Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bheifeá i do cheap magaidh you'd be a laughing-stock
" Dá mbrisfeadh scéal i ngan fhios duit, bheifeá i do cheap magaidh.
ceapa magaidh laughing-stocks
" "Tá an raic sin thart, agus tá ceapa magaidh níos tábhachtaí againn," a deir sé.
mugadh magadh farce
" Ach níl sa chéapar seo ar fad ach mugadh magadh mar tá raidhse deochanna meisciúla ar fáil sna hóstáin go léir agus ní gá dhuit faic a chruthú sna háiteanna sin ach go bhfuil béal ort.
ceap magaidh laughing-stock
" Sa Dáil féin rinne sé ceap magaidh dó féin nuair a thagair sé don Iaráin in áit na hIaráice, agus an díospóireacht faoi eitiltí na Sionainne faoi lánseol.
ceap magaidh laughing-stock
" " Chomh luath agus a bhí Stiofán as éisteacht dúirt Nuala le hAisling, "Má shíleann tusa go dtig leat ceap magaidh a dhéanamh domhsa os comhair an *bhoss *níl aithne agat ormsa.
ceap magaidh laughing-stock
" "An ag déanamh ceap magaidh domhsa atá tú?" ar seisean agus gach focal á ghearradh ina dhá leath ag a chuid smeacharnaí.
ceap magaidh mockery
" "Duine ar bith a dhearbhaíonn a chreideamh Caitliceach lena bheola agus a thugann tacaíocht go poiblí ag an am chéanna do reachtaíocht nó d'iarrthóirí a théann i gcoinne dlí Dé, tá an duine sin ag déanamh ceap magaidh don chreideamh sin agus dá fhéiniúlacht Chaitliceach," a scríobh an tEaspag Michael J.
ag magadh fúthu making fun of them
" Is minic nach dtuigeann siad ach oiread, is léir, saothar agus díograis an Gharda Síochána i gcásanna drugaí agus, go deimhin, tarlaíonn sé uaireanta go bhfágtar na gardaí lasmuigh de na tithe cúirte agus na mangairí drugaí ag magadh fúthu.
mugadh magadh farce
" Ach tá rabhartha scéalta conspóideacha foilsithe le leathbhliain anuas a dhéanann mugadh magadh den tuairimíocht seo.
mugadh magadh farce
" Tá íoróin nach beag ag baint leis seo: tugadh neart eolais don té nach bhfuil aon taifead ar fáil dá iarratas ach níor tugadh a dhath don té a chuir iarratas oifigiúil faoi bhráid na Roinne! Tá mugadh magadh déanta ag an Aire, dar liom, don chóras seo mar gur léirigh sé gurbh fhearr i bhfad cara sa chúirt ná dul trí phróiseas fadálach, costasach.
scéalta magaidh jokes
" Níorbh ionann is bliain ó shin fiú, cluintear scéalta magaidh nach raibh i Janet riamh ach banaisteoir i B-scannáin agus tagraítear dá seal spórtaíochta i measc lucht Playboy.
ag déanamh ceap magaidh díobh féin. making a laughing stock of themselves.
" Tá ár bpolaiteoirí lándáiríre agus iad ag déanamh ceap magaidh díobh féin.
go bhfuiltear ag déanamh ceap magaidh de. that a laughing stock is being made of him.
" Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, tá sé truamhéalach anois go bhfuiltear ag déanamh ceap magaidh de.
ag magadh fúm mocking me
" Thosaigh siad ag magadh fúm féin agus faoi bhuachaill eile a bhí tagtha freisin ón scoil náisiúnta.
mugadh magadh farce
" Bhí todhchaí an gCluichí Oilimpeacha idir dhá cheann na meá ag an am sin agus bhí mugadh magadh ceart déanta don spiorad Oilimpeach.
ag magadh joking
" Shíl mé gur ag magadh a bhí sé.
