Pota Focal Intergaelic
any | man | mana | mane | mang
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos feiceálaí more noticeable
" Dar ndóigh, ní bhaineann an feiniméan seo leis an Rinn amháin ach tá sé níos feiceálaí i nGaeltacht na nDéise toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin.
níos gaofaire more windy
" Is é an t-aon áit in Éirinn, go bhfios domhsa, atá níos gaofaire ná Gleann Cholm Cille! Tá mé féin den bharúil go bhfuil cósta Aontroma ar cheann de na háiteacha is deise sa tír.
bhí sé níb áisiúla it was more convenient
" Ach in imeacht na mblianta, nuair a bhí iriseoirí ag tagairt do Thriail na nArm bhí sé níb áisiúla tagairt a dhéanamh don bhreithiúnas seachas na fíricí ar fad a chur i láthair arís.
ba mhinice ná a mhalairt more often than not
" Go deimhin, ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
ar bís a líon a chur in iúl dying to show how many of them there are
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl.
a shíolraíonn a mbunús that most of them derive
" Meastar gur ó sheanteangacha na Mayach a shíolraíonn a mbunús.
sa tslí is éifeachtaí in the most effective way
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
na seisiúin is pléisiúrtha the most pleasant sessions
" Rud eile atá tábhachtach a thuiscint ná go mbíonn na seisiúin is pléisiúrtha ag tarlú san iarnóin go minic, seachas san oíche.
níos beaichte more accurate
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
níos báúla more sympathetic
" An mbeidh sí níos báúla leis na náisiúnaithe nó an mbeidh sí cosúil leis an L21A1?
an dara cur chuige is éifeachtaí the second most effective approach
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
níos leitheadaí more widespread
" Ar an ábhar sin tá gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ar nós PDA (Personal Digital Assistants/Cúntóirí Pearsanta Digiteacha) ag éirí níos leitheadaí agus níos riachtanaí i measc an ghnáthphobail agus an lucht gnó chomh maith.
ruball ar an scéal more to the story
" " Cinnte chuirfeadh sin cár ar dhuine ar bith ach d'aithin sé go raibh ruball ar an scéal agus go mbeadh Liam ar an ruball sin.
níos scoite amach more separated
" Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.
níos caoinfhulangaí more tolerant
" An mbaineann sé le cén saghas daoine sinn, lenár stair, lenár gcultúr, leis an saghas pobail ina bhfuilimid ag iarraidh a bheidh ag maireachtáil - sochaí níos cothroime, níos cóire, níos caoinfhulangaí? An múintear gach ábhar sa tslí sin? Ní dóigh liom é.
ruball ar an scéal more to the story
" " Cinnte chuirfeadh sin cár ar dhuine ar bith ach d'aithin sé go raibh ruball ar an scéal agus go mbeadh Liam ar an ruball sin.
níos gníomhaí more active
" Cad é faoin Fhronta Pan-Náisiúnaíoch? Tá bearna idir an SDLP agus Sinn Féin, tá Bertie Ahern ag obair lámh ar láimh le Tony Blair (agus é ag breathnú ar an chéad olltoghchán eile ó dheas), tá rialtas úr i Meiriceá nach bhfuil chomh tógtha sin fá cheist na hÉireann, ainneoin go raibh siad níos gníomhaí go dtí seo ná mar bhí daoine ag dúil leis (ach ní chuideoidh cás "Thriúr Bogota" le nascanna rathúla le Washington a chothú do Shinn Féin).
corradh le more than
"corradh le 40 milliún Gael-Mheiriceánach sna Stáit Aontaithe, agus cé nach bhfuil an Ghaeilge ag mórán daoine, tá an líon daoine a bhfuil an teanga acu ag méadú le blianta beaga anuas.
níos doicheallaí more inhospitable
" Táthar níos doicheallaí leo i saol comhaimseartha na hÉireann.
ní ba bháúla more sympathetic
" Deirimid go mbeimis i bhfad ní ba bháúla leo dá mbeidís ní ba fhreagraí.
ní ba fhreagraí more responsible
" Deirimid go mbeimis i bhfad ní ba bháúla leo dá mbeidís ní ba fhreagraí.
ansa most beloved
" Leis an trí shórt bídh dob ansa le Fionn Mac Cumhaill luaitear: Iascach mara muirí ó chríochaibh Bhaoi is Bhéarra, Méarán Faoide fíorghlaine, duileasc ó chuantaibh Chléire.
tuilleadh tacaíochta more support
" Tá sé in am do lucht na Gaeilge agus bainistíocht an stáisiúin féin tabhairt faoi fheachtas le tuilleadh tacaíochta a mhealladh don stáisiún.
