Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maidir le tírdhreach as regards landscape
" Gan amhras ar bith, is seoid é oileán na hÉireann maidir le tírdhreach, cé go gcaithfidh tú do shúile a dhúnadh ar eastáit nua tithe saoire sna 26 Contae, a chuireann cradhscal ort féachaint orthu, agus iad ag dreapadh na mbeann nó ina suí ar a ngogaide cois trá.
ag aithris phort an Tí Bháin maidir leis An Iaráic reciting the White House's tune regarding Iraq
" Agus anois táthar ag cur aerfoirt na tíre ar fáil do aerfhórsa Mheiriceá agus ag aithris phort an Tí Bháin maidir leis An Iaráic.
maidir le as regards
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
maidir le cur chun cinn na hiomána as regards the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
Maidir le slua a mhealladh as regards attracting a crowd
" Ceist: céard le haghaidh staid nua mar mura bhfuil sé i gceist na foirne is fearr a chur ag imirt inti? Maidir le slua a mhealladh, níor mhiste roinnt bolscaireachta a dhéanamh.
maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh as regards social welfare payments
" " An lá sular bhuail mé le hiar-Rúnaí seo na Roinne Airgeadais, bhí Runaí Baile na Breataine Móire tar éis fógairt go gcuirfí srianta i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh do shaoránaigh na dtíortha nua atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine.
maidir le as regards
" Má ghlacann an rialtas le moltaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ar bord, agus tá gach cuma ar an scéal go ndéanfaidh, tús maith a bheidh ann maidir le dul i ngleic le fadhb tithíochta an stáit seo.
Maidir le as regards
" Maidir le ceoltóirí an lae inniu: tugaim faoi deara nach mór an dúil atá agam a thuilleadh i gceol na ngrúpaí móra.
maidir le as regards
" Cuimhnímis go bhfuil Trevor Sergeant, ionadaithe ó Shinn Féin agus ón Lucht Oibre, an tAire Éamon Ó Cuív, Joe Higgins agus tuilleadh nach iad tar éis a rá sa Dáil go bhfuil fadhb ann maidir le teagasc na Gaeilge.
a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne how well-informed and knowledgeable Poleas are as regards Polish history
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga and make use of their enthusiasm regarding the language
" Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán as regards the implementation of the recommendations of the Salmon Commission
" Thíolaic sé cúraimí mara an phoist ar a Aire Sóisearach, Pat the Cope Ó Gallchóir, rud a chothaigh neart deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán.
gur éirigh go geal linn maidir leis an sprioc sin that we have done well as regards that target
" Bhí 15 bhunscoil neamh-mhaoinithe go fóill san earnáil agus ba é sprioc CnaG iad sin uilig a bheith aitheanta agus maoinithe taobh istigh de cheithre bliana agus is féidir a rá gur éirigh go geal linn maidir leis an sprioc sin.
maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre as regards improving safety of the roads
" Chuir tuarascáil de chuid an Aontais Eorpaigh a eisíodh níos luaithe i mbliana in iúl go bhfuil Poblacht na hÉireann ar cheann de na tíortha is measa san Aontas maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre – níl ach an Liotuáin and an Laitvia níos measa ná muid.
maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, as regards fishing and tourism,
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
maidir le hinsliú tí. regarding the insulating of houses.
" Dreasachtaí agus pionóis Ba cheart tosú le feachtas náisiúnta maidir le hinsliú tí.
maidir le comhcheol, as regards harmony,
" Nuair a thrácht mé ar an snagcheol agus ar an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag snagcheoltóirí maidir le comhcheol, d'aontaigh sé liom.
níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, Kidare doesn't have a reputation for singing in the native style,
" AÓF: Ach níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, go speisialta i nGaeilge.
maidir leis na riachtanais speisialta regarding the special needs
" Ba cheart oiliúint a chur orthu maidir leis na riachtanais speisialta atá i gceist agus dara teanga á teagasc agus, níos tábhachtaí ná sin, iad a spreagadh chun a chinntiú go mbeadh siad tiomanta don Ghaeilge tar na hoiliúna.
