Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
modhanna táirgthe production methods
" Ach ní hamháin go bhfuil méadú tagtha ar tháirgeadh - tá feabhas mór tagtha ar an gcaighdeán freisin de bharr taighde chúramaigh ar chúrsaí talún, aeráide agus modhanna táirgthe.
cloí le modhanna polaitiúla stick to political methods
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
modh ordaithe method of ordering
" Má tá rath le bheith ar do ghnó, caithfidh do chuid custaiméirí muinín a bheith acu i do chomhlacht, caithfidh do chuid táirgí agus an dóigh a bhfuil siad curtha i láthair i do chatalóg a bheith taitneamhach do na custaiméirí agus caithfidh modh ordaithe agus íocaíochta na n-earraí a bheith éasca agus sásúil dóibh.
modh method
" Ní fios cad é an modh a socraíodh idir an IRA agus an Ginearál de Chastelain, ach thug sé deis don DUP a rá gur "stunt" a bhí ann agus an lá ina dhiaidh thug David Trimble le fios go mbeadh sé ag leagan síos spriocama eile - Feabhra 2002 - do chríochnú an díchoimisiúnaithe, agus d'fhiafraigh de Tony Blair cad é na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige do dhream ar bith nár dhíchoimisiúnaigh.
modhanna methods
" Mar is eol dúinn, is iad na modhanna céanna teagaisc agus na téacsleabhair agus áiseanna closamhairc céanna a úsáidtear i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta den chuid is mó - modhanna agus