Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boinn medals
" Cúrsaí spóirt ======= Tá ag éirí go maith le foirne peile na bhfear agus na mban de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael, boinn uile-Éireann na mban buaite ag ceathrar den chlub áitiúil le cúpla bliain anuas.
bonn óir gold medal
" Bronnfar bonn óir ar an bheirt Cheanadach, Jamie Sale agus David Pelletier, rud a fhágfaidh go mbeidh comhbhuaiteoirí i gceist i mbliana.
boinn medals
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
bonn naofa holy medal
" Thug bean amháin, atá an-chráifeach, bonn naofa domh le cur sa charr.
bonn aingil choimhdeachta guardian angel medal
" Thosaigh póilíní ag dul ó theach go teach sa cheantar ag labhairt le daoine agus ag cuartú an mhála láimhe, a raibh bonn aingil choimhdeachta air.
boinn medals
" B'fhéidir gur rud é a bhaineann le contaetha iománaíochta ar chúis éigin, is é sin deartháireacha a bheith ag imirt le foireann an chontae (agus boinn uile-Éireann a bheith buaite acu go minic) - muintir Mhic Riocaird agus Uí Choigligh le Loch Garman, na deartháireacha Uí Fhoghlú (Des agus Lar) le hÁth Cliath, muintir Uí Éinrí agus Uí Fhionnalaigh le Cill Chainnigh, muintir Chnáimhsí agus Uí Riain le Tiobraid Árann agus mar sin de.
bonn medal
" Rinne sé an bonn a dhearadh chomh maith ar an tóirse mór a bheas á lasadh ag duine de na lúthchleasaithe nuair a thosóidh na cluichí i gceann roinnt seachtainí.
bonn cré-umha bronze medal
" Bhain Haworth bonn cré-umha do Mheiriceá ag Cluichí Oilimpeacha na bliana 2000, nuair a bhí sí seacht mbliana déag agus 300 punt meáchain.
bonn óir gold medal
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
bonn cré-umha bronze medal
" Mar a deir Karen, d'fhéadfaí a rá gur goideadh bonn cré-umha uaithi.
trí bhonn uile-Éireann three All-Ireland medals
" Ach sin é a rinne JBM agus tamall ina dhiaidh sin thug Jimmy Barry cúl le peil agus bhuaigh trí bhonn uile-Éireann san iománaíocht, i '76, '77 agus '78.
bonn óir gold medal
" Bronnadh an gradam Bainisteoir na Bliana san NBA air i 1994 nuair a bhí sé leis na Atlanta Hawks, agus bhí sé i gceannas ar fhoireann na Stát Aontaithe nuair a d'éirigh leo bonn óir a bhaint i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1996 in Atlanta.
bonn Oilimpeach an Olympic medal
" Dá mbeadh an deis acu traenáil cheart a fháil, i Meiriceá cuir i gcás, cá bhfios nach ngnóthódh duine éigin de mhuintir Bhreathnach bonn Oilimpeach.
ag buachaint bonn winning medals
" Is mór an spórt iad na Cluichí Oilimpeacha gan dabht ar bith! Anseo in Éirinn, agus muid ag breathnú ar fhir agus ar mhná as tíortha éagsúla ar fud an domhain ag buachaint bonn ag na Cluichí Oilimpeacha, bíonn díospóireacht mhór againn faoi na cúiseanna nach mbuann Éireannaigh aon bhonn ach fíorchorr uair.
chun an bonn a ghnóthú to win the medal
" Ach, dáiríre, is é an bua atá ag teastáil ó gach iomaitheoir agus go minic tá siad sásta rud ar bith a dhéanamh chun an bonn a ghnóthú.
trí bhonn Uile Éireann three All-Ireland medals
" D'imir a athair le foireann chaithréimeach na n*Dubs* sna 1970í agus bhuaigh sé trí bhonn Uile Éireann, móide boinn Laighean agus boinn sraithe náisiúnta, in achar sé bliana.
a shuaitheantais his medals
" Nuair a fuair a athair, Bill, bás i 1992, fuair Robert a shuaitheantais.
na mbonn the medals
" I measc na mbonn atá aige tá dhá Chraobh Éireann, 1995 agus 1997, Craobh Club, dhá chraobh Cúige Mumhan agus trí Ghradam Réaltaí, 1995, 2002 agus 2005.
bonn óir a gold medal
" Bhain Ronnie Delaney bonn óir i gcluichí Oilimpeacha Mhelbourne agus bhí Elvis ag barr na gcairteacha le “Heartbreak Hotel”.
bonn cré-umha bronze medal
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
go ngnóthóidís an bonn óir that they would win the gold medal
" Agus, mar bharr ar an donas, theip glan ar an fhoireann Cheanadach a roghnaigh Gretzky do Torino nuair a chreid pobal Cheanada go ngnóthóidís an bonn óir.
boinn agus plaiceanna medals and plaques
" Dhear sé cártaí, taipéisí, boinn agus plaiceanna, agus gréasa Ceilteacha orthu uilig.
bonn an-luachmhar a very valuable medal
" Bhí deis iontach ag imreoirí maithe na gcontaetha laga imirt ar stáitse mór agus bonn an-luachmhar ó thaobh onóra de a bhuachaint – iománaithe as Laois, Áth Cliath, Ciarraí, peileadóirí as Fear Manach, Liatroim, Tiobraid Árann (Babs Céitinn, mar shampla) agus araile.
ar son coirn agus bonn for a cup and medals
" D’eagraíodh fear as Cumann an Athar Uí Mhurchú an “Old IRA Widows Tournament” chuile bhliain agus thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile imirt i gcoinne “Father Murphys” ar son coirn agus bonn agus bhailíodh sé síntiús (punt sa sean-seanairgead) ó gach imreoir ar mhaithe le baintreacha na sean-Óglach.
a bhuaigh bonn uile-Éireann who won an All-Ireland medal
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
móide a lán bonn eile, plus a lot of other medals,
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
an bonn sin the medal
" Ba í an chéad duine den lucht siúil ar bronnadh an bonn sin air.
ocht mbonn óir eight gold medals
" Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu.
bonn óir gold medal
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
Bhuaigh sé bonn Uile Éireann he won an All-Ireland medal
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
bonn óir gold medal
" Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006.
go mbuafadh sí bonn, that she would win a medal
" Is cinnte, chomh fada agus is féidir a bheith cinnte faoi aon rud i gcúrsaí spóirt, go mbuafadh sí bonn, an ceann óir is dóigh, ag na Cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach.
bonn a bhreith abhaile leis nó léi take a medal home with him or her
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
bonn óir agus ceann airgid a gold and silver medal
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
le linn an tsearmanais bhronnta. during the presentation (of the medals) ceremony
" I ndiaidh dó a bhonn airgid a bhaint, dhreap O’Connor go barr an chrainn brataí le linn an tsearmanais bhronnta.
le linn shearmanas bronnta na mbonn. during the medal awards ceremony
" Bhí racán ann fosta nuair a d’ardaigh beirt lúthchleasaithe Meiriceánacha – Tommie Smith agus John Carlos – doirne iata le linn shearmanas bronnta na mbonn.
bhoinn medals
" I mbliana, mar shampla, sa chomórtas tarraingthe téide faoi aois ceithre bliana déag, bhí triúr is fiche ar an dá thaobh den rópa! DuaiseannaMaidir le duaiseanna, bíonn idir choirn, bhoinn agus airgead le buachan ag na hiomaitheoirí.
bhoinn óir gold medals
" Ba chuma linne faoi bhoinn óir! Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
bonn óir gold medals
" Má cuireadh fáilte ó chroí roimh an bhfoireann Éireannach, samhlaigh an fháilte a cuireadh roimh fhoireann na Síne, a thóg 51 bonn óir léi, agus roimh fhoireann na Stát Aontaithe, a bhain 36 bonn óir.
bonn sa bhreis an extra medal
" D’fhéadfá a rá, áfach, go raibh bonn sa bhreis tuillte ag na Sínigh as éacht mór a d’éirigh leo a dhéanamh os comhair an domhain mhóir: íomhá na tíre a chosaint go hollsmachtach agus go tíoránta.
Bonn óir gold medal
" Bonn óir? Go deas, ach nuacht na seachtaine seo caite is ea é.
mbonn cré-umha bronze medal
" ArdmheasBhí ardmheas ag Balor ar dhornálaí Bhéal Feirste, Paddy Barnes, a dúirt leis na húdaráis dornálaíochta agus leis an Chomhairle Oilimpeach go dtiocfadh leo a mbonn cré-umha a shá cibé áit ar mhaith leo, nach raibh sé de dhíobháil air féin.
ceithre bhonn óir déag 14 gold medals
" Bhuaigh foireann na hAstráile 46 bonn ag na Cluichí i mbliana, ceithre bhonn óir déag san áireamh.
ar thábla na mbonn on the medals table
" Bhain an fhoireann náisiúnta an séú háit amach as na 204 tír a bhí ar thábla na mbonn, agus tá daonra i bhfad níos mó ag na cúig thír a bhí chun cinn uirthi.
bhoinn chré-umha bronze medals
" Níor bhuaigh sí oiread is bonn óir amháin an iarraidh sin, agus ar an iomlán, níor bhuaigh an fhoireann ach cúig bhonn – agus ba bhoinn chré-umha ceithre cinn acu.
ag baint go leor bonn winning a lot of medals
" Dúirt sé fosta go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú leis an airgead seo a bhailiú – mar a dhéantar sa Bhreatain Mhór!Mar gheall ar an ráiteas seo a rinne Rudd, is dócha go mbeidh na lúthchleasaithe Astrálacha ag baint go leor bonn i Londain i gceann ceithre bliana.
ocht mbonn sinsir eight senior medals
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
boinn medals
" com/watch?v=oScT3WhCk8w&feature=related An Mhaith Dhéanach (an mhaith i gcónaí) D’fhógair Kevin Rudd, príomhaire na hAstráile, i mí Aibreáin i mbliana go mbronnfaí boinn chomórtha ar na haingil, nó ar a mbaintreacha, le haitheantas oifigiúil a thabhairt dóibh.
bonn óir gold medal
" Tá an-deiseanna agam féin ach deirim gur cheart go mbronnfaí an bonn óir ar an duine óg, mar ní thuigeann daoine a dheacra atá sé fás suas.
bonn airgid silver medal
" Níor luaigh sí liom a cuid éachtaí ar an oighear liom go dtí gur chuir mé ceist uirthi faoi an samhradh seo chuaigh thart agus fuair mé amach go raibh sí ina curadh domhanda! D'inis sí dom gurb í an chéad Éireannach a ghlac páirt sa Craobh Domhanda Luas-scátála san Olympic Oval, Calgary, Ceanada, i Feabhra 2007, áit ar bhris sí an churiarracht domhanda 1500 méadar agus fuair sí bonn airgid dá bharr.
bonn medal
" Níl ach duais amháin fágtha le gnóthú ag Katie Nic an Táilliúra agus is é sin, bonn Oilimpeach.
bonn medal(s)
" Cloistear a lán cainte faoi 'crógacht' agus 'onóir' agus feictear na tórraimh nó saighdiúirí ag Buckingham Palace ag fáil bonn ón bhanríon.
ghnóthaigh bonn won a medal
" 
 Bhí Ruane i Nicearagua in 1983, tráth a raibh na Sandanistas i réim agus chuidigh sí leis an fheachtas litearthachta agus uimhríochta a chuir an réimeas ar bun, feachtas a ghnóthaigh bonn ó UNESCO.
bonn oir a gold medal
" (Ghnóthaigh feachtas leigheas coisctheach na Sandanistas bonn oir ón WHO chomh maith).
neart bonn míliteach plenty of military medals
" Bhí a gúna comaoineach ann, neart bonn míliteach le m’uncail agus grianghraif ag gabháil siar go tús an 20ú haois.
bonn uile Éireann an All-Ireland medal
" I 1984 bhuaigh sé, mar bhall de Chumann Bhaile Baodáin Naomh Éanna, bonn uile Éireann le foireann mhionúr peile Átha Cliath.
boinn a bhuachan to win medals
" Tuigimid ar fad gur deacair do thír bheag ar nós na hÉireann boinn a bhuachan agus nach dtarlóidh sé go minic go mbuafaidh ach bímid dóchasach i gcónaí.
boinn medals
" Níl mórán suime ag muintir na hÉireann sna spóirt theicniúla aonair ar nós ardú meáchain agus caitheamh diosca nó casúir, cé gur bhuaigh Éireannaigh boinn i gcuid de na spóirt sin ag Cluichí Oilimpeacha san atá thart.
gan trácht ar bhonn a bhuachan not to mention winning a medal
" Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.
bhuann formhór na mbonn win most of the medals
" Is iad na tíortha móra (SAM, An Rúis is araile) a bhuann formhór na mbonn dar ndóigh ach beidh iomaitheoirí as gach cearn den domhan ag déanamh a míle dícheall an bonn a bhuachan ar son a dtíre féin.
bonn óir na hEorpa a European gold medal
"bonn óir na hEorpa buaite ag Katie trí huaire as a chéile agus Craobh an Domhain in 2006.
oiread gradam, bonn, coirn so many awards, medals, cups
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
a bhuann boinn go mór mór who won medals particularly
" Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór.
nuair a bronnadh na boinn orthu when they were presented with their medals
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
roimh bhronnadh na mbonn before the medal presentation
" Seasamh in Aghaidh na hÉagóra ============== D’inis an bheirt Mheiriceánach do Norman roimh bhronnadh na mbonn go raibh sé beartaithe acu a dtacaíocht don ghluaiseacht, Olympic Project for Human Rights (OPHR), a léiriú lena linn.
chun an deichiú bonn sin a bhaint amach to get that tenth medal
" Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.
deichiú bonn uile Éireann tenth All Ireland medal
" Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?
Trí bhonn Faoi 21 le cois three Under 21 medals also
a thuill boinn chrógachta earned medals for bravery
" Ceapscaoileadh ina Cheap Tuisle ============== Tháinig an taighdeoir Sasanach seo ar fhear ghorm a bhí thar a bheith cróga agus a thuill boinn chrógachta agus a raibh scéal iontach suimiúil aige.
bonn ór a gold medal
" ” Scairteadh Seodra fén bhFannléas ========== Crann, duilleoga, bonn ór, íomhánna sainiúla an scríbhneora Joysúil.
bonn óir gold medal
" Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.
An mise a bhuaigh an bonn seo am I the one who won this medal
" An mise a bhuaigh an bonn seo i ndáiríre? An mise a rith mé 26.
tá bonn amháin uile Éireann aige he has one All Ireland medal
" D’imir sé i gcluiche ceannais na hÉireann faoi dhó agus tá bonn amháin uile Éireann aige.
a gcéad bhonn óir their first gold medal
" Nuair a bhain an Airgintín a gcéad bhonn óir ag cluichí Oilimpeacha 1936 i mBeirlín, bhí beirt Chaomhanach, Roberto agus Diego Cavanagh agus fear darbh ainm Luis Duggan ar an fhoireann seachtair.
boinn óir gold medals
" Tá Noel Burke ar dhuine de na déantóirí boghanna is fearr ar domhan agus tá boinn óir bainte aige i roinnt mhaith comórtas idirnáisiúnta.
faoina laghad bonn about how few medals
" Tá daoine áirithe san Astráil ag gearán faoina laghad bonn a bhain an fhoireann náisiúnta sna Cluichí Oilimpeacha agus iad á rá gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do spóirt éilíteacha sa tír dá bharr.
roinnt bonn some medals
" Tá Colm Mac Séalaigh an-sásta leis an gcaoi a chruthaíonn dornálaithe na hÉireann, idir ghairmiúil agus amaitéarach, go seasta agus tá sé ag súil le roinnt bonn a fheiceáil anall as Londain leo an bhliain seo chugainn.
bonn óir a gold medal
" Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.
trí bhonn uile Éireann three All-Ireland medals
"trí bhonn uile Éireann ag Dara Ó Cinnéide agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2004.