Níor lú ar Rita an diabhal ná Rita hated nothing more than
" Níor lú ar Rita an diabhal ná Hobnobs ach ní ligfeadh an náire di gan a n-ithe.
is oiriúnaí most suitable
" Nach é seo an ról is oiriúnaí dúinne sa saol corrach atá romhainn?
a thuilleadh any more
" net/pg/) a chuir tús leis an ngluaiseacht chun leabhair a chur ar fáil ar ríomhairí agus is féidir teacht ar na mílte leabhar nach bhfuil cóipcheart orthu a thuilleadh ar an suíomh gréasáin atá ag an tionscadal.
a bheag nó a mhór more or less
" Ach tá difear tábhachtach ann idir an dá phobal sa chás seo: tá an chuma chéanna ar na hÉireannaigh agus ar na Sasanaigh, a bheag nó a mhór, agus tá an blas céanna ag an dara glúin, cé go mbíonn siad ag ócáidí sóisialta Éireannacha agus mar sin de.
na dúnmharaithe ab uafásaí the most horrific murders
" Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.
níos béasaí more polite
" Tá daoine níos ciúine agus níos béasaí.
níos cumhachtaí more powerful
" Níl daoine chomh sásta is a raibh súil ag na déantúsóirí leis ríomhairí níos cumhachtaí a cheannach.
níos tarraingtí more attractively
" Le sin a dhéanamh, bíonn orthu a bpraghsanna a ísliú, agus bíonn an bua ag an dream ar féidir leo an táirge a mhargú ar bhealach níos tarraingtí, nó a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, agus dá bhrí sin ar chostas níos ísle.
níos trombhríche more significant
" Bímis ag faire go géar ar an réaladh seo mar is fíric níos trombhríche ná an GNP í.
is dícheallaí most diligent
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun an baile is dícheallaí in Éirinn ar son na Gaeilge a roghnú.
níos feiceálaí more conspicuous
" Tá an Ghaeilge níos feiceálaí i gceantair a bhfuil coistí Ghlór na nGael iontu.
níos lárnaí more central
" An óige a bheith níos lárnaí agus níos páirtí in obair Ghlór na nGael.
is gannchúisí most scarce
" Tá rún ag mo sheanchara, Daithí Atanburó, clár teilifíse speisialta a dhéanamh go luath, é bunaithe ar an trí chineál is gannchúisí ar domhan: An Misinéir Éireannach, An Dílseoir Sásta agus Muintir Bhocht na Gaeltachta.
níos déine more severe
" Éagórach ======= An rud a chuir olc ar go leor do lucht tacaíochta an stáisiúin ná go raibh an chuma ar an scéal go raibh na ciorruithe a bhí á ndéanamh ar RnaG níos déine ná mar a bhí ar a deirfiúracha in RTÉ, Radio 1 agus 2FM.
sceideal níos éagsúla a sholáthar provide a more varied schedule
" Thabharfadh seo an deis dóibh réimse níos leithne sainchláracha a chur ar fáil agus sceideal níos éagsúla a sholáthar.
níos forleithne ná riamh more widespread than ever
" Bhí na víris ríomhaireachta a bhí sa timpeall níos forleithne ná riamh, agus fuair siad i bhfad níos mó poiblíochta dá bharr.
níos eagraithe more organised
" Má cheapann tú nach gá duit do shaol a athrú ach gur mhaith leat é a bheith níos eagraithe, b'fhéidir go gcabhródh féilire ar líne leat ar nós an chinn atá curtha ar fáil ag Yahoo! ag http://uk.
an rud is fiúntaí the most worthwhile thing
" 143", píosa scríofa ó 1995, deir sé: whole world + the work= the whole world an rud is fiúntaí ======= Ag déanamh beag is fiú dá shaothar féin, admhaíonn sé nach fiú mórán é agus sa deireadh thiar thall gurb é a domhan atá thart orainn an rud is fiúntaí.
a mbunús mór most of them
" Ó thaobh na bparamíliteach de, ó thús na bliana seo caite go dtí tús mhí Lúnasa 2001, caitheadh 134 buama píopa (ar phléasc 50 acu), a mbunús mór ar thithe Caitliceacha.
níos duibheagánaí deeper, more profound
" Measaim féin go bhfuil na fadhbanna níos duibheagánaí ná sin.
gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid that this image was more suitable for the likes of me
" Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid.
níor lú uirthi an diabhal she would hate nothing more
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
níos féinmhuiníní more self-confident
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
barraíocht too many
" Páirtí gan rogha ar bith ======= Ó pháirtí le barraíocht roghanna go dtí páirtí gan rogha ar bith: Sinn Féin.
is luachmhaire most valuable
" Is de bhunús Laidineach duine is gach ochtar sa tír, agus tá páistí na Laidineach i measc na n-acmhainní is luachmhaire dá bhfuil ag Meiriceá.
ag breathnú níos géire looking more sharply
" Thosaigh sé ag breathnú níos géire ar an nádúr agus braitheann sé gur ag an am seo a thosaigh an réamhobair don dráma "Pádraic Ó Conaire".
