Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leacht cuimhneacháin memorial
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
leacht cuimhneacháin memorial
" Easpa suime na bpóilíní ======= I 1995 agus i 1999 rinne siad ionsaí ar leacht cuimhneacháin de chuid na bhFíníní sa reilig Chaitliceach i Learpholl, áit a bhfuil trí dhuine dhéag ó éirí amach 1867 curtha.
leachtanna cuimhneacháin memorials
"leachtanna cuimhneacháin do Thomas Addis Emmet agus William J.
chuimhneachán memorial
" "Ba mhaith liom go mbeadh an saothar seo mar chuimhneachán ar na mairbh.
leacht cuimhneacháin monument, memorial
" Bhí áthas orainne i gConradh na Gaeilge i Learpholl i mí Dheireadh Fómhair nuair a fuair muid cead pleanála ó Pháirc Náisiúnta Snowdonia do leacht cuimhneacháin i bhFrongoch, Gwynedd sa Bhreatain Bheag.
seirbhís chuimhneacháin memorial service
" "Táimid ag cineál teacht chugainn féin," a dúirt Driscoll, as Lake Carmel, Nua-Eabhrac liom, le linn cumarsáide giorra a bhí agam léi roimh dheireadh seachtaine Lá na Máithreacha, agus í tar éis bheith ag seirbhís chuimhneacháin in Albany.
leacht memorial
" Tháinig teaghlaigh na n-íospartach le chéile ansin ag leacht sa phríomhchathair a tógadh i gcuimhne ar na póilíní go léir a maraíodh agus iad i mbun oibre.
leaca cuimhneacháin memorial stones
" Cúpla seachtain ó shin, pháirceáil fear a bhfuil aithne agam air a Mini nua in aice leis an tseanreilig thart an coirnéal, mar go raibh sé ag déanamh staidéir ar na leaca cuimhneacháin ansin.
leacht cuimhneacháin memorial
" Is dócha go mbeidh deacrachtaí móra ag údaráis Nua-Eabhrac cinneadh a dhéanamh faoin iarratas is fearr ó na mílte atá faighte acu le smaointe faoin leacht cuimhneacháin is oiriúnaí do na mairbh.
leacht cuí cuimhneacháin fitting memorial
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
leacht cuimhneacháin memorial
" Ach tháinig drochscéala ón Bhreatain Bheag sular fhág mé an baile - bhíothas i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar an leacht cuimhneacháin i bhFrongoch do na príosúnaigh Éireannacha a bhí i ngéibheann ansin i ndiaidh Éirí Amach 1916 (cf.
leacht memorial stone
" " Agus ón lá sin bíonn cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag tarraingt ar an reilig chun bláthanna a fhágail ar an leacht, rud a léiríonn tionchar an Éireannaigh seo.
leac cuimhneacháin memorials
" Tá go leor coimisiún tábhachtach poiblí faighte aige, ar nós portráidí, múrmhaisiú, póstaer, priontaí, dearadh cúlstáitse, clúdach leabhar, agus leac cuimhneacháin.
ag nochtadh leacht cuimneacháin unveiling a memorial
" Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004.
leacht memorial stone
" Cuireadh 2,303 acu i reilig Naomh Antóin, cuid acu in uaigh ollmhór agus gan leacht ar bith uirthi.
a leac cuimhneacháin his memorial stone
" Ach nach é Bertie Búistéir na Bóinne? Is éard a bheas scríofa ar a leac cuimhneacháin ná gur scrios sé Gleann na Bóinne.
nochtadh leachta the unveiling of a memorial
" uk)) Ócáid Éireannach/Bhreatnach a bhí i nochtadh leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (*Beo!, *eagrán 14), áit a raibh 1,863 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
leac chuimhneacháin memorial stone
" Tréna gcuid iarrachtaí siúd tá áit Éamonn Mhic Gearailt i measc laochra spóirt na hÉireann buanaithe agus tá a uaigh marcáilte go hálainn inniu le leac chuimhneacháin athmhaisithe i Reilig Ghráinseach an Déin i mBaile Átha Cliath.
Seirbhís chuimhneacháin memorial service
" Seirbhís chuimhneacháin 15 bliana tar éis na tubaiste a spreag na hiníonacha le ceangal a dhéanamh idir an corp agus a n-athair.
ag nochtadh leacht cuimhneacháin unveiling a memorial
" Beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail ó Ollscoil Mhuire Naofa, Alba Nua, Ceanada, ag nochtadh leacht cuimhneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus réabhlóidí Piaras Béaslaí i 1881.
sraith léitheoireachta cuimhneacháin a memorial reading series
" Ina dhiaidh sin, cuireadh tús le sraith léitheoireachta cuimhneacháin faoina ainm, an onóir, thar aon cheann eile, b'fhéidir, a mbeadh sé féin an-tógtha léi.
leacht cuimhneacháin memorial stone
" ) Sa ghrianghraf a tháinig leis an ráiteas, tá an t-aisteoir óg Caoimhin Ó Conghaile le feiceáil ina sheasamh in aice leis an leacht cuimhneacháin a thóg muid i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (cf.
leachta memorial
" Chuir an díospóireacht acadúil seo ócáid nochta an leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 i gcuimhne dom.
tionscadal cuimhneacháin memorial project
" Ar na hiarrachtaí eile a cuireadh chun tosaigh bhí tionscadal cuimhneacháin ar mháthair na Banríona.
chúig chuimhneachán five memorials
" Thugamar cuairt ar dhá reilig agus ar chúig chuimhneachán i rith an lae, Geata Menin san áireamh, áit a ndéantar an “Last Post” gach uile lá, ar a bhfuil 54,000 ainm scríofa d’fhir atá caillte, gan tásc ná tuairisc, áit éigin i bhFlanders, na céadta Éireannach ina measc.
crosa móra agus leaca cuimhneacháin big crosses and memorial stones
" Rinne siad clocha snoite áille – crosa móra agus leaca cuimhneacháin – agus bhí ceardlanna acu ina ndearna siad pár as seithí do lámhscríbhinní, agus ina d’oibrigh siad le hór, airgead, cré-umha agus gloine.
corradh agus 1,600 leacht cuimhneacháin over 1,600 memorials
"corradh agus 1,600 leacht cuimhneacháin ar an mblár i gcuimhne stát, reisimintí, oifigeach, agus pé rud eile gur féidir leat smaoineamh air.
leacht cuimhneachán memorial
" Bhí Jack Jones ina Ardrúnaí ar an TGWU ar feadh na mblianta agus é féin a nocht an leacht cuimhneachán don scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Walton, Learpholl i 1977 (*Beo!*, eagrán 25, Bealtaine 2003) nuair a bhain sé úsáid as focail Wolfe Tone, “If the men of property will not, then we must depend upon that numerous and respectable class, the men of no property”.
leacht cuimhneacháin memorial
" I 1959 tógadh leacht cuimhneacháin ar an mbaile agus ní raibh ar a bharr ach dealbh de cheann de na Fergusons.
leacht cuimhneachán memorial
" Ach tá scéal na nua-aoise le feiceáil fosta, idir an leacht cuimhneachán breá don óglach áitiúil, an Ceannfort Donnchadh Mac Niallais (1897-1954) atá suite in aice le sráidbhaile an Chaisil, an Chros Cheilteach ar uaigh an Fholeifteanaint Thomas Stokes Curry ó fhoireann an HMS Wasp, a scriosadh i dToraigh in 1884, agus, in aice leis, i reilig Eaglais na hÉireann, na leaca cuimhneacháin de chuid Arm Shasana ar uaigheanna an tSaighdiúra F.
leacht cuimhneacháin memorial
" Is beag sráid sa chathair seo nach bhfuil plaic nó leacht cuimhneacháin éigin i gcuimhne Polannach a fuair bás i rith an Dara Cogadh Domhanda.
leacht cuimhneacháin memorial
" ) Tá grúpa sa cheantar darb ainm The North West Spanish Civil War Project agus tá siad ag iarraidh leacht cuimhneacháin a thógáil do Phadaí Rua agus a chomrádaithe.
cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco to ban memorial ceremonies at Franco's grave
" Ba mhaith leo cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco agus níos mó aitheantais a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing bás agus céasadh le linn 40 bliain den deachtóireacht fhaisisteach.
leacht memorial
" Nochtfar leacht ar uaigh Maguire (1956-1987) i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh, 4 Feabhra ar 2.
cuimhneachán memorial
" ” Lena chois sin, tá Craobh Phádraig Mhic Phiarais ag obair i gcomhar le Coiste Áitiúil Oileán Acla le cuimhneachán a eagrú ar an tragóid a tharla i gCathair Cheann Tulaich ar 16 Meán Fómhair 1937, áit ar maraíodh deichniúr de mhuintir Acla nuair chuaigh a n-áit chónaithe le thine.
cárta cuimhneacháin memorial card
" Bhí muid ag déanamh cárta cuimhneacháin do mo mháthair (a fuair bás cúpla mí sular cailleadh Mícheál) agus shocraigh muid nach dtiocfadh linn sin a dhéanamh do Mhícheál – mheas muid gurbh fhearr i bhfad rud inteacht mar an choirm cheoil seo a dhéanamh.
Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir. the Great Famine Memorial.
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
Shnoigh Hugh leac chuimhneacháin di, Hugh sculpted a memorial for her,
" Shnoigh Hugh leac chuimhneacháin di, atá le feiceáil i reilig Naomh Regulus, seanreilig chrannmhar ar imeall an tsráidbhaile.
leac chuimhneacháin memorial
" Nach mbeadh sé cuí in 2007 í féin a aithint agus leac chuimhneacháin a chur san áit a bhfuair sí bás? Bheadh sé mar aitheantas fosta ar an bhrúidiúlacht a bhí ar siúl ag na Sasanaigh i gcoinne na nÉireannach ar feadh 800 bliain agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé deireadh leis an boggart in Walton.
leacht cuimhneacháin millteach mór an extremely big memorial
" Gar don phríomhbhóthar a thugann cuairteoirí go dtí an sluachampa géibhinn seo tá leacht cuimhneacháin millteach mór a tógadh i 1969 chun comóradh a dhéanamh ar an bhfuascailt a rinne an tArm Dearg ar an áit 25 bliain roimhe sin.
leacht cuimhneachán memorial
" Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.
léacht chuimhneacháin memorial lecture
" Níl an ócáid seo, i 1904, luaite sa leabhar, cé go raibh a lán cainte fúithi nuair a thug an tOllamh Pádraig Ó Siadhail léacht chuimhneacháin faoi Bhéaslaí sa leabharlann chéanna in 2004 (*Beo!*, eagrán 42).
leac chuimhneacháin memorial slab
" leac chuimhneacháinNuair a d'iarr craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge ar Paul Nener, ar biocáire é in Tuebrook faoi láthair, cead a thabhairt dúinn leac chuimhneacháin a chur ar an fhoirgneamh, dúirt sé go mbeadh sé lánsásta dá ndéanfaimis amhlaidh.
plaic chuimhneacháin memorial plaque
" Mar chuid de chomóradh céad bliain an Chonartha, a ceiliúradh sa bhliain 1993, rinne craobh Learphoill den Chonradh plaic chuimhneacháin a nochtadh ar an 10 Deireadh Fómhair, céad bliain – go dtí an lá – ó phós Dubhghlas de hÍde agus Lucy Kurtz ansin.
nocht sí leacht cuimhneacháin she unveiled a memorial
" Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
Cuimhneachán memorial
" Cuimhneachán ar Lucht an Éirí Amach Is in 1960 ar ordú de Gaulle a cuireadh ar bun an Mémorial de la France Combattante in aice leis an gcampa míleata ar an Mont Valérien, áit a ndéantar an Appel du 18 juin a chomóradh gach bliain i láthair Uachtarán na Poblachta.
leacht cuimhneacháin memorial stone
" ) Níl fhios agam cén sórt amadáin a scríosfadh áit álainn le teachtaireacht mar seo, ach guím drochrath ar an chleamhnas! An Camus Binne Tógadh leacht cuimhneacháin nua i mbliana in aice leis an chosán go Port, clachán tréigthe, álainn ar an taobh thuaidh de Ghleann Cholm Cille.
cuimhneacháin memorial
" Ar fud na tíre, ar imeall chuile bhaile, tá na heastáit fholamha mar a bheadh leachtanna cuimhneacháin don Tíogar Ceilteach.
cuimneacháin memorial
" Mar a dúirt Tony Blair i litir a scríobh sé sular nocht muid leacht cuimneacháin i Learpholl i 1998: ‘*That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nation in the world is something that still causes pain as we reflect on it today.