maidir le léiriúcháin nua, as regards new productions,
" Do bharúil, cad é atá i ndán do Rough Magic maidir le léiriúcháin nua, taisteal agus mar sin de?*** *** Ba mhaith le Rough Magic níos mó taistil a dhéanamh in Éirinn agus thar lear.
ar nós cuma liom maidir le traenáil, indifferent when it came to training,
" Bhí sé de cháil ar chuid de na himreoirí a bheith ar nós cuma liom maidir le traenáil, ach ar laethanta áirithe ní raibh a sárú ann.
maidir leis an gcomhshaol, as regards the environment,
" “Tá ilghnéitheacht ag teastáil, ní hamháin maidir leis an gcomhshaol, ach ilghnéitheacht smaointeoireachta i dtaca leis an timpeallacht chéanna chun go mbeidh níos mó guthanna ar an ngiúiré, níos mó gaoise le roinnt.
maidir le rannpháirtíocht as regards participation
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
na deiseanna agus an rogha maidir le spórt the opportunities and the choice as regards sport
" I gcás scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste bíonn na deiseanna agus an rogha maidir le spórt teoranta.
Maidir lena shláinte, as regards his health,
"Maidir lena shláinte, aithníonn Gearóid gur saothar idir lámha atá ann.
maidir leis an miotaseolaíocht, as regards mythology,
" “Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann.
Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992. EU Habitats Directive 1992.
" Tá 381 LCS in Éirinn agus bunaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992.
maidir le as regards
" ” Anois, maidir le cosa Donie Wallace .
maidir le hachan rud. about everything.
" Tá neamhchinnteacht uirthi maidir le hachan rud.
maidir le plódú tráchta, as regards traffic congestion,
" Seo scéal grinn a chuala mé i mBancác, cathair a bhfuil droch-cháil uirthi maidir le plódú tráchta, ach oireann sé go maith do Bhaile Átha Cliath freisin.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
maidir lena gconarthaí aonair fostaíochta. with regard to their individual contracts of employment.
" “Work Choices” an teideal atá ar an reachtaíocht seo, faoinar féidir le fostaithe dul i mbun idirbheartaíochta lena bhfostaithe maidir lena gconarthaí aonair fostaíochta.
maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe regarding changing the work conditions of its employees
" Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
maidir le hathlonnú a gcuid mol, regarding the relocating of its hubs,
" Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus as regards compelling Aer Lingus
" De réir cosúlachta, sampla eile de phatuaire an Stáit i leith an Iathair Láir atá san easpa tola atá léirithe ag an Rialtas maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí i dtaobh na Sionainne.
maidir le hathbhunú concerning the re-establishment
" “In 2005, chuir mé féin, Danny, Conor, Barry, Ronan McBride agus Conal Beag tús le plé maidir le hathbhunú an chlub.
maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil which regards to the way in which the commemoration would be handled
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch pertaining to industrial relations
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, regarding the way in which a party is getting on
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar as regards the traceability of cattle and protection against disease
" ” Chomh maith leis sin, mar gheall ar go ndealraíonn sé go bhfuil na caighdeáin maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar easnamhach sa Bhrasaíl, d’fhéadfadh ainmhithe de chuid na tíre sin a bheith ina mbagairt do bheostoc Eorpach.
atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne who is an art insurance expert
" Ba é úinéir an chomhlachta seo, Luti Fagbenle, a chuir an saothar ar an mhargadh, agus dar le Bobby Read – atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne – is íomhá “speisialta” é an graifítí seo, agus is é an saothar is mó dá chuid atá díolta ag Bansky go dtí seo.
maidir le cé acu about whether
" Bítear ag déanamh plé san iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh.
