Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcontúirt a mharaithe in danger of being killed
" Síleann sé anois go bhfuil sé i gcontúirt a mharaithe ag dílseoirí faoi stiúir an Bhrainse Speisialta.
gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile that a few other children were kidnapped and killed
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
maraithe killed
" "Níor thuig mé go raibh an méid sin daoine maraithe aige go dtí go bhfaca mé an liosta sa pháipéar," a dúirt sé liom.
do mo mharú killing me
" "Tá mé ag obair ar leabhar eile anois, ach *God bless us*, tá sé do mo mharú! Tá sé ghearrscéal críochnaithe agam ach níl iontu ach an chéad dréacht agus níl meas dá laghad agam orthu.
á marú féin killing themselves
" Coirp iomlána a bhí ó thaighdeoirí na hollscoile is bhí neart acu siúd le fáil acu agus an oiread daoine ag fáil bháis is á marú féin go rialta.
a mharódh a chéile who would kill each other
" Faoi láthair, dá lochtaí é, tá mud ag dul fríd thréimhse ina bhfuil go leor daoine a mharódh a chéile deich mbliana ó shin, sásta labhairt lena chéile.
marú seachbhreithiúnach extra-judicial killings
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú that the remaining animals should be killed
" Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
ná mar a mharaítear than are killed
" Léiríonn figiúirí a foilsíodh le gairid go gcuireann níos mó daoine lámh ina mbás féin ná mar a mharaítear i dtimpistí bóthair.
maraithe an-chonspóideacha very controversial killings
" Deirtear gur 301 duine a mharaigh Arm na Breataine, maraithe an-chonspóideacha a mbunús - Domhnach na Fola, ochtar Loch gCál, agus na haonaráin sin a bhí san áit chontráilte ag an am chontráilte, leithéidí Leo Norney as Béal Feirste nó John Boyle as Ard Mhacha.
marú onóra honour killing
" In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i "marú onóra" de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine.
marófar duine againn one of us will be killed
" Lá éigin marófar duine againn mar gheall ar dhath ár gcraicinn agus an áit arb as muid.
ag marú caorach killing sheep
" Nuair a cuireadh tús le feilméaracht sa stát sin ag tús an naoú céad déag, rinneadh clamhsán go raibh siad ag marú caorach agus ainmhithe eile.
a mharófaí which would be killed
" Tairgeadh fordheontas do gach tíogar a mharófaí.
marú brúidiúil brutal killing
" Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
go marófaí a muintir that their people would be killed
" Is cosúil gurb é an chosaint a bheas acu go ndearnadh bagairt go marófaí a muintir mura mbeidís sásta na drugaí a iompar.
na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin the scores of thousands of Muslims who were killed there
" Is beag plé a bhí ag an gcruinniú faoin ionradh ar an Iaráic agus an Afganastáin, na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin agus an bhaint a bhí ag rialtas na hAstráile leis an scéal.
gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú that some of them tried to kill police officers
" ” Bhí siad chomh feargach sin gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú, gur scrios siad a gceantracha féin, gur chuir siad moill ar na mílte duine agus iad ar a mbealach chun a gcuid oibre, chun na hotharlainne agus dá réir.
a mharófar who will be killed
" Bush ======= An mbeidh Bush sásta glacadh le comhairle sa deireadh agus fórsaí na Stát Aontaithe a tharraingt amach as an Iaráic? Bí cinnte nach mbeidh agus tiocfaidh méadú ar an líon saighdiúirí Meiriceánacha a mharófar (go dtí seo tá breis is 2,200 acu tar éis bás a fháil sa tír) agus méadú fosta ar an méid daoine san iomlán a mharófar.
go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár that anyone killed running from the field would be damned
" Sula ndeachaigh na saighdiúirí Éireannacha isteach sa Wheatfield, thug sé aspalóid ghinearálta don bhriogáid uilig, ag rá leo, ámh, go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár.
iarracht ar mharú attempted murder
" Níor ghlac an breitheamh leis gur iarracht ar mharú a bhí i gceist ach mórdhíobháil choirp agus d’iarr sé tuairiscí síceolaíochta Haddock sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta.
ar an bhaicle a mharaigh a mhac among the crowd who killed his son
" Maíonn McCord go raibh beirt bhrathadóirí de chuid Bhrainse Speisialta an RUC ar an bhaicle a mharaigh a mhac.
go gcúiseofaí na daoine a mharaigh a mhac that the people who killed his son be charged
" Tá an t-athair i mbun feachtais de lá agus d’oíche, ag iarraidh go gcúiseofaí na daoine a mharaigh a mhac as an dúnmharú.
an ráta maraithe míosúil is airde, the highest monthly death rate,
" Idir seo agus uilig, tá an cogadh ag leanúint ar aghaidh san Iaráic, agus daoine cinnte anois go marófar níos mó ná céad saighdiúir Meiriceánach i mí Dheireadh Fómhair amháin, an ráta maraithe míosúil is airde, beagnach, ó thús an chogaidh.
gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú that they had to kill Catholics
" ” Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.
ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh most of the people killed by the fascists were Basques, Catalans and Spaniards
" Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco.
ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre on the number of people being killed on the roads
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
marú uafásach terrible killing
" Cuirfidh an DUP ceisteanna crua ar “Sinn Féin /PSNI” maidir le marú uafásach Robert McCartney agus airgead Bhanc an Tuaiscirt ach cá fhad a ghlacfaidh sé sula n-aithneoidh Paisley – agus Peter Robinson, atá i bhfad níos deimhní nó níos pragmataí ná bunús a chomhghleacaithe – a sean-namhaid, Gerry Adams, mar chéile rialtais? Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
maraíodh é féin he was killed himself
" De réir Vincent Browne, iareagarthóir na hirise *Magill*, ba é Jim Flynn ón IRA Oifigiúil ba chúis le bás Costello agus maraíodh é féin i 1982 agus Colin Maguire ar ais in Éirinn.
nár maraíodh éinne that no one was killed
" Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.
nár maraíodh é féin that he wasn't killed himself
" Bhí an t-ádh air nár maraíodh é féin ach de sheans bhí patról de chuid Chrois Dhearg na hIorua ag dul thar bráid agus shábháil siad é.
Maraithe, exhausted,
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
cé mhéad duine a mharófaí go fealltach how many people would be killed foully
" Faraor, ní raibh cruinneog chriostail acu a thuarfadh dronga sráide nó daoine mire ag marú páistí, agus cá bhfios cad a dhéanfadh siad dá mbeadh a fhios acu cé mhéad duine a mharófaí go fealltach i Meiriceá gach bliain.
a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú who pleaded guilty to killing Pat Finucane
" San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí! Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú – isteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air.
sular maraíodh í before she was killed
" Cuireadh an t-agallamh ar Mhairéad Farrell cúpla mí sular maraíodh í i nGiobráltar.
as fear neamharmtha a mharú for killing an unarmed man
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
Ba bheag nár mharaigh cuid dá n-urchar some of their bullets nearly killed
" Ar choimeád na póilíní smacht orthu féin agus iad ag scaoileadh? Ba bheag nár mharaigh cuid dá n-urchar daoine sa stáisiún traenach in aice láimhe.
réabhlóid gan mharú bloodless revolution
" Ach níor míníodh cé a bhí ag tacú leis an réabhlóid gan mharú seo, ná cén fáth.
Maraíodh were killed
" Rinneadh ionsaithe buama ar Paddy’s Pub agus an Club Sari inar Maraíodh 202 duine as 22 tír éagsúil, agus inar gortaíodh na céadta eile, cuid acu dóite go dona.
á marú de dheasca being killed because
" Tá daoine á marú de dheasca na teipe sin,” ar sé.
Maraíodh were killed
" Maraíodh 34 agus gortaíodh 174 mairnéalach Meiriceánach nuair a d’ionsaigh Iosrael an long USS Liberty ar an 8 Meitheamh, 1967.
mharaigh killed
" É féin a ba chúis leis an leac maidhm sneachta a mharaigh an triúr.
Maraíodh were killed
" Maraíodh an bheirt saighdiúirí agus iad ag glacadh le pizza taobh amuigh den bheairic in Aontroim.
Maróidh tú you shall kill
" Maróidh tú baill de na fórsaí slándála, rachaidh na fórsaí slándála sin isteach i gceantair áirithe le tréan feirge agus cuirfidh isteach ar mhuintir na háite.
maraíodh were killed
" Tharla pléascadh ar an mbád an lá dár gcionn inar maraíodh cúigear agus inar gortaíodh beagnach gach duine eile ar bord, cuid mhór acu dóite go dona.
maraíodh were killed
" Bush fórsaí SAM go dtí an tSomáil i 1992 mar chuid de mhisean ‘Operation Restore Hope’ na Náisiún Aontaithe, ach thóg Bill Clinton amach arís iad i ndiaidh gur maraíodh ochtar saighdiúir déag i gCath Mhogaidisiú i 1993.
maraíodh were killed
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
mharaigh killed
" Tiomáint ar meisce an athar a mharaigh an mháthair.
Maraíodh was killed
" Maraíodh Kevin Mc Daid go brúidiúil deireadh na míosa seo caite.
Maraíodh é he was killed
" Maraíodh é trí bliana ní ba dhéanaí agus é ag iarraidh an churiarracht luais ar uisce a shárú ar Coniston Waters, i Sasana.
