Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Meabhairshláinte mental health
" Áit na Gaeilge i reachtaíocht na tíre á cinntiú trí leasuithe a mholadh ar Achtanna an Oireachtais agus iad ina mBillí, mar shampla leasuithe suntasacha faighte ar an reachtaíocht seo a leanas: An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 An tAcht Oideachais 1998 Acht na nOllscoileanna 1997 Bille na Leanaí 1999 An Bille Rialtais Áitiúil 2000 Acht Sheirbhís na gCúirteanna An Bille Meabhairshláinte 2000 Ar an obair eile atá ar siúl nó a bhfuil ról lárnach ag an gComhdháil inti tá: Glór na nGael Gaillimh le Gaeilge Cúrsaí Oideachais Coistí Rialtais agus Ranna 7.
mearbhall céille mental confusion
" Ar saoire a tháinig cuid acu cúpla bliain ó shin agus tá siad ann ó shin - mearbhall céille ar go leor acu de bharr a fhlúirsí is a fhásann 'fiaile' faoi leith sa cheantar.
meabharghalair mental illness
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
hospidéal meabhairghalar mental hospital
" Chaith sí bliain sa phríosún agus aistríodh le gairid í go hospidéal meabhairghalar.
mBéal Átha na Sluaighe Ballinasloe (where there's a mental hospital)
" Déarfaí leis an bhfear bocht éirí amach i mBéal Átha na Sluaighe! *Is file é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.
éalú intinne mental escape
" " Ach tá sise cleachtaithe leis an éalú intinne sin, agus níl mise.
meabhairghalar mental illness
" Is ealaín í an Outsider Art a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
ospidéal míleata meabhairghalair military mental hospital
" Is cóir a rá, áfach, go raibh an tUasal Holroyd tar éis titim amach leis na daoine os a chionn féin agus go raibh sé tar éis tamall a chaitheamh in ospidéal míleata meabhairghalair i Netley.
institiúidí meabhairghalair mental institutions
" Is minic a bhíonn daoine óga a ligtear amach as ionaid speisialta, nó daoine a fhágann príosúin nó institiúidí meabhairghalair, fágtha gan dídean.
in ospidéal meabhairghalair in a mental hospital
" Scríobh Nash tráchtas dochtúireachta i 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994 ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair i gcuideachta Robert Lowell, in Bowditch Hall mar a raibh Sylvia Plath agus Ray Charles ar ball fosta.
in ospidéal meabhairghalair in a mental hospital
" Scríobh Nash tráchtas dochtúireachta i 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994 ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair i gcuideachta Robert Lowell, in Bowditch Hall mar a raibh Sylvia Plath agus Ray Charles ar ball fosta.
Coimisinéir Sláinte agus Sláinteachais Intinne Commissioner of Health and Mental Hygiene
" Bhí Ard-Mhéara Learphoill, Ron Gould, an Dr Paula Grey agus baill eile de SFL i Nua-Eabhrac idir 17-21 Aibreán le bualadh le Tom Frieden, an Coimisinéir Sláinte agus Sláinteachais Intinne sa chathair, agus Mike O'Neall, úinéir bialainne sa chathair agus ball de Smoke Free Coalition NY.
galar intinne mental illness
" Cé go raibh saol an-ghairid ag Vincent Van Gogh – chuir sé lámh ina bhás féin sa Fhrainc in 1890 i ndiaidh dó galar intinne bheith air le fada – chaith sé saol torthúil.
seachrán céille mental derangement
" Nach air a bhí an seachrán céille nuair a d’aontaigh sé an diabhal rud a thabhairt.
ospidéal meabhairghalair mental hospital
" Rugadh agus tógadh Colin i Learpholl agus fuair sé bás in ospidéal meabhairghalair Dhún Droma ar an 10 Deireadh Fómhair 1987, tar éis dó bheith aistrithe ansin ó Phríosún Phort Laoise dhá lá roimhe sin.
a shláinte fhisiceach agus intinne his physical and mental health
" Bhí sé ina chillín aonair ar feadh i bhfad, áit a ndeachaigh a shláinte fhisiceach agus intinne in olcas.
fadhb mheabhrach mental problem
" Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
suaitheadh aigne mental agitation
" Leanadh na taomanna Sócraiteacha seo dó ar feadh a shaoil agus is iad na chéad chomharthaí atá againn den suaitheadh aigne a bhain dó ó am go ham.
ospidéal meabhairghalair mental hospital
" Tá cur síos i gcéad chaibidil an leabhair ar na blianta 1959 – 1990, tréimhse a chaith Mac Grianna in ospidéal meabhairghalair Naomh Conall i Leitir Ceanainn.
