Le linn
na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.