Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
forneart marfach deadly force
" Is ionann Cincinnati agus go leor cathracha Meiriceánacha eile de bharr gur minic forneart marfach imeartha ag na póilíní ar dhaoine dubha.
marfach deadly
" Muna ndeimhníonn sé go bhfuil an sos cogaidh thart, beidh an toradh céanna i gceist! Má bhriseann an UFF (arm marfach an UDA) suas ina smidiríní - cealla beaga de cheathrar agus cead a gcinn acu agus ainm ar leith ar achan cheann acu - cad é a dhéanfaidh an rialtas? Agus cad é a dhéanfaidh sé leis an IRA a bhfuil daoine maraithe acu ó d'fhógair siad sos lámhaigh i 1994? Má bhíonn an UDA - nó dream ar bith eile - "specified" ag an Aire Stáit, ní chiallaíonn sé sin go dtógfar achan bhall den ghrúpa agus go gcuirfear i bpríosún iad.
marfach deadly
" An lá a ghlac sé an post dúirt Ridge go raibh an seansaol imithe agus go raibh tús curtha le cluiche marfach ag na sceimhleitheoirí agus gur mhithid do na fórsaí slándála réamhthuairmí a chaitheamh i leataobh agus tabhairt faoi mhachnamh cúl le nósmhaireacht a dhéanamh.
buille marfach deadly blow
" An teannas dochreidte agus na Cait réidh chun buille marfach a thabhairt d'Áth Cliath.
marfach deadly
" Chomh luath is a bhíothas cinnte de go raibh Osama Bin Laden, Al Qada agus an Taliban (go hindíreach) freagrach as na hionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, bhí naimhdeas gránna le feiceáil ar an toirt i gcoinne na nArabach Meiriceánach, daoine de shliocht Meánoirthearach, agus daoine a raibh cuma Arabach nó Mheánoirthearach orthu, naimhdeas a bhí marfach go rómhinic.
Meascán marfach a deadly mix
" Meascán marfach den seicteachas, *testosterone*, ólachán, leadrán agus bochtaineacht.
bpeaca marfach mortal sin
" An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo? Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
mharfaí deadly
" Bhí Gregg ina cheannaire ar cheann de na complachtaí ba mharfaí agus ba sheictí de chuid an UDA sular mharaigh a iarchomhghleacaithe é.
ar an Aigéan marfach Atlantach on the deadly Atlantic Ocean
" Tá sé seo oiriúnach, fosta, de bharr go dtosaíonn scéal McAuley ar an Aigéan marfach Atlantach, a d'iompar oiread Éireannach agus iad ar a mbealach go dtí na Stáit Aontaithe, agus a shlog go leor acu sular éirigh leo an áit a bhaint amach.
marfach deadly
" Tagann an fharraige isteach is téann sí amach, isteach is amach, agus í mealltach marfach, flaithiúil fealltach.
mbuille marfach mortal blow
" Sin ráite, ní shamhlaím na toghcháin a bheith ina mbuille marfach ag an Taoiseach.
bheadh marfach ann there would be hell to pay
" Chuirfeadh sé duine de na páistí amach fá choinne fiseáin agus bheadh marfach ann nuair a thiocfadh sí ar ais le ceann nach n-amharcódh Críostaí beo air ach í féin.
Tost marfach deadly silence
" Ach, ar mhiste leat an cheist a fhreagairt, le do thoil? Cén fáth gur tháinig tú go hÉirinn? Mac Sceiche: (Tost marfach ar feadh sé nóiméad déag.
dhá dhream mharfacha two deadly groups
" Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.
rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí the literature environment was poisoned by the deadly gas of ideology
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
buille marfach mortal blow
" Meastar nach bhfuil aon driopás ar an DUP socrú a dhéanamh roimhe sin le go dtig leo buille marfach, an *coup de grace*, a thabhairt do pháirtí Trimble agus seasamh s'acu féin a dhéanamh do-ionsaithe.
marfach deadly
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
peaca marfach mortal sin
" An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d'úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b'fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
Peaca marfach mortal sin
" MÁNAS: Peaca marfach a bheadh ann iad a chur thar teorainn ar ais — gan a gcuid airgid a thógáil uathu.