ábhar magaidh a mockery
" In áit na bpíosaí éagsúla dealbhóireachta ó ealaíontóirí as na ballstáit uilig (rud a bhí geallta ag Cerný), is é rud a tairgeadh taispeántas a bhí ina ábhar magaidh, gan eisceacht, ar na tíortha go léir san Aontas Eorpach.
Magadh go hÉag mocking to death's door
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
magadh spídiúil disparaging mockery
" Lean magadh spídiúil an Blaghdach, ní go béal na huaighe amháin, ach thairis isteach sa tsíoraíocht.
Magadh beag searbh a little ironic
" Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trítheangacha crochta anois: ‘Keine Dogs, le bhur dtoil! Keine Paddies le bhur dtoil!’ Magadh beag searbh atá ann nó níl Paddy ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d’acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnacht nach bhfuil ite.
Idir mhagadh is dáiríre half in earnest
" Idir mhagadh is dáiríre, is ceart aird a thabhairt ar thuairim Bhabs Céitinn, sáriománaí lena linn féin mar imreoir agus mar bhainisteoir a threoraigh Tiobraid Árann as an bhfásach i 1987, ach ceart nó mícheart, faoi dheireadh an chluiche ní raibh idir na foirne fós ach dhá chúilín, Cill Chainnigh chun tosaigh mar a bhí ag leath ama.
ceap magaidh laughing stock
" Nach mór an díol trua iad, agus an feic saolta, agus an staicín áiféise, agus an ceap magaidh.
cúis magaidh a matter of ridicule
" Agus is é an toradh a bhíonn ag sin nó go ndéantar cúis magaidh domh – mé ansin go sona ag tarraingt liom ar phictiúirí – agus freastalaí na bainise i racht sciotíola gach uair a chloiseann siad an dineasár seo de cheamara obscura ag scríobadaigh agus mé ag bogadh an scannáin go dtí an chéad chlaonchló eile.
ceap magaidh a laughing stock
" Tá meas áirithe ag an bpobal ar Treiber, ar a ghliceas agus ar an dóigh ina bhfuil sé ábalta ceap magaidh a dhéanamh d’fhórsaí an dlí.
Ag magadh joking
" (SMM ag breathnú buartha)BNC: - Ag magadh fúm a bhí sé, muise, go raibh maith a’t.
dheántaí magadh fúthu were made fools of
" An corrdhuine a raibh sé de ghus iontu labhairt amach go poiblí, dheántaí magadh fúthu: dúirt Bertie Ahern i 2007, nár thuig sé cén fáth nár chuir na saineolaithe geilleagair, a bhí ag ceistiú a chuid polasaithe ag an am, deireadh leo féin! Bonn Náisiúnach Ilaicmeach D’fhás mise aníos in Éirinn, a bhí faoi smacht polaitíochta ag Fianna Fáil.
Ní cúram mar mhagadh not an easy thing to do
" Dréacht-Straitéis an Ghrinn Ní cúram mar mhagadh é an greann agus ní foláir dua agus am a chaitheamh leis.
ceap magaidh object of ridicule
" Glacann siad griangraf de i mbaclann Bonnie a rinne ceap magaidh de bhleachtaire nuair a sheoladar chun na nuachtán é.
magaidh mockery, fun
" Slógadh magaidh atá i gceist, faoin teideal searbhasach ‘Restoring Sanity’, nó ‘Athghabháil na Céille’, ach go cinnte, is frithshlógadh é mar sin féin.
mugadh magadh (treats as) ridiculous
" Cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státsheirbhísigh chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon! Déanann breithiúnas Laffoy mugadh magadh fosta den tuairim choitianta gur pobal faoi phribhléid iad lucht labhartha na Gaeilge a fhaigheann gach buntáiste i margadh an tsaothair.
