Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maslaí insults
" " Agus, lena chois sin uilig, bhí na maslaí ann.
mhaslaí insults
" Bhí sé lán de mhaslaí ar chuid mhór de phobal Mheiriceá, mise ina measc.
maslaí insults
" Caitheadh maslaí go garg ina treo.
nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint they couldn't understand the insults
" Níl Béarla acu agus an rud maith faoi sin ná nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint.
maslaí ciníocha racist slurs
" Bhí rudaí éagsúla i gceist sa naimhdeas seo, ó chaitheamh achasán go maslaí ciníocha, go hionsaithe fíochmhara poiblí ar na sráideanna agus dúnmharú, fiú.
masla insult
"masla a rá go bhfuil an tsochaí seo tinn.
masla insult
" masla ======= Dar le go leor, is masla é plean an Aire do lucht an CLG agus is deacair easaontú leis an tuairim sin.
masla insult
" Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
masla insult
" Níl dearmad déanta fós ag lucht an airm ar an tarcaisne agus an masla a tugadh do chuid mhaith acu nuair d'fhill siad ón gcogadh sin, cogadh nach raibh tacaíocht an phobail aige.
mhasla insult
" " Chuaigh an chaint thar chluasa Shimpleoir ionas nár ghlac leis mar mhasla.
maslaí insults
" /2003-01/) faoi na maslaí a thug Griffiths, atá ina bhainisteoir sa choláiste, do na hÉireannaigh ag cruinniú den Choiste Sláinte agus Sábháilteachta in Ormskirk and Skelmersdale College, Lancashire, agus an dóigh nach raibh an leas-phríomhoide, Ian Farmer, sásta aon trácht a dhéanamh ar na maslaí i miontuairiscí an chruinnithe.
masla insult
" Ach deirtear go bhfuil prionsabal i gceist, go bhfuil gach duine ag maíomh gur duine uasal é a sheasann lena fhocal i gcúrsaí gnó agus araile, agus go bhfuil masla tugtha ag an duine eile dó.
masla insult
masla insult
" Dar le Gobharnóir Florida, Jeb Bush, gur masla é a rá gur gá a leithéid a dhéanamh sa Stát.
masla insult
" "Suarach" agus "masla" a thug daoine eile air, ina measc bean atá ag lorg airgid lena hathair atá anois 75; tógadh óna mhuintir féin é nuair a bhí sé 13 agus chaith trí bliana déag ag obair ar fheilm agus gan pingin pá aige dá bharr.
maslaí ciníocha racist insults
" Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.
maslaí gránna horrible insults
" Mhínigh mé gur fear bóthair mé agus gur ghearr go mbeinn féin ag súil le déirc agus d'imigh siad leo tar éis maslaí gránna a chaitheamh liom.
gan mhasla without insult
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Mar thoradh ar an Acht Teanga agus ar an aitheantas a thugtar anois don chomhionannas, tá súil agam go n-aithneoidh agus go n-éileoidh daoine a gcearta saol agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil gan dua, gan mhoilleadóireacht, gan mhasla agus ar chaighdeán chomh hard le nó níos airde ná an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla.
masla insult
" Mura bhfuil a fhios acu gur masla é do na hÉireannaigh an dath oráiste a chaitheamh Lá Fhéile Pádraig, ba cheart go mbeadh a fhios.
masla insult
" Is masla é dúnmharú Robert McCartney do chuimhne na marbh.
masla insult
" Labhair pearsanra iomráiteacha amach go láidir faoin masla a tugadh, dar leo, do lucht na hiomána.
masla réamhbheartaithe premeditated insult
" Cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí bheith gléasta mar seo (*Public Order Act 1936*), agus gur léir dúinne gur masla réamhbheartaithe do na hÉireannaigh sa chathair a bhí ann, ní dhearna na póilíní rud ar bith faoi, go dtí gur tháinig an Jim Larkin Republican Flute Band ar an saol i 1997.
maslaí insults
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
maslaí traidisiúnta traditional insults
" Chuir muid dua mór orainn féin ag dul chuig cúrsaí Gaeilge chun maslaí traidisiúnta a fhoghlaim.
masla insults
" Cáineadh agus drochíde ======= Mar sin, cé bheadh ag iarraidh bheith ina bhainisteoir i gcúrsaí spóirt? Cén saghas duine atá in ann post mar sin a ghlacadh agus an fhreagracht agus an cáineadh agus an drochíde a fhulaingt muna mbíonn na torthaí go maith? Agus bíonn drochíde agus masla go minic i gceist.
