Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céime máistreachta master's degree
" Dá bhféadfainn déileáil leis sin, bheinn sona sásta mar dhuine, ach nílim!" Chuaigh sé ar ais chun na hollscoile i 1991 agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an mhuireolaíocht i gcomhar céime máistreachta.
Annála na gCeithre Máistrí The Annals of the Four Masters
" Tá cuntais le fáil chomh maith in Annála na gCeithre Máistrí agus *Annála Uladh.
Máistreacht i Staidéar Gnó Masters in Business Studies
" " Nuair a d'fhág sé an scoil, thug sé aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh, áit a ndearna sé céim sa tráchtáil agus ansin céim taighde bliana, Máistreacht i Staidéar Gnó, ina dhiaidh sin.
máistreacht masters
" Tá mé ag staidéar don GMAT (cuntasóireacht) agus ba mhaith liom máistreacht a dhéanamh i gcúrsaí gnó.
an mháistreacht the masters
" Fuair sé post gan mhoill i ndiaidh dó an mháistreacht a bheith curtha de aige i gColáiste Thuamhumhan (atá anois mar chuid d'Ollscoil Luimnigh).
chéim mháistreachta masters degree
" " Dhírigh an Seoigheach ar chéim mháistreachta ansin agus thosaigh ar thráchtas a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir.
na máistrí the masters
" An rud a rinneamar leis an gcnuasach seo ná go ndeachamar siar chuig na máistrí, na buntéipeanna (tá siad againn i gcónaí), agus bhíomar ábalta athmháistriú digiteach a dhéanamh orthu.
mháistreacht masters
" " Tháinig Goggin ar an tuiscint ansin go raibh géarghá le saineolas gnó sa tionscal agus thug sí faoi mháistreacht i riarachán gnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
leibhéal na máistreachta masters level
" Féadfar suas go dtí leibhéal C2 a bhaint amach, agus is leibhéal na máistreachta é an leibhéal sin.
shaothar na seanmháistrí the work of the old masters
" Sé bliana ina dhiaidh sin fuair sé áit sa Slade, an coláiste cáiliúil ealaíne i Londain, agus rinne sé staidéar ansin ar shaothar na seanmháistrí faoi stiúir Henry Tonks.
a máistrí their masters
" Mar an gcéanna, d’fhéadfaí an rian ó Luimneach trí Chluain Meala go Port Láirge, nó an gabhalrian go Béal an Átha i Maigh Eo, a úsáid ar dhóigh níb fhearr dá dtuigfeadh Iarnród Éireann - nó chun an fhírinne a rá, dá dtuigfeadh a máistrí sa rialtas – go bhfuil buntáistí móra ag baint le daoine a mhealladh i dtreo na dtraenacha in ionad iad bheith ag tiomáint gach áit.
máistreacht masters
" ” Rinne Muireann máistreacht sa tSean-Ghaeilge tar éis di an bhunchéim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa stair agus ansin d’éirigh léi scoláireacht a fháil go dtí Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath i 1978.
breis agus teanga amháin a thabhairt leo to master more than one language
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go n-éireodh muintir na hÉireann níos mórtasaí as a gcumas breis agus teanga amháin a thabhairt leo, as a bhféiniúlacht Ghaelach, idir chultúr agus teanga, i measc thíortha an Aontais Eorpaigh agus an domhain trí chéile ach go mórmhór sa bhaile in Éirinn i ngach gné dá sochaí féin.
breis agus teanga amháin a thabhairt leo to master more than one language
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go n-éireodh muintir na hÉireann níos mórtasaí as a gcumas breis agus teanga amháin a thabhairt leo, as a bhféiniúlacht Ghaelach, idir chultúr agus teanga, i measc thíortha an Aontais Eorpaigh agus an domhain trí chéile ach go mórmhór sa bhaile in Éirinn i ngach gné dá sochaí féin.
sladmháistir slaughter master
" Laochra ar dualgas dá sladmháistir Slobodan Milosevic, Búistéir na mBalcán.
máistriú mastering
" Deineadh an meascadh ansin laistigh d’aon lá amháin, ansin dhein Compass (an comhlacht ceirníní) máistriú air.
Máistreacht a Masters
" Beidh mé ag féachaint go speisialta ar na tionchair shóisialta agus chultúrtha ar an gceol traidisiúnta sa tréimhse seo, ag tosú le toradh an Ghorta Mhóir agus ag críochnú le Riverdance agus an Tíogar Ceilteach! AÓF: Beidh staidéar agus taighde le déanamh agat féin ann freisin, nach mbeidh? Cén treo ina mbeidh do chuid staidéir féin ag dul? TC: Nuair a rinne mé Máistreacht in Ollscoil Luimnigh rinne mé staidéar ar cheol oirthear na Gaillimhe, go speisialta ar cheol Bhanna Céilí Eachroime.
chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach. he decided, therefore, to do a masters in applied linguistics.