Is ábhar magaidh a target of ridicule
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
ag magadh ar mocking
" Chruinnigh an slua gealt taobh amuigh den uaimh agus chaith an lá ag magadh ar na seanóirí cliste istigh.
ag magadh mocking
" Dá mbeifí ag magadh faoin teanga, mar a bhíodh, bhínn ag breacadh nótaí air.
ag magadh fúm mocking me
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
ní raibh sé ag magadh he wasn’t joking
" Slógadh ==== M'anam ach ní raibh sé ag magadh.
ag magadh joking
" Cad é a chuaigh contráilte?" - Thuig Caitríona Ruane gur ag magadh a bhí mé - ar an dea-uair - ach is féidir a rá go bhfuil saol as an choitiantacht caite ag an bhean seo 49 mbliana d'aois as Contae Mhaigh Eo.
ag magadh mocking
" Thabharfadh seo deis do dhéagóirí an Ghaeilge atá acu, ón mbaile nó ón scoil, a úsáid i dtimpeallacht sábháilte, gan aon duine ag piocadh astu nó ag magadh fúthu.
ag déanamh mugadh magadh thumbing their nose at, making a cod of
" Tá an Saol Athraithe ========== Ach tá an t-idirlíon ag déanamh mugadh magadh don sárurghaire.
lucht an mhagaidh the mockers
" D’imigh lucht an mhagaidh a mbealach féin agus fágadh Schiff ina sheasamh ar an bhfírinne i ndeireadh ama.
idir magadh agus dáiríre half in earnest
" ‘Polish very good,’ a deir sé, agus ansin, idir magadh agus dáiríre, ‘Polish no good,’ beagán náire sa dá shúil, ach é bródúil go leor as an dá fhocal Béarla.
ag magadh lena chéile having the crack
" ‘Ar chuala tú caint ar an Wexford Carol nó an Enniscorthy Carol…?’ Saol na Linne ===== Ag imeacht as an séipéal dúinn, bhí fir na háite ag magadh lena chéile i mBreatnais bhríomhar, bhlasta Powys.
rinne magadh léannta ar eruditely mocked
" B’shin an cur chuige cultúrtha a taispeánadh don Tóibíneach le linn a óige, cur chuige Chorkery agus Uí Ríordáin, ach tháinig sé slán as an bpoll sin le cabhair dhrámaí Behan, drámaí a rinne magadh léannta ar an oidhreacht náisiúnach Gaelach sin.
mugadh magadh messing
" I léacht a thug sé i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh, léirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, amhras áirithe faoi cé chomh dáiríre is atá an próiseas maidir le leasú an Achta: “An dtapóidh muid, mar stát, an deis stairiúil seo nó ar mugadh magadh, cleasaíocht agus cur i gcéill a bheidh i gceist leis?” Ar an ábhar sin, is cúis díomá é nach bhfuil aon chinneadh déanta ag an Roinn maidir le moladh stuama a tháinig ó shaineolaí idirnáisiúnta ar phleanáil teanga faoin dóigh a chuirfí na haighneachtaí seo i dtoll a chéile.
ag magadh faoin saol having fun
" Bhí triúr páistí ar thaobh an bhóthair ag magadh faoin saol.
mugadh magadh a dhéanamh de to scoff at
" Gan an deis sin bheadh an baol ann go mbeadh an Seanad ábalta mugadh magadh a dhéanamh de thoradh an olltoghcháin.
i mo chúis mhagaidh a laughing stock
" Bheinn féin anois i mo chúis mhagaidh dó áfach tar éis dom na reiligí i gCeanada a chuardach le déanaí.
Nílim ag magadh I’m serious
magadh faoi mocked him
" Dhein roinnt acu magadh faoi, mar ab fhurasta a dhéanamh: seanduine, raidhfil ina ghlac aige agus é ag dul ag fiach i mbrothall Bhotsuáine.
trí mhagadh faoi by mocking
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
atá ina n-ábhair mhagaidh sa chás seo who bear the brunt of the joke in this case
" Ach ainneoin a gcuid focail fonóide ar bhealach is iad lucht díspeagadh na Gaeilge iad féin atá ina n-ábhair mhagaidh sa chás seo.
ag magadh fúm slagging me
" Bíonn úinéir an ionaid aclaíochta ag magadh fúm: “Cén mhaith atá sa tae sin?” Lá amháin, thug mé pacáiste de dhuilleoga tae glas dó mar bhronntanas.
muintir an Iarthair ag magadh orthu the Westerners mocking them
" Bhí daoine sa taobh sin goilliúnach faoin dóigh a raibh muintir an Iarthair ag magadh orthu ag an am.
thugtar mar mhagadh ar jokingly referred to
" Bíonn an dá Chlub na Féile ann anois agus is maith ann Club na nDinasaur mar a thugtar mar mhagadh ar an chionn eile! Sílim go bhfuil áit ann don dá rud.
ag tabhairt amach agus ag magadh ar giving out about and mocking
" Thosaigh sé ag tabhairt amach agus ag magadh ar an Ghaeilge.
ag magadh ar a chéile ‘slagging’ each other
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
ag magadh faoi slagging
" “Níl Santa in ainm focail mar cacamas a úsáid, agus níl Santa in ainm is a bheith ag magadh faoi dhaoine a scríobhann chuige.
le magadh nó drochmheas a chur in iúl to express distain or to mock
" I mBéarla a bhí an dráma, ach bhí focla Máltaise ann freisin le magadh nó drochmheas a chur in iúl.
ag magadh joking
" An raibh tú ag magadh? Ar gortaíodh thú?** BD Bhí mé ag magadh (gáire) ach tá mé in ann é a úsáid mar leithscéal.
ag magadh fúithi mocking her
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
ag magadh faoin Ghaelscoilis making fun of the Irish medium school speech
" Is fada daoine i saol na Gaeilge ag magadh faoin Ghaelscoilis, an ghibiris bhriotach úd a bhíonn á labhairt ag daltaí Ghaelscoileanna fud fad na tíre.
mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh if the whole thing wasn’t so crazy
" Thiocfadh fearg orm mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh.
ag magadh faoi mocking it
" Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí daoine áirithe ag magadh faoi.
bím ag magadh I’m joking
" Cuid den am, bím ag magadh; mar shampla, is maith liom an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo leabhair atá foilsithe ag amadán!” Corca Dhuibhne ======= D’fhoghlaim Paul focal nó dhó óna mháthair, ach 25 bliana ó shin rinne sé suas a intinn ‘an Ghaelainn’ a fhoghlaim i gceart.
níl mé ag magadh I’m not joking
" Dhírigh Grints eile ar chroí gheilleagrach na Breataine nuair a chuaigh sé isteach i siopa earraí gailf – níl mé ag magadh - lena chur trí thine.
mar cheap magaidh na hEorpa as the European laughing stock
" Bíonn muid den tuairim i dtólamh go mbíonn an domhan mór ag faire ar achan eachtra fánach a tharlaíonn in Éirinn agus go gcaitear linn in amanta mar cheap magaidh na hEorpa.
idir mhagadh is dáiríre both mirth and serious engagement
"idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn.
ag magadh faoi chuid de slagging off
" Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar.
ag magadh faoin joking about
" Gach seans go bhfuil coinneálaí tuáille cistine agat cheana ach an féidir leat do chuid uirlisí aibhléise a athluchtú ar do choinneálaí tuáille cistine? Ní féidir? Conas a mhair tú go dtí seo? (Cé go bhfuil mé ag magadh faoin uirlis cistine seo tá cuid díom ag smaoineamh faoi cé chomh háisiúil is a bheadh sé…) Dála an scéil, an bhfuil fhios agat go bhfuil soicéad le (USB)(http://www.
ceap magaidh laughing-stock
" Is ceap magaidh é George W.
ag magadh mocking
" An bhfuil dream an tsaibhris ag magadh fúinn agus a gcuid tiachóg ag éirí teann lenár gcuidne airgid i rith an ama.