gach sórt masla all sorts of insults
" Agus cuireadh brú millteanach orainne sa NATFHE agus in UNISON i gcónaí – tugadh gach sórt masla dúinn, maslaí ciníocha agus gnéaschlaonta san áireamh (cf.
maslaí ciníocha agus gnéaschlaonta racist and sexist insults
" Agus cuireadh brú millteanach orainne sa NATFHE agus in UNISON i gcónaí – tugadh gach sórt masla dúinn, maslaí ciníocha agus gnéaschlaonta san áireamh (cf.
Masla insult
" Masla a bhí ann do na himreoirí dar ndóigh agus don lucht bainistíochta agus leanúna.
masla insult
" B’fhéidir gur masla é sin do pheileadóirí Chorcaí mar is cinnte go raibh siad rómhaith do Chiarraí i gcluichí ceannais na Mumhan.
A leithéid de mhasla. Such an insult.
go mba mhasla é that it was an insult
" Bhí daoine ag rá go mba mhasla é do chuimhne Mhíchíl Uí Ógáin, duine d’fhoireann pheile Thiobraid Árann ar an lá úd fadó, agus na ndaoine eile a dhúnmharaigh arm na Breataine i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola i 1921.
an masla insult
" De réir an dearcaidh sin, ba mhór an masla dóibh uilig a fuair bás dá gcasfadh a bpáistí nó a ngarpháistí i gcoinne na híobartha sin agus dá n-athróidís an bhratach.
masla insult
" Deirim gur masla don Phrotastúnachas atá sa dearcadh cúng seo.
Masla insult
" Masla a bhí in ainm is a bheith sa nath sin ach measaim féin nach Masla é i ndáiríre.
Masla insult
" Masla do chumas phobal na hÉireann cinneadh siosmaideach a dhéanamh, ab ea an tuairim a nocht ár gCoimisnéar Eorpach, Charlie McCreevy, ar na mallaibh nuair a thug sé le fios gur staicín áiféise a bheadh ionainn san Eoraip dá mba rud é nár ghlac muid le Conradh Liospóin.
faoi mhaslaí ar dhaoine aeracha about insults aimed at gay people
" Ní bheadh an gnáth-MLA de chuid an DUP nó a lucht tacaíochta ró-mhíshuaimhneach faoi mhaslaí ar dhaoine aeracha ach cúrsaí airgid – bhuel, sin scéal eile.
masla insult
" Beagnach gach oíche, faigheann lucht an chlub scairteanna gutháin a bhíonn maslach, ciníoch agus seicteach agus d'iarr siad orm dul chuig an chomhdháil tar éis dóibh cuireadh a fháil ón ollscoil.
a gcuid maslaí gan tuilleamh their undeserved insults
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
masla don lipéad an insult to the label
" Éadaí atá, i mo bharúilse (má tá muid ionraic linn féin), cinéal caite ag amharc agus chomh ‘*last season*’ iontu féin, gur masla don lipéad é féin, an lipéad a chrochadh orthu ar chor ar bith.
lán mála maslaí a bag of expletives
" Deirtear gurb í an ócáid spóirt an t-aon áit phoiblí a mbíonn ceadúnas ag duine a bheith ag eascainí is ag scréachach in ard a chinn is a ghutha, agus lán mála maslaí a chaitheamh le daoine eile, bídís ina strainséirí nó ná bíodh, agus go mb’fhéidir nach ndéarfaí leis ach ciall a bheith aige nó a chlab a dhúnadh.
masla an insult
" “Nach dóigh leat gur masla sin do na ‘Dubs’?” arsa Des Cahill a bhí ag tuairisciú ón ionad.
masla insult
" Is masla mór atá ann dóibh’, a deir James Partridge, stiúrthóir an fheachtais.
ba mhaslaí most insulting
" Ba sa *Sunday Independent* a bhí an t-alt ba mhaslaí ar an ábhar ó pheann Donal Lynch ar an 21 Meitheamh: “*Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion.
Masla insult
" Bheadh anord ann dá mbeadh gach duine Maslaithe ag a leithéid.
masla insult
" D’éirigh leis an mbealach teilifíse náisiúnta, RTÉ, ar an láimh eile, masla a thabhairt do gach duine idir bheo agus mharbh a raibh baint acu leis an gcumann ón uair a bunaíodh é riamh anall le tubaiste de ‘Late Late Show’ ag tús na bliana.
maslaí insults
" Is tá Alison Jannie ar fheabhas freisin, alcólaí a chaitheann na maslaí amach ar nós coinfeití.
maslaí insults
" Bíonn imreoirí ag tabhairt maslaí dá gcéilí comhraic, ag rá rudaí tarcaisneacha lena chéile, ag iarraidh cur as dá chéile i slite gránna, gairgeacha.
díríodh maslaí insults were directed
" De thoradh na tuaiplise sin díríodh maslaí agus tarcaisní ar an réiteoir, bualadh é agus caitheadh diúracáin leis.
masla an insult
" Dar le coimeádaigh, mar sin, ní cuid de shaíocht Mheiriceá é Ioslam, agus go deimhin, is masla don tír é, Mosc a thógáil in aice láthair ionsaí a rinneadh in ainm Ioslaim.
masla an insult
" Deir cuid acu gur masla do na híobartaigh píosa ‘ealaíne’ a dhéanamh as rud chomh millteanach sin agus go bhfuil Deller ag teacht i dtír air.
masla insult
" Mar bharr ar an mí-úsáid agus an masla seo go léir, cheap an fostóir ainm nua di.
masla insult
" Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh.
Is masla é it’s an insult
" Is masla é bheith ag caint ar *"old -Labour"* mar a bheadh sé chomh háisiúil le gramafón sa ré dhigiteach.
masla leisciúil a lazy insult
" Luaigh uan misniúil amháin, darb ainm An Dubhaltach, mar seo a leanas: - Is masla leisciúil an focal "sheeple" a úsáid gan ceist na hidé-eolaíochta ina mhairtear a chíoradh mar mhíniú ar an feiniméan fhéin.
masla insult
" Mar a thaispeáin TG4 dúinn aimsir na Nollag imithe tharainn insa chlár géarchúiseach, Seó Man, fear siamsaíochta é an Tóibíneach ach is saineolaí ar an masla pearsanta ’s polaitiúil é freisin.
caitear masla domhaite eile another unforgiveable insult
" Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige *‘cobbler’* a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach.
ag scairteadh maslaí ciniocha shouting racist insults
" In ionad sin, lig siad don scaifte an mórshiúl a leanúint, agus iad ag scairteadh maslaí ciniocha leis na hÉireannaigh.
masla dár gcomharsana an insult to our neighbours
" Bhain sí scairteadh gáire as an gcuideachta nuair a mhaígh sí: murach na Gaeil, bheadh an Astráil go díreach mar an gcéanna leis an Nua-Shéalainn! Moladh do na Gaeil cinnte, ach masla dár gcomharsana tras-Tasmáine.
a aithníodh mar mhasla which was seen as an insult
" Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó *William Street* ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire.
maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar insults on his sister’s F. page
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
faoin masla seo about this insult
" Nuair a chuala na lúthchleasaithe Meiriceánacha faoin masla seo, thug siadsan cuireadh dó agus fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann.
ag tabhairt maslaí ciniocha ar making racist comments about
" Tugaim faoi deara áfach, nach ndéanann Merseyside Police amhlaidh leis na faisistithe/dílseoirí i Learpholl agus leanann siad na mórshiúlta go dtí an ceann scríbe, ag tabhairt maslaí ciniocha ar na hÉireannaigh, rud atá in aghaidh an dlí.
seachas mar mhasla rather than as an insult
" Ghlac mé leis i dtólamh mar mholadh seachas mar mhasla, cé gur dócha gur sin a bhí ar intinn ag an té a dúirt.
maslaí suaracha despicable insults
" Na Fo-Ghiolcairí ===== Níl i scéal Bates ach blaisín amháin den gclaonadh chun comhraic atá ag borradh ar líne agus go minic ní bhíonn ach maslaí suaracha le feiceáil sna hargóintí is teasaí.
Is masla é sin that’s an insult
" Is masla é sin do na páirtithe i Stormont go síleann mná nach bhfuil ceann ar bith acu ag riar mar is ceart dóibh.
Is masla iad seo these are an insult
" Is masla iad seo don tseanchas áitiúil mar go bhfuil ainm agus stair ag baint le hachan cheann de na bóithríní beaga seo dá mbeadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus na Comhairlí Contae sásta an dua a chur orthu féin iad a aimsiú.