" Agus é i mbun na hoibre sin, áfach, thuig sé go raibh go leor le foghlaim aige faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga agus chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach.
iad a mháistriú to master them
" * - *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.
céim mháistreachta a masters degree
" HB: Bhain sí céim mháistreachta amach san ealaín agus í an-óg.
aithris a dhéanamh ar na seanmháistrí to copy the old masters
" Is ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na seanmháistrí a bhímse.
de sheanmháistir na síceolaíochta of the old master of psychology
" Is garmhac é de sheanmháistir na síceolaíochta Sigmund Freud agus, cé gur saolaíodh i mBeirlín i 1922 é, bhog an teaghlach go Londain i 1933 mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, agus is i Sasana a fuair sé a chuid oiliúna agus a bhfuil cónaí air go fóill.
máistir ceathrún an UDA a UDA quarter-master
" Tugadh na hairm ghoidte do William Stobie, máistir ceathrún an UDA agus gníomhaire de chuid an RUC.
saothar seanmháistir work of a old master
" Shíl siad gur saothar seanmháistir a bhí ann.
na Ceithre Máistrí. the Four Masters.
" Tá tagairt dhíreach ón bhliain 1185 don eachtra seo in *Annála Ríoghachta Éireann* leis na Ceithre Máistrí.
a léiríonn sainfhís an mháistir: which show the distinctive voice of the master:
" In ord a ndéanta, tá na teidil seo a leanas i measc na scannán is fearr a léiríonn sainfhís an mháistir: *Smiles of a Summer Night* (1955) *The Seventh Seal* (1957) *Wild Strawberries *(1957) *The Virgin Spring* (1960) *The Devil’s Eye *(1960) *Through a Glass Darkly *(1961) *Winter Light *(1962) *The Silence *(1963) *Persona *(1966) *Cries and Whispers (*1972) Tá áit acusan ar aon seilf DVDanna agus tá a bhformhór le fáil ar an idirlíon.
máistrí ceoil, masters of music
" Is féidir staidéar a dhéanamh ar na máistrí ceoil, más mian leat, má íoslódálann tú giotaí beaga de scannáin agus de chláracha teilifíse ó léithéidí YouTube.
an mháistir striapach the prostitutes' master, pimp
" " Ach bhí sí fillte ar a cairde cheana féin, triúr acu, faoi shúil nimhneach an mháistir striapach, ag caint leo i dteanga de chuid oirthear na hEorpa.
Máistreacht mhúinte atá inti it is a taught masters
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
céim mháistreáchta a masters degree
" D'fhág sí Princeton i gcéadáit a ranga chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale agus ó shin i leith d'éirigh suas trí chóras dlí Nua-Eabhrac.
an pionna a chur i mastered, got the better of
" Má tá na clubanna santach, an iontas ar bith é gur éirigh na himreoirí santach chomh maith? De réir na dtuairiscí ar na nuachtáin, d’éirigh le Wayne Rooney an pionna a chur i *Manchester United*, an club a cheannaigh a thalann ó *Everton*.
máistirdhriogaire a master brewer
" Is é an rud a bheadh aige mar thoradh ar an diansaothrú seo sa deireadh, pictiúr ina bhfaighfeá leideanna d’achan ghné den tírdhreach a bhí aimsithe aige ina chuid sceitseanna díreach mar a dhéanfadh an máistirdhriogaire deoch dhraíochta as an iliomad ábhar.
phríomhoide headmistresses/masters
" Cúig phríomhoide atá ann anois, agus Mary Mitchell O Connor ina measc.
ollinsint master-narrative
" Is carachtair imeallacha iad, daoine a thagann is a imíonn ón ollinsint nó ón ‘master-narrative’ mar a thugtar air sa Bhéarla.
an dís máistreás amháin ar ghéill sí díofa the only two masters she acceded to
" Áilleacht fá riar an dís máistreás amháin ar ghéill sí díofa - éirim agus anam.
Uirlísí Stiúrthóir Gréasáin web master tools
" 5 Naisc agus mapa: Má tá tú chun an físeán a óstú ar do shuíomh (agus tá ar ndóigh impleachtaí leis an rogha seo, ach sin alt eile!) bain úsáid as Uirlísí Stiúrthóir Gréasáin ó Google chun mapa físeáin suímh a chruthú agus a roinnt le Google.
príomhoide head master
" Ní Dúthracht go Cur Fola an Phríomheejit ============= Chuaigh sé chun cainte ar dtús le Dáithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, agus thóg a raibh le rá ag príomheejit na scoile croí Bhaloir go mór, nuair a d’éirigh leis Dáithí a thuigbheáil faoi dheireadh.
na máistreacha a tháinig roimhe the masters who preceded him
" Deirtear gur chaith Wallace formhór a shaoil róghonta cromtha leis na leabhair, agus más ea, is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh idir a chuid scríbhneoireachta agus na máistreacha a tháinig roimhe.
Ceacht máistreach a master lesson
" Ceacht máistreach i léiriú an mheatacháin.
Cur chuige shean-scuabmháistir the old master’s touch approach
" Cur chuige shean-scuabmháistir Aragon.
mar chuid de Mháistreacht as part of a Masters
" Tá albam nua dar teideal The Fiddler’s Choice eisithe ag an bhfidléir Eileen O’Brien mar chuid de Mháistreacht sa cheol traidisiúnta a rinne sí in Ollscoil Luimnigh.
ceapadh an cheoil mastering music
" Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó.