Pota Focal Intergaelic
hake | mace | made | maker | male
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dul i bhfeidhm make an impact on
" Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí.
a chuaigh i bhfeidhm orm which made an impression on me
" Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta.
Ná déanaimis Let us not make
" Ná déanaimis an botún céanna arís ar mhaithe le scéal maith a insint.
ag diabhlaíocht making mischief
" Tá siad measartha ard agus tiubh, agus téann daoine óga isteach iontu le bheith ag diabhlaíocht - ag ól, ag smúradh gliú, agus a leithéid.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
comhdhéanta de made up of
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar dtús bhí an Chomhdháil comhdhéanta de na heagraíochtaí Gaeilge agus daoine aonair, ach ó lár sheascaidí an chéid seo caite is eagraíochtaí amháin atá cláraithe leis an gComhdháil.
le hamhras a tharraingt air to make him a suspect
" Ar an lámh eile, tá cead a chinn tugtha do Blake, in ainneoin go bhfuil go leor fianaise ann le hamhras a tharraingt air.
a spreagann machnamh which makes think
" Is ealaín a spreagann machnamh an saothar atá tagtha as an chaidreamh deich mbliana atá ag an dánlann leis an eastát áitiúil tithíochta, eastát Naomh Mícheál.
achainí a iarraidh make a request, a wish
" D'éiligh an *witch doctor* a bhí lena thaobh buidéal Quetzalteco orm (bíonn tart millteanach ar Maximón, ní foláir) sular ligeadh dom aon achainí a iarraidh.
dul i bhfeidhm ort make an impression on you
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
adhmad éicint a bhaint as an ainm make some sense of the name
" Is féidir linn adhmad éicint a bhaint as an ainm: 'llif' = feacht, díle.
ag leagan amach making out
" Is ionann 'llifo' eile na Breatnaise (= llifanu), tá mé ag leagan amach, agus an 'líomhadh' s'againne, agus 'livery' an Bhéarla chomh maith le 'liver' ('geir' le haghaidh snasú).
ag dul i bhfeidhm making an impression on
" Tá an páipéar ag déanamh cúpla punta agus ag dul i bhfeidhm ar an phobal.
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír struggling to make a living
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
téann sí i bhfeidhm chomh mór sin she makes such an impression
" Deir sí go bhfuil an ábaltacht inti daoine a bhailiú timpeall uirthi agus a thabhairt léi - chreidfinn é sin mar téann sí i bhfeidhm chomh mór sin ar dhuine.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
Rinne tú do bhealach you made your way
" "Rinne tú do bhealach" arsa bainisteoir na hoifige.
ag déanamh an racáin making a racket
" " Leis sin, tháinig an fear a bhí ag déanamh an racáin amach as cúl an tseastáin.
ag spochadh as making fun of
" Bíonn siad ag spochadh as ár dteanga.
ní raibh sé ag déanamh lá difir it wasn't making any difference
" Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
caoladóireachta basket-making
" Beidh an fear geasa Zak Powers leo á gcur faoi dhraíocht, cluichí éagsúla, banna reggae na Gaeilge, Bréag, paráid sráide, ceardlanna ealaíne, caoladóireachta agus rince samba! AÓF: Feicim go bhfuil trí Chlub na Féile ann i mbliana.
cumtha made up
" Cinnte, cuirimis fáilte roimh an díchoimisiúnú ach, mar a leanann an lá an oíche, fanaimis ansin leis an chéad bhac polaitiúil eile agus leis an chéad éagóir eile, fíor nó cumtha, a fhanfaidh go deo i gcuimhne na ndaoine i sráideanna cúnga Bhéal Feirste.
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil Sinéad got up to make (for the purpose of making) a bottle
" D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air.
Tá tú ar rothaí anois You've made it
" "Tá tú ar rothaí anois, a mhic.
Bheadh meáchan leis an diabhal rud It would make the damn thing seem important
" Bheadh meáchan leis an diabhal rud nach raibh tuillte aige.
a bhuanú make permanent, perpetuate
" Caithfear an córas iar-bhunoideachas lánGhaeilge a fheabhsú agus a bhuanú.
a tháinig i dtreis as a stuaim féin self-made
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
ag spochadh as making fun of
" Bíonn an *Portadown News* ag spochadh as achan taobh sna Sé Chontae, rialtas na Breataine san áireamh ("insecurity minister" Jane Kennedy, mar shampla).
An ndéan sí coimhthíos Does she make strange (when she meets strangers)?
