
" Is maith leo scéaltaí faoi rudaí a bhfuil siad féin ag plé leo, macasamhail rudaí atá ar an teilifís.
ar ár macasamhail on our likes
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? An laige is mó is dócha ná go bhfuilmid cuid mhaith ar chúl ar ár macasamhail sa chóras oideachais Béarla.
a mhacasamhail its likes
" Má bhíonn tú ag féachaint ar "No Frontiers" nó ar a mhacasamhail ar na cainéil Shasanacha, b'fhéidir nach dtaitneodh an clár seo leat.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh I could do the same myself
" Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
ar ár macasamhail on our likes
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? An laige is mó is dócha ná go bhfuilmid cuid mhaith ar chúl ar ár macasamhail sa chóras oideachais Béarla.
macasamhail like
" Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
a macasamhail their likes
" Is í obair *Transcript *saothar na scríbhneoirí seo agus a macasamhail a chur chun cinn.
a mhacasamhail one like it
" Taobh istigh de thrí lá, chaith dílseoirí buama peitril ar theach Caitliceach ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha agus a mhacasamhail ar theach i dtuaisceart Bhéal Feirste.
go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú that something similar could happen
" " Creideann sé go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú i go leor tíortha eile sa réigiún.
laethúil a mhacasamhail a dhéanamh to do the same
" Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
macasamhail like
" Ní hiad na gnáthfhuaimeanna a chloisfeá i mbaile cois farraige áit ar bith ar an domhan atá i gceist agam, macasamhail na mbád iascaireachta agus na bhfaoileán ag faoileáil thart ar na hiascairí, nó na peileacáin ag tumadh sna tonnta ar thóir bidh.
macasamhail replica
" Tá sé tábhachtach do Carey go mbeadh an obair dheisiúcháin ar an ionad cuimhneacháin críochnaithe faoi lár na míosa seo mar go bhfuil imeachtaí éagsúla in ainm is a bheith ar siúl ann nuair a bhainfidh an macasamhail de long gorta, an Jeanie Johnston, Nua-Eabhrac amach i mí Iúil.
an macasamhail de long gorta the replica famine ship
" Tá sé tábhachtach do Carey go mbeadh an obair dheisiúcháin ar an ionad cuimhneacháin críochnaithe faoi lár na míosa seo mar go bhfuil imeachtaí éagsúla in ainm is a bheith ar siúl ann nuair a bhainfidh an macasamhail de long gorta, an Jeanie Johnston, Nua-Eabhrac amach i mí Iúil.
a mhacasamhail its kind
" Ainneoin an phlota seanchaite, a bhfaca muid a mhacasamhail go mion minic roimhe, is dul chun cinn mór é go bhfuil an dráma áirithe seo ar an ardán ar chor ar bith.
macasamhail like
" Bhí sé i gceist acu foclóir aonteangach Gaeilge a chur le chéile (macasamhail fhoclóir Béarla Oxford), agus ní raibh a leithéid déanta riamh sa tír seo.
macasamhail like
" Tá na dreasachtaí ar fáil le tosú, macasamhail an phacáiste tacaíochta a d'fhógair Údarás na Gaeltachta an mhí seo caite le deis a thabhairt do dhaoine a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích.
Macasamhail like
" " Macasamhail na mílte Éireannach eile, a dúirt mé liom féin, ach ní raibh fonn orm a bheith ag argóint faoi amaidí mar seo.
macasamhail like
" Ach macasamhail go leor eilimintí eile den bheatha, is gá smacht a choinneáil ar bhia go pointe áirithe - is féidir le heaspa bia nó an iomarca de dochar a dhéanamh.