Maraítear are killed
" Maraítear an-mhórán daoine sna tíortha sin nuair a bhíonn duine ag casadh ar chlé!) 2.
maróidh shall kill
" Ní hamháin go maróidh sé mise, ach tá sraith carranna ar mullach a chéile anoir im’ éadan atá ag déanamh 60 m.
marófar shall be killed
" , rud a chiallaíonn go marófar tuairim is deichniúr duine nó mar sin, nó breis.
Maraíodh was killed
" Maraíodh an t-imreoir peil Gaelach agus é ar a bhealach chuig cluiche ar an 21ú Feabhra 1988, gar don ionad seiceála in Áth na Cloiche i gContae Thír Eoghain.
marófaí é he'd be killed
" Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é.
marú killing
" Bhrisfeadh sé do chroí nuair a thoisigh siad ag titim amach lena chéile, ag marú a chéile agus achan rud eile.
marú killing
" In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).
maraíonn siad they kill
" An bhfuil a fhios agat, aon uair a théim abhaile go Ciarraí, bíonn áthas orm é a fhágaint mar maraíonn siad mé le deoch thíos! (Tosaíonn ag gáire) Bíonn ana-chraic agam nuair a théim abhaile agus go mór mór nuair ná téim abhaile go rómhinic.
maraíodh was killed
" I mí Aibreáin, maíodh gur thug baill den PSNI cead a gcinn do scaifte dílseoirí san ionsaí inar maraíodh Kevin McDaid i gCuil Raithin; i mí Iúil, lig an PSNI do 200 dílseoir siúl thart i gceantar Protastúnach i nDoire i léiriú nirt.
maraíodh were killed
" I ndiaidh Oibríocht Teilg Luaidhe, inar maraíodh os cionn 300 páiste i Stráice Gaza, vótáil Schakowsky ar son rún Tí ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint.
maraíodh were killed
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
mharaítí muc a pig used to be killed
" In Éirinn, mharaítí muc nó coileach ar an lá sin agus spréití cuid den fhuil i gceithre chúinne an tí chun an teach agus an teaghlach a chosaint ar olc.
caora a mharú to kill a sheep
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
maraíodh was killed
" Ba é an 100ú ball d’Arm Shasana a maraíodh san Afganastáin i mbliana, agus uimhir 345 ó thosaigh siad ag troid sa tír sin, arís, i 2001.
Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban the strategy is merely the killing of Taliban
" Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban’ ================ Ach cén fáth nach bhfuil sé ag míniú don dream óg in Éirinn gur doirteadh fola in aisce atá i gceist, go mór mór sa chogadh san Afganastáin.
mharú killing
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
á marú being killed
" Cogadh uafásach ina raibh na mílte de mhuintir Vítneam á marú agus á ngortú agus na mílte de shaighdiúirí óga as Meiriceá á gcur sall ansan ar mhaithe, i ndáiríre, leis an maorlathas agus leis an gcos ar bolg.
á marú being killed
" Ach is i 2010 a tharraing siad aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe.
Maraíodh were killed
" Maraíodh beirt amuigh ar an mbóthar oíche amháin.
maraíodh were killed
" Phléasc rige ola de chuid BP i Murascaill Mheicsiceo ar an 20 Aibreán 2010 agus maraíodh 11 fear ann.
mharaigh killed
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
Mharaigh siad they killed
" Mharaigh siad beirt Chaitliceach - Michael Prendergast agus John Sutcliffe.
éigníodh agus a maraíodh were raped and murdered
" "Bhí mé ag féile i Los Angeles an uair seo agus chonaic mé scannán dar teideal Roses in December, a d’inis scéal triúr bean rialta agus cailín tuata, Jean Donovan, a éigníodh agus a maraíodh in El Salvador.
maraíodh a pháirtí his partner was murdered
" Ar an drochuair, idir an dá linn, maraíodh a pháirtí agus feallmharaíodh é féin tamall ina dhiaidh sin.
Mharaigh sé he killed
" Mharaigh sé dáréag daltaí, faraor, iad ar fad idir 12 agus 14 bliana d’aois, sular Mharaigh sé é féin.
maraíodh was killed
" Mhínigh mé an scéal i mí Eanáir faoi Christopher Davies, 22, ball de na Irish Guards agus an 100ú ball d'Arm Shasana a maraíodh san Afganastáin i 2010 agus uimhir 345 ó thosaigh siad ag troid sa tír sin, arís, deich mbliain ó sin i 2001.
maraíodh were killed
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
níl siad ag marú a dhath ar bith they’re not killing anything
" ” “A dhuine gan ainm agus gan ghnúis,” a d’fhiafraigh Balor, “cén dóigh a thig leo rud a fheabhsú má tá siad i mbun é a chur chun báis?” Tarrthaigh an Damhsa! ========= “Ach níl siad ag marú a dhath ar bith,” a d’fhreagair an duine gan ainm agus gan ghnúis.
Maraíodh were killed
" Maraíodh an chuid eile le galar maláire, easpa bia nó as bheith ag troid lena chéile, de ghnáth taobh istigh den chéad bhliain.
mharaíodh leis were killed also
" Is mó saighdiúir, ar ndó, a mharaíodh leis ann.
Maraíodh were killed
" Maraíodh thart ar 60 milliún duine le linn an Dara Cogadh Domhanda.
agus an buille maraithe buailte when the fell blow is struck
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
a maraíodh le linn the people killed during
" 20% de na daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí - dhá dtrian acu ina gCaitlicigh - tharla siad fá mhíle de Girdwood.
gur lú an marú a rinneadh orthu less of them were killed
" Dúradh liom gur gnách le lucht ceannach éisc praghas na sairdíní a ardú sa tseachtain roimh an bhféile, agus gur lú an marú a rinneadh orthu i gcaitheamh mhí an Mheithimh i mbliana ná mar a dhéantar go hiondúil.
i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach in an area that an innumerable number of victims were murder
" Comhairle fhrith-Chaitliceach agus é bródúil as, ábhar ceiliúrtha acu i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach le linn na dTrioblóidí.
Maraíodh oifigeach príosúin a prison officer was killed
" )
 Maraíodh oifigeach príosúin inniu, 2 Samhain.
tá trua agam do chlann an fhir a maraíodh I feel sorry for the children of the man who was killed
" Tá fuath agam ar an fhoréigean agus tá trua agam do chlann an fhir a maraíodh.
Cúigear san iomlán a maraíodh five in all were killed
" Cúigear san iomlán a maraíodh agus níor tháinig slán ón sléacht ach gasúr amháin, Patsy Joyce.
mharaigh príomhoide killed the school principal
" Dé hAoine an 14ú Nollaig, 2012, agus ranganna díreach tosaithe ag bunscoil Sandy Hook i Newtown, Connecticut, phléasc gunnadóir an doras tosaigh ar oscailt le hurchair agus mharaigh príomhoide agus siceolaí na scoile ar an toirt.
mharaigh killed
" Is cuid mhór thábhachtach dár n-oidhreacht é Cath na Bóinne, nuair a mharaigh King Billy Pápa na Róimhe ar Dhroichead na Bóinne i lár Bhéal Feirste.
mharaigh siad triúr they killed three
" Gaeil in Aghaidh Ghael =========== Bhí na póilíní sa tóir ar dhrong an Cheallaigh ar feadh dhá bhliain mar gur mharaigh siad triúr dá gcomrádaithe, Gaeil gach mac máthar acu.
maraíodh triúr eile na droinge three others of the gang were killed
" Gabhadh an Ceallach tar éis léigear ar theach tábhairne in Glenrowan, baile beag ina dhúiche, ach maraíodh triúr eile na droinge sa léigear, deartháir an Cheallaigh ina measc.
cén líon daoine a mharaítear how many people are killed
" Is cuma leis an fhear ar an chnoc cé as a dtagann amhábhar, cé as a dtagann luach diamhrach an dollair agus cén líon daoine a mharaítear nó cé méid tíortha a scriostar leis an luach sin a choinneáil ann.
maraíodh trí oiread daoine leo more than three times the amount of people were killed in them
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
ar m’aithne a mharaigh sibhialtaigh I knew who killed civilians
" Éireannach ar m’aithne a mharaigh sibhialtaigh i Libia in am Idris, tugadh ar ais go Sasana é, d’ainneoin iarrachtaí póilíní na Libia, agus cuireadh aigneolaí óg airm ina cheann.
marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair for the sake of its system of appropriation of raw materials
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
Maraíodh níos mó na míle duine in excess of a thousand souls were killed
" Maraíodh níos mó na míle duine agus meastar go bhfuil sé ar an timpiste is measa i réimse na déantúsaíochta éadaí.
Maraíodh beirt mhac léinn óg two young students were killed
" Maraíodh beirt mhac léinn óg agus páiste amháin.
inar maraíodh daoine aitheanta acu in which well known people were killed
" Bhíodh fearg orthu gach uair a chloisfidís faoi ionsuithe gunna, go háirithe ionsaí uafásach Newtown, baile gar go leor don champas chomh maith, inar maraíodh daoine aitheanta acu.
inar maraíodh suas le ceathrú milliúin in which up to a quarter million (Guatamalans) were killed
" Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach.