Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
forbairt as cuimse massive development
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
fás as cuimse massive growth
" D'éirigh leis sin a dhéanamh fosta agus tá fás as cuimse tagtha ar Aer Árann, go háirithe le cúpla bliain anuas.
infheistíocht ollmhór massive investment
" Tá go leor cúiseanna gur cheart dúinne mar thír a bheith báúil le Meiriceá: an idirghabháil thar na blianta i dTuaisceart Éireann; na milliúin Éireannach a chuaigh ar eisimirice go dtí an tír; an infheistíocht ollmhór atá déanta ag comhlachtaí Meiriceánacha anseo le roinnt mhaith blianta anuas.
tasc ollmhór massive task
" Tar éis an tsaoil, tasc ollmhór atá roimhe agus tógfaidh sé cúpla bliain ar a laghad air a mharc a fhágáil ar an bpáirtí.
ollmhór massive
" Faoi láthair tá tionscadal ollmhór idir lámha aige, is é sin tá an dearadh iomlán á dhéanamh aige don ardán agus don chúlstáitse a úsáidfear le linn Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 a bheas ar siúl in Éirinn an mhí seo.
carn ollmhór massive cairn
" Is ionad beag saoire cois farraige é An Leathros, ag bun Chnoc na Riabh, cnoc mór daingean dronuilleogach a bhfuil carn ollmhór ar a bharr.
athrú ollmhór massive change
" Aontaíonn sí leis an tuairim gur athrú ollmhór a bhí ann.
ollmhór massive
" Tá an comhlacht ollmhór Freeport/Rio Tinto ag tochailt óir agus copair - tá an fiontar is mó den tsórt sin sa domhan acu i bPapua Thiar.
stór ollmhór amhrán massive store of songs
" Thug sé cuairt ar amhránaí aosta de chuid an oileáin, Séamas Ó Mianáin, i 1984 agus chuir sé iontas an domhain air an stór ollmhór amhrán a bhí aige.
folmhaíodh na boscaí ollmhóra the massive boxes were emptied
" Ceann ar cheann, folmhaíodh na boscaí ollmhóra agus thit na páipéir bhallóide anuas ar bhoird.
chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro to tackle the massive growth of Rio de Janeiro
" Bunaíodh príomhchathair riaracháin nua sa mBrasaíl chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro.
staid ollmhór nua a massive new stadium
" Ar an 27 Eanáir 2004, sé bliana ar aghaidh ón gcéad lá a d'fhógair an rialtas go raibh fúthu staid ollmhór nua a thógáil i mBaile Átha Cliath, tá an Bertie Bowl curtha ar leataobh agus tá cinneadh tógtha Bóthar Landsdún a atógáil ina ionad.
ollchaiteachas massive expenditure
" Conas, mar sin, ar féidir comparáid a dhéanamh idir an tír seo agus aon tír eile san Eoraip? Cen mhaith a bheith ag caint faoin ollchaiteachas sa chóras sláinte nuair is soiléir go gcaithfear daonra na tíre a chur san áireamh agus an caiteachas sin á mheas? Go hidirnáisiúnta, nuair a bhíonn na heacnamaithe ag plé cúrsaí caiteachais, déanann siad tagairt don chaiteachas mar chéatadán den Olltáirgeacht Intíre (OTI).
taispeántas ollmhór idé-eolaíoch massive ideological display
" Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
hinfheistíocht ollmhór massive investment
" I mbeagán focal, tá gá le hinfheistíocht ollmhór in áiseanna agus i seirbhísí spóirt má tá fonn ar bith orainn dul in iomaíocht ar an stáitse mór.
ollmhóra massive
" Gan fhios dom, cúpla lá roimhe sin bhí iascaire i ndiaidh na focail *"No Tax, ha, ha ha" *a phéinteáil faoi dhó i litreacha ollmhóra bána ar an ché.
ollmhór massive
" Ansin, chonaic mé carr ollmhór dubh ag teacht go ciúin inár dtreo.
timpeallán ollmhór a massive roundabout
" Anuas air sin, tá súil ag an NRA timpeallán ollmhór, a bheadh lasta ag líon mór soilse, a lonnú i mBaile Bhundel.
tionscal ollmhór massive industry
" Tá go leor leor oibre déanta ar theagasc an Bhéarla mar theanga iasachta mar gur tionscal ollmhór é.
