Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail as pioneers in this type of project
" Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag an tionscadal i measc phríomhghníomhairí na cathrach agus mhuintir na cathrach, chomh maith le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail.
bíodh an deabhal aige seo mar obair to hell with this for a job
" Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae "bíodh an deabhal aige seo mar obair" agus éirí as.
conas mar a ritear na heagraíochtaí seo how these organisations are run
" Ach is é an Coiste seo a bheartaíonn cé mar a chaitheann na seirbhísí rúnda, leithéidí MI5, MI6 agus an t-ionad éisteachta GCHQ, a gcuid airgid, conas mar a ritear na heagraíochtaí seo agus cad iad na polasaithe a chleachtann siad.
gur seo mar a cailleadh é that this is how he died
" B’aisteach ar fad é a bheith ag breathnú síos ar an bhfear seo a bhí ina mhac, deartháir, *sweetheart* ag daoine, gan fios acu riamh gur seo mar a cailleadh é.
gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach that a meeting like this suited the federal government
" Tá daoine ann a déarfadh gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach, go dtabharfadh sé le tuiscint don phobal go raibh rud éicint ar siúl acu tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu le deich mbliana.
go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, that people would look at this as surrender,
" Is cosúil go bhfuil a fhios go maith aige go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, go háirithe agus an Iaráin ainmnithe aige san “axis of evil”.
mar a théadh siad roimhe seo. as they used to go out in the past.
" An toradh atá air sin ná go bhfuil díolachán alcóil sna hollmhargaí i ndiaidh méadú go mór agus tá daoine ag fanacht sa bhaile in áit dul amach mar a théadh siad roimhe seo.
mar chruthú air seo, as proof of this,
" Agus mar chruthú air seo, ní bheidh cead ag aon iomaitheoir dul thar dhaichead nóiméad (ach amháin má bhíonn an t-amhrán brónach).
Mar thoradh air seo, As a result of this,
" Mar thoradh air seo, ní bhíodh sa chluiche formhór an ama ach línte amach agus clibirtí.
Mar gheall air seo, because of this,
" Mar gheall air seo, deirtear san Astráil nach mbuann an freasúra an t-olltoghchán, ach go gcailleann an rialtas é.
Mar thoradh ar a gclár seo, As a result of this programme,
" Mar thoradh ar a gclár seo, d’éirigh le TG4 buaicphointí shacar na Spáinne a chraoladh uair roimh Eurosport agus 24 uair roimh Sky Sports.
mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, as is usual at this time of year
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
seo mar a nochtaíodh dó: this is what was revealed to him
" Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó: Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair.
go dtiocfaidh seo trasna mar shotal, that this will come accross as arrogance
" ” “Measaim i ndáiríre, agus tá a fhios agam go dtiocfaidh seo trasna mar shotal, go bhfuil mé níos cróga ná daoine eile.
atá mar theideal ar an saothar seo, is the title of this work
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar this historic year will be remembered
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
mar thoradh ar na timpistí seo, as a result of these accidents
" Ní hamháin go ngortaítear daoine agus go scriostar feithiclí mar thoradh ar na timpistí seo, ach cuireann siad moill ar an trácht agus méadaíonn siad plódú ar na bóithre.
ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, but as a result of the severity of the penalty
" Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú.
mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo because the semantics are so important in this particular case
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
i bhformaid mar seo in a format such as this
" Ní chuirfidh mé fiacail ann: tá sé i bhfad níos éasca ábhair mar “na meáin chumarsáide” agus “féiniúlacht agus an Ghaeilge” a scríobh i bhformaid mar seo – formaid a thaitneoidh leis an bpobal i gcoitinne – ná mar atá sé ábhair mar fhoclóireacht nó logainmneacha nó pholasaithe stáit i leith na teanga a dhéanamh tarraingteach don ghnáthdhuine.
ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo acting as spokesperson for this group
" Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.
spórt dainséarach mar seo a dangerous sport like this
" Ní raibh cead agam riamh spórt dainséarach mar seo a dhéanamh cionn is go raibh mé ag obair mar dhamhsóir gairmiúil; bhíodh cosc ar rudaí mar dhreapadóireacht agus sciáil i gceist sna conarthaí.
An dtiocfadh leat gnúis mar seo a shamhlú ar phápaire, could you imagine a face like this on a papist
" An dtiocfadh leat gnúis mar seo a shamhlú ar phápaire, a bhómáin? Bhuel, an dtiocfadh leat? Balor: Le do chead, a Ian, ní thiocfadh liom gnúis mar sin a shamhlú ar dhuine ar bith, seachas ort féin.
mar aisteoir an iarraidh seo as an actor this time round
" Tá sí os comhair na gceamaraí arís le tamall anuas, ach mar aisteoir an iarraidh seo seachas mar láithreoir.
nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo. that the police should not be armed like this
" Mar a thuigfeá, tá a lán daoine den tuairim nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo.
Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo because of the standard and breadth of these works
" Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin.
mar chuid lárnach den fhéile seo as a central part of this festival
" "Beidh an Ghaeilge mar chuid lárnach den fhéile seo agus is go dátheangach a dhéanfar í a sheoladh.
Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí this is how parents take care of their children
" Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí.
Mar is iondúil ag an am seo bliana, as usual at this time of year
" Ach céard faoi gcóisir leictreach seo a luaigh mé cheana? Picnic LeictreachMar is iondúil ag an am seo bliana, bhí an Picnic Leictreach, ar féile cheoil mhórthaibhseach í, ar siúl sa tSráidbhaile i gContae Laoise.
Mar seo é for example
" Mar seo é, bhí mé amuigh fá choinne dinnéir tamall ó shin i mbialann i mBaile Átha Cliath.
tógtha mar seo raised like this
" Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
Mar thoradh ar an tsiléig seo as a result of this neglect
" Mar thoradh ar an tsiléig seo, ceileadh deiseanna ardú céime ar chainteoirí Gaeilge agus cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státseirbhíseach chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas ar a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon.
bagairt mar seo a láimhseáil to handle a threat like this
" Ar ndóigh, tá neart áiseanna ag na póilíní le bagairt mar seo a láimhseáil, go mór mór tar éis na gcíréibeacha anuraidh.
tosaíocht do choir mar seo priority to a crime like this
" Ár ndóigh, tá sé in aghaidh an dlí a leithéid a dhéanamh: racially motivated hate crime a thugtar air agus de réir na bpóilíní tugann siad tosaíocht do choir mar seo.
comhartha mar seo such a sign
" Níl cruthú ann go raibh comhartha mar seo ar bhallaí seomraí ranga na Briotáine fadó, ach maireann an nath go fóill in aigne daoine.
machnamh mar seo consideration of this sort
" Roinnt againn, cé go raibh taithí fhairsing múinteoireachta againn, ní raibh machnamh mar seo déanta againn faoin seomra ranga Gaeilge ariamh cheana, agus b'oscailt súile dúinn é.
tarlaíonn eachtraí mar seo incidents like this happen
" Ach mar a dúirt mé thuas, tig leis an dúnmharú a bheith i gcathair ar bith, mar tarlaíonn eachtraí mar seo ar fud na tíre anois agus mar sin ní dóigh liom go mbeidh conspóid faoi, mar atá leis an dráma nua Village of the Damned le Des Dillon, scríbhneoir Éireannach eile.
Mar is léir ón tsracfhéachaint seo as is evident from this glance
" Mar is léir ón tsracfhéachaint seo, tá claonadh i dtreo na n-iarrthóirí daonlathacha sa Seanad agus san Uachtaránacht, ach ar bhonn "áitiúil" (na hIonadaithe Comhdála agus na hiarrthóirí stáit, fágaim) tá claonadh i dtreo na bPoblachtánach, gné a léiríonn an bhéim ar áitiúlacht atá á leagan ag an Tea Party.
a leanann beartais mar seo which follow from plans like this
" Is mór an tionchar a bhíonn ag cláir fógraí ar aeistéitic áite, gan amhras, ach an féidir chomh maith creimeadh áirithe a bhrath ar chaighdeán morálta na n-údarás poiblí a leanann beartais mar seo? Deir Hanno Rauterberg, a scríobhann don nuachtáin Gearmánach, Die Zeit, gur cineál deachtóireacht nua atá san fhógraíocht nach bhfuil duine ar bith ábalta a sheachaint agus, le himeacht aimsire, go nglacfar leis mar rud atá, ní hamháin ‘nádúrtha,’ ach go bhfuil sé de cheart ag fógróirí an lámh in uachtar a bheith acu ar spásanna poiblí.