" "An ndéan sí coimhthíos nó an faiteach atá sí?" arsa Nell.
a chuaigh i bhfeidhm orm that made an impression on me
" Ceann de na rudaí a chuaigh i bhfeidhm orm an oíche úd ná an spiorad agus an greann a bhí ag baint le Spillane.
ar mian leis clár a dhéanamh who wishes to make a programme
" Tá sé ar fáil do dhuine ar bith ar mian leis clár a dhéanamh.
dul i bhfeidhm ar make an impression on
" Na trí rud is tábhachtaí ba chóir a bheith bainte amach againn - ar an drochuair níl siad uilig faoinár smacht - ná méadú suntasach ar líon na gcláracha Gaeilge le soláthar níos fearr a dhéanamh do phobal na Gaeilge; leis an mhéadú sin ar líon agus réimse na gcláracha, dul i bhfeidhm ar bhealach níos fearr ní hamháin ar phobal na Gaeilge ach ar phobal iomlán Thuaisceart Éireann agus riar níos fearr ar na pobail éagsúla éisteachta agus féachána atá ann.
teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach his penis makes contact with the electric wire
" Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin.
focail chumtha made up/invented words
" Sampla eile is ea focail iasachta sa chaint bheo, seachas focail chumtha chun Béarla a sheachaint, nach féidir le haon chainteoir a thuiscint.
ag suirí courting, love-making
" Táim anois i mo shaineolaí ar oifigí Shéarlais, gruagaire Diana, árasán Mohammad Al Fayed inar chaith Diana agus Dodi am ag suirí, cistiní na Banríona, agus seoid an turais - soláthróirí fo-éadaí na Banríona.
comhdhéanamh make-up
" Lasmuigh mar sin den seisear seanadóirí a thogh céimithe ó choláistí Ollscoil na hÉireann agus ó Choláiste na Tríonóide, tá comdhéanamh an tSeanaid nuathofa beagnach ar aon dul le comhdhéanamh na Dála.
dul i bhfeidhm make an impression
" Ní shílim go bhfuil mo leithéidí féin ábalta dul i bhfeidhm ar dhóigh úsáideach ar chúrsaí sa Tuaisceart na laethanta seo, dá bhrí sin chinn mé ar níos mó ama a chaitheamh taobh amuigh den réigiún.
i gcion orm which made an impression on me
" I gceann de na bailte iascaireachta chonaic mé póstaer a chuaigh i gcion orm - grianghraf beag an duine de 270 duine, ainm agus dáta leis - an lá a cuireadh sa phríosún iad, measaim.
Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm. The language made a big impression on me.
" Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm.
teagmháil a dhéanamh leo make contact with
" An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú, teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo.
ag déanamh iarrachta making an attempt
" Ina dhiaidh sin thosaigh na póilíní ag déanamh iarrachta a bheith cairdiúil le grúpaí mionlaigh.
chuir siad in iúl they made it known
" Ach chuir siad in iúl go gcuirfeadh siad fáilte roimh stáisiún logánta le "substantial Irish language programming".
cumtha made up
" Ní ghlacann Trimble agus an UUP gur ann dá leithéid, ach cad é mar a thig leis an IRA, a tchí é féin mar chosantóir na gCaitliceach, scor nuair atá ionsaithe á ndéanamh ar Chaitlicigh ar bhonn laethúil? Ba chirte go mbeadh Trimble ag tabhairt aghaidhe ar lucht caite na mbuamaí píopa - chan in áit, ach oiread éagóracha, fíora nó cumtha, an IRA.
Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi that trip made a big impression on her
" Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi.
a chuaigh i bhfeidhm air which made an impression on him
" Léirigh sé féin sampla den rud seo nuair a dúirt sé in agallamh go raibh an dóigh a bhfaca sé trí dhuine dhéag á scaoileadh le linn Dhomhnach na Fola ar cheann de na heachtraí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ina shaol.
Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith I'm not going to make fun of anyone
" Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith nó tá an rud ar fad ró-thromchúiseach agus ró-léanmhar go mór.
moltaí a chur chun cinn to make recommendations
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
a chuireann cradhscal ort which make you shudder
" Gan amhras ar bith, is seoid é oileán na hÉireann maidir le tírdhreach, cé go gcaithfidh tú do shúile a dhúnadh ar eastáit nua tithe saoire sna 26 Contae, a chuireann cradhscal ort féachaint orthu, agus iad ag dreapadh na mbeann nó ina suí ar a ngogaide cois trá.
ag déanamh an mhóir den bheagán making a mountain out of a molehill
"ag déanamh an mhóir den bheagán".
chun cur ar a súilibh dóibh to make them aware
" Beidh ceoltóirí ag dul timpeall chun cur ar a súilibh dóibh go bhfuil a leithéid ann agus an saghas ceoil a sheinneann siad.
tá líomháintí á ndéanamh allegations are being made
" Ach fós, gach uile sheachtain beagnach, tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
tá iarracht ar bun an effort is being made
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
smideadh make-up
" Roicéid, gunnaí, carranna, cluichí ríomhaireachta, bréagáin Harry Potter, bábóga, gúnaí bábóg, bréagáin Lord of the Rings, smideadh, éadaí bábóg, tuilleadh cluichí ríomhaireachta, tuilleadh Harry Potter .
chun a mbeatha a thabhairt i dtír to make a living
" Cuireann sé a phost féin i gcomparáid lena ndéanann gnáthdhaoine in Éirinn chun a mbeatha a thabhairt i dtír.
tá ceangail snaidhmthe ties have been made
" Le tamaillín anuas tá ceangail snaidhmthe le pobail in Oileán Chléire, in Oileán Mhanainn agus in Oileáin Thiar na hAlban.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
tá iarracht ar bun an effort is being made
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
ag dul i bhfeidhm ar making an impression on
" Ní raibh Seán Boylan i bhfad ag dul i bhfeidhm ar an bhfoireann.
go gcumadh sé that he used to make up
" Deir cuid acu go gcuireadh sé an-bhrú orthu sa traenáil fhisiceach agus go gcumadh sé triallacha éagsula de réir mar a bhí sé ag dul ar aghaidh.
ag spochadh as an dream seo making fun of these people
" "Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla," a deir sé, ag spochadh as an dream seo, "is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!" Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga.
ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán making a living entirely from the harp
" AÓF: An bhfuil tú ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán anois nó an bhfuil post eile agat, "post ceart"? CDeB: Bhí post agam sa teilifís.
slí bheatha a bhaint amach to make a living
" AÓF: Cathain a thosaigh tú ag seinm na cláirsí go proifisiúnta? An bhfuil sé éasca slí bheatha a bhaint amach sa cheol agus ar an gcláirseach amháin? CDeB: Thosaíos i 1990.
ag dul i bhfeidhm ar making an impression on
" Tá eiseamláir na Cultúrlainne i mBéal Feirste, cuir i gcás, ag dul i bhfeidhm ar go leor daoine.
déanamh make
" Ach cuireadh na bréaga inár láthair ar bhealach chomh místuama sin an chéad seachtain gur thit an straitéis óna chéile, agus ó shin i leith tá na hIarácaigh ag déanamh go maith sa gcoimhlint bholscaireachta.
ag tabhairt óráide making a speech
" Ná tar ar ais chugam le scéal eile faoi Mhicheál Ó Muircheartaigh ag snortáil cóic amach as Corn Sam Mhic Uidhir, nó faoi Joe Mac Donncha ag tabhairt óráide a mhair níos lú ná sé uair an chloig.
ag déanamh brabúis making a profit
" Cén fhad a thógfaidh sé go dtí go mbeidh an comhlacht ag déanamh brabúis, dar leat? Tá sé ana-dheacair a rá, ach measaim go ndíolfaidh Gaeltalk.
chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm it made a big impression on me
" Chuir mé ar siúl ceirnín leis na Chieftains agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.
a théann i dteagmháil le which makes contact with
" Bíonn glacadóir sa ghléas loingseoireachta ar an talamh a théann i dteagmháil le trí shatailít ar a laghad, agus a thomhasann an méid ama a thógann sé ar na comharthaí éagsúla an glacadóir a shroichint.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
caoladóireacht basket-making
" Chomh maith le hachan sórt garraíodóireachta, tá cúrsaí ar fáil ar shníomh, potaireacht, caoladóireacht, cumhacht ghréine agus ghaoithe, ag coinneáil gabhar, agus neart rudaí eile.
mhioscaiseach trouble-making
" Cos mhioscaiseach thrioblóideach a bhí inti chuile lá ariamh ó cuireadh an chéad bhróg uirthi nár cheart a ligean i ngar ná i ngaobhar aon duine macánta.
ag cumadh dualgas i ndiaidh dualgais making up duty after duty
" Sin an fáth go bhfuil an oiread sin moilleadóireachta ar siúl ag aontachtaithe agus iad ag cumadh dualgas i ndiaidh dualgais le comhlíonadh ag an IRA, dar leo.
nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí when the sun made its way around the corner of the house
" Bhí snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta.
a dhéanfadh brachán den lá that would make a mess of the day
" "Teith! Teith!" arsa Eibhlín nó ní raibh a dhath a dhéanfadh brachán den lá ach boladh mún cait.
ag déanamh ar an teach making for the house/going towards the house
" "A Dhaidí," a scairt sí agus í ag déanamh ar an teach, "ná hith uilig é sula bhfaighidh mé a fhad leis.
Ar dheineadar botún? Did they make a mistake
" "Bhíos ag rá liom féin, 'Canathaobh gur ligeadh isteach mise? Ar dheineadar botún?' Chreideas sin.
Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol fast fingers don't make music
" Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol.
go ndéanfar cinneadh that a decision will be made
" Dúirt Roger Davey, príomhfheidhmeannach an chomhlachta EnviroMission, go ndéanfar cinneadh faoi Mheán Fómhair na bliana seo an dtógfar an túr.
áit ar tugadh air where he was made to
" "Tchím," arsa an garda agus threoraigh sé an fear anonn chuig carr na ngardaí, áit ar tugadh air suí isteach sa chúl.
Ní dheachaigh sin i bhfeidhm orm riamh that never made an impression on me
" Ní dheachaigh sin i bhfeidhm orm riamh, ar chúis éigin.
nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta that an attempt isn't being made
" Tionscal na n-aistí bia ======= Tá oiread Meiriceánach i bhfad róthrom, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta meáchan a chailleadh.
féachaint chuige to make sure
" Dar liom, is éard atá i gceist le seirbhís airm a dhéanamh, os cionn gach uile ní, ná féachaint chuige nach dtarlóidh cogadh arís agus seanéacht dilghrách a chosaint: an tsaoirse.
ag cumadh ainmneacha go huathoibríoch making up names automatically
" Chun cabhrú le daoine teacht ar ainmneacha nach bhfuil in úsáid cheana féin, tá na comhlachtaí a gcláraítear ainmneacha fearainn leo ag cumadh ainmneacha go huathoibríoch.
Déantar iarracht an attempt is made
" Déantar iarracht imreoirí maithe eile a "stopadh", go fisiciúil agus go síceolaíoch (deirtear rudaí uafásacha le himreoirí uaireanta chun iad a cur ar buile agus a n-intinn a dhíriú ar nithe eile seachas an cluiche féin).
déantar leithscéalta ar a shon excuses are made on his behalf
" Déantar dearmad go minic ar an ghníomh ba chúis le díbirt an imreora agus déantar leithscéalta ar a shon.
luigh sé le réasún it made sense
" Agus toisc go raibh mé ag díol seanuirlisí ceoil ag an am, luigh sé le réasún seansiopa a raibh stair ársa ceoil taobh thiar de a cheannach.
leis an bhagairt a threisiú to make the threat stronger
" Bhí siad chomh corraithe agus chomh dáiríre sin is gur thiontaigh siad ar an Bhéarla leis an bhagairt a threisiú.
ag óráidíocht speech-making
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí rince ar gach taobh díom ag batráil mo chuid cluas; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag *banjos*; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do Joe McDonagh ó Fhoraois na Gaeilge a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2004.
ag spochadh as Sinn Féin making fun of Sinn Féin
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
ag spochadh as making fun of him
" Mar a bheifeá ag súil, bítear i gcónaí ag spochadh as de bharr go bhfuil blas láidir tuaisceartach ar a chuid cainte agus, gan amhras, déanann seisean amhlaidh i gcás a chomhoibrithe.
próiseas cinnteoireachta a process of decision making
" Córas nó próiseas cinnteoireachta atá ann dáiríre ach is séimhe sothuigthe gonta mar fhocal é "bunreacht".
ag déanamh físeáin making a video
" "Tá Paul Rodgers, múinteoir, ag déanamh físeáin faoin bhunscoil faoi láthair chun an obair atá déanta againn a thaispeáint don phobal," arsa Paul.
tharraing sí ar an staighre she made for the stairs
" " D'éirigh sí agus tharraing sí ar an staighre.
a théann i gcion ar an lucht éisteachta which makes an impression on the audience
" Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta.
do chuid féin a dhéanamh d'amhrán to make a song your own
" AÓF: An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim? ÉÓD: Ní thógann sé achar ar bith an t-amhrán a fhoghlaim mar phíosa filíochta ach is scéal eile ar fad do chuid féin a dhéanamh d'amhrán go mbeidh tú in ann é a fhuint agus a chasadh ar do chompord agus go nádúrtha, agus áilleacht an amhráin a thabhairt chun tosaigh.
ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí making an impression on politicians
" ie/) agus is léir ón méid a bhí le rá le déanaí ag baill de choiste Dála - atá ag déanamh iniúchadh ar an gceist seo - go bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí.
ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí making an impression on groups
" Ag an am céanna, táimid ag cur leis an teacht isteach ó úsáid an Árais agus imeachtaí an Chlub, agus táimid ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí ar nós Fhoras na Gaeilge agus FÁS chun a léiriú dóibh gur fiú tacaíocht a thabhairt dúinn.
i gcoinne fíona for making wine
" D'insíodh Peadar do chlann Sheáin Liam cá raibh barr maith airní i gcoinne fíona le fáil agus barr maith úlla beaga fiáine i gcoinne jelly.