Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur thar maoil overflowing
" Dúirt sé go magúil cúpla uair go raibh sé chun na hamhráin chiúine a chasadh ag tús na ceolchoirme mar go raibh sé cinnte de go mbeadh an áit ag cur thar maoil le daoine roimh dheireadh na hoíche.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an bus ag cur thar maoil le daoine mar go raibh sé tar éis a sé tráthnona.
sa ngléas B maol in the key of B flat
" Bíonn seisiún an-bhreá ar fad ann chuile bhliain san iarnóin Dé Céadaoin, sa ngléas B maol, gléas atá ciúin, álainn agus séimh.
Sruth na Maoile The Sea of Moyle
an Mhaoil Rua Mulroy Bay
" Ar an taobh eile tá an Mhaoil Rua agus Ros Guill.
go raibh an gob cineál maol that the point was rather blunt
" D'aithin sí ar an chéad iarraidh go raibh an gob cineál maol aici agus bhí uirthi a dhul ar thóir cloiche faobhair.
E-maol E-flat
" Tá trí cinn agam faoi láthair - ceann ar airde ceolchoirme, ceann eile in E-maol agus an tríú ceann i B-maol.
ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán overflowing with thousands of apartment blocks
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
ag cur thar maoil overflowing
" Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
na bairillí ag cur thar maoil the barrels overflowing
" An leor sin daoibh?” “Is leor sin dúinne!” arsa an boc mór rúnda, agus as go brách leo le Leamh ina measc chuig puball na haíochta, áit a raibh an gabhar á róstadh agus na bairillí ag cur thar maoil.
ag cur thar maoil overflowing
" I litir a seoladh chuig an Tánaiste ar an 26 Bealtaine, 2005, dúirt an tOllamh Martin Cormican, Uachtarán Chumann Micreabitheolaithe Clinicúla na hÉireann, go mbeadh an baol ann go gcuirfí go mór le tolgadh MRSA dá gcuirfí tuilleadh othar sna bardaí, atá dar leis ag cur thar maoil cheana féin.
ag cur thar maoil overflowing
" “Tá sé iomlán éagsúil anois; má fhógraíonn tú anois go bhfuil tú ag iarraidh láithreoir a fháil, tagann málaí móra isteach an doras, ag cur thar maoil le CVs ó dhaoine atá ag iarraidh a theacht isteach anseo.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an chathair ag cur thar maoil le diúgairí, hataí plaisteacha glasa ar a gcloigne, iad ag canadh, ag scréachaíl, agus, ar ndóigh, ag tógáil gach aon tacsaí a thiomáin thart.
ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha overflowing with positive and negative adverts
" Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile.
ag cur thar maoil le overflowing with
" Foireann a bhí ann a bhí ag cur thar maoil le hiománaithe den scoth: Whelehan, Troy, Pilkington, Hanamy, Dooley, Duignan agus araile.
ag cur thar maoil le físeáin full of videos
" Nuair a mharaigh Cho Seung-Hui 32 dá chomhscoláirí in Virginia Tech in Aibreán 2007, ba ar bhlaganna a bhí an cur síos ab uafásaí den slad agus iad ag cur thar maoil le físeáin agus grianghraif fón póca.
Shruth na Maoile the North Channel
" Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt! Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh.
ag cur thar maoil le hoibrithe gorma. overflowing with black workers.
" Níorbh fhada go raibh cathracha déantúsaíochta mar Detroit, Michigan, Paterson agus Nua-Gheirsí ag cur thar maoil le hoibrithe gorma.
ag cur thar maoil overflowing
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
ag cur thar maoil overflowing
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
maol bald
" maolaíonn an stoirm agus muid ag teacht gar don uaigh amhail is dá mba radharc ó scannán é.
ag cur thar maoil le smaointe overflowing with thoughts
" Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú *thar* lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.
rugadh maol ar caught red-handed
" Ba ríléir gur rugadh maol ar an naonúr agus ní raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach an choir a admháil agus dul i muinín trócaire na cúirte.
ó mhaol go mullach from bad to worse
" Is fíor gur tír í a théann ó mhaol go mullach go minic agus is tír í a bhfuil éagsúlacht iontach ag baint leis an chumas a bhaineann lena cuid ceannairí.
ó mhaoil go mullach from bad to worse
" Chuaigh cúrsaí ó mhaoil go mullach nuair a bunaíodh buíonta forairdill i measc na mac léinn Indiach in Melbourne ag trí stáisiúin traenach, agus nuair a tharla ionsaithe díoltais in Harris Park, bruachbhaile in iarthar Sydney, tar éis ionsaí eile ar mhac léinn Indiach ann.
cur thar maoil bursting at the seams
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
chloigeann maol bald head
" Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh! Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás.
Shruth na Maoile Mull of Kintyre
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
mhaol blunt
" 'Uirlis mhaol' a thug an Teachta Kenny ar an iallach a chuirtear ar dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an teanga don Ardteist.
Más Dona Maol is Measa Mullach from bad to worse
" Más Dona Maol is Measa Mullach =============== Fiú gan an trioblóid sin, bheadh dúshlán mór roimh pháirtí an rialtais cheana féin - na Daonlathaigh.
ó mhaoil go mullach from bad to worse
" *Out of the frying pan, into the fire* a deirtear i mBearla – ‘ó mhaoil go mullach' is dóigh - agus tá muintir an tuaiscirt i ndiaidh bogadh ó ré na dTrioblóidí go dtí ré an chruacháis agus ciorruithe fíochmhara le cur i bhfeidhm ag Feidmheannas Stormont.
cur thar maoil brimming over
" Bíonn sliogiasc de gach cineál i séasúr ag an tráth seo bliana, muiríní agus oisrí go speisialta, ach bíonn na stallaí sna siopaí éisc ag cur thar maoil le gliomaigh agus le portáin freisin.
maol shaven, bald
" Bhí na mná uilig maol, le slabhra troma timpeall a muinéal, agus iad ag díol seodra agus áilleagáin thraidisiúnta.
Más Olc Maoil is Measa Mullach going from bad to worse
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
maol bald
" Ansin seolann an ‘lománaí’ Sualannach - cosoibrí as radharc de ghnáth in íochtar an chomhluchta - fear tuatach, maol, béalbhearnach; léine páircíneach, geansaí bídeach agus treabhsair éagcruthacha á chaitheamh aige - casann an fear mórchroíoch, íogair, tuisceanach, éisteacht seo isteach in oifig Natalie lá amháin, agus - voila! Anois, tá sé beagáinín níos casta ná sin, ach tá breis agus dóthain ansan le bheith ag dul ar aghaidh leis.
ag cur thar maol brimming over
" Cén fáth, mar sin, nach bhfuil na Stáit Aontaithe ag cur thar maol le cainteoirí Gaeilge? An é rud é, b'fhéidir, nach bhfuil sí á múineadh i gceart? Ar ndóigh, níltear ag rá nach múintear teangacha i Meiriceá.
Sruth na Maoile the Mull of Cantyre
" Ar an taobh eile den scéal, is eol don saol Fódlach go mbíonn amharc thar Sruth na Maoile ar Cheann Tíre na hAlban.
oileán a fheiceáil ar mhaol na bóchna seeing an island perched on the wave
" Pé scéal é, is de sheandraíocht an tsaoil oileán a fheiceáil ar mhaol na bóchna san áit nach mbíonn de ghnáth ach ceo.
Uirlis mhaol a blunt instrument
"Uirlis mhaol,’ a thug sé ar an iallach a bhíonn ar dhaltaí scoile céad teanga an stáit a fhoghlaim don Ardteist.
bhí teach an phobail ag cur thar maoil the chapel was teeming
" Reáchtáladh Aifreann éagnairce i bparóiste Naomh Pádraig in Wangaratta, an baile is mó i ndúiche Uí Cheallaigh, i mí Eanáir agus bhí teach an phobail ag cur thar maoil le daoine.
Más Dona Maoil, is Measa Mullóg if things are bad, things can be worse
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
de Shruth na Maoile of the Mull of C.
" Beidh an ceiliúradh seo bunaithe ar an oidhreacht shaibhir de cheol diaga a thagann ó thraidisiúin na Gaeilge ar an dá thaobh de Shruth na Maoile agus beidh slua ceoltóirí ó Albain agus Éirinn rannpháirteach ann.
gruagach agus maol hairy and bald
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
na tionóntáin ag cur thar maoil the tenements flowing over
" Bhí na tionóntáin ag cur thar maoil le daoine agus ba ghnách leis na fir óga, dífhostaithe teacht le chéile ag cúinní sráide.
ag cur thar maoil jam-packed
" Bhí an seomra ag cur thar maoil le lánúineacha comhghnéis, a gcairde agus a ngaolta faoi bhratach mhór den bhogha ceatha.
maoile ar a bhaithis bald on top
" Thiteas i ngrá le ‘American Hustle’ ón chéad amharc ina bhfuil Irving (Christian Bale) liobarnach sa ról seo agus maoile ar a bhaithis.
an aigne mhaol dhiúltach the obtuse closed mind
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
ag cur thar maoil filled to capacity
" Bhí Staid Pirtek i Parramatta ag cur thar maoil.
ag cur thar maoil flowing over
" ======================== Ina cholún seisean ar an nuachtán *The Sunday Independent*, áitíonn Colm Ó Ruairc, tráchtaire de chuid RTÉ ar chúrsaí peile agus iarlaoch peile de chuid contae na Mí, go bhfuil a anam díolta ag an CLG le *Sky TV* agus pócaí Rubert Murdock gur leis an gcomhlacht Sky líonta acu dá réir (amhail is nach raibh na pócaí céanna ag cur thar maoil mar atá).
rachaidh sé go maoil a mhainge it’ll really push him
" An té a bhfuil cúram roinnt déagóirí faoi chaolachaí an tí nó níos measa fós, go bhfuil siad ag roinnt tí le mic léinn eile le linn freastal ar an ollscoil, rachaidh sé go maoil a mhainge soláthar mar ba cheart ar a theaghlach ar an meántuarastal tionsclaíoch.
de mhaoil a mhainge by the skin of their teeth
" Comhrialtas faoin Lucht Oibre a bhain cumhacht de mhaoil a mhainge amach san Astráil.