mar thoradh air seo as a result of this
" Sa chás Zambrano rialaigh an Chúirt nach bhféadfadh an Bheilg beirt Cholómach lasmuigh den dlí a dhíbirt mar go raibh a mbeirt leanaí ina saoránaigh Bheilgeacha, agus mar thoradh air seo, ina saoránaigh de chuid an AE.
hanfaí teochriosacha mar seo equatorial storms like this
" Mar a dhéantar le hanfaí teochriosacha mar seo, cuireadh ainm air: *‘Sandy’*.
mar gheall air seo for this reason
" Scigamhrán is ea Gangnam Style agus tá an físeán bunaithe ar mheascra radharcanna atá ina scigaithris ar fhíseáin popcheoil agus mar gheall air seo atá intuigthe ag lucht féachana timpeall an domhain.
mar is maith linn an dúiche seo because we like this country
" Tá muid uilig ag fanacht mar is maith linn an dúiche seo.
Mar thoradh ar an gcaiteachas seo resulting from this expenditure
" Mar thoradh ar an gcaiteachas seo, tá muid in ann leaganacha Gaeilge de cháipéisí teicniúla ón Aontas Eorpach a fháil, nach léitear.
breathnaíonn sé seo mar leithcheal this looks like discrimination
" Ar ndóigh, breathnaíonn sé seo mar leithcheal, agus sin an fáth go bhfuil éileamh Edith dulta chomh fada leis an gCúirt Uachtarach.
mar gheall air seo as a result
" Mhaígh sé gur homaighnéasach é ó bhí sé sna déaga is go raibh sé i mbaol géarleanúna ina thír dhúchais, Camarún, mar gheall air seo.
a chluintear abairtí mar seo does one hear sentences like this
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
is cinnte gur mar seo this is definitely
" Tá na ceardchumainn fíorlag sna tíortha seo fosta, agus is cinnte gur mar seo is fearr le leithéidí Primark agus Benetton.
mar thoradh air seo as a result
" "Ach an áit ina raibh cimí daortha, bhíothar ag eagrú Gaeltachtaí, ag léamh leabhar fá stair na hÉireann, leabhair an Phiarsaigh, Mháirtin Uí Chadhain, bhí siad ag léamh Franz Fanon agus ag foghlaim faoin streachailt san Ailgéir, fá Vítneam agus mar thoradh air seo, thuig siad go raibh siad mar chuid den aisfhreagra ar an domhandú agus den troid a bhí ag dul ar aghaidh in éadan an chos ar bolg.
mar gheall air seo due to this
" Is mar gheall air seo atá trácht le cloisteáil le roinnt blianta anuas ar bhaineannú na himirce.
gurb annamh a bhíonn aimsir mar seo againn seldom we have the weather like this
" ” “Ach, nach dtuigeann tú, a bhean,” arsa Balor, “gurb annamh a bhíonn aimsir mar seo againn; gur ón Eoraip a tháinig na piontaí sin atá tú ag ól, agus gur muintir ón iasacht atá ag seinm ceoil agus ag labhairt Gaeilge bhlasta thart ort sa teach tábhairne seo?” Ach ní raibh cluas le héisteacht ar an bhean, agus d’imigh sí léi ag lorg comhluadair eile.
Mar fhreagra ar an líomhain seo to answer this accusation
" Mar fhreagra ar an líomhain seo, dúirt an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, nach bhfuil sé i gceist go dtógfaí feirm gaoithe in achan pharóiste sa tír.