más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith if you are interested in getting information about the position of a particular satellite
" Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo regarding the personal view of this writer
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu whom my opinions on the Catholic church would hurt greatly
" Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
maidir le hairgead a ghearradh with regard to charging money
" Lena chois sin, tá iarrtha againn ar shaineolaithe idirlín moltaí a dhéanamh maidir le hairgead a ghearradh ar ár seirbhísí ar líne.
maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge. with regard to the importance of the print media to the Irish language
" Is é an chéad chéim sa treo sin ná an t-atmaisféar a athrú, agus is cuidiú é an soiléiriú a thug Foras na Gaeilge do na húdaráis ó thuaidh maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge.
maidir leis na rialacha a shárú as regards contravening the rules
" Thiocfadh leat a rá go raibh easpa dreasachta i gceist ó mo thaobhsa de maidir leis na rialacha a shárú nó a bhriseadh.
maidir lena iompar regarding his behaviour
" Deir sé nach bhfuil fonn air labhairt ar an taifead faoi Ó Searcaigh agus an chonspóid ar fad a bhí ann maidir lena iompar i Neipeal ach deir sé go dtuigeann sé féin go maith an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá.
maidir le cé acu regarding which of them
" Bhí iomaíocht ghéar i gceist idir Sydney, príomhchathair New South Wales, agus Melbourne, príomhchathair Victoria, maidir le cé acu a bheadh mar phríomhchathair na tíre.
go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht that the welcome the proposal regarding the republic
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
maidir le as regards
" Tá cuid de na saothair anois le feiceáil sa Pomegranate Gallery, Manhattan, agus léirítear iontu radhairc agus dearcaidh éagsúla maidir leis an chogadh san Iaráic.
Maidir le hainmhithe with regard to animals
" Maidir le hainmhithe agus plandaí, tá stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad.
maidir le in relation to
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
maidir le relating to
" Bhí dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe.
maidir le in regards to
" Ná déan dearmad gur ghlac an Coimisiún cinnidh - go háirithe maidir le mórshiúl Ard Eoin - nach raibh náisiúnaigh sásta leis agus is cinnte go mbeidh cearta na n-áitritheoirí aitheanta i cibé eagraíocht nó córas a thiocfaidh mar chomharba ar an Choimisiún.
Maidir leis as to
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
maidir le as to
" Mar a léirigh an Irish News, tá ceisteanna á gcur fá iompar an PSNI maidir le foréigean dílseach.
Maidir le as to
" Maidir le hÚdarás na Gaeilge a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta, chuir an moladh sin fearg orm.
maidir le as to
" Leagann an Conradh síos íoschaighdeáin chosanta maidir le cearta sibhialta, geilleagair, polaitiúla, sóisialta is cultúir agus moltar do stáit a gcuid reachtaíochta féin a chur in oiriúint do na caighdeáin sin.
Maidir le as to
" Amach sa Chúige, Isteach sa Chraobh ============== Maidir le cluichí Gaelacha, scríobh mé an mhí seo caite go bhfuil sé ina bhuntáiste ag contae a bhfuil sé ina uaillmhian acu Craobh na hÉireann a bhaint, an turas chun na craoibhe a dhéanamh tríd an doras cúil.
maidir le in regard to
" “Níl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga.
maidir le in regards to
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
Maidir le regarding, as to
" Maidir le mo mháthair, tháinig a muintir sise amach as Liatroim, agus lonnaigh siad i mBrooklyn New York, áit ar tháinig sise ar an saol sa bhliain 1902.
maidir le in regards to
" Is léir ó na cáipéisí, mar shampla, go raibh Coiste na Logainmneacha toilteanach comhairle a chur ar an rialtas maidir le córas códuimhríochta a bhunú le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhain le seachadadh litreacha a bhí á seoladh as Sasana le seoltaí i nGaeilge.
maidir leis as to
" Is é an réiteoir an t-aon duine atá neodrach maidir leis an toradh.