Ionad comhdhála ollmhór massive conference centre
" Ionad comhdhála ollmhór i Maidrid na Spáinne, agus an foirgneamh plódaithe le hionadaithe aerlínte agus aerfort ó gach cearn den domhan, gach éinne agus suaitheantas beag daite á chaitheamh aige - dath dearg i gcás lucht na n-aerlínte (agus tá 250 ann), dath bán i gcás gach duine eile.
conspóid ollmhór massive controversy
" Os a choinne sin, d’fhéadfadh duine a shamhlú go mbeadh conspóid ollmhór ann dá mba rud é gur grúpa eitneach eile a bheadh i gceist a bhfuil líon níos mó scoláirí aige i scoileanna poiblí na cathrach.
difríocht ollmhór a massive difference
" Feiceann sé go bhféadfadh an beartas forbartha atá fógartha ag an bPríomhfheidhmeannach Pádraig Ó hAoláin difríocht ollmhór a dhéanamh, áfach.
le hollmhéid bhur gcorp with the massive size of your bodies
" Géarghrinniú agus mionchuardach a bhí ar siúl ag na créatúirí bochta nó níorbh amhlaidh gur líon sibh an stáitse le hollmhéid bhur gcorp.
linn ollmhór massive pool
" Ní hamháin go bhfuil teacht agat ar linn ollmhór de dhaoine atá ar fáil agus a bhféadfá caidreamh bheith agat leo, ach tá an chumhacht agat na daoine ar mian leat teagmháil a dhéanamh leo a roghnú.
ollmhór massive
" Pálás ollmhór a bhí ann, ina raibh dhá halla, dhá shéipéal, cistíní, agus seomraí leapa.
le hollmhéid bhur gcorp with the massive size of your bodies
" Géarghrinniú agus mionchuardach a bhí ar siúl ag na créatúirí bochta nó níorbh amhlaidh gur líon sibh an stáitse le hollmhéid bhur gcorp.
ioncam ollmhór a massive income
" Tuilleann CLG ioncam ollmhór ó na cluichí móra peile agus iomána gach bliain.
ollmhór massive
" Ach níl ansin ach sampla beag de na hábhair atá le fáil i Vicipéid - is gá duit cuairt a thabhairt ar an suíomh chun an méid ollmhór altanna a fheiceáil le do shúile féin.
tionscnamh ollmhór massive initiative
" Cuireadh foireann mhór ildánach le chéile mar chuid den tionscnamh ollmhór seo ina raibh breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire as an dá thír.
tiníl aoil ollmhór massive limekiln
" Tá Baile Bháltair suite ar bhá álainn, agus tá tiníl aoil ollmhór in aice leis an trá.
ollmhór massive
" ) Ta leabhar ollmhór scríofa ag Fisk dar teideal *The Great War for Civilisation: The Conquest Of the Middle East *agus is é is fearr atá cáilithe lena leithéid de leabhar a scríobh.
ollscrios massive destruction
" “Na bréaga a d’inis Tony Blair fá na hairm ollscriosta, bhí siad sin i bhfad ní ba mheasa.
morgáistí ollmhóra massive mortgages
" morgáistí ollmhóra ======= Ar an drochuair, is minic nach mbíonn muid réalaíoch faoinár gcostais mhaireachtála agus is fíorannamh a chuirtear suim airgid ar leataobh d’éigeandálaí.
tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin to award themselves a massive salary
" Mar sin, bhí siad ábalta tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin ach bhí orainne, na múinteoirí, conradh nua a shíníú agus glacadh le laghdú inár bpá agus inár laethanta saoire agus méadú ar ár gcuid uaireanta teagaisc.
bratach ollmhór massive flag
" Cuireann bratach ollmhór Chumann Ard Mhacha iontas orm, í go hiomlán i nGaeilge, an t-aon bhratach amháin sa mórshiúl a bhfuil Gaeilge uirthi.
