Pota Focal Intergaelic
ere | here | mare | merge | mete
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mún dreoilín san fharraige a mere drop in the ocean
" Airím i gcónaí nach bhfuil mé ach ag tosnú agus níl sa mhéid atá foghlamtha agam ach mún dreoilín san fharraige.
cnámharlach gan feoil a mere skeleton
" Dá n-abródh Robinson go soiléir leis an lucht éisteachta nár cheart dá pháirtí a bheith in éadan Acht Gaeilge, go gcuirfí tithíocht ar fáil do Chaitlicigh, ar mó a n-éileamh ar a leithéid, i gceantracha "Protastúnacha", nár cheart go siúlfadh an tOrd Oráiste áit ar bith nach raibh fáilte rompu, bhuel, sin teachtaireacht ar fiú éisteacht leis, ach ní bhfuair muid ach baothchaint gan stuaim, cnámharlach gan feoil.
an cneasú thar ghoimh a mere semblance of healing
" B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo this lack of recognition is a mere petty annoyance
" Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo, ach is crá croí amach is amach é an tarcaisne a thugann muintir eile na tíre dá bpríomhchathair go rialta (Eagrán 86, Meitheamh 2008).
más tuairimíocht atá sa méid sin if that’s mere guesswork
" Agus más tuairimíocht atá sa méid sin, ní féidir a shéanadh go bhfuil ceist ann fós maidir leis an gcloich.