maidir leis in regards to
" Mar a theip Éamonn orainn: =============== Nuair a ceapadh é ina Aire Sóisearach sa mbliain 1997, chuireas agallamh air don iris Pléaráca ’97 faoi na freagrachtaí nua a bheadh air maidir leis an nGaeltacht.
maidir le in regard to
" Ach más rud é go raibh go leor i gcoitinne ag Wellington agus Tristan, ní fhéadfadh codarsnacht níos mó a bheith idir tíortha na beirte acu ó thaobh na reachtaíochta maidir le húinéireacht arm tine.
maidir le in regard to
" Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"* Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
maidir le in regard to
" An ceart go mbeadh daoine saor ó leatrom maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí bia, cúrsaí sláinte, cúrsaí cultúir agus go mbeadh cothromaíocht i gceist.
maidir le in regard to
" Banc an Domhain agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta =================================== Dúirt Obama gur iarr sé ar an mBanc Domhanda agus ar an gCAI a mbeartas a chur i láthair maidir le geilleagair na Túinéise agus na hÉigipte a nuachóiriú.
Maidir le as to
" Maidir le moltaí na meithle, ceapadh Stiúrthóir Iomána go luath tar éis gur glacadh leis an treoirphlean.
Maidir le as for
" Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe.
maidir le dúnghaois na heite deise in regard to right wing polici(es)
" B'éigean don Pháirtí Poblachtánach dul i bhfad amach ar an eite dheis chun iad féin a idirdhealú ó na Daonlathaigh, agus b'é a tháinig as ná gur thosaigh ceannairí an pháirtí ag sárú a chéile maidir le dúnghaois na heite deise.
maidir le gnéithe in regard to aspects
" Sean-Deasghnátha á gCleachtadh =============== Labhair mé le Bogdan Neagota, eitnegrafaí as ollscoil Cluj maidir le gnéithe de chultúr na tuaithe sa Rómáin.
maidir leis in regard to
" Ar an dara lá den mhí seo tháinig deireadh leis an phróiseas comhairliúcháin idir Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha Ghaeilge maidir leis an chóras nua mhaoinithe atá beartaithe dóibh.
maidir le ballstáit regarding member states
" De réir tuarascáil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ballstáit a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm ó thaobh cosaint a thabhairt do pháistí sa domhan digiteach, níl treoirlínte tugtha isteach ach ag deich gcinn acu.
maidir le regarding
" Chuir uachtarán SAM, Barack Obama, in iúl go mbeadh athrú i gcleachtas na n-údarás inimirce maidir le hinimircigh óga lasmuigh den dlí.
Maidir le bialann ar bith just like any restaurant
" Maidir le bialann ar bith, shílfeá gur ag réiteach an bhealaigh don chustaiméir a bheidís.
a dhualgas a chomhlíonadh maidir le to fulfil its duty relating to
" Ó scéalta na scoileanna saothair go dtí an tuarascáil dheireanach ar bhás na bpáistí a bhí faoi chúram an FSS, is léir go dteipeann ar an stát a dhualgas a chomhlíonadh maidir le páistí.
Maidir le regarding
" Maidir le Cill Chainnigh, curaí na hÉireann don iliomad uair, cad tá le rá fúthu nach bhfuil ráite cheana? An fhoireann iomána ab fhearr a bhí ariamh ann; Brian Mac Óda an bainisteoir ab fhearr a bhí riamh ann; Henry Ó Seibhleáin an t-iománaí ab fhearr a bhí riamh ann agus mar sin de.
maidir le cad a spreag in relation to what inspired
" An tSiocair ==== Tá teoiricí éagsúla ann maidir le cad a spreag na dúnmharuithe.
Maidir le dochar don tírdhreach regarding the damage to the landscape
" Maidir le dochar don tírdhreach tá dhá chuid den scéal – dochar do luach tithe agus dochar d’áilleacht na tíre.
maidir le craolachán in regard to broadcasting
" Ní raibh sé soiléir riamh cén dúnghaois a bhí ag RTÉ maidir le craolachán i nGaeilge.
Maidir leis regarding
" Maidir leis an pholaitíocht, tógann sé ceisteanna faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais sa ghéarchéim geilleagair ó thuaidh, an tAire Airgeadais Sammy Wilson agus a choiste airgeadais.
Maidir le costaisí an stáit a íoc in relation to paying the state’s costs
" ”* Maidir le costaisí an stáit a íoc dúirt Oifig an Ard-Aighne go raibh sé soiléir nach ndíolfaí iad ó tharla go raibh tuarastal an Uasail Uí Mhonacháin á n-íoc leis taobh amuigh don stát (bhí sé ag obair mar ailtire i nDoire) agus nach bhféadfaí an teach soghluaiste a ghabháil.
maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre regarding team spirit in the work place
" Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre.
maidir le hiaróga dhúluachair na bliana regarding deep winter arguments
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
maidir le comhluadar for company
" Dúradh go raibh gean ar leith aige ar ‘Dubs’ maidir le comhluadar agus craic agus má bhí, bhí a mhalairt fíor chomh maith, mar is i gCiarraí a chaitheadh go leor d’fhoireann Átha Cliath na seachtóidí a laethanta saoire agus tábhairne Pháidí i gcónaí ar an sceideal acu.
maidir le hInis Meala regarding Malta
" Ach maidir le hInis Meala, tá biseach ar an teanga dhúchais ann, agus tá an Iodáilis faoi ghradam, rud nach iontach, mar níl cósta na Sicile ach 60 míle ó thuaidh de.
maidir le lucht capall regarding the horse people
" Agus fuair mé bileog eolais san óstán maidir le lucht capall.
fhógairt maidir le to announce in regard to
" Ar an gcéad dul síos, mí Aibreáin seo caite, tháinig an tAire Stáit Dinny Mc Ginley go Cois Fharraige - a chroí san áit ceart, ar ndóigh, mar a deirtear go minic faoi - le straitéis an rialtais a fhógairt maidir le dul i ngleic le díothú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
maidir le siléig an rialtais i leith regarding the government neglect towards
" Mura mbeadh mar thoradh ar an achainí go náireofaí Jimmy Deenihan agus Enda Kenny faoi cheist na Gaeilge, os comhair iriseoirí agus polaiteoirí na hEorpa, maidir le siléig an rialtais i leith na Gaeilge, b’fhiú é!
Fiosracht maidir le curiosity about
" Fiosracht maidir le Liège ba chúis leis an turas: deineadh ‘príomhchathair cultúir na hEorpa’ de Marseille na Fraince an mhí seo caite.
maidir le saol agus saothar on the life and work
" Chuig an taispeántas Visages cachés/Hidden Faces maidir le saol agus saothar Salvador Dali (1904-1989) a bhí mé do mo thiomáint.
maidir le dílseacht agus féiniúlacht in regard to loyalty and identity
" ’Sé fírinne an scéil nach é an chríchdheighilt fisiciúil idir na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus an 26 contae an fhadhb mhór atá le réiteach ach an deighilt sa phobal ó thuaidh maidir le dílseacht agus féiniúlacht.
maidir le rochtain ar in regard to (their) accessing
" Dar leis an gCoiste go bhfuil idirdhealú neamhdhleathach á dhéanamh ag Éirinn ar na hoibrithe seo maidir le rochtain ar ghairmoiliúint agus ar ardoideachas.
bhíodh sé amhlaidh maidir leis na Gaeil such used to be the case with the Irish
" Agus bhíodh sé amhlaidh maidir leis na Gaeil fosta: *“In the period 1974-2007 Irish individuals and groups were represented as a threat to security and to British values and society.
maidir le scread Dheirdre sa mbroinn about D’s scream in the womb
" “Tá an grúpa ag ullmhú díolama maidir le scread Dheirdre sa mbroinn agus ba mhaith liom na sleachta Gaeilge a thaifeadadh uait.