Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
córas meithle working party system
" Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith "ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.
meitheal team
" Bhí meitheal á bhogadh (ní fios cá háit) i veain nuair a stop beirt oifigeach de chuid an PSNI é agus rinneadh tarrtháil ar Tohill.
mheitheal oibre workforce
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
os comhair mheitheal láimhe in front of a firing squad
" Ba bhreá liom ailtirí uile na seascaidí a chur i líne os comhair mheitheal láimhe! Tá sé dochreidte go bhfuil an Amharclann Náisiúnta istigh san fhoirgneamh sin, leis an méid airgid atá sa tír sa lá atá inniu ann.
meitheal saorálaithe team of voluntary workers
" Cuireann Michele Cadger, an riarthóir, agus a meitheal saorálaithe fáilte mhór chroíúil roimh chuairteoirí, a thagann as gach cearn den domhan.
meitheal mhór daoine a big team of people
" Níl muid cosúil leis an BBC nó le RTÉ, a bhfuil meitheal mhór daoine ag feidhmiú acu, ag cruthú cláracha.
meitheal, team,
" Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA, d’fhág buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige agus d’imigh leis.
ball é den mheitheal smaointe member of the think tank
" *Ciarán Mac Aonghusa: Scríobh Alan Ahearne, ar ball é den mheitheal smaointe Bruegel atá lonnaithe sa Bhruiséil, go mbeidh an titim atá le theacht ar ioncam náisiúnta na hÉireann ar an titim is mó atá tagtha ar ioncam náisiúnta in aon tír shárfhorbartha ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
Mhol meitheal faire a watch group advised
" Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre in áit an lón a cheannach gach lá.
meitheal smaointe think tank
" Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí De réir tuarascáil a d'fhoilsigh an meitheal smaointe TASC, tá níos mó ná 450 áisínteachtaí stáit sa tír seo.
meitheal a taskforce
" D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Seanadóir Stephen Smith, go mbunófaí meitheal ar leith le dul i ngleic le sábháilteacht na mac léinn Indiach.
meitheal group of workers
" Tá trí saintréithe Ken Loach soiléir san obair seo - cumhacht shlánaithe bhean mhaith oibre (Lily), cumhacht shlánaithe na finscéalaíochta (Cantona), agus cumhacht shlánáithe meitheal na gcarad san obair, fiú nuair is gá an dlí a shárú chun an rud ceart a dhéanamh in éadan na bullaíochta sráide.
mheitheal work group
" D’fhoilsigh an mheitheal seo a gcéad treoirleabhar, “Join the Conversation: The Guide to Blogging for Business” dhá mhí ó shin.
meithleacha groups
" Is gá meithleacha cócaireachta feoilséanta a bhunú i do theanga (gáire) nó buíonta adhmadóireachta.
chúl na meithle back of the group
" Ba mhaith an rud go raibh, mar in ionad dul ó thuaidh, i dtreo Coire Cas, áit a mbíonn daoine ag sciáil, chuaigh sé siar, i dtreo Coire an tSneachda, áit a mbíonn daoine ag dreapadh! Scairt mé air, ach bhí mé ar chúl na meithle agus leis an ghaoth, níor chuala sé mé.
na meithle the group
" Bailím cúíg phíosa déag agus cuirim faoi bhráid na meithle iad ag rá leo go bhfuil albam san atmasféar seo.
mheitheal team
" Trí Choiste Léann na Gaeilge de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann a cuireadh an scéim i gcrích agus b’éifeachtach, scolártha mar a gcéanna an mheitheal a chuaigh ina bun, Éamonn Ó Tuathail, Myles Dillon, M.
mheitheal smaointe think tank
" An bhliain ina dhiaidh sin, scríobh an mheitheal smaointe nuachoimeádach litir chuig Bill Clinton ag impí air dul i mbun cogaidh leis an Iaráic.
Mheitheal working group
" Bhí an Mheitheal um Mheáin Sóisialta de chuid an *Irish Internet Association* ag ullmhú treoirleabhair ag an am do chomhlachtaí Éireannacha faoin bpodchraoladh.
meithle working groups
" Is minic go dtarraingíonn obair na móna trí ghlúin an aon teaghlaigh lena chéile, chomh maith le comharsana a bheith ag obair ina meithle le chéile.
meitheal smaointe a think tank
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
a mheitheal his team
" Jack Hennessy agus a mheitheal a chaitheann dul sa tóir air.
mheitheal atógála reconstruction taskforces
" Cuireadh ceithre mheitheal atógála ann chomh maith an bhliain dár gcionn, chuig cúige i ndeisceart na tíre darb ainm Uruzgan.
meitheal taskforce
" Ba ón Choimisinéir Teanga a tháinig an moladh sin i dtús ama agus glacadh leis ins tuarascáil a chur an meitheal saineolaithe idirnáisiúnta faoi cheannas Fiontar le chéile mar threoir don Rialtas agus iad ag ullmhú na straitéise.
meithleacha smaointe think tanks
" ”* Rinne na Síónaigh dianstocaireacht ar an gComhdháil, chothaigh siad na Síónaigh “Chríostaí,” agus bhunaigh siad meithleacha smaointe a chothaigh eagla roimh Ioslam mar bhagairt don Iarthar Domhain.
meitheal a team
" Fuair meitheal, a bhí ag deisiú bhruach na habhann, an taisce a bhí adhlactha i gcófra.
meitheal smaointe think tank
" Díríonn an meitheal smaointe seo ar an gcoimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh, beartas SAM sa Mheánoirthear, agus ar thuairisceoireacht na meán ar an gceist.
meitheal working group
" - Agus ag caint ar fhoireann *Quora*: tá an feidhmchlár idirlín seo cruthaithe ag meitheal innealtóirí, iar-Facebook ina measc, Adam d’Angelo an chéad phríomhfheidhmeannach teicneolaíochta ar *Facebook*.
meitheal smaointe a think tank
" org, David Keyes, fear a d’oibrigh mar chomhordaitheoir faoi Sharansky ar chláir um daonlathas ag an Institiúid Adelson, go Nua Eabhrac agus Washington, áit ar fhreastail sé ar chomhdháil faoi easaontas Idirlín ag an Washington Institute for Near East Policy (WINEP), meitheal smaointe a chuir an *American Israel Public Affairs Committee* (AIPAC) ar bun.
mheitheal athbhreithnithe review group
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
aidhmeanna na meithle the group’s aims
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
meitheal eolaithe a team of scientists
" Ar dtús, bhí druga nua darb ainm V6-7-70 déanta ag meitheal eolaithe in Ollscoil na Banríona do chineál áirithe den Fhiobróis Chisteach agus dúradh go gcuirfí é ar fáil an bhliain seo chugainn.
mheitheal scipéid (supermarket) checkout staff
" Is díol trua, nó grinn i measc athracha chairde an gharmhic í, i measc mheitheal scipéid an ollmhargaidh - i measc a cairde filíochta ar an gcúrsa fiú.
meitheal mhór oibrithe a large working group
" A luaithe is a shroich muid cathair Shingeapór, meabhraíodh dom tuairim Bhreandáin Uí Eithir ar ghlaine na hEilvéise: “Tá teoiric agam, cé nach bhfuil ann ach teoiric, go mbíonn meitheal mhór oibrithe amuigh ar feadh na hoíche ag scuabadh, ag bearradh agus ag níochán na tíre.
meitheal smaointe think-tank
" Iar-iontaobhaí is ea a fear chéile, Aubrey Chernick, de chuid an Washington Institute for Near East Policy, meitheal smaointe a bhunaigh AIPAC, an brúghrúpa a dhéanann stocaireacht ar Chomhdháil SAM ar son an rialtais Iosraelaigh.
meitheal eolaithe group of scientists
" Ach ní hamháin go mbeidh feabhas caighdéain ann: tá meitheal eolaithe in Ollscoil Keiko tar éis comhéadán tadhlach a chruthú a ligfeas duit (mar a thuigimse) cartúin a chigilt.
meitheal smaointe think tank
" Sa bhliain 1996, réitigh meitheal smaointe Iosraelach páipéar dar teideal *“A Clean Break: A New Strategy for Securing the Realm”* le haghaidh an Phríomh-Aire nuathofa Benjamin Netanyahu.
an meitheal sínte fúthu the group of workers reclined
" I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.
meitheal ollúna a team of professors
" “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.
meitheal team
" Níor cuireadh é sin i bhfeidhm ach an oiread, Bunaíodh meitheal eile saineolaithe, idirnáisiúnta an uair seo, le comhairle a chur ar an rialtas faoi Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur le chéile.
Meitheal Taighde a research group
" Meitheal Taighde ======= Rinne coiste de chuid Sheanad na hAstráile fiosrúchán ar stádas, ar shláinte agus ar mharthanacht an chóála anuraidh agus léiríonn an staidreamh a cuireadh faoi bhráid an choiste a dhonacht is atá cúrsaí.
Meitheal work team
" Meitheal Merkel ar Seal Foscaidh =============== Agus, ós ag caint dúinn ar na cluichí Gallda, nach iontach an chraic a bhí ag lucht leanta fhoireann Phoblacht na hÉireann agus iad thar lear; agus nach iontach an meas a thuill siad sna cathracha agus sna bailte móra sin i bhfad ó bhaile.
bhfoilseoidh an mheitheal saineolaithe the panel of experts will publish
" Ba cheart fanacht mar sin go bhfoilseoidh an mheitheal saineolaithe faoi Chathaoirleacht an Bhreithimh Seán Ryan a gcuid moltaí ar an ábhar.