spéirling ollmhór a massive hurricane
" Scrios spéirling ollmhór Pensacola ina iomláine i 1561, ach cuireadh bunús maith faoi St Augustine (nó San Agustín, mar ab fhearr aithne ar an áit ag an am) agus is í an chathair sin anois an baile is faide áitrithe sna Stáit Aontaithe.
dul i ngleic le hollchumhacht na hardchathrach to tackle the massive power of the capital city
" Déarfadh an té atá idéalach gur iarracht chróga a bhí ann dul i ngleic le hollchumhacht na hardchathrach.
impleachtaí diúltacha ollmhóra massive negative implications
" Deir Impact go mbeidh “impleachtaí diúltacha ollmhóra ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal,” má leantar leis an pholasaí mar atá.
ruathar ollmhór massive attack
" Ar thríú lá an chatha, chaill arm Lee na mílte i ruathar ollmhór (a dtugtar “Pickett’s Charge” anois air, i gcuimhne an Ghinearáil a bhí i gceannas air).
láithreán tógála mór millteanach a massive building site
" Ach faoi mar atá rudaí sa lá atá inniu ann is láithreán tógála mór millteanach í an tír seo agus blocanna móra stroighne á dtógáil ó cheann ceann na tíre nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith leis an taobh tíre.
eitleán ollmhór nua a massive new aeroplane
" Cúig bliana ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh plean den scoth acu: thógfadh Airbus eitleán ollmhór nua, an ceann is mó ar domhan, a mbeadh breis is 500 suíochán ann.
ar leoraí ollmhór on a massive truck
" Míreanna mearaí atá i gceist: déantar na heiteoga i Sasana, mar shampla, agus iompraítear go dtí an Fhrainc iad ar bord loinge speisialta agus ar leoraí ollmhór.
mór millteach massive
" “Chuaigh mé ar an mbunscoil i mBearna agus ba *culture shock* mór millteach é sin.
pléascadh ollmhór massive explosion
" “Mhúscail an pléascadh ollmhór gach duine sna Cealla Beaga agus chonaic muid an tine thuas ar bharr Chró na Rad,” a d’inis sé dom.
an daingean cruinn ollmhór the massive circular keep
" D’fhéadfadh sé gur thóg Normannach eile, Hugh de Lacy, an daingean cruinn ollmhór atá sa lár go fóill.
páirc ollmhór a massive park
" Táimid le seinnt in ionad ceoil i Sopparo Art Park, páirc ollmhór a bhfuil taispeántais mhóra dealbhadóireachta ann, gairdíní gleoite fiáine, siopaí agus stiúideonna d’ealaíontóirí.
deacrachtaí ollmhóra massive difficulties
" Tá sé tábhachtach go ndéanfaí fóirithint ar na seandaoine seo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí ollmhóra atá ag baint le hearnáil na dtithe altranais in Éirinn.
ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, on the production of its massive aeroplane,
" Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380.
na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo these massive Russian aeroplanes
" Níor nochtadh na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo go dtí gur thit an tAontas Sóivéadach, agus baisteadh an leasainm “Ollphéisteanna Caispeacha” (“Caspian Sea Monsters”) orthu.
bratach ollmhór Phalaistíneach, a massive Palestinian flag,
" Taobh amuigh den Ghailearaí Náisiúnta bhí bratach ollmhór Phalaistíneach, ar foluain trasna an bhóthair.
tá an charraig féin ollmhór the rock itself is massive
" Ar an gcéad dul síos, tá an charraig féin ollmhór – thóg sé uair go leith orm siúl timpeall uirthi.
fadhbanna ollmhóra massive problems
"fadhbanna ollmhóra ag Motorola toisc – i measc rudaí eile – go bhfuil siad ag cailliúint an chogaidh gnó idir iad féin agus Nokia.
do theilifíseáin ollmhóra leathscáileáin. for massive widescreen televisions.
" Le coicís anuas, tá na nuachtáin breac le fógraí do theilifíseáin ollmhóra leathscáileáin.
ardeaglais ollmhór a massive cathedral
" Bhí ardeaglais ollmhór ann, a críochnaíodh agus a coisriceadh sa bhliain 1318 agus Raibeart Brus i réim.
córas ollmhór a massive system
" Is córas ollmhór an córas “ceartúcháin” i Meiriceá.
i reoiteoir ábhalmhór in a massive freezer
" Ní hamháin go bhfuil sé suite i Manchain, ach an rud is fearr faoi dhreapadóireacht gheimhridh ná a bheith amuigh faoin spéir, i measc na sléibhte bána, agus radharcanna áille thart timpeall ort, ní i reoiteoir ábhalmhór i lár na cathrach.
uaimh ollmhór a massive cave
" Thug muid aghaidh ansin ar uaimh ollmhór ar imeall na farraige ar a dtugtar Smoo Cave.
don mhéid ábhalmhór tráchta for the massive amount of traffic
" Tá an droichead, a bhfuil dhá leibhéal air don mhéid ábhalmhór tráchta a úsáideann é gach lá, ciliméadar go leith ar fhad, agus 65 méadar ón uisce thíos faoi.
ollchallairí na ngluaisteán the massive speakers of the cars
" Ar ndóigh, bhog na hÉireannaigh chéanna ar aghaidh chomh luath is a d’fhéad siad, agus is ceantar Doiminiceach é anois, rud gur léir duit ón nóiméad a théann tú isteach ann – níl le cloisteáil ó ollchallairí na ngluaisteán ach ceol Spáinneach, á chasadh ar láine a dhúiseodh na mairbh.
ciorcal ollmhór massive circle
" Ceanglaíonn na fáinní ar fad le chéile chun ciorcal ollmhór a dhéanamh a bhfuil trastomhas de 13.
an mhíchothromaíocht ollmhór seo this massive inequality
" “Tá an mhíchothromaíocht ollmhór seo ina scannal,” arsa an tUasal McGill.
pléascadh ollmhór massive explosion
" I rith na seachtaine céanna ar diúltaíodh do phlean Bloomberg maidir le táillí plódaithe, tharla pléascadh ollmhór ar Shráid 42, atá i gcroílár Manhattan in aice le Grand Central Station, nuair a bhris galphíopa faoin tsráid.
bille ollmhór teileafóin a massive phone bill
" Cúpla bliain ó shin bhuaileamar le hathair duine dár lucht leanúna, Kevin Pendred, agus d’inis sé scéal dúinn faoin gceathrar cairde a bhí aige a d’úsáid a thigh mar oifig samhradh amháin agus a d’fhág bille ollmhór teileafóin leis – muid faoi ndear an bille a dúirt sé linn, ag scige.
arm ollmhór a massive army
" Gan tuiscint dá laghad a bheith acu ar chastacht an Mheánoirthir (tuairiscíodh tamall ó shin nach raibh an chuid is mó de pholaiteoirí Washinton in ann an difríocht idir Moslamach Sunnaíoch agus Moslamach Síteach a mhíniú), chuireadar arm ollmhór go dtí an Iaráic agus chuireadar isteach rialtas nua atá báúil le Meirceá.
ollchóras sláinte náisiúnta a massive national health system
" Tá sé ina luaidreán gur íoc na comhlachtaí móra árachais airgead mór chun é a smálú mar gheall ar a phlean chun ollchóras sláinte náisiúnta a thabhairt isteach ar mhúnla na dtíortha Eorpacha.
Crann ollmhór a massive tree
" Crann ollmhór atá sa *kauri* atá an-díreach.
féile ollmhór cheoil um Cháisc a massive festival at Easter
" Bíonn neart féilte bliantúla ar siúl sa cheantar, féile ollmhór cheoil um Cháisc agus féile idirnáisiúnta do scríbhneoirí i mí Lúnasa ina measc.
ollmhór massive
" Tá ionad siopadóireachta ollmhór darb ainm Ocean Terminal ann freisin a bhfuil leaba ancaire don iar-bhád ríoga Britannia in aice leis.
ón líon ollmhór úsáideoirí from the massive number of users
" Is éard atá i gceist leis sin ná na slite trínar féidir airgead a shaothrú ón líon ollmhór úsáideoirí atá ag roinnt seirbhísí comhchruinnithe ar líne, ar nós Facebook agus YouTube.
an pharáid spleodrach ollmhór the massive boisterous parade
" Is é buaicphointe an Mardi Gras, gan aon agó, ná an pharáid spleodrach ollmhór a bhíonn ar siúl ag deireadh na féile.
Foirgnimh ollmhóra massive buildings
" Foirgnimh ollmhóra is ea iad a chuirfeadh ardeaglaisí na Críostaíochta i gcuimhne duit.
féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, the massive Lorient inter-Celtic festival,
" An iris *Carn* (más ann di go fóill), féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, an Fhéile Pan-Cheilteach, bád farantóireachta idir Corcaigh agus Roscoff, eitilt Ryanair idir Port Láirge agus Lorient – níl mórán eile ann, nó sin a bhraitheas ar chuma ar bith.
mar nathair neimhe ollmhór like a massive snake
" Cé mhéad duine, mar shampla, a chonaic sráid lán le daoine, ag breith ar lúidíní a chéile, ag damhsa mar nathair neimhe ollmhór ó bhun go barr na sráide? Nó cé mhéad dínn a bhfuil cur amach aige ar an mbanna Ar Re Youank nó Gwerz nó an t-amhránaí Yann Fanch Kemener? *** In Adam’s sa Daingean.
an fhoireann ollmhór the massive team
" **Aidhm ** Is í an phríomhaidhm atá le Phoenix, agus ag an fhoireann ollmhór atá ag obair taobh thiar de, ná uisce a aimsiú ar Mhars.
ag tiomáint na n-ollcharranna seo driving these massive cars
" Ní hé gur *boy racers* a bhíonn ag tiomáint na n-ollcharranna seo, ach máithreacha ó na fobhailte a bhíonn ag tabhairt a bpáistí ar scoil.
an rainse ollmhór the massive ranch
" Mura bhfuil stíl mhaireachtála na meánaicme saibhre inbhuanaithe, is cinnte nach bhfuil stíl mhaireachtála leithéidí Maurice Strong amhlaidh! Ach cá bhfuair Strong a chuid airgid leis na tithe uile agus an rainse ollmhór a cheannach? **Tionscal fuinnimh**Rugadh Strong i gCeanada sa bhliain 1929 agus thosaigh sé ag obair sa tionscal fuinnimh agus é fós ina dhéagóir.
uiscíoch ollmhór a massive aquifer
"uiscíoch ollmhór faoina rainse in Baca Grande, Colorado, agus rinne comhlacht dá chuid iarracht an t-uisce a sholáthar i bpíblíne do chathair Denver – beart a shaothródh na billiúin do Strong agus dá chuid comhpháirtithe dá gcuirfí i gcrích é.
lasta ollmhóra massive cargo
" Mhínigh Patsaí dom go raibh na Meiriceánaigh chun rúidbhealaí a thógáil ar an oileán dá gcuid eitleán lasta ollmhóra – na C-5 Galaxies tá a fhios agat.
bratacha ollmhóra massive flags
"bratacha ollmhóra lena ainm orthu ar foluain taobh amuigh dá chuid oifigí go fóill.
cuardach ollmhór a massive search
" Trí lá dar gcionn, tar éis cuardach ollmhór a tuairiscíodh go fairsing sna meáin, gabhadh é ag láthair campála tar éis do na póilíní éirí amhrasach go raibh sé ag iarraidh a bhás a fhalsú.
ollmhór massive
" Tá achan bhóthar ollmhór agus ar bhealach, níl fáilte romhat amuigh faoin spéir muna bhfuil tú i gcarr.
ollmhór massive
" Sa tuarascáil sin, ‘Tuar Fuinnimh an Domhain’, dúirt Fatih Birol, arb é an príomheacnamaí leis an GIF é, gur féidir le ‘buaic na hola’ teacht chugainn chomh luath le 2020 mura ndéanfar infheistíocht ollmhór i mbonneagar thionscal na hola.
ollmhór massive
" Rinne bundúchasaigh na tíre neamhaird den chomóradh le fada an lá, ach thall sa bhliain 1938 bhí ceiliúradh ollmhór ar siúl le haghaidh 150 bliain lonnaíocht na n-Eorpach.