buairt aigne mental anxiety
" Deir saineolaithe go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn buairt aigne nó an galar dubhach ar íospartaigh a fhulaingíonn an cineál seo bulaíochta agus, i gcásanna áirithe, gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í.
meabhairghalar mental illness
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha serious physical and mental diseases
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
meabhairshláinte, mental health
" Ansin, thosaigh "an chaint": "Má bhíonn coiscíní saor on aisce uaibh, thig libh a theacht anseo le hiad a fháil; má bhíonn galar gnéas-tarchurtha oraibh, tá oifigeach leasa anseo a thabharfaidh aire daoibh – dáiríre? An bhfuil sí cáilithe?! – agus má bhíonn fadhbanna agaibh le bhur meabhairshláinte, eagróidh muid *shrink* daoibh.
meabhar cinn ghéar sharp mental acumen
" Bhraith a mháthair áfach, go raibh meabhar cinn ghéar aige toisc go raibh spleodar agus éirim ag damhsa ina shúile.
faoi stró inchinne in mental anguish, stressed
" An Fuaimlios Agus na smaointe seo uilig ag sruthlú tríd mo cheann cheapas go mbeadh sé go hálainn gléas éigin a bheith ann ina mbeadh muid in ann luí nó suí go compórdach agus go dtabharfaí suthaireacht fuaime dúinn! Nó cad faoi cúpla abairt ciúin calma ó mháthair nó ó dheirfiúr a thaifeadadh agus a mheascadh leis an bhfuaim – cén saghas leighis a bheadh ansin don duine faoi stró inchinne? Smaointe fánacha iad seo agus gach seans go bhfuil díomhaointeoir diamhair éigin ag obair ar seo cheana féín – ba bhreá liom é a fhéachaint, má tá sé ann.
gealtachta mental derangement
" Tá sé seo le feiceáil i Faoi Sholas na Gealaí 1895 agus i Rince na Beatha 1899, áit a ndearna sé machnamh ar chúrsaí gnéis, báis agus gealtachta.
ghalar intinne mental disorder
" Bhí mé ag cuimhneamh chomh maith ar altracht do ghalar intinne a dhéanamh.
fuascailt aigne mental deliverance
" Tuigeadh do Freud gur fuascailt aigne agus díbirt púcaí aigneolaíochta ba fheidhm don ghreann, ach mar a dúirt Ken Dodd tráth, “*the trouble with Freud is that he never had to play the old Glasgow Empire on a Saturday night after Rangers and Celtic both lost*.
míchumas intinne mental incapacity
" Scríobh sé an breithiúnas sa chás Atkins v Virginia sa bhliain 2002 a rialaigh go bhfuil sé in aghaidh an bhunreachta daoine a bhfuil míchumas intinne orthu a dhaoradh chun báis.
meabhairghalar mental illness
" “Is scéinséir paranóideach é a bheadh faoi thionchar scannáin mar *Through a Glass Darkly* agus *The Vanishing* - scannáin a bhaineann le meabhairghalar ach a bhaineann le daoine a bhíonn ag iarraidh dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil chomh maith.
galar meabhrach mental illness
" Ní rud nua é an tuiscint seo, mar sin, go bhfuil ceangal idir an chruthaitheacht agus galar meabhrach.
fuadach intinne mental kidnap
" Mhothaigh an scríbhneoir Virginia Woolf mar sin fosta, agus dúirt sí go raibh an síciteiripe mar a bheadh fuadach intinne ann, ainneoin go raibh scríbhneorí eile ag an am céanna den tuairim gur thug an teiripe níos mó saoirse dóibh le bheith cruthaitheach.
tsláinte intinne mental health
" , i ndiaidh a rá libh sa Teach anseo an lá cheana, go dtuigeann an Roinn s’aige an tábhacht a bhaineann le hobair an phortaigh don tsláinte intinne go forleathan faoin tuaith chomh maith leis an tsláinte cholainne.
suaitheadh intinne mental maelstrom
" Thig linn an suaitheadh intinne a fhágáil faoi na glúine atá fós le teacht ar an saol.
solúbthacht aigne mental agility
" Nuair a bhíonn duine ag foghlaim teanga eile, an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, tugann sé solúbthacht aigne don duine, má bhíonn dhá nó trí theanga aige cheana féin.