Bunaíodh meitheal a taskforce was formed
" Bunaíodh meitheal a raibh ionadaí na Rannóige ar an gCoiste páirteach inti, rinneadh taighde leitheadach agus ullmhaíodh moltaí nua a cuireadh faoi bhráid cainteoirí sa Ghaeltacht, sna meáin agus sa chóras oideachais.
Mhol an mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta the team of international experts advised
" A Chur Bealach an Gharraí =========== Mhol an mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta a tháinig le chéile faoi scáth Fiontar DCU chun comhairle a chur ar an Rialtas roimh dhréachtadh Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh dhá ábhar éagsúla Ghaeilge ins an Ardteist.
faoi bhráid mheitheal de before a working group
" Ach nuair a cuireadh ceisteanna faoin ábhar chuig an Roinn Sláinte, admhaíodh gurb as an tír seo a tháinig an moladh chun an fhoclaíocht a athrú agus gur chuir siad cáipéis a bhain le leasú na treorach faoi bhráid mheitheal de chuid an Aontais Eorpaigh ar an 28 Feabhra 2012.
An Mheitheal in Aghaidh na Córa the working group for injustice
" An Mheitheal in Aghaidh na Córa ============== Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa.
Cruthaigh meitheal an the team (from R.) created
" Cruthaigh meitheal an Raspberry Pi Foundation an píosa crua-earra seo mar bhraith siad go raibh gá le crua-earra in-ríomhchláraithe i scoileanna chun todhchaí ríomhaireachta a chaomhnú.
mheitheal oibre shéasúrach ar beagán oiliúna a seasonal untrained workforce
" Gné thábhachtach eile a bhéimnigh an Rapporteur Speisialta ná go bhfuil éileamh san AE ar mheitheal oibre shéasúrach ar beagán oiliúna a dhéanfaidh obair ar bheagán airgid.
meitheal de a panel of
" Ruadhán: “An príomhrud ná gur éirigh linn meitheal de 25 imreoir nó mar sin a chur le chéile agus a choinneáil le chéile ar feadh na bliana.
meitheal idir-aireachta curtha ar bun set up an inter-ministerial group
" Is léir gur cur chuige é seo a thaitníonn leis an rialtas reatha a bhfuil meitheal idir-aireachta curtha ar bun chun léirmheas a dhéanamh ar an rochtain atá ag inimircigh ar sheirbhísí poiblí.
An Mheitheal um Thimpeallacht Naimhdeach the hostile environment working group
" Is léir an méid sin ón ainm a bhaist an Príomh-Aire orthu ar dtús, mar atá, An Mheitheal um Thimpeallacht Naimhdeach.
an mheitheal bheag a bheas ina bhun the small group who’ll be in charge of it
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
le meitheal with a team
" Próiseas leanúnach a bhí ann le meitheal, agus lena gcuid scileanna féin ag gach duine chun dul i dtreo léiriúcháin.
do mheitheal Ghaeilge on an Irish panel
" Bheadh 6% d’earcaithe ar phainéal úr as a líonfaí folúntais do mheitheal Ghaeilge dá mbeadh éileamh ag na Ranna Rialtais orthu.
mheitheal chorparáide corporate group
" Ba leis an stát an eagraíocht anuas go dti 1997, nuair a díoladh 80% de na scaireanna leis an mheitheal chorparáide, Italian Entertainment Group.
Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn Irish Pet Advertising Advisory Group
" An mhí seo, tionólfar an chéad chruinniú don Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn agus tabharfar cuireadh do dhreamanna a bhíonn ag plé le leas ainmhithe agus d'ionadaithe ó na láithreáin ghréasáin freastal ar an meitheal.
freastal ar an meitheal to attend the group meeting
" An mhí seo, tionólfar an chéad chruinniú don Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn agus tabharfar cuireadh do dhreamanna a bhíonn ag plé le leas ainmhithe agus d'ionadaithe ó na láithreáin ghréasáin freastal ar an meitheal.
ar an meitheal on the panel
" Na Fir Ionaid is Minice ag Aimsiú =============== Chomh maith leis sin, tá oiread imreoirí den chéad scoth ar an meitheal d’aon chluiche, go bhfuil beirt nó triúr atá ar aon chumas ar fáil do gach ionad ar an bpáirc.
an mheitheal saineolaithe the panel of experts
" Chuir mé spéis ann agus bhain mé taitneamh as cuid den chíoradh a rinne an mheitheal saineolaithe a bhí ar RTÉ roimh, i rith agus tar éis gach cluiche.
n-earcófaí meitheal a team would be recruited
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí meitheal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d’oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
meitheal náisiúnta a national panel
" Cuireadh Acadamh Náisiúnta ar bun, meitheal náisiúnta, galf sóisearach, treoirlínte do thuismitheoirí agus do dhaoine óga agus cúrsaí oiliúna.