Is luachmhaire na crainn trees are more valuable
" Is luachmhaire na crainn agus éiceolaíocht Chill Mhantáin dúinn ná oidhreacht agus cultúr an duine dhaonna, is cosúil.
ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr Nuala's uneasiness grew more intense
" D'éirigh an choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr, go háirithe anois agus beirt leanaí aici.
na cearta is bunúsaí the most basic rights
" Bhí troid uafásach le déanamh chun na cearta is bunúsaí, fiú amháin, a bhaint amach, chun go nglacfaí le guth ban le meas agus go n-éisteofaí linn.
D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile Many refugees sewed their lips together
" D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo.
a thuilleadh any more
" Cé go bhfuil a sliocht fós ann, is beag atá fágtha dá dteanga, agus ní labhraítear í a thuilleadh ó lá go lá.
is beadaí most fastidious
" Is é an t-ainmhí is beadaí é ó thaobh cúrsaí beatha.
is neamhchoitianta most unusual
" Ach is é an platapas an t-ainmhí is neamhchoitianta sa tír.
níos coitianta more common/popular
" Dar le príomhchoileach seo na sicíní i gContae Chiarraí go bhfuil an smíste *baseball* anois níos coitianta ná an camán faoi Thuaisceart Chiarraí.
níos tromchúisí more important
" Scéal níos tromchúisí go mór a bheadh ann dá mbeadh Caitliceach ag iarraidh comaoineach a ghlacadh in Eaglais Phrotastúnach!"
is cáilithe most qualified
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
is faide soir most easterly
" Is é an t-oileán is faide soir é de na trí cinn, mar is léir ón seanleagan den ainm Inis Oirthir.
a bheag nó a mhór more or less
" Athraíonn na ceisteanna ó sheachtain go chéile ach deirtear liom gurb iad na freagraí céanna iad a bheag nó a mhór.
is luachmhaire most valuable
" (Ní gá dóibh a bheith buartha: dianchosc ar chearrbhachas sa tír seo… ainneoin gur i nDúbai a ritear an rás capall is luachmhaire ar domhan).
níos amhrasaí more wary
" " Tá sé sásta leis an chonradh nua atá faighte aige le EMI ach braitheann tú go bhfuil sé níos amhrasaí anois de bharr an mhéid a tharla dó le Hummingbird.
Gheall a bhformhór most of them promised
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
Gheall a bhformhór most of them promised
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
níos dána more bold/troublesome
" Agus tá sé seo ag tarlú ag am nuair atá daltaí ag éirí níos dána.
Níor lú ar Bhríd an diabhal Bríd hated nothing more (couldn't stand)
" Níor lú ar Bhríd an diabhal nó a bheith ag obair le Tomás.
Níos minice ná a mhalairt more often than not
" Níos minice ná a mhalairt, áfach, níor ghá focal Béarla a úsáid toisc go raibh focal Gearmáinise leis an mbrí chéanna ar fáil.
ní ba nimheanta more venomous
" A gclann mhac ní ba nimheanta in éadan a chéile ná mar a bhí a gcuid aithreacha, cé go raibh a gcuid aighnis ligthe i ndearmad le himeacht aimsire ó thréig na Seoigigh an ceantar tar éis bhás tragóideach an tSean-Seoigigh.
ba sciliúla most skilled
" I bhfocail eile bhuaigh foireann Átha Cliath ar na trí fhoireann ab fhearr a bhí ann ag an am, foirne ar a raibh na peileadóiri ba sciliúla agus ba cháilúla in Éirinn acu.
sa tréimhse is mó idéalachais dá saol in the most idealistic period of their lives
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
ní ba shuaimhní more relaxed
" De réir mar a chuaigh an comhrá ar aghaidh, áfach, bhraith mé gur éirigh sí ní ba shuaimhní agus go raibh sí ní ba thoilteanaí a bheith ag roinnt a cuid tuairimí liom.
ní ba thoilteanaí more willing
" De réir mar a chuaigh an comhrá ar aghaidh, áfach, bhraith mé gur éirigh sí ní ba shuaimhní agus go raibh sí ní ba thoilteanaí a bheith ag roinnt a cuid tuairimí liom.
cúisíodh níos mó ná leath more than half were prosecuted
" Sa bhliain 2000 gabhadh 62,000 duine; astu sin cúisíodh níos mó ná leath.
a bhformhór most of them
" B'as áiteanna faoin tuath i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht a bhformhór.
a bheith níos rannpháirtí to participate more
" Féachtar ar Celtic go minic mar cheann de phríomhchrainn taca an chultúir Éireannaigh-Chaitlicigh in Albain ach chomh maith leis sin chabhraigh an club le Caitlicigh a bheith níos rannpháirtí agus níos gníomhaí sa tsochaí.
rídhéanaí up to date, most recent
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach agaibh? An sprioc mór a leagamair síos dúinn féin ó thosach ná réimse de phacáistí ríomhaireachta a sholáthar ag cur chultúr na hÉireann i láthair leis an teicneolaíocht is rídhéanaí, agus tá sé sin á dhéanamh againn.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
ar dhóigh níos éifeachtaí in a more effective way
" Rinne sé cúrsa oiliúna seachtaine le Raidió na Gaeltachta le déanaí agus d'fhoghlaim sé go leor rudaí, ina measc an tslí lena ghuth a úsáid ar dhóigh níos éifeachtaí.
níos glinne more clear
" "Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúla ná súilín slim sleaiceáilte Bhalor.
agus níos gangaidí more venomous
" "Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúla ná súilín slim sleaiceáilte Bhalor.
níos goimhiúla more stinging/virulent
" "Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúla ná súilín slim sleaiceáilte Bhalor.
ní bhacann a bhformhór most of them don't bother
" Bíonn ar na léachtóirí saothar mór a chaitheamh chun na mic léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh sna ranganna agus mar sin de ní bhacann a bhformhór leis seo a dhéanamh mar gur dóigh leo gur am amú é.
d'fhormhór na ndaoine for most of the people
" Ní raibh an t-aistriú éasca d'fhormhór na ndaoine a rinne é.
níos éifeachtaí more effective
" De réir taighde atá déanta ar dhaoine a dheineann teilea-obair ón mbaile nó nuair a bhíonn siad ag taisteal, bíonn an saghas sin oibre idir 10 agus 30 faoin gcéad níos éifeachtaí toisc go mbíonn níos lú cur isteach ar an oibrí agus toisc nach gá am a chur amú ag taisteal chun na hoifige.
ba mheasúla more respectable
" Cuimním i gcónaí ar an rud a dúirt sé liom ansin: '*Sure*, níl staighre ar bith i dteach s'agaibhse'!" D'éirigh i bhfad níb fhearr le Ó Searcaigh sa mheánscoil, cé go ndeachaigh sé go dtí an cheardscoil i nGort an Choirce seachas go dtí an scoil ní ba mheasúla ar an Fhál Carrach.
le hoiread fíricí with as many facts
" Cha raibh ionainn ach soithigh bheaga agus chaithfí na soithigh sin a líonadh le hoiread fíricí is a thiocfaí a chur isteach iontu.
cé ab fhóirsteanaí dó who was the most suitable for him
" Rinneadh cleamhnas dó ach bhí triúr ban ar an ghearrliosta agus b'éigean domhsa a theacht leis agus socrú a dhéanamh cé ab fhóirsteanaí dó.
is sinsearaí most senior
" Tá sé curtha i leith George Pell, Ardeaspag Caitliceach Sydney agus an cléireach is sinsearaí sa tír go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhuachaill dhá bhliain déag d'aois i 1961 nuair a bhí Pell ina ábhar sagairt.
bunús na ndaoine most of the people
" Beo bocht ======= Sa tseanam ba ar an iascaireacht agus ar an fheirmeoireacht a mhair bunús na ndaoine, dalta pobal na tuaithe i ngach áit eile, agus taobh amuigh den tae, siúcra agus an plúr bhí gach bia eile dá gcuid féin acu.
is práinní most urgent
" Cén mhaith é ollchruinniú domhanda a reáchtáil gan dul i ngleic leis an gceist is práinní agus is lárnaí, téamh domhanda? Agus céard is fiú an dráma Hamlet a chur ar stáitse gan an prionsa? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir.
is toirtiúla the most bulky
" Sin an leabhar Gaeilge is toirtiúla agus is údarásaí dá bhfuil ann i láthair na huaire agus an ceann is minice a ndéantar tagairt dó mar fhoinse iontaofa ó thaobh na gramadaí de ag duine ar bith ar cás leis ceart gramadaí.
thar a bheith gnóthach most busy
" " Albam ======= Tá sé beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha.
gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh that it was the most sensitive piece of architecture
" Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.
níos glóraí more vocal
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
níos casta more complicated
" Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.
cruthaíodh níos mó spáis more space was created
" Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla.
níos conspóidí ná riamh more controversial than ever
" Sa gcás sin beidh an Bosca Lóin agus a bhfuil istigh ann níos conspóidí ná riamh.
nár lú ar Áine an diabhal Áine hated nothing more
" Níor dhúirt an t-athair a dhath ach shuigh sé siar agus a phíopa á lasadh aige, cé go raibh a fhios aige go maith nár lú ar Áine an diabhal nó duine a bheith ag caitheamh ag am dinnéir.