bhforas dianchúram meabhairshláinte an intensive care mental institution
" Dá ndéanfaí sin san Ollainn, ní bheadh cead gunna a iompar faighte ag Tristan van der Vlis: sa bhliain 2006, chaith seisean deich lá i bhforas dianchúram meabhairshláinte toisc go raibh sé ag bagairt lámh a chur ina bhás féin.
meabhairghalar mental illness
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.
faoi bhrú intinne under mental pressure
" Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
mheabharghalair mental disease
" Insa chéad leabhar uaidh, stair an mheabharghalair fé theideal, An Ghealtacht agus an tSibhialtacht nó Madness and Civilization, dhírigh Foucault ar éabhlóid na sainmhínithe éagsúla dar cuireadh ar an ngealtacht.
fadhbanna meabhairshláinte mental health problems
" Cuireann sé seo le fadhbanna meabhairshláinte agus athmhúsclaíonn sé seanfhadhbanna sa duine.
easláinte agus an gealtachas ill health and mental illness
" Dúirt sé go raibh an easláinte agus an gealtachas mar aingil coimhdeachta aige, a choinnigh súil air agus é sa chliabhán agus, ach ab é iad seo ina shaol, go mbeadh sé cosúil le bád gan stiúir.
a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn which drives us mental
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
a sláinte intinne their mental health
" Agus í ag caint ar an ábhar, dúirt Frances Fitzgerald, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, “is féidir le maistíneacht tionchar uafásach agus creimeach a imirt ar ár gcuid páistí agus ar dhaoine óga, ar a bhféinmhuinín, a bhféinmheas, a sláinte intinne.
fadhbanna sláinte intinne baill dá gcuid its members mental health problems
" Thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) le fios le gairid gur ag dul i líonmhaire atá fadhbanna sláinte intinne baill dá gcuid agus go bhfuil sé ina ghéarchéim anois.
idir mhaitheas aigne agus colainne both mental and physical benefit
" Déanfaidh sé Leas agus Leigheas =============== Agus cad faoi thábhacht an gháire féin? Tá maitheas sa gháire, idir mhaitheas aigne agus colainne, creid é nó ná creid.
ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne against physical and mental illness
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
seirbhísí meabhairshláinte mental health services
" Tá go leor díospóireachtaí inniu in Éirinn faoi conas ár gcuid seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú, go háirithe agus fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe ag goilliúint ar fhir óga na tíre ach go háirithe.
fadhbanna móra meabhairshláinte serious mental health problems
" Níos measa fós, cé go raibh a fhios aici agus ag an saol mór go raibh fadhbanna móra meabhairshláinte ag a mac, bhíodh sí ag dul ag na raoin lámhaigh leis go mion minic.
ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu for people who are suffering from mental illness
" Éireannach eile atá go mór i mbéal an phobail is ea an tOllamh Patrick Mc Gorry, a ceapadh ina Astrálach na Bliana trí bliana ó shin as a shaothar ceannródaíochta ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu.
tithe “na ngealt” the mental asylums
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
nár éirigh a mheabharghalar féin a shéimhiú fé dheireadh who didn’t succeed in refining his own mental illness in the end
" *” Duine lách speisialta ab ea David Foster Wallace nár éirigh a mheabharghalar féin a shéimhiú fé dheireadh.
leis na tréithe pearsantachta agus intinne to the personal and mental traits
" Bhain formhór na dtuairiscí a léigh mé níos mó le carachtar an fhir agus leis na tréithe pearsantachta agus intinne a bhain leis ná le pé cur chuige, nó le stíl imeartha, a chuir sé chun cinn lena chuid foirne.
buaireamh intinne mental anguish
" Ach é sin ráite, tá cuid mhór pinsinéirí leochaileach agus cuireann na scéalta seo buaireamh intinne orthu atá, uaireanta, níos troime ná ba chóir.
athraíonn an tslat tomhais i d’intinn your mental rule of thumb changes
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
daille intinne mental blindness
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
ag déanamh plé ar a shláinte intinne discussing their mental health
" Séard a bhí ann, clár ríomhaire a bhí in ann comhrá a dhéanamh le daoine sa bhealach is gur chreid siad go raibh siad ag déanamh plé ar a shláinte intinne le fíortheiripeoir.
ospidéal meabhairghalair mental hospital
" Tá blianta fada caite ag John in ospidéal meabhairghalair agus tá úire ag baint lena shaothar nach mbíonn le fáil chomh minic sin san ealaín.
tinneas intinne mental illness
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
galar meabhrach mental illness
" Feictear do dhaoine baint a bheith ag an chruthaitheacht le galar meabhrach.