Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhairgí woes, sorrows
" Conas d'aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí.
Is mairg it's a pity
" Is mairg go bhfuil dream amháin nach bhfuil sásta dul ar an turas.
Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth. Woe to him who lets things drift.
" Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth.
gur mairg that it's a pity
" Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.
faoi mhairg: sorrowful:
" Is fada an scríbhneoir Gaeilge faoi mhairg: “Níl an meas céanna orainn agus atá ar scríbhneoirí Béarla,” a deir siad agus freagróidh daoine eile: “Níl an oiread sin measa ar scríbhneoirí Béarla ach oiread.
is mairg don rialtas woe to the government
" Ach is mairg don rialtas a bhíonn ag brath go hiomlán ar a leithéid de chur chuige le dearcadh na ndaoine a mheas.
Is mairg le are saddened
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
is mór an mhairg é sin that's such a pity
" Tá sé lena n-aimhleas nach bhfeiceann siad a bhfuil i ndán dóibh, ach i gcomhthéacs na deighilte móire polaitíochta agus creidimh, ní fheiceann, agus is mór an mhairg é sin.
Mairg don té a chailleas woe to the defeated
"Mairg don té a chailleas,’ an dearcadh a bhí ag Thatcher/Mugabe.
Is mairg don té woe to (any)one
" Na hamadáin, nach dtuigeann siad go bhfuil traidisiún ann a deir go mbuann Ciarraí ar Chorcaigh i gcraobhchomórtas na Mumhan de ghnáth agus, le blianta beaga anuas nuair a chastar ar a chéile iad i bPáirc an Chrócaigh? Is mairg don té a dhéanann neamhaird den traidisiún! An Iománaíocht ======= An scéal céanna san iomáint.
Ní chuireann sé aon mhairg orm it doesn’t bother me
" **CB: Tá A Thig, Ná Tit Orm aistrithe go Béarla? Ar mhaith leat go n-aistreofaí an chuid eile acu?** MDÓS: Ní chuireann sé aon mhairg orm.
Is mairg é ar ndóigh it’s a pity
" Is mairg é ar ndóigh, mar tá neamart á dhéanamh ar na ceisteanna atá ag mná, 51% den daonra.