Macasamhail like
" Macasamhail roinnt oileán eile, níl Cléire an-fhóirsteanach do shiúlóirí.
macasamhail 3D 3D image
" es) sa Spáinn a chuireann dathanna bréige isteach in íomhánna agus a chruthaíonn macasamhail 3D d'íomhánna ó mhicreascóip.
macasamhla models
"macasamhla ann de rudaí a tharla ag an am, mar shampla corp á chaitheamh isteach in olluaigh agus reithe cogaidh á úsáid le daoine a díshealbhú.
a mhacasamhail d'áit a similiar place
" Cuirtear in iúl i dtuairiscí den chinéal seo gur féidir, ar an bpraghas céanna, *villa *deas mór a cheannach in áit the ghalánta cois farraige, in áit teachín, cur i gcás, i mBaile Átha Cliath 8 nó a mhacasamhail d'áit i gCorcaigh nó i nGaillimh.
ná a macasamhail than their counterparts
" Tá formhór na dtacaithe atá ag imirt an rugbaí go gairmiuil chomh mór céanna leis na tosaithe agus tá chuile dhuine acu i bhfad níos mó ná a macasamhail sna 1980í, cuir i gcás.
macasamhail chruinn accurate match/copy
" I gcás fir amháin, Bill Housley, fuair siad macasamhail chruinn dá DNA ó thriúr san Iorua.
agus a macasamhail and their likes
" Tá tuairim aige go bhfuil Riverdance, U2, fiú Liam Neeson, agus a macasamhail, ag foscladh dhoras na Gaeilge agus na hÉireann do dhaoine ar fud an domhain.
macasamhail like
" Agus b'fhéidir go bhfuil corrtheachtaireacht ann d'Éirinn féin: más féidir a leithéid de nuála a chur chun cinn ar chósta thiar na hAlban, nach féidir a macasamhail a chur ar bun fosta ar roinnt oileán Éireannach - cad faoi "Bhearna Ghaelach" ar Thoraigh na dTonn, mar shampla? *Is iriseoir agus scríbhneoir é Stiofán Mac Gréill a bhfuil cónaí air i nDunblane na hAlban.
dá mhacasamhail seo like this
" * Gluais • Glossary grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh's bitter lemon sun dá mo dhallúblinding me sócúlachcomfortable go diansmaointeachextremely thoughtful mar is dual dóas it usually does scáthannashadows ag atswelling, expanding in aice an chaibinéidbeside the cabinet ag siotgháiresniggering fá dtaobh deabout it aitstrange ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination searmanasceremony chóir a bheithnearly ag druidim liomapproaching dá freagairtanswering her go drúisiúillustfully ag teannadh liomgoing close up to me ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her fireannmale i dtólamhalways marcaíocht ar rudaíto ride things leasrachathighs de shíor dá mo leanstan thartalways following me around chomh tógtha sin liomso taken with me ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me dá tochas féinscratching herself ag casachtáilcoughing dá mhacasamhail seolike this ag goillstean ortbothering you drochspionna bad mood bulógloaf corruairsometimes buanchairdefriends for life gliondarjoy faoi smachtunder control bosca na mbréagánthe toy box go dtí gur ghéill m'athairuntil my father gave in brionglóid ar dóigha great dream corroíchethe odd night smúitdust gníomhaction rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness dóighiúilgood-looking aibíripe a cuid murnán beag bánher little white ankles osnasigh ag barr a malaíat the top of her brows smigeadchin toradhfruit a scoilteadhwhich was split stán mé uirthiI stared at her mo chuid lochtannasamy faults íomháimage Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
macasamhail replica
" Is féidir siúl suas síos an pháirc, nó is féidir dul ar bhus - tá dhá bhus ag an pháirc ar macasamhail seanbhusanna iad.
macasamhail replica
" D'aimsigh sí grianghraf dá seanmháthair agus d'fhreagair sí: "Tógadh le *Art Deco *mé!" Shiúil mé in aice le páirc ollmhór álainn, a bhfuil neart crann inti agus macasamhail an Túir Eiffel ag a barr.
macasamhail the likes of
" Faoi gheasa ======= Ach níor bhain mé deireadh dúile den smaointeoireacht go fóill agus nuair a tchím macasamhail leabhar Miller ag sméideadh anall go meallacach ón tseilf orm ní bhíonn cur suas agam di.
