Pota Focal Intergaelic
méil | eil | meal | meig | meill
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn Fergus would bore you to death (lit. would grind a millstone)
" Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn ag caint ar an tinneas agus cad é chomh holc agus a bhí sé.
Meileann muilte Dé níos moille God's mill grinds more slowly
" Meileann muilte Dé níos moille i gcuid de na contaetha, is cosúil.
go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé that the GAA's mill grinds a lot more slowly than God's mill
" Feiceann siad go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé go minic! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! It is clear that the wheels of the County Council move as quickly as a glacier!
" Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
Cad é mar a mheileann sí an t-am, how does she pass the time,
"Cad é mar a mheileann sí an t-am, nuair nach mbíonn mórán obair aisteoireachta ar fáil? “Déanaim a lán léitheoireachta – leabhair ar dhrámaíocht, leabhair ar scannáin.
go raibh an t-am meilte agam that I had spent the time
" Sula dtugainn faoi deara go raibh an t-am meilte agam, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán a cuireadh ar fáil domh féin agus don bheirt eile a bhí in éineacht liom.
meileadh spent, ate up
" Meastar go bhfuil sé ar chúpla milliún duine cheana féin; daoine ar scriúáil an rialtas iad le roinnt blianta anuas, agus ar meileadh a gcuid airgid ar mhaingléis agus éagantacht.
cnónnaí meilte spréite ground nuts spread
" Bíonn taos baklava chomh tanaí le páipéar, é ar maos i mil leáite, agus cnónnaí meilte spréite ar a bharr.
Má mheileann muilte an daonlathais go mall if the wheels of democracy are slow
" Má mheileann muilte an daonlathais go mall in aon tír amháin, is measa fós an scéal nuair a bhíonn scaifte mór tíortha i gceist agus iad ag iarradh teacht ar aon intinn maidir le fadhb mhór.
má mheil muilte na teicneolaíochta if things happened in technology
" Bhí an nuáil ar siúl cinnte, ach má mheil muilte na teicneolaíochta an t-am sin, mheil siad go mall.
mheil siad go mall they didn’t happen all of a sudden
" Bhí an nuáil ar siúl cinnte, ach má mheil muilte na teicneolaíochta an t-am sin, mheil siad go mall.
chun nach meilfí tú mín mín to prevent your being worn down completely
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.