fearg an tsaoil láimhe a massive temper
" Fear as iarthar domhain agus fearg an tsaoil láimhe air le linn ionsaí Iosrael ar Ghaza, é ag caint ar a bhfaca sé d’uafás taobh istigh den otharlann ar a chúl.
daonraí ollmhóra massive populations
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
ollmhóra massive
" Theip ar Lehman Brothers, an comhlacht mór infheistíochta, agus ar Merrill Lynch agus ar Washington Mutual, dhá bhanc ollmhóra, maille leis na scórtha comhlachtaí airgeadais beaga eile.
fiacha ollmhóra massive debts
" Ar ndóigh, deir na criticí nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas lena leithéid a dhéanamh agus nach dtiocfaidh as seo ach fiacha ollmhóra a mhairfidh ar feadh na scórtha bliain.
tionsclaíoch ollmhór massive industrial
" Tá samplaí dá shaothar le feiceáil in Angel of the North, an figiúr tionsclaíoch ollmhór a amharcann síos ar an A1 ag Gateshead i Sasana agus Another Place - céad figiúr múnlaithe as miotal a amharcann amach ar an fharraige ó thrá Crosby.
stailc ollmhór massive strike
" Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.
ollmhóra massive
" In ainneoin na ndifríochtaí ollmhóra idir Berlin, Páras agus Cathair Mheicsiceo na linne sin, d’aimsigh an ghlúin sin bealaí polaitiúla chun an fhearg agus an scriostacht inmheánach sin a oibriú amach, a chur in úil, agus a léiriú.
oll-léaráid a massive canvas
" Dearann Angelopoulos oll-léaráid chun suaithí móra na linne sin ar na Gréagaigh a díbríodh as Odessa na Rúise ag Arm na Sóibheide i 1919 a nochtadh, pobal a shocraigh faoi dheireadh ar an móinéar taoidmhear ar imeall Salonika - ‘*Weeping Meadow’* an teidil.
ábhalmhóra massive
" Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.
ollmhór massive
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
ollmhór massive
" Mencken, an scríbhneoir mór aorach Meiriceánach, thart sa lá inniu, is cinnte go mbainfeadh sé an-ghreann as an tslí a bhaineann polaiteoirí Mheiriceá leas go seanbhlastúil as “hobgoblins” ar nós Muammar al-Gaddafi, Osama bin Laden, Saddam Hussein agus Mahmoud Ahmedinejad leis an bpobal a choinneáil scanraithe ar mhaithe leis an tionscal ollmhór míleata Meiriceánach agus leis an stát Iosraelach.
ollfhoiréigean massive violence
" Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
ollmhór massive
" I láthair na huaire, tá cogadh ollmhór ar siúl sa Pháirtí Poblachtach idir na mionghrúpaí go léir do cheannaireacht an pháirtí, agus ní léir go fóill cé aige a bhéas an bua.
ollmhór massive
" Má ghlactar leis an phrionsabal sin, ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais atá a dhéanamh ag an Stát, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo? Mar shampla an bhfuil an caiteachas atá an Stát ag déanamh sa Chóras tríú leibhéal atá lonnaithe, go príomha, ins na príomhchathracha ‘*targeted at those most in need*’? An bhfuil an lána breise a cuireadh leis an M50 i mBÁC ag freastal ar lucht na gannchoda? An Chéad Teanga Oifigiúil Tá airgead na Gaeltachta á chaitheamh de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú.
ollmhóra massive
" Ní hamháin go raibh tonntracha ollmhóra ag briseadh ar an trá, ach bhí comharthaí ar fud na háite: "Feachtaí Cuilitheála Contúirteacha! Más ar beagán taithí thú, ná gabh ag snámh anseo! Fuair daoine bás ag snámh amuigh anseo!" (http://en.
ollmhór massive
" Chonaic mise an tionchar ollmhór a bhí na Hothouseflowers ar an nGaeilge.
ollmhór massive
" Déanann tú an Late Late Show gach bliain agus Tubridy Tonight agus mar san agus faigheann daoine aithne ort agus gan amhras an All Ireland Talent Show, tá sé sin ollmhór ar fad – agus é sin ar fad a thabhairt ar ais go TG4, tá sé sin go maith do TG4 mé a bheith ar na cláracha san.