bhuille marfach killer blow
" Trí bhuille marfach a bhualadh ar fhaicsean poblachtánach an pháirtí bhí ar chumas an Loingsigh agus a chomrádaithe na seanslabhraí a chaitheamh díobh agus treo nua a thabhairt don pháirtí agus, anuas ar sin uilig, d'éirigh leo an céile comhraic ba dhainséaraí a bhí acu a chur as an imirt ar feadh tréimhse fada.
imreas marfach deadly strife
" Ach ar an chéad lá de mhí Iúil, maraíodh Jameson Lockhart, an chéad duine a dúnmharaíodh ó bhí imreas marfach idir an dá ghrúpa bliain ó shin.
ciúnas marfach a deathly silence
" Thit ciúnas marfach ar an teach.
frídín marfach deadly germ
" Meastar gur tholg 9% d’othair na tíre an tinneas agus go raibh an frídín marfach *Clostridium difficile *ag galrú in 15 otharlann.
rud a chothaíonn niúmóinia marfach which gives rise to a deadly pneumonia
" Ionsaíonn an tocsaín an craiceann agus i gcásanna áirithe scaipeann sé sna scamhóga, rud a chothaíonn niúmóinia marfach.
gciúnas díobhálach, marfach damaging, deadly silence
" Go gcuirfí deireadh leis an gciúnas díobhálach, marfach i leith na teanga.
gciúnas díobhálach, marfach damaging, deadly silence
" Go gcuirfí deireadh leis an gciúnas díobhálach, marfach i leith na teanga.
gríosach mharfach deadly embers
" Ach ba é Milosevic a d’adaigh gríosach mharfach fuath na gcianta idir Seirbiaigh, Moslamaigh agus Crótaigh.
i ngleic mharfach lena chéile in a deadly struggle with each other
" Sular éirigh pluais Lemass fuar ar a imeacht, bhí na leoin óga i ngleic mharfach lena chéile faoi chraobh cheannaireacht Fhianna Fáil.
ba mharfaí most deadly
" Ról é fosta a dheimhnigh nach mbeadh ar Rialtas Cheanada airgead rómhór a chaitheamh ar chúrsaí cosanta chun an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha, ba chostasaí agus ba mharfaí a cheannach.
an cúram is práinní agus is marfaí the most urgent and deadly task
" Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann.
feall mharfach deadly treachery
" Tuigim go ndearnadh feall mharfach ar an gcine daonna ar an láthair seo ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.
gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo. that this fatal disease pertains to them
" Déantar an focal áirithe sin a ghiorrú cionn is nár mhaith leis an chliarlathas go n-aithneofaí go coitianta gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo.
peaca marfach mortal sin
" Gach seans go sílfidh daoine áirithe gur peaca marfach é leabhar mar seo a fhoilsiú i mBéarla.
peaca marfach domhaite an unforgiveable mortal sin
"peaca marfach domhaite é gan nuachtán laethúil a bheith ag pobal na Gaeilge.
buille marfach fatal blow
" Thuig fórsaí slándála na Breataine agus an IRA araon nach dtiocfadh leo buille marfach a thabhairt dá chéile agus d’fhóir an idirbheartaíocht do gach taobh.
peaca marfach mortal sin
" Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin? Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
marfach killer, mortal
" Tá na milliúin dollar tugtha isteach ag an Lance Armstrong Livestrong Foundation a bhfuil sé mar aidhm aige an galar marfach a chloí.
timpistí marfacha fatal accidents
" An Chontúirt Os rud é nach raibh aimsir mar seo sa tír le fada, ní raibh an trealamh geimhridh ceart nó an taithí cuí ag a lán siúlóirí agus thosaigh na timpistí marfacha.
loighic mharfach deadly logic
" ” Ar chuma ar bith, ní mó ná sásta a bhí muintir na Somáile le loighic mharfach leithéidí Summers.
rún marfach deadly intent
" Ach nuair a scaoiltear rún marfach Roman, bréagfhuadaíonn sé Maru as an scoil faoi bhéal gunna agus seo leo ina gceo bóthair le carr éalaithe.
