Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hairí mara the marine ministers
" Ach chuile bhliain socraíonn na hairí mara na cuotaí ag leibhéil atá i bhfad níos airde ná an méid a mholann na heolaithe.
músaem mara marine museum
"músaem mara agus pláinéadlann bheag ann agus is mór an trua nach raibh go leor ama againn le cuairt a thabhairt orthu.
cúrsaí na mara marine matters
" Nó do na feidhmeannaigh a bheas ag plé le cúrsaí na mara i gContae an Chabháin, ceann den dornán contaetha nach bhfuil aon chósta leo.
d'iarshaighdiúir cabhlaigh former marine
" Agus é ag fás aníos in Greenpoint, Brooklyn mar mhac d'iarshaighdiúir cabhlaigh a bhí ag obair mar phóilín raoin i Nua-Eabhrac, chuir George Marlin suim sa pholaitíocht agus é an-óg.
an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Tá go leor den tuairim nár tháinig aon aire, ach amháin b'fhéidir Mary Harney i réimse na sláinte, in oidhreacht fadhbanna níos casta ná na cinn a bhfuil ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i ngleic leo.
ionradh farraige marine invasion
" “Sa deireadh bhí muidne san *8th Irish* mar chuid den ghrúpa tosaigh san ionradh farraige ba mhó riamh, " a deir sé.
an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Brú 345 bar a bheas i gceist leis an phíblíne, brú atá i bhfad thar an ghnách i gcás píblínte den chineál seo, mar a d’adhmhaigh an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, é féin sa Dáil.
sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna in the Department of Communications, the Marine and Natural Resources
" Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis ag bord an Rialtais agus, má bhíonn Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, níl aon cheist faoi ach go dtabharfar aireacht shinsearach dó sa Roinn Talmhaíochta nó sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna.
impireacht trádála mara marine trading empire
" Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.
thar theorainn mhara over a marine border
" Den chéad uair, is féidir maoiniú trasteorann a fháil do thionscadail a fheidhmíonn thar theorainn mhara, suas go dtí 150 ciliméadar.
ar bheatha na mara, on marine life,
" Cuireann líon na mbád a théann timpeall ar Oileáin Whitsundays gach lá an-bhrú ar an sceir agus ar bheatha na mara, cúis imní agus rud atá le feiceáil in Cairns freisin.
sa Chór Muirí, in the Marine Corps,
" Níor tharla ach eachtra amháin eile inchurtha leis seo i stair Mheiriceá – nuair a mharaigh mac léinn ollscoile in Austin, Texas, Charles Whitman, a raibh taithí naoscaireachta aige sa Chór Muirí, trí dhuine dhéag ó thúr cloig na hollscoile le raidhfil.
créatúr miotaseolaíochta mara, a marine mythological figure,
" Déanann rí na rónta seilchí de Éile Rua ar ball, is é sin, créatúr miotaseolaíochta mara, seal ina rón, seal ina dhuine daonna, agus maireann Éile idir dhá shaol – idir muir agus talamh.
don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha to the Joint Committee on Communications, Marine and Natural Resources
" I bhfianaise a tugadh don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha in Eanáir 2007, dúradh nach ionann an teilifiseán a thuilleadh agus bosca i gcúinne an tseomra suite.
mhuireolais marine biology
" asp , ní a bhéarfas idir mhianraí agus mhuireolais chugainn amach anseo.
hacmhainní luachmhara mara valuable marine resources
" Ag dumpáil ar an tSomáil Níl aon rialtas láir sa tSomáil ón mbliain 1991 i leith, ó treascraíodh rialtas Mohammed Siad Barre ag an am agus baineadh leas as an easpa rialtais sin le hacmhainní luachmhara mara na Somáile a ghoid.
mhamaigh farraige marine mammals
" Tá seacht gcineál déag d’éin agus de mhamaigh farraige i mbaol ina gcónaí ar an oileán de réir thuarascáil na ranna thuas.
dhún na Muirshaighdiúirí Marines barracks
" Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: *“Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?”* D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.
bunchothú na farraige marine food base
" Ní bhíonn éisc in ann idirdhealú a dhéanamh idir na cáithníní plaisteacha agus bunchothú na farraige, an planctón, a mbeatha aiceanta.
ainmhí mara marine animal
" Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp.
iarsmalann dealbhóireachta mara marine sculpture museum
" Baineann an saothar seo leis an iarsmalann dealbhóireachta mara is mó ar domhan atá cruthaithe ag de Caires Taylor ar chósta Cancún i Meicsiceo agus is é an sprioc atá aige ná 400 figiúr ar fíormhéid a shuíomh ar ghrinneall na farraige roimh an 24u lá de Mhí na Samhna.
bhithéagsúlacht na mara marine biodiversity
" Tá sé an-tábhachtach dúinn freisin go scaipfí eolas faoi bhithéagsúlacht na mara chuig pobal níos leithne.
fásra mara marine vegetation
" Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
hiarsmalann mhara marine museum
" Ach cheana féin, tá pleananna móra á mbeartú don tseanbheairic le hiarsmalann mhara, ionaid taispeántais, dánlann agus le mórionad siamsaíochta.
thaithí shaighdiúir cabhlaigh a marine soldier's experience
" Feictear seo i saothar an tSeirbigh Braco Dimitrijevic, a dhéanann obair a spreagann muid chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla agus sa tsraith ghrianghrafadóireachta a chruthaigh Nina Berman, dar teideal Bainis Mhuirí, a thugann léargas truacánta ar thaithí shaighdiúir cabhlaigh a gortaíodh ag buama san Iaráic.
bhiaiste na bhfámairí mara the marine tourist season
" Déanann na línéir ollmhóra (leithéidí an Costa Concordia) ar phort na cathrach i rith bhiaiste na bhfámairí mara, agus tá de rogha ag lucht spraoi an bháid cúpla uair an chloig a chaitheamh ar tír mór más áil leo.
an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara minister for agriculture, food and marine
" An Deis nár Tapaíodh ======= Chaill siad amach, mar shampla, ar an chomhrá fada spéisiúil a bhí ag Enda le Simon Coveney, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara.
i bpáirc mara cosanta into a protected marine park
" Chun cur leis an dúshlán, tá teannas ag éirí idir Mark agus muintir Gwen, atá ag iarraidh síneadh a ngnó oisrí amach i bpáirc mara cosanta, rud a ruaigfeadh na geabhróga.
áille na mara the marine beauty
" Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.