Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir an dá linn in the meantime
" Ní tharlóidh sé sin go ceann i bhfad, áfach, agus idir an dá linn déanfaidh mé gach rud is féidir liom le cuidiú le daoine eile fanacht ina mbaile.
idir an dá linn in the meantime
" B'fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar an scéal amach anseo, ach idir an dá linn ba chóir do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil bogearraí atá oiriúnach dá bpáistí ar fáil sula gcaitheann siad airgead ar ríomhaire nua.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn beidh David Cremin, atá ina easpag cúnta i Sydney agus gurb as Luimneach ó dhúchas é, ag gníomhú mar ardeaspag.
Idir an dá linn in the meantime
" An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
idir an dá linn in the meantime
" D'iarr siad orm iarracht a dhéanamh idir an dá linn réiteach a fháil tríd an chóras inmheánach sa choláiste.
idir an dá linn in the meantime
" Tá bóthar nua á thógáil suas tríd an tír ar fad, agus is cinnte gur áis iontach a bheidh ann nuair a bheidh sé críochnaithe, ach idir an dá linn tá na bóithre ina bpraiseach.
san idirlinn in the meantime
" Agus níor tháinig aon ardú *pro rata* ar an maoiniú a fuaireamar san idirlinn leis sin a mhéadú.
idir an dá linn in the meantime
" Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.
san idirlinn in the meantime
" Deich mbliana níos faide anonn, tá sé suimiúil anois, i bhfianaise bua iontach Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an tSraith Iomána ag tús na Bealtaine seo caite, a teacht chun tosaigh ar Thiobraid Árann le gairid arís, sracfhéachaint a thabhairt arís ar an treoirphlean úd agus ar a bhfuil bainte amach san idirlinn.
san idirlinn in the meantime
" com/2011/09/16/repro3d-is-a-touchable-3d-interface-that-lets-you-poke-pixies/> Níl aon amhras go bhfuil feidhmeanna don teicneolaíocht seo: fan go gcloisfidh na porn kings faoi! In Ollscoil Berkeley, san idirlinn, d’éirigh leo fís a athchruthú ó thonn inchinne a bhí cosúil go leor leis an bhfís a bhí feicthe ag an duine a chruthaigh an tonn inchinne! Fágfaidh mé fút féin a dhéanamh amach arbh ionann iad <http://www.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin the matter died a death in the meantime
" Ach chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn, ámh, glacaimis leis go bhfuil snámh in aghaidh easa le déanamh ag Romney.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn tá aibhneacha, locha, tránna, linnte, turlaigh is uaimheanna na hÉireann á snámh agam, contae i ndiaidh contae.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn, tosaíodh leis an bhfeachtas smeartha ina aghaidh, cé nár mórán a bhí acu air - ba chosúil go raibh cailín aige ar dhamhsóir téisiúil í, a raibh na scórtha pictiúir di ina brístíní amháin curtha suas ar an idirlíon aici.
idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh in the meantime let’s enjoy
" Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn, leanfaidh scata paiseanta daoine leo ag déanamh gach iarrachta an cosán a dhíriú dúinn: saineolaithe taithí an úsáideora.
feabhsaithe ó shin improved in the meantime
" Tá an dearcadh i leith na foraoiseachta feabhsaithe ó shin.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn tá lánúineacha comhghnéis go leor abhus ag beartú ar bhainis a eagrú in Canberra fad is atá an t-ionú uathúil seo ar fáil dóibh.
a seoladh idir an dá linn which was launched in the meantime
" Gan amhras, tá cuma chiotach go leor ar an gceamara Looxie a mhol mé le hais Google Glass a seoladh idir an dá linn.
idirlinn meantime
" San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.
Idir an dá linn in the meantime
" Idir an dá linn, tá an dealbh de Shean-Phádraic Ó Conaire ag bailiú deannaigh in Iarsmalann na cathrach.
Idir an dá linn in the meantime
" An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air =============== Idir an dá linn chuaigh gnóthaí in olcas.
Idir an dá linn meantime
" Idir an dá linn, tá Laura Bates ag seasamh an fhóid in éadan lucht a cáinte agus tá ráite aici go leanfaidh sí lena cuid oibre in ainneoin na mbagairtí.
idir an dá linn in the meantime
" D’fhógair Facebook idir an dá linn go bhfuil siad ag triail cnaipe “Buy” le roinnt ceannach idirlín.