goimh mharfach deadly spleen
" Thug sé aghaidh amach le barr faitís faoina bheirt mhac i ndiaidh do dhrong dílseoirí theacht isteach i gceantar na n-Ard/The Heights i gCúil Raithin, buidéil, bataí agus casúir ar iompar acu agus goimh mharfach orthu.
marfaí deadly
" int/csr/disease/influenza/pandemic/en/) Cibé ar bith, an bhféadfadh sé a bheith níos marfaí ná an gnáthulpóg? Cé go mbíonn baint ag an ulpóg séasúrach le bás idir 250,000 agus 500,000 duine ar fud an domhain gach bliain, is beag duine a bhíonn buartha faoi os rud é nach dtugann na meáin mórán airde air.
marfach deadly
" Ba é seo an cogadh marfach ba mhó i Meiriceá Theas agus áirítear nár fágadh i bParagua ach aon fhear amháin i gcomhair scór ban faoi 1870.
marfacha mortal
" asp) Cé go raibh sé liostáilte ag an Eaglais Rómhánach i measc na bpeacaí marfacha ón tús, níor éirigh leis an gCríostaíocht saint daoine a mhaolú ariamh.
mharfach deadly
" Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.
bhuille marfach fell stroke, death blow
" ‘Bunaíodh formhór na gcuntas ar an nGorta Mór dar foilsíodh go fóill ar dhoiciméid Bhéarla, ainneoin gur chainteoirí Gaeilge go leor acu sin ar bhuail an t-imeacht úd a bhuille marfach féin orthu.
bpeaca marfach mortal sin(s)
" Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach, de réir an tseanteagaisc Chríostaí, a mhúintí fadó ar scoil.
peacaí marfacha mortal sins
" Má fhaightear amach go bhfuil peacaí marfacha ar anam an DUP, thiocfadh leis an tóin titim as an pháirtí.
peaca marfach a major blunder
" Bhí a fhios ag cách go raibh rud ab ionann agus an peaca marfach déanta ag Kevin agus Ginger.
marfacha mortal
" Tá figiúir éagsúla cruinn thart air sa chúlra agus seasann gach ceann acu do cheann de na peacaí marfacha.
gcith marfach mortal hail
" Agus tá ’s ag éinne againn atá ar an eolas, nach múchfar an splanc sin go dtí go dtiomáinfidh siad isteach i gcith marfach piléar an luíocháin ‘gabhála’ ar deireadh, i Model ‘A’ Ford, más buan mo chuimhne - cith piléar a réitigh an Texas Ranger Frank Hamer mar bheart díoltais is mar mharbhna comhcheoil dóibh araon.
peacaí marfacha mortal sin
" Ní bhíonn orthu siúd dul chuig faoistin ná chuig Aifreann, agus níl peacaí marfacha acu.
siorcanna marfacha deadly sharks
" Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
fhuar mharfach mortally cold
" Cuir i gcás, san fhómhar, fásann fionnadh níos tibhe ar ainmhithe ar leith, chun iad a choimeád te teolaí san aimsir fhuar mharfach seo.
choimhlint mharfach a chosc stopping mortal conflict
" Is “eagraíocht neamhrialtasach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá tiomanta don choimhlint mharfach a chosc agus a réiteach” é an ICG, dar leis an eagraíocht í féin, ach ní aontódh gach duine leis an gcur síos sin.
an buille marfach the killing blow
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
marfach murderous
" Tá sé deacair a chreidbheáil 30 bliana ar aghaidh go mbíonn na póilíní i Londain fós ag déanamh ionsaí marfach ar dhaoine neamhurchóideacha cóngarach do ‘mháthair na bparlaimintí’.
fealsúnacht marfach deadly philosophy
" Dá mba Moslamach é Anders Behring Breivik, bheadh na hanailísithe sceimhle á mhíniú ó mhaidin go hoíche gur “éan cuideáin” a bhí ann ar spreag fealsúnacht marfach bin Laden é chun na scórtha dá chomhthírigh óga a mharú in aice le hOsló ar an 22 Iúil.
scaoil salachar marfach let deadly refuse
" Tá roinnt réimsí de ghníomhaíocht an duine níos tromchúisí ná a chéile ar ndóigh agus dá dhonacht agus dá chontúirtí Pléasc Oileán Faoide againn féin, is aicme ar leith tubaiste na stáisiúin eithneacha a scaoil salachar marfach le gaoith le dhá ghlúin anuas agus an roinnt sin acu a phléasc agus a mharaigh na mílte sa timpeall.
sásta mo dhroim a chasadh le míoltóga marfacha na háite happy to leave behind the deadly midges
" Bhí smúid bróin orm ag imeacht tar éis mo chuid ama ina measc, agus ba dheacair slán a rá le mo chairde nua (an peata moncaí san áireamh), ach amháin go raibh mé sásta mo dhroim a chasadh le míoltóga marfacha na háite, na *mosquitos*.
mórpheacaí marfacha great mortal sins
" Caitheann sé na mórthéamaí uilig isteach sa phota freisin; brí, nó ainbhrí na beatha, iomlánú nó scrios an bháis? Anseo atá na mórpheacaí marfacha chomh maith - uaibhreacht, saint, drúis, fearg, craos, éad agus leisce; cuir leosan cumhacht agus laige an duine.
síoraighneas marfach continuing deadly dispute
" Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an *Balfour Declaration*.
ciúnas marfach a deadly silence
" Bhí ciúnas marfach ann, rud atá aisteach don dufair agus ní raibh torann na dtonnta le clos a thuilleadh agam anois.
galar mór marfach a deadly disease
" Bhí an eitinn fós ina galar mór marfach – fuair níos mó ná caoga míle duine bás den eitinn i Sasana sa bhliain 1914.
peaca marfach mortal sin
" Is é an peaca marfach a rinne an fear seo ná gur scríobh sé na focail dhiamhaslacha seo in alt dá chuid: *“Same-sex attraction is simply a facet of the human condition”*.
ar fhearaistí marfacha an Iarthair of the west’s killing equipment
" Is é tuairim lucht an ionsaithe faoin am seo go mb’fhéidir go bhfuil an Iaráin chun cinn go mór ar fhearaistí marfacha an Iarthair.
an fheachtais mharfaigh the murderous campaign
" I bhfocla eile bhí beagnach 61% de na Protastúnaigh a bhreathnaigh orthu féin mar Éireannaigh de chineál éicint sarar thosaigh na Sinn Féin is an PIRA i mbun an fheachtais mharfaigh, ach faoin am ar thuig ceannairí Sinn Féin nach raibh ag éirí leis an bhfeachtas míleata, bhí an céatadán Protastúnach ó thuaidh le féiniúlacht Éireannach de chineál éicint acu tite ón 61% i 1968 go 32% i 1989.
mharfach deadly
" Ach fágann an Mheánmhuir mharfach agus teorainneacha daingne na hEorpa gur i Maracó a fhanann roinnt mhaith de na daoine sin.
bumba marfach a deadly bomb
" Thosaigh dara céim Libia an 13 Bealtaine 2013 le bumba marfach.
ach amháin gur scaoileadh urchar marfach but just that the fatal shot was fired
" Ba léir gur throid an bheirt, ach ní raibh an cúisitheoir in ann a chruthú cé a thosaigh an troid nó cé mar a chríochnaigh sé, ach amháin gur scaoileadh urchar marfach.
ghalar mharfach mortal disease
" Tá a ndóthain le déanamh ag na hothair féin agus ag na heagraíochtaí a bhaineann leis an ghalar mharfach seo.
ceann de na seacht bpeaca marfach one of the seven mortal sins
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.
ghlac sé an deoch shuain mharfach he took the fatal tranquilizer
" Rinne sé amhlaidh ar 27 Iúil agus bhí a bheirt chlainne, a dheirfiúr agus a dheartháir ina chuideachta nuair a ghlac sé an deoch shuain mharfach, Nembutal.
an tslada mharfaigh of the murderous slaughter
" Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.