Pota Focal Intergaelic
ad | ámad | mac | mada | made
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar luas mire at a mad speed
" Ach cad chuige a raibh mé i mo shuí i measc na gcearc agus tírdhreach Mheiriceá Láir ag sleamhnú tharam ar luas mire? Ní ba luaithe an lá sin tháinig mé go San Lucas Tolimán, baile beag ar bhruach Loch Atitlán.
duine mire a mad person
" Tá na Sé Chontae ag fíorú na híomhá sin atá ag an tsaol taobh amuigh gur duine mire achan uile chréatúr againn.
gealt mad people
" Tá báid chumhachtacha farantóireachta anois ag tabhairt daoine isteach ar an mBlascaod agus má tá tú i measc na ngealt sin ar maith leo liathróid bheag bhán a bhualadh timpeall ar feadh an lae, tá galfchúrsa den scoth acu i nDún an Óir.
sna beanna aige driven totally mad
" Cineál hipí úr a bhí ann agus is minic a bhí Féilim sna beanna aige agus é ag iarraidh cuma inteacht a chur air agus iad ag dul amach ar thóir ban.
Chuas as mo mheabhair I went mad
corrghealt an odd mad person
" Gluaiseann an trácht go deas réidh neamhbhagrach sa chuid is mó den am, cé go bhfuil corrghealt amuigh a cheapann gur rásaí camall atá ar siúl; is annamh bonnán le clos, áfach - ná béic.
an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi the way people go mad over it
" Tuigim sin, ach an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi - sin an pháirt nach dtuigim.
fágfar i dteach na ngealt tú you'll end up in the mad-house
" An rud a deir mo chara Áine i gcónaí ná, "Ná bí ag smaoineamh air, nó fágfar i dteach na ngealt tú.
madaí mire mad dogs
" Ar an drochuair, is ar éigean go bhfeiceann siad a gcuid "madaí mire" féin.
creaiceáilte faoin iomáint mad about hurling
" Luaigh sé mar shampla a chuid neachtanna agus nianna féin atá creaiceáilte faoin iomáint.
gealt mad person
" Ní hamháin sin ach b'fhéidir go ndéanfadh gealt éigin ionsaí fisiceach ort le teann feirge ar nós mar a tharla cúpla bliain ó shin i gcás réiteora áirithe i mBaile Átha Cliath.
Bíonn achan duine ar daoraí Everybody goes mad
" Bíonn achan duine ar daoraí ar feadh cúpla seachtain ag tús na bliana agus ansin téann sé uilig chun sioparnaigh.
agus feachtas mire mad campaign
" Sin an fáth ar thug seisean bóithre na tíre air féin agus feachtas mire ar siúl aige lámh a chroitheadh leis an méid is mó daoine taobh istigh den achar is lú.
ar mire le fearg mad with rage
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
le ceangal fit to be tied, mad
" An dtiocfadh leat a dhéanamh anois?" Cé go raibh Aisling le ceangal ní dhearn sí ach a ceann a chroitheadh.
Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala Nuala was getting mad
" Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala ach dheamhan ar mhiste le hAisling - bhí a sáith aici de bheadaíocht Nuala.
fiáin chun caide mad about football
" Bhí breis oibre orm nuair a bhíos ag déanamh na diagachta agus an staidéar eile san am céanna, agus bhíos fiáin chun caide an uair sin.
ag dul ar mire going mad
" Bomaite eile, tá trup cósúil le hainmhithe fiáine ag dul ar mire thart fá dtaobh díot agus nuair a amharcann tú thart tugann tú faoi deara gur fear ag díol uisce atá ann.
as a meabhair mad
" Nuair a fógraíodh an tionscadal seo i dtosach roinnt blianta ó shin dúradh nach dtógfaí an túr choíche agus go raibh na daoine a bhí ina bhun as a meabhair.
ar steallaí ar mire raging, mad
" Bhí Ivan ar steallaí ar mire anois agus a ábhar sin aige.
taispeántas craiceáilte mad exhibition
" *CowParade* is teideal den taispeántas craiceáilte seo agus tá an ceann atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath ar cheann de shraith paráidí a bheas le feiceáil ar fud an domhain.
craiceáilte mad
" B'fhéidir go gceapann daoine eile go bhfuil se craiceáilte, béalscaoilteach, bladhmannach, ach dar liom féin go mbíonn mórán den cheart aige sa mhéid a deir sé.
ar mire mad
" "Bíonn an áit ar mire ag an deireadh seachtaine agus sa gheimhreadh fosta," ar sise.
batráil mhire mad battering
" Tá amhránaithe ann a bhfuil faitíos orthu ceol a ligean isteach ina gcuid seisiún amhránaíochta, agus tá damhsóirí ann nach gcuireann spéis ar bith in aon rud nach bhfuil rithim ann a ligeann dóibh batráil mhire a dhéanamh.
le buille buile an cheoil mhire with the mad beat of the crazy music
" Agus murach go n-éisteann Willie Cunningham le 2FM agus é ag tiomáint ar fud na tíre ar nós an diabhail, a chos dheas ag preabadh le buille buile an cheoil mhire, ní thiocfadh leis an Stát seo méid a chuid costaisí a sheasamh.
as a meabhair mad
" Bhí a fhios ag Nicholson, a fuair bás i Jersey City in 1855, go raibh go leor dá cairde den tuairim go raibh sí as a meabhair de bharr gur chaith sí oiread ama in Éirinn.
as do mheabhair ar fad totally mad
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
as mo mheabhair mad
" Ar bhealach bhí mé as mo mheabhair i bhfianaise a laghad taithí a bhí agam ó thaobh bainistíochta de.
gealt a mad person
buile mad
" "Sílim gur rud buile ar fad atá ann.
Cuireann sé sin tuathal mé. That drives me mad.
as do mheabhair mad
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad that really drove the hurling crowd mad
" Ach nuair a cuireadh deireadh le Purgóid i gcomhthéacs na peile, cuireadh deireadh leis i gcomhthéacs na hiomána freisin – gan é a bheith triailte fiú amháin! Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad agus thosaigh tuilleadh clamhsáin agus gearáin.
splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí mad about one of his teachers
" Thit sé i ngrá le scannáin den chéad uair toisc go raibh sé splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí sa mheánscoil! Murach go raibh múinteoir Fraincise tarraingteach i Meánscoil Ghlaisín i gCorcaigh, tá gach seans nach mbeadh fáil againn ar na cáipéisí stairiúla atá san obair a dhein Marcus le Gael Linn - nó ar na cláracha faisnéise eile atá déanta aige le linn a shaoil.
ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair I was nearly driven mad myself
" D’oibrigh mé ar feadh míosa i gclinic do dhaoine a raibh fadhbanna intinne acu, agus ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair.
gealt mad person
" “Dúirt daoine áirithe liom, ‘Is gealt tú.
mac mire mad son
" Le tamall beag anuas, tá ceathrar maraithe ag an UVF i bhfeachtas fuilteach a bhfuil sé mar sprioc aige deireadh a chur leis an LVF, an mac mire a scar ón chlann i 1996.
ar daoraí le rud inteacht a chuardach mad keen to search for something
" Bhí súil aige nach raibh an diabhal idirlín ó ghléas mar a bhíodh go minic agus é ar daoraí le rud inteacht a chuardach.
as a mheabhair mad
" Ní raibh aon chosúlacht idir é agus athair Hugo Hamilton, a bhí saghas as a mheabhair – de réir an leabhair, pé scéal é.
mhire mad
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
ar mire mad
" The Bunch of Keys – Johnny Doran ======= Jimi Hendrix na bpíob! Fiántas ina mhéara, iad chomh ar mire le tinte móra Oíche Shamhna agus splancanna tintrí.
imithe as a meabhair gone mad
" As a meabhair Táthar ag rá, gan mórán daoine taobh amuigh de Mheiriceá ag cur ina aghaidh, go bhfuil ceannairí Mheiriceá imithe as a meabhair.
craiceáilte mad
" “Cheap daoine go raibh mé craiceáilte ag an am an post sin a thógáil.
rogha bhuile mad choice
" FF, na Glasaigh, agus an PD Gheofá airgead maith, shílfeá, ó na geallghlacadóirí don phacáiste ait seo ach seans nach rogha bhuile amach is amach atá ann.
go leor gealt plenty of mad people
" Ag an am, bhí go leor gealt ag dul thart a d’amharcfadh air seo agus b’fhéidir a ghlacfadh treoir uaidh agus a dhéanfadh dochar d’Aidan.
bhí craiceáilte ar fad i ndiaidh na bpíopaí who was really mad about the pipes
" AÓF: Bíonn tú ag seinm ar an bpíb uilleann na laethanta seo freisin, nach mbíonn? Cén bealach a thosaigh sé sin? HB: Bhí Brenda O’Hare, déantóir píopaí, ina chónaí gar dom agus bhí cara eile agam, Cormac 'Buzz' O’Brien, a bhí craiceáilte ar fad i ndiaidh na bpíopaí agus bailiúchán iontach téipeanna aige agus seans agamsa éisteacht leo.
imithe glan as a mheabhair gone completely mad
" Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach a cuireadh air agus é i bpríosún, is cosúil go bhfuil sé imithe glan as a mheabhair anois, agus nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh lena thriail.
den tuairim go raibh mé as mo mheabhair! of the opinion that I was mad!
" Chuir na cainteoirí dúchais fáilte romham ceart go leor, cé go raibh siad den tuairim go raibh mé as mo mheabhair! Ach iadsan a raibh an chumhacht acu i gcúrsaí oideachais agus eile, níor chuir siadsan fáilte ar bith romham.
ag imeacht craiceáilte going mad
" An bhodóg bhuí a bhfuil an dáir caite aríst aici ó aréir, tá sí ag imeacht craiceáilte is ag *cause*áil trioblóide.
as do mheabhair mad
" “This extraordinary mouse functions both as Internet telephone and USB optical mouse!” Nach bhfuil cuma olc go leor ort cheana féin agus ríomhaire glúine agat i gcaife? Seo slí iontach chun a chinntiú go gceapfaidh daoine thart timpeall ort go bhfuil tú as do mheabhair ar fad ar fad! Is ábhar iontais leanúnach dom na gléasanna nua ar fad cosúil leo seo a thagann ar an margadh nach bhfuil úsáideach in aon chor.
obair bhuille mad work
" Ó, agus d’úsáid mé cárta fuaime seachtrach ar ardchaighdeán! Ní obair fhadálach ach obair bhuille a bhí inti! AÓF: Céard iad na gnéithe is suimiúla de phíobaireacht Ennis, dar leat? PM: An réimse d’éifeachtaí toin ar bhain sé úsáid astu agus an cur chuige a bhí aige chun iad sin a bhaint amach.
oíche chraiceáilte cheiliúrtha a mad night of celebration
" Tar éis oíche chraiceáilte cheiliúrtha a chaitheamh le mo chairde, bhíos chun mo scíth a ligean.
ón bhó mhire from the mad cow
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
daoine atá splanctha ina ndiaidh. people who are mad about them
" Dar ndóigh, tá lucht éisteachta díograiseach ag na ceoltóirí seo, daoine atá splanctha ina ndiaidh.
gur ghealt é Smith, that Smith was mad,
" Ar ndóigh, deir go leor daoine gur ghealt é Smith, agus deir siad rudaí níos measa ná sin faoi freisin.
ar mire le fuinneamh going mad with energy
" Thug sí caiséid de cheol Alan Stivell dom – b’in uile! Ach a leithéid de cheol! *Live Á Dublin* nó *Á l’Olympia* – a bhanna ar mire le fuinneamh agus sruth gleoite cruthaitheach ag snámh trí gach píosa ceoil.
le ceangal really mad, cross
" Tá muintir na háite le ceangal mar gheall air seo agus tá siad ag iarraidh na seanchlocha, a bhí dumpáilte ag an Chomhairle, a fháil ar ais chun an seandroichead a thógáil in athuair.
leis na craobhacha ar fad mad altogether
" “One more time” a deireadh Pádraig agus ghabhadh an slua leis na craobhacha ar fad le rithim na ríleanna a bhí ag tíocht as na callairí: damhsa ag an Oireachtas gan “Ionsaí na hInse”, gan “Fallaí Luimnigh”, gan seiteanna fiú amháin.
saor ón driopás free from the mad rush
" Ar achan duine eile agaibh, guím daoibh a bhfuil de dhíobháil orm féin: Go raibh Athbhliain faoi shuaimhneas is faoi shíocháin agaibh agus go raibh sibh saor ón driopás!
as a mheabhair le fearg mad with rage
" Istigh sa veain bhí an tiománaí as a mheabhair le fearg ag croitheadh a dhorn liom.
thar barr do chéile (drive) you mad
" Anamchara a thiomáinfidh thar barr do chéile neomat amháin tú, is a chuirfidh meidhréis meanma díchéillí ort an chéad nóiméad eile.
ar buile mad, into a rage
" Bhíodh míreanna ann a chuireadh ar buile mé.
deifir dhamanta mad rush
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
as a meabhair mad
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
Mire mad
" Má tá tú ag smaoineamh ar Alice i dTír na nÍontas agus an Hatadóir Mire, fág marbh é.
go n-éiríonn Reggie go héag leis an nGaeilge that Reggie becomes mad about Irish
" Cuireann sé a sháith iontais ar Fhearfeasa go n-éiríonn Reggie go héag leis an nGaeilge nó go bhfuil sé ina ‘ghalar go dona’ air.
mire mad
" Buile Dé a thug na Gréagaigh ar an spreagadh seo, agus chreid siad nach raibh fiúntas ar bith in aon rud cruthaitheach nár tháinig roimh ré faoi thionchar na mire diaga seo.
bhaothchruthú mad creation
" Agus ní haon bhaothchruthú gan préamha í ‘Smurf’ Cody ach oiread.
chuireann le báiní mé drive me mad
" Agus in Éirinn, céard atá i ndán dúinn? Cá bhfuil an té a thabharfas treoir dúinn? Ní haon Stéphane Hessel mé ná baol air ach tá rudaí ann a chuireann le báiní mé.
ar mire mad, fleeting
" Cuimsíonn sé dhá chiall an leagain, 'ar mire’! Ar mo thaobh clé agus mo thaobh dheis, níl ann ach na cilimeadair aeir díreach fúm.
le craobhacha (went) mad
" Chuaigh na tablóidí Sasanacha le craobhacha, mar is iondúil leo, ag maíomh go raibh an “lánúin choilíneach” seo ag maslú bhanríon “na hathartha”.
driopás áirithe a type of mad rush
" Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
carachtair bhuile mad characters
" iomramh na linne seo) de shaghas é ina dtugtar cur síos ar na gníomhartha ríogacha a dhéantar agus na carachtair bhuile a mbuaileann siad leo ar an ród.
atá imithe soir ar fad fán dtráth seo who’s gone completely mad by now
" Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.
inár leith sna cosa in airde towards us at a mad dash
" D’fhéach mé amach as an mbus arís: bhí capall faoi charr ag teacht inár leith sna cosa in airde agus ribín dearg faoina cluais.
na sceidil mhire seo a chleachtaim the mad schedules that I get into
" ” “Bhí fonn i mo shamhlaíocht (tosaíonn Julie ag úúúúú-áil ag an bhomaite seo) gan focal ar bith i mo cheann a rachadh leis, ach an lá seo bhí mé i mo shuí sa teach i lár ceann de na sceidil mhire seo a chleachtaim.
an aistear buile seo this mad trip
" As ionann is 200 duine a chur tús leis an aistear buile seo i mbliana, d'éirigh le 134 iomaitheoir ceann scríbe a bhaint amach.
le báiní tráth dá raibh (drive them) mad once upon a time
" Chuireadh an cleas seo muintir na hAstráile le báiní tráth dá raibh, ach amhail an ghrian ag dul deiseal dóibh atá sé faoi láthair.
imithe bán gone mad
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
giuirléidí áiféiseacha seo these mad devices
" Is mé ag tabhairt faoin taighde don alt seo thug na giuirléidí áiféiseacha seo le tuiscint dom nach gcruthaíonn an gá ach crá inár gcroí agus gur chóir dúinn sásamh a fháil sa mhéad atá againn inár saol cheana.
splanctha i ndiaidh mad about
" Tá Colm Ó Snódaigh splanctha i ndiaidh Nina Simone i ndiaidh dá chuid suime a bheith múscailte inti in athuair le déanaí.
Geilt mad
" Is iomaí uair ó ré Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar.
chur le craobhacha to drive mad
" An bhfuil Seán Greif ag iarraidh aos grá ealtaí is ainmhithe a chur le craobhacha, óir bhronn sé cead coise agus eite ar a pheata coiligh le taobh Loch Malawi.