Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na suíocháin imeallacha the marginal seats
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
dreamanna imeallacha marginal groups
" dreamanna imeallacha ======= Ach fós féin bheadh dreamanna imeallacha nach n-éireodh leo ionadaíocht a bhaint amach faoin gcóras seo.
imeallacha marginal
" " Cuireann an Roinn Iompair in Éirinn fóirdheontas ar fáil i gcás seirbhísí go sé cinn de cheantair imeallacha, leithéidí Chnoc Mhuire agus Thír Chonaill, agus tá trí chonradh díobh seo ag Aer Árann.
is imeallaí most marginal
" An é go bhfuil an sneachta geanmnaíochta ag titim ar mhuintir na hÉireann faoi láthair? Tá an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na fórsaí is cumhachtaí sa tír seo agus a tionchar á mhothú i ngach réimse den tsochaí, ón bhunscolaíocht go dtí an pobal is imeallaí sa tír.
imeallach marginal
" Thuig mé go mb'fhéidir gur rogha aici ag leibhéal amháin é agus gur rogha ag gach duine é a bhíonn imeallach, nach bhfuil sásta cur suas leis an tseafóid atá ag baint leis an saol socair, agus tá meas agam i gcónaí ar na daoine a bhíonn imeallach.
páirtithe imealleacha marginal parties
" Le linn na coimhlinte, bhíodh sé d'aidhm ag na páirtithe "lár an bhealaigh" na páirtithe imealleacha a choinneáil amuigh.
i bhformhór na suíochán imeallach in most of the marginal seats
" Ní mar sin a tharla agus anois beidh farasbarr 4% nó níos mó ag an rialtas i bhformhór na suíochán imeallach sa gcéad toghchán eile.
imeallach marginal
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
na dáilcheantair imeallacha the marginal constituencies
" Gnóthaigh siad na dáilcheantair imeallacha le dornán beag vótaí.
i go leor dáilcheantar imeallach in many marginal constituencies
" Is dócha go dtiocfaidh méadú beag ar ionadaíocht an pháirtí sa 30ú Dáil, ach de thairbhe iad a bheith ag iomrascáil le Fine Gael i go leor dáilcheantar imeallach, ní dócha go sáróidh líon suíochán an LO 25 nó 26.
tuairim imeallach marginal opinion
"tuairim imeallach í nach bhfaightear ach i measc lucht leanúna an Ku Klux Klan, ach tuairim a nochtann daoine éirimiúla de chuid na meánaicme chomh maith.
imeallacha marginal
" Is feirmeoirí imeallacha nó saothraithe gan talamh a bhformhór.
dream imeallach marginal group
" De réir na foirmle seo, is dream imeallach sa scéal iad an Lucht Siúil, dream nach ndéantar mórán forbartha pearsanta orthu ó thaobh carachtair de.
dreamanna imeallacha marginal groups
" Scéalta faoi dhíbeartaigh, smuigléirí agus dreamanna imeallacha ar nós na chéad Chríostaithe ag lorg tearmainn is ea a bhformhór; is féidir iad a áireamh i measc na scéalta laochais chomh maith.
ball uasal eile des na breacdhaoine another noble member of the marginal people
" Agus tháinig sé isteach fé dheireadh i dtearmann James Joyce, ball uasal eile des na breacdhaoine- *“Between two roaring worlds where they swirl, I”*, an tÉireannach a thuig tátal Hugo níos fear ná éinne eile.
ach mír imeallach just a marginal part to play
" Mhaigh an nuachtán ‘Lá’ go raibh an dialann “ag croílár an chás cúirte” ina eagrán ar 6 Iúil 2000, ach b’fhacthas dom nach raibh i gceist léi ach mír imeallach.
aicmí “imeallacha” eile other marginal groups
" D’fhéach na Naitsithe ar na Giofóga – agus ar aicmí “imeallacha” eile – mar chiní “truaillithe” nó “azocialen, neacha fodhaonna nach raibh an bheatha dhaonna “tuillte” acu, is cuma iad a bheith fós sa bhroinn nó iad a bheith tagtha ar an saol.