fheartlaoi memorial
" Shíl tú go raibh mé chun scian a rá ansin, a Bhaloir, ach tá mé i bhfad róchliste chun a leithéid a chur ar taifead, fiú do léitheoirí dúra dallintinneacha Beo Ar Éigean!” Ach tá dea-scéala agam daoibh, a léitheoirí dílse: sular imigh An Gunnadóir O Dea, d’fhág sé amhrán beag deas le huacht againn, mar fheartlaoi le nach ligfear Laoch Luimnigh i ndearmad – cibé rud eile a ndéanfar dearmad air.
cuimhneacháin memorial
" Tá leacht cuimhneacháin breá ar an uaigh anois, mar is laoch é Noonan do sóisialaithe i Learpholl agus ar fud an domhain.
leacht cuimhneacháin memorial
" Tá lár chathair Dhoire breá bríomhar agus tá codarsnacht mhór idir é agus ceantar Caitliceach an Bhogaigh, lena mhúrmhaisiúcháin shuntasacha agus a leacht cuimhneacháin don cheithre dhuine dhéag a maraíodh ar an 30 Eanáir 1972 - Domhnach na Fola mar a thugtar air anois.
léacht i gcuimhne ar a memorial lecture
" Tá beirt sa dráma – fear imníoch, tirim atá sáite sa seanashaol agus é ag iarraidh léacht i gcuimhne ar a athair a thabhairt agus tá an pháirt seo ag Manchán Magan é féin.
bliain chomórtha na tubaiste féin memorial year of the disaster itself
" Is scéal leanúnach é seo nár tháinig chun solais i gceart go fóill, bliain chomórtha na tubaiste féin.
Iontaobhas Cuimhneacháin na Briogáide Idirnáisiúnta International Brigade Memorial Trust
" Is iriseoir a mhac James fosta, agus tá sé ina rúnaí de Iontaobhas Cuimhneacháin na Briogáide Idirnáisiúnta agus labhair seisean ag an ócáid chomh maith.
leacht cuimhneacháin an Drochshaoil the Great Hunger memorial stone
" Ó hUiginn, nuair a leag se fleasc ag leacht cuimhneacháin an Drochshaoil.
Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua the relatives erected a new memorial plaque
" Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti.
T-léine cuimhneacháin a memorial t-shirt
" Beidh T-léine cuimhneacháin istigh leis an bpraghas – thart ar 30 euro an duine.
leachtanna cuimhneacháin memorial stones
" **Balor: Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta.
nochtadh leacht cuimhneacháin a memorial was unveiled
" Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh *The Exmouth of Newcastle* 28/4/1848.
mba chóir leacht a thógáil a memorial ought to be erected
" “Bheartaigh fear áitiúil, gan cheangal ar bith aige le hÉirinn, go mba chóir leacht a thógáil ag Sanaigmore.
mar leacht cuimhniúcháin ar as a memorial to
" Thosaigh Giacometti ar an tsraith seo i 1946 nuair a bhí sé ina chónaí i bPáras, mar leacht cuimhniúcháin ar íobartaigh na Naitsithe agus fulaingt an chine dhaonna.
Tógadh leac chuimhneacháin a memorial stone was erected
" Tógadh leac chuimhneacháin ansin i 2009 i gcuimhne ar 19 d’fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain.
cuimhneacháin is comhairleoireachta memorial and counselling
" Bhí ceamaraí le grianghraif a tharraingt den pháiste, eolas faoi sheirbhísí cuimhneacháin is comhairleoireachta agus bhí súsa bán, nó pluid, don leanbh ann.
chuimhneachán memorial
" Tá an tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl mar chuimhneachán ar na céadta míle de mhuintir na hÉireann a tháinig i dtír sa chathair, go háirithe le linn bhlianta an Ghorta Mhóir.
ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir Great Famine memorial
" Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh.
leacht memorial
" Déanfar leacht i gcuimhne ar an phoblachtánach Colin Maguire as Learpholl, a fuair bás fiche bliain ó shin, i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.
le carn on (the) memorial
" Tá cloch le cur ag Pat Butler le carn Michael Dwyer, a fuair bás ar na mallaibh, sula dtabharfaidh sé géarmheas amach san alt seo ar scannán Peter Jackson, ‘The Lovely Bones’.