Is i gcúinsí mar seo it's in such circumstances
" Is i gcúinsí mar seo a tharla ceann de na heachtraí tubaisteacha, nuair a mharaigh an forairdeallaí armtha George Zimmerman déagóir darb ainm Trayvon Martin in eachtra in Sanford, Florida i bhFeabhra 2012.
mar gheall ar na ciorruithe seo because of these cutbacks
" Tá an iriseoireacht iniúchach ag éirú níos deacra agus níos deacra mar gheall ar na ciorruithe seo.
nárbh é eachtra mar seo wasn’t it an incident like this
" Na hAirm Ollscriosúla ========= Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
mar gheall ar an easpa eolais seo due to this lack of information
" Níl dáta nó teideal ag dul leis na pictiúir agus mar gheall ar an easpa eolais seo, mar aon leis an chur i láthair drámatúil, tá tréith chóir a bheith bíobalta ag baint leis an saothar.
Mar thoradh ar seo as a result
" Mar thoradh ar seo, bhí sé d’iomrá ar Ghlaschú go raibh sé ar an chathair ba chontúirtí agus ba mhó foréigean sa Bhreatain.
Is mar gheall air seo it’s for this reason
" Is mar gheall air seo a dhéanann Stáit dlíthe is beartais i réimse na hinimirce nach bhfuil ciall mhórálta ná gheilleagrach ag baint leo uaireanta.
caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo we must change this word at times like this
" Ortha na Seiceála, Seachas na Seirce ============= Crios iompair súisí atá san áis, a chuireann duine i ndiaidh dhuine os comhair an úsáideora – fir amháin, mná amháin nó fir agus mná, de réir do shocruithe gnéasachta – agus a thugann rogha don úsaideoir – caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo! - an duine a fheiceann siad a mharcáil le croí nó le crois.
Mar thoradh air seo as a result of this
"Mar thoradh air seo, tá 300 milliún Síneach tógtha amach as an bhochtaineacht, a deir sí.
Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo as you know about me by now
" Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo, níorbh fhear don gclaí mé riamh.
mar gheall ar an dlí seo due to this law
" Seo ceann de reachtanna na Géarleanúna atá fós i bhfeidhm agus mar gheall ar an dlí seo a cuireadh Maolra Seoighe chun báis mar ní raibh Béarla ar bith aige agus ní raibh Gaeilge ar bith ar an Bhreitheamh nó ag coiste na cúirte ina thriail.
a chaitheann suaitheantas mar seo who wear symbol(s) like this
" D’éisigh cúige mór eile i gCeanada, Ontario, an áit a bhfuil Toronto agus Ottawa, poiblíocht ag mealladh dochtúirí óga Québec a chaitheann suaitheantas mar seo chun obair ann leis an ráiteas *‘We don’t care what’s on your head, but what’s in it’*.
ná mar a shíleamar go nuige seo than we previously thought
" B’fhéidir go raibh na Gaeil níos zenúla ná mar a shíleamar go nuige seo san am anallód: ‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat’; ‘Is binn béal ina thost’.
comhdhéanamh na Dála mar seo a leanas:
" San Olltoghchán sin, dá líonfaí na suíocháin sa gcóimheas céanna le líon na gComhairleoirí Contae a toghadh do na páirtithe éagsúla bheadh comhdhéanamh na Dála mar seo a leanas: <table style="width: auto"> <thead> <tr> <td>Páirtí</td> <td align="center">FF</td> <td align="center">FG</td> <td align="center">LO</td> <td align="center">SF</td> <td align="center">Eile</td> <td align="center">Iomlán</td> </tr> </thead> <tbody> <tr> <td>Teachtaí</td> <td align="center">44</td> <td align="center">40</td> <td align="center">9</td> <td align="center">26</td> <td align="center">39</td> <td align="center">158</td> </tr> </tbody> </table> 79 suíochán a bheas ag teastáil le móramh a bheith ag iarrthóir d’oifig an Taoisigh, sa chéad Dáil eile, sin ag glacadh leis nach mbeidh an Ceann Comhairle ag tíocht ó pháirtithe an rialtais.
Mar sin is buille eile é seo so this is a blow
" Mar sin is buille eile é seo i gcoinne muinín i dteicneolaíocht ach mar a mhíníonn Matthew J.
Mar léiriú air seo to exemplify this
" Mar léiriú air seo, dúirt sé nuair a chonaic sé dealbhóireacht Ghréagach, agus é ar cuairt ar Iarsmalann na Breataine, nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta, rud a bhí i gcodarsna, dar leis féin, le heisint an fhíordhuine.