Is macasamhail mhuintir Kennedy iad they're the Kennedy type
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
a mhacasamhail something similar
" Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod.
gur macasamhail dhlí na hÉireann é that it's the same as the Irish law
" D'admhaigh Andy Hull, an fear a scríobh an achainí, gur macasamhail dhlí na hÉireann é.
a mhacasamhail seo something similar to this
" Beidh a mhacasamhail seo agus tuilleadh curtha i bhfeidhm sna boird eile ach, go fóill féin, ní dócha go mbeidh bord ar bith ábalta fanacht taobh istigh dá bhuiséad sa bhliain atá amach romhainn.
a mhacasamhail de choinníoll such a condition
" Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim.
macasamhail replica
" Cé gur bád sainiúil é, tá thart fá 50 macasamhail de ar fud an domhain.
mo mhacasamhail féin the likes of myself
" “Athbhunaíodh an *8th Irish Battalion, Liverpool Kings Regiment *i mí na Bealtaine 1939 agus mheall sé sin a lán fear óg a raibh gean acu ar Éirinn, mo mhacasamhail féin, isteach san Arm,” a dúirt sé liom.
a thug faoina mhacasamhail who undertook the same thing
" Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999.
a mhacasamhail the same kind of thing
" Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999.
a mhacasamhail de thionscadail such projects
" Cé nár tháinig an phíblíne faoina chúram, mhaígh Moore gur amach san fharraige seachas ar an tír mór a bhíonn a mhacasamhail de thionscadail i dtíortha eile agus nach raibh sé cruthaithe ag an iarratasóir nach bhféadfaidís a leithéid céanna a dhéanamh i gcás na Coirribe.
macasamhail reproduction
" Taobh amuigh, tá an pháirc féin le feiceáil, agus macasamhail áiteanna cónaithe ársa inti.
macasamhail reconstructions
" Is féidir dul isteach i macasamhail tithe ón Chré-Umhaois agus ón Aois Iarainn, agus fáil amach cad é mar a mhair daoine na laethanta sin, agus níos luaithe fiú.
a mhacasamhail de phróiseas a similiar process
" Deir sé go ndeachaigh na hÉireannaigh fríd a mhacasamhail de phróiseas blianta ó shin, nuair a chaith muid chuile rud isteach sa cheol traidisiúnta agus go dtáinig muid fríd.
nó a mhacasamhail or something similiar
" "Imigh leat" – nó a mhacasamhail – a dúirt an chuid ba mheasúla den lucht éisteachta, agus d’imigh an seanduine.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
lena macasamhail with their equivalent
" Nárbh fhearr labhairt lena macasamhail sa phobal náisiúnach, iad sin atá beo bocht, iad sin ar cuireadh cosc ar a gcultúr, iad sin atá ag iarraidh sochaí úr shíochánta shochma a chruthú? Nárbh fhearr foghlaim ón fhéinmhuinín úr i measc na náisiúnaithe an dóigh le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna mar atá déanta in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn than similar ones produced in Ireland
" Mar sin, beidh béim níos mó ar an “logántacht” – mar gheall ar chostais iompair ní bheidh earraí a dhéanfar i monarchana ar an taobh eile den domhan, agus a sheolfar anseo, níos saoire ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn.
macasamhla reconstructions
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
macasamhla reconstructions
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
ócáidí dá macasamhail seo events of this kind
" Samhlaítear na sluaite daoine, ceol beo, dea-atmaisféar agus craic mhaith go ginearálta ach ní minic a smaoinítear ar ócáidí dá macasamhail seo mar chuid de shaol na Gaeilge, ach amháin, b’fhéidir, aimsir an Oireachtais.
macasamhail something like
" Samhlaítear na sluaite daoine, ceol beo, dea-atmaisféar agus craic mhaith go ginearálta ach ní minic a smaoinítear ar ócáidí dá macasamhail seo mar chuid de shaol na Gaeilge, ach amháin, b’fhéidir, aimsir an Oireachtais.
macasamhail lánmhéide a full-size replica
" Taobh amuigh faoin spéir i gclós beag, tá macasamhail lánmhéide de chillín cruinn manaigh.
mhacasamhail counterpart
" ” Dúradh i go leor de na léirmheasanna go raibh cuma an-amaitéarach ar an chlár, i gcomparáid lena mhacasamhail sa Bhreatain.
tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís to undertake such an application again
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
macasamhail lánmhéide a full-size replica
" Taobh amuigh faoin spéir i gclós beag, tá macasamhail lánmhéide de chillín cruinn manaigh.
a macasamhail their own like
" Is scanrúil an smaoineamh é - cothaíonn fir chrua a macasamhail sna glúnta fós gan bhreith.
a mhacasamhail the likes of him
" Níl a mhacasamhail tagtha go fóill chuig na píobaí.
a mhacasamhail d’éagóir such an injustice
" Dochreidte, b’fhéidir, ach tharla a mhacasamhail d’éagóir sa státseirbhís le scór bliain anuas.
macasamhail lánmhéide a full-size replica
" Taobh amuigh faoin spéir i gclós beag, tá macasamhail lánmhéide de chillín cruinn manaigh.
a mhacasamhail de phort a similar tune
" In óráid a thug sé i Washington le gairid, bhí a mhacasamhail de phort á sheinm ag Peter Robinson.
a mhacasamhail de scéal such a story
" Bhí a mhacasamhail de scéal amhlaidh ó thuaidh le linn na dTrioblóidí.
a mhacasamhail something similar
" Má rinne dream amháin éagóir, rinne an dream eile a mhacasamhail.
a mhacasamhail its counterpart
" Agus i measc na n-eitleán atá níos lú fós, tá ráchairt i bhfad níos mó ar an Boeing 787 ná ar a mhacasamhail ag Airbus, an A350.
lena macasamhail in Éirinn with their like in Ireland
" Ciallaíonn sé seo go mbeidh tionscadail a bheas lonnaithe ar chósta thiar na hAlban i dteideal cur isteach ar mhaoiniú trasteorann lena macasamhail in Éirinn.
nó a macasamhail or their likes
" Ceanglaíodh na foirne seo le foirne na *Major Leagues* (ba mhinic gur le foirne *Major League* na foirne beaga seo), agus ba mhinic a thosaíodh imreoir éigin an séasúr daorchluiche leis na Memphis Redbirds (nó a macasamhail) agus go gcríochnaíodh sé an séasúr céanna leis na St.
a macasamhail their like
" Tá na lóistíní seo mealltach do chuairteoirí mar nach bhfuil a macasamhail le fáil i mórán tíortha eile.
macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann it was just like Coláiste Iarfhlatha
" Anois, ní cuimhin liomsa go raibh sé ró-liobrálach! I ndáiríre, macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann ach go raibh éadach dubh ann agus is dóigh go raibh cúraimí beaga eile spioradálta ort.
a mhacasamhail de phost a similar job
" “Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil.
macasamhail den Ghradam, a reproduction of the Award,
" Bronnfar macasamhail den Ghradam, atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraig Reaney go speisialta, ar an bpríomhbhuaiteoir i ngach catagóir agus uathu sin a roghnófar buaiteoir iomlán an Ghradaim.
macasamhail Hume the likes of Hume
" Tá mórán an dearcadh céanna agam is atá ag macasamhail Hume i nDoire: nuair a chuireann tú tús leis an fhoréigean, tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air.
macasamhail something like
" Bíonn an *News Letter* ag caint go minic ar na “unionist heartlands” áit, a shílfeá, a bhfuil macasamhail an Jedi Council ó *Star Wars* lonnaithe.
macasamhail Ger sa saol nádúrtha. something like John in the natural world.
" Níor chuala siad óráid dhomhain John ach chonaic macasamhail Ger sa saol nádúrtha.
agus a macasamhail, and their like,
" “D'éirigh go maith leis na Chieftains agus a macasamhail, agus an tslí ar éirigh leo ná trí bheith ag obair le ceoltóirí eile, mar shampla, Emmylou Harris agus daoine mór le rá.
óna macasamhail from their counterparts
" Tá na hionaid fíona an-éagsúil óna macasamhail san Eoraip sa chaoi is go bhfuil siad an-nua-aimseartha ar fad.
a mhacasamhail something similar
" Tá an t-am ag duine éigin a mhacasamhail – *I mBostún Cois Cuain* – a scríobh, leabhar a chuirfeadh síos ar an teanga thall agus ar na daoine – ó Rooster Cogburn go Mad Dog Coll – a labhair Gaeilge.
an-difriúil lena macasamhail very different to their counterparts
" ” Agus an bhfuil éagsúlachtaí tugtha faoi deara ag an láithreoir féin sa réimse seo? “Tá fir na Polainne an-difriúil lena macasamhail in Éirinn.
a mhacasamhail its equivalent
" Má tharlaíonn a mhacasamhail in Éirinn i mbliana, beidh an Bunreacht agus ollstát na hEorpa chomh marbh le hArt.
Do mhacasamhail TG4, for the likes of TG4,
" Do mhacasamhail TG4, tá seo ag dul a bheith deacair.
macasamhail the likes of
" Ní chuirfidh sé mórán stró ar an léitheoir macasamhail John McGahern a aithint nó údair eile nach é.
macasamhail the likes of
" Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel, a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.
lena mhacasamhail with his counterpart
" ” Cúpla mí ó shin chuaigh an Seanadóir Stephen Smith ar cuairt oifigiúil go dtí an Indinéis, agus mhol sé trócaire don triúr Astrálach thuas atá ar shraith an bháis in Bali, nuair a bhuail sé lena mhacasamhail Indinéiseach, Hassan Wirajuda.
macasamhail a replica
"macasamhail den charáiste traenach sin ar taispeáint anois sa Clairière de l’Armistice taobh amuigh de Compiègne.
macasamhail such as
" Sa sé mhí faoi cheannasaíocht Bhriain Cowan, tá achan rud imithe ina aghaidh, go háirithe mí-iompar lucht airgeadais macasamhail Anglo Irish Bank.
mhacasamhail of similar type
" ‘Pathe News’ ó Shasana an mhacasamhail a bhí ann i mBéarla, ach thug ‘Amharc Éireann’ súil eile, súil Ghaelach, do mhuintir na hÉireann i bhfad sular bunaíodh TG4.
a mhacasamhail suchlike
" Tá na brandaí cearta le fáil, *Calvin Klein* agus a mhacasamhail, ach an leagan is déanaí i mbloomers a bheadh níos fóirsteanaí) do do mháthair mhór.
macasamhail a copy, resemblance
" Tá an íomhá seo bunaithe ar ghrianghraf a tógadh den bheirt i 1979 agus is le híoróin a díoladh T-léinte, málaí agus cupáin ar fud na hEorpa le macasamhail den íomhá seo orthu.
macasamhail such as
" Níl macasamhail Brains Cowen, ná fear a dhiongbáilte, i mbun stáit ar bith eile san Aontas Eorpach.
macasamhail such as
" Deacrachtaí aige le macasamhail Dan Boyle agus Paul Gogarty.
mhacasamhail such (like)
" Tá a mhacasamhail i gcathracha eile na Fraince, ar nós Lyon agus Toulouse, agus tá ag éirí thar cinn leis sna háiteanna sin chomh maith.
macasamhail such as, e.g.
" 100 dalta, atá ar tí teanga a roghnú don GCSE (macasamhail an Teastais Shoiséaraigh) a ghlac páirt sa staidéar.