Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar na mallaibh recently
" Inseoidh mé daoibh faoi thuras a rinne mé go Gaillimh ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Tá Éire ar an darna tír is costasaí san Aontas Eorpach, de réir tuairisce a foilsíodh ar na mallaibh, díreach céim amháin taobh thiar de Finglas.
ar na mallaibh recently
" Bhí iar-MLA aontachtach ar cuairt chuig duine a raibh céad bliain bainte amach aige i dtuaisceart Aontroma ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" "Tháinig Príomhaire na Breataine go Béal Feirste ar na mallaibh agus d'iarr sé go gcuirfí gníomhartha i gcrích," ar sé.
ar na mallaibh recently
" D'fhreastail mé ar an Oireachtas, féile mhór na Gaeilge, i nGaoth Dobhair ar na mallaibh agus d'fhan mé i lóistín leaba agus bricfeasta darb ainm An Teach Bán.
ar na mallaibh recently
" I gcluiche idir Sunderland Reserves agus Brandon United sa Durham County Cup ar na mallaibh bhí seachtar Éireannach ar an fhoireann, ina measc imreoir idirnáisiúnta faoi 21 Clifford Byrne as Baile Átha Cliath, Michael Reddy as Cill Chainnigh, Richie Ryan as Tiobraid Árann agus Seán Thornton.
ar na mallaibh lately
" Chaith mé lá léi ar na mallaibh le blas beag a fháil dá fealsúnacht, agus léargas éigin ar a saol agus ar a saothar.
ar na mallaibh recently
" Mar shampla, rialaíodh sa chúirt ar na mallaibh go dteastaíonn ceadúnas theach cearrbhachais uait, má tá caife idirlín agat.
ar na mallaibh lately
" Agus mé ag cabaireacht le Bavárach meánaosta ar na mallaibh, dúirt sé liom, "Ní hé an caighdeán oifigiúil is measa liom, ach go bhfuil blas na dtuaisceartach ar chaint na ngasúr óg anois! Sin an fáth go bhfuil mo chroí ag cur fola!" Agus b'fhíor dó.
ar na mallaibh lately
" Nó tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur fhág Eoin $40,000 le huacht ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta, an eagraíocht ó thuaidh atá freagrach as maoiniú na nGaelscoileanna.
ar na mallaibh lately
" Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol.
ar na mallaibh, recently,
" Is fear measartha óg é Kevin Rudd, a bhain leathchéad bliain amach ar na mallaibh, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé i mbarr a mhaitheasa.
ar na mallaibh, recently
" I gcomhráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge, COGG agus Gaelscoileanna ar na mallaibh, dúradh gur chúis díomá é go raibh míchruinneas tromchúiseach i meamram a cuireadh chuig an aire inar dúradh gur measadh nach ndéanfadh an treoir úr seo dochar ar bith do stádas na Gaeilge go ginearálta; sa phobal nó sna Gaelscoileanna.
ar na mallaibh recenlty
" Masla do chumas phobal na hÉireann cinneadh siosmaideach a dhéanamh, ab ea an tuairim a nocht ár gCoimisnéar Eorpach, Charlie McCreevy, ar na mallaibh nuair a thug sé le fios gur staicín áiféise a bheadh ionainn san Eoraip dá mba rud é nár ghlac muid le Conradh Liospóin.
a gortaíodh go dona ar na mallaibh who were badly injured recently
" Tugadh áit lárnach freisin sa pharáid do bheirt fhear óga aeracha a gortaíodh go dona ar na mallaibh nuair a rinneadh ionsaí orthu i lár Sydney de bharr iad a bheith ag siúl agus greim láimhe acu ar a chéile.
ar na mallaibh. recently
" É sin ráite, thosaigh sí ag úsáid na mbusanna áitiúla in Cleveland ar na mallaibh.
ar na mallaibh of late
" Tráthúil go leor, i rith na díospóireachta idir Biden agus Sarah Palin ar na mallaibh, léirigh an bheirt acu a gcuid tacaíochta láidre do na hIosraelaigh, ach níor luaigh ceachtar acu na Pailistínigh oiread is uair amháin.
ar na mallaibh lately
ar na mallaibh lately
" Sin é an léamh lom gur féidir a bhaint as eolas a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dom ar na mallaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
ar na mallaibh of late, lately
" Tá ceist achrannach lucht iarrtha tearmainn agus dúnghaois inimirce an rialtais araon, i lár an aonaigh arís i gcúrsaí polaitíochta abhus, áfach, i ngeall ar thubaiste a tharla ar na mallaibh.
ar na mallaibh of late, lately
" Ní minic a chloistear a dtaobhsan den scéal, ach labhair duine de na ceannairí, Sugule Ali, le Johann Hari, iriseoir de chuid Independent Shasana ar na mallaibh: “*We don’t consider ourselves sea bandits,”* a dúirt sé.
ar na mallaibh of late
" Dúirt sé go raibh an feachtas ‘Face Equality’ ar chuir siad tús leis ar na mallaibh agus a dhéanann agóid in éadan tuairimí claonta, de dhith go géar.
ar na mallaibh lately
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
ar na mallaibh recently
" I léacht a thug an Dr Eoin O Malley as Ollscoil Chathair Átha Cliath chuig comhdháil i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh faoin teideal *Are Our Institutions Fit for Purpose? Political Reform in the Republic of Ireland*, chuir sé Acht na dTeangacha Oifigiúla ar aon leibhéal leis na hinnill vótála leictreonacha agus Scéim Bharántas na mBanc.
ar na mallaibh recently
" Cuireadh an tuilleamh coigríche seo i mbaol ar na mallaibh, ámh, mar gheall ar fhadhbanna áirithe leis an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Astráil agus an India.
ar na mallaibh of late
" Bhí iontas ar na hÉireannaigh anseo i Learpholl ar na mallaibh nuair a bhí bratach nua den BNP sa cathair sa nuacht.
ar na mallaibh recently
" Tá sé sa phost úr - níl a fhios agam cad é na cáilíochtaí atá aige - le rudaí a stopadh mar a léiríodh i líne thar a bheith suimiúil in alt sa Belfast News Letter ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" D'fhreastail mé ar shochraid chara a fuair bás amuigh ar na na cnoic ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" au/) Eisíodh an tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún ar na mallaibh, leis an teideal Overcoming Indigenous Disadvantage, agus léirigh sí arís a dhonacht is atá caighdeán maireachtála na muintire dúchais: *Across virtually all the indicators in this report, there are wide gaps in outcomes between Indigenous and non-Indigenous Australians.
ar na mallaibh recently
" SMM: Bhí tú ar laetha saoire ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Bhí oscailt oifigiúil Cultúrlann Uí Chanáin ina hábhar mór gliondair ag pobal Dhoire ar na mallaibh agus tháinig idir óg agus aosta le chéile ar an oíche le gloine a ardú ina hónóir agus sult a bhaint as an cheol agus as na himeachtaí spleodracha a bhí ann leis an fhiontar bhreá nua seo a cheiliúradh.
ar na mallaibh recently
" Rith an méid sin liom le linn turas sléibhteoireachta chun na Breataine Bige ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Reáchtáladh réimse leathan d’imeachtaí san Astráil agus sa Tíomór Thoir ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar eachtraí áirithe a tharla sa Tíomór Thoir sa bhliain 1999.
ar na mallaibh lately
" Chualathas Colm Sonaí Ó Méalóid ag gearán ar na mallaibh go bhfuil Máire Mhór ar ais ar an bhairneach is ar bhláth na scailliún dearg, go bhfuil cuma chnámharlaigh uirthi, agus go bhfuil sí ag dul thart i ngúna beag dearg cosúil le hÁine Ní Dhroighneáin.
ar na mallaibh recently
" Tá an tríú leath scriosta ag Éamonn Dunphy, nó náirigh sé é féin go hiomlán, beo ar an teilifís, nuair a dúirt sé focal moltach faoi dhuine inteacht ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Bhain an t-ealaíontóir Albanach Richard Wright an Turner Prize ar na mallaibh le saothar a bhain geit as an phobal a chonaic é.
ar na mallaibh recently
" Tá dearcadh Minchin ar an téamh domhanda le sonrú go ríshoiléir sa ráiteas a rinne sé ar chlár faisnéise ar na mallaibh: *For the extreme left it (global warming) provides the opportunity to do what they’ve always wanted to do, to sort of de-industrialise the western world.
ar na mallaibh recently
" ” Banríon na hÉireann Bhí Banríon na hÉireann sa Tuirc ar na mallaibh, áit ar leag sí bláthfhleasca ar uaigheanna na saighdiúirí atá ligthe i ndearmad.
ar na mallaibh recently
" Fógraíodh ar na mallaibh go raibh cathair Dhoire ar an ghearrliosta don teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe 2013.
ar na mallaibh recently
" Dúirt ceannaire an pháirtí, Sir Reg Empey, ar na mallaibh nach dtiocfadh lena pháirtí vóta a chaitheamh ar son David Ford de chuid Pháirtí an Alliance d’Aireacht Cirt san Fheidhmeannas cionn is nach “aontachtach” atá ann, ach go raibh sé ag dul a thabhairt tacaíochta do Alban Maginness ón SDLP! Anuas ar sin, tá an t-aon MP a bhí acu i Westminster, Lady Sylvia Herman, i ndiaidh an páirtí a fhágáil de dheasca an nasc idir é agus páirtí David Cameron agus tá ball sinsearach eile den pháirtí, Alan McFarland i ndiaidh imeacht.
ar na mallaibh recently
" D’fhógair Jenny Macklin, an t-aire atá freagrach as cúrsaí bundúchasacha sa rialtas náisiúnta, tionscadal nua leis na teangacha a chaomhnú ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Dúirt sé gur shuigh sé síos lena theaghlach féin ar na mallaibh le féachaint ar *The Commitments* agus bhain siad an-sult as, go mór mór nuair a shíl siad go raibh cead acu a rá *‘that was fucking great dad’* leis nuair a bhí sé thart.
ar na mallaibh recently
" Bhí an t-ádh orm a bheith i láthair ag píosa amharclainne fíorshuimiúil agus neamhchoitianta ar na mallaibh i halla Oideas Gael, Gleann Cholmcille arna chur i láthair ag an chompántas ildánach Fíbín.
ar na mallaibh recently
" Ach cad é an turas a sheol na daoine seo a fhad leis seo? Chuala mé míniú amháin ó Bernadette McAliskey agus í ag tabhairt léachta i sraith léachtaí poiblí i gCumann CLG Gort na Mona in iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" “Ag réiteach an bhealaigh a bheas a Mórgacht” a dúirt oifigeach anaithnid de chuid Chúirt San Séamuis, agus é ag caint le Balor faoi rún ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Mar sin bhí déja vu leis an cháin a fuair CP Learpholl faoin cheangal a bhí acu leis an ghrúdlann Carlsberg 1992-2010 agus an dráma faoi úinéireacht an chumainn ar na mallaibh.
ar an mallaibh recently
" Tá a chruthúntas nár éirigh le spriocanna an Aire Ryan le feiceáil fosta in dhá chás cúirte a tionscnaíodh ar an mallaibh.
ar na mallaibh recently
" É sin ráite, ámh, baineadh siar as daoine go leor nuair a thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, le fios ar na mallaibh gur mheas sí go mbeadh fórsaí Astrálacha fós gníomhach san Afganastáin go ceann deich mbliana eile ar a laghad.
ar na mallaibh recently
" Thug mé cuairt ar Iarsmalann Mara Merseyside ar na mallaibh, áit a bhfuil dhá thaispeántas a bhaineann le hÉirinn ar siúl faoi láthair.
ar na mallaibh lately
" Turner i nDoire ======= Fuair cathair Dhoire amach ar na mallaibh go mbeidh Comórtas mórchlúiteach Turner lonnaithe ansin i 2013 – onóir agus aitheantas mór a bheidh ann don chathair nuair a chuirtear san áireamh nach raibh an comórtas riamh taobh amuigh den Bhreatain ó thosaigh sé i 1984.
ar na mallaibh recently
" Bhain na meáin áitiúla an-reacaireacht as an líne cháiliúil Of drought and flooding rain agus iad ag cur síos ar an méid a thit amach in oirdheisceart na tíre ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" ) Tá beartas sóisialta amháin, ámh, is é sin an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, go mór i mbéal an phobail ar na mallaibh, agus is léir nach bhfuil an Astráil chun tosaigh ar thíortha forbartha áirithe eile i dtaca leis an mbeartas seo.
ar na mallaibh recently
" Shiúil mé ar chuid den *Ribble Way, Lancashire*, ar na mallaibh.
ar na mallaibh in the recent past
" Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
ar na mallaibh recently
" Bhí muid ag foghlaim faoi chúrsaí éadaí ar na mallaibh agus d’fhoghlaim muid focail ar nós “nekutaiu” (carabhat) agus “íruringu” (fáinní cluasa.
ar na mallaibh recently
" Ach, ina aitheasc fada, cuimsitheach ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ar na mallaibh, dúirt an tUachtarán, Criostóir Ó Cuana, go raibh dúshlán mór roimh chlubanna agus roimh chontaetha na heagraíochta maidir le híocaíochtaí a dhéantar le bainisteoirí foirne peile agus iománaíochta.
ar na mallaibh recently
" Ach ba mhaith liom comhghairdeas mór a dhéanamh leis as an ghradam a bronnadh air ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Níor inis duine ar bith do Ó Bama, áfach, go raibh rialtas s’againne i ndiaidh ionsaí eile a dhéanamh ar pháistí na hÉireann ar na mallaibh: go raibh deireadh á chur le 250 post múinteoirí Bhéarla do pháistí ón iasacht; go raibh an deontas leabhar don lucht siúil laghdaithe; agus gur gearradh pinsean na ndall chomh maith.
ar na mallaibh recently
" Chláraigh mé le leathanach úr facebook ar na mallaibh, *Keep Islam out of Northern Ireland*.
ar na mallaibh recently
" Níl ach 3,100 duine fostaithe acu in Port Kembla faoi láthair agus d’fhógair an comhlacht ar na mallaibh go mbeidh orthu an fhoirnéis soinneáin dheireanach sa bhaile a dhúnadh agus deireadh a chur lena onnmhairiú cruach.
ar na mallaibh recently
" Léigh mé leabhrán nuafhoilsithe ar na mallaibh: Gaelic ar Fhógraí agus ar Léarscáileanna in Albain- An Fáth go bhuil sé tábhachtach (*Gaelic on Signs and Maps in Scotland - Why it Matters*) le Ruairidh MacIlleathain, foilsithe ag Urras Leabhraichean Nan Eilean agus chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm orm.
ar na mallaibh recently
" Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh, áfach, a chothaigh díospóireacht shuimiúil ar an ábhar.
ar na mallaibh recently
" Ní eascaí don té nach raibh an galar seo air é a mhíniú agus is i litir i gceann de na nuachtáin laethúla ar na mallaibh, a scríobh Éireannach, atá ina chónaí thar sáile i Meiriceá Theas, a bhí an sainmhíniú is gonta faoi, nuair a mheabhraigh sé ‘go mothaíonn an duine gur éacht atá curtha i gcrích aige nó aici, nuair a thagann siad tríd aon lá amháin beo beathach agus gach dochar a bheith déanta acu dóibh féin.
ar na mallaibh recently
" An bhfuil an ceart acu, meas tú? Ar ndóigh, bhí baint nach beag ag cúrsaí ionannais – ionannas cine agus cultúrtha – leis na heachtraí ba bharbartha a tharla le linn an fhichiú haois agus arís ar na mallaibh – na mórshléachtanna a mharaigh na milliúin daoine san Uileloscadh, gan trácht ar Ruanda agus ar Bhoisnia.
ar na mallaibh recently
" Bhí bua beag amháin aici ar na mallaibh, ámh, a thóg an cian dá cuid tacaithe.
ar na mallaibh of late
" I léacht a thug sé i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh, léirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, amhras áirithe faoi cé chomh dáiríre is atá an próiseas maidir le leasú an Achta: “An dtapóidh muid, mar stát, an deis stairiúil seo nó ar mugadh magadh, cleasaíocht agus cur i gcéill a bheidh i gceist leis?” Ar an ábhar sin, is cúis díomá é nach bhfuil aon chinneadh déanta ag an Roinn maidir le moladh stuama a tháinig ó shaineolaí idirnáisiúnta ar phleanáil teanga faoin dóigh a chuirfí na haighneachtaí seo i dtoll a chéile.
ar na mallaibh recently
" Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann agus is cinnte gur sin mar a mhothaigh craobh Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, nuair a bhris an scéal ar na mallaibh gur éirigh lena n-iarratas, faoi dheireadh thiar, Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt chuig a gcathair i 2013.
ar na mallaibh recently
" Bhí an t-imreoir sacair John Terry i mbéal an phobail arís ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Tharla leabhar dá chuid a bheith á léamh agam ar na mallaibh, leabhar dar teideal *Guns, Gems and Steel a short history of everybody for the last 13,000 years*.
ar na mallaibh recently
" Cad é an rud é ‘an bonneagar riachtanach’ seo atá ag teacht idir muintir na Gaeilge agus codladh na hoíche? Sin an cheist a chuir Laoch na Litríochta ar roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na Gaeilge a bhí ag freastal ar chruinniú rúnda i bpluais Bhaloir ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Nuair a cuireadh ceist ar an Taoiseach in Ollscoil Harvard faoin ábhar seo ar na mallaibh, faoi an raibh sé i gceist ag an rialtas reatha aon athrú a dhéanamh ar an stádas vótála, thug sé freagra séimh seachantach agus é ag maíomh nach bhféadfaí é seo a dhéanamh i gcás na hÉireann leis an 70m gael a bhí thar sáile! Dar ndóigh, tuigeann an Taoiseach go rímhaith nach raibh sé sin i gceist ariamh, in aon fheachtas ar an cheist seo; níor moladh ariamh go dtabharfaí an vóta do gach uile imirceach a d’imigh as an tír ó thus ama ach go gcuirfidh teorainn chiallmhar de bhlianta leis, mar chúig nó deich mbliana a luadh leis.
ar na mallaibh recently
" “Dá mbeadh sé le déanamh agam arís, is cinnte nach rachainn go Fouquet’s,” a dúirt Sarkozy agus é i mbun a chuid ‘mea culpa’ ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Foilsíodh tuarascáil, ar a dtugtar an Gonski Report, ar na mallaibh, ámh, a mholann athruithe do mhaoiniú scoileanna na tíre a réiteodh an cheist achrannach seo – dá gcuirfí i bhfeidhm iad.
nuair a bhuail mé leis ar na mallaibh when I met him recently
" “Conas a tharla an t-athrú seo i do shaol?” d’fhiafraigh mé de nuair a bhuail mé leis ar na mallaibh.
Ar na mallaibh recently
" Ar na mallaibh, fosta, sheol an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich an scéim pleanála teanga don Ghaeltacht chomh maith le scéim thacaíochta do theaghlaigh.
ar na mallaibh recently
" Cár chuala muid a leithéid cheana? An cúigiú duine a balbhaíodh ar na mallaibh ná an tAthair Brian Mac Dorchaí, an sagart cáiliúil sin de chuid Ord na Croise agus na Páise, fear cróga, oscailte, Críostaí, a bhfuil a shaol caite aige ag cuidiú le daoine.
ar na mallaibh recently
" Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh.
ar na mallaibh of late
" Féinfhoilsiú? Ní rabhas riamh róthógtha leis an tuairim ach tá beagnach scór leabhar féinfhoilsithe agam ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Bhíothas ag siúl go mbeadh trúpaí Astrálacha ar fiannas san Afganastáin go ceann dhá bhliain eile ar a laghad, ach mhaígh Karzai ar na mallaibh go raibh a chuid fórsaí féin réidh le freagracht a ghlacadh as an tslándáil i gceantair áirithe na tíre.
chinntigh siad ar na mallaibh they recently confirmed
" Lena gceart a thabhairt daoibh, chinntigh siad ar na mallaibh go dtionólfar comhdháil fá choinne an bunreacht a leasú.
ar na mallaibh recently
" Is léir, ar ndóigh, nach eisceacht í Oifig an Ombudsman siocair gur inis an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, do Chomhchoiste Oireachtais ar na mallaibh go bhfuil breis is 70 scéim eile fós gan réiteach.
ar na mallaibh recently
" Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh a chuireann amhras sa bhreis i maíomh O Farrell go bhfuair na hinimircigh Éireannacha réidh leis an teanga a luaithe ab fhéidir leo.
ar na mallaibh recently
" D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
ar na mallaibh recently
" An mór an baol dóibh má fhanann siad dílis do réimeas Al-Assad? Nó an ceart dóibh tacú leis trodairí an fhreasúra, nó an tír a fhágáil má tá ar a gcumas é sin a dhéanamh? Catacóm San Lorenzo di Beffi ============ Saoithiúil go leor - agus roinnt de na pobail Chríostaí is sine sa Mheán-Oirthear i mbaol a ndíothaithe, fuaireamar léargas nua ar luathstair na Críostaíochta san Eoraip nuair a thángthas ar na mallaibh ar iarsmaí seandálaíochta a bhaineann le cuid de na pobail Chríostaí is luaithe san Iodáil.
ar na mallaibh recently
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
ar na mallaibh recently
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
ar na mallaibh recently
" Mar is eol duit, tá leabhar an duine foilsithe againn ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" *‘Global Aphasia’* ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Bhí ceist na n-ainmneacha dúchais sna Fritíortha ina mórábhar arís ar na mallaibh mar gheall ar dhá fheachtas sa taobh seo domhain.
Táidsíceastáin ar na mallaibh Tajikistan recently
" Lucht na cóilíneachta úd, Iosrael, bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as a gcuid ladrann siadsan sa Táidsíceastáin ar na mallaibh, cionn as gur bhuail taom scanradh iad nuair a thosaigh cuid acu, na ladrainn, ag dúiseacht astu féin san oíche.
ar na mallaibh recently
" Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).
ar na mallaibh recently
" Bhí caint spreagúil á tabhairt ag Donncha Mac Fhionnlaoich, TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, ag Scoil Gheimhridh Cholm Chille i nGartán ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Sin an t-adhmad atá le baint dar liom as taighde a d'fhoilsigh an Irish Times ar na mallaibh ar na grádanna a tugadh in ábhair Ardteiste le trí bliana anuas.
ar na mallaibh recently
" Ach san aonú haois is fiche, is ceist í seo atá fós chun tosaigh, sa Ghearmáin ar na mallaibh go háirithe.
ar na mallaibh recently
" “Cinnte bhí daoine ann a léirigh suim sna ranganna ach a tharraing siar nuair a thosaigh na hagóidí, ach chonaic mé sin ag athrú rud beag ar na mallaibh, ach ba é an deacracht ba mhó é nach dtiocfadh le daoine an foirgneamh a bhaint amach agus chaill muid go leor daoine, ní cionn is go raibh fadhbanna acu leis an teanga ach nárbh fhéidir leo na ranganna a bhaint amach mar gheall ar na hagóidí.
ar na mallaibh recently
" Osclaíodh iarsmalann ag Galong ar na mallaibh a thugann léargas cuimsitheach ann ar scéal an tsuímh agus tugtar ‘An Abiding Presence: Galong’s Land and People’ ar an taispeántas.
ar na mallaibh recently
" Ghlac na nascanna seo muid go hAlbain ar na mallaibh ar deireadh seachtaine chun Oileáin Í Cholm Chille, agus ó croílár ríocht Dál Riata ag Dún Add, áit a ndearna siad ceiliúradh ar chéad turas Cholm Chille féin chun an oileáin agus chun críocha Dál Riata in Albain sa bhliain 563.
ar na mallaibh recently
" Luaigh sé an scaifte Gaeilgeoirí a chuaigh suas go Baile Átha Cliath ar na mallaibh chun labhairt leis an *‘Implementation Committee’* sa Dáil faoin fhadhb seo.
ar na mallaibh recently
" Mar fhocal scoir, ceapadh duine nua ina Ard-Aighne ar na mallaibh.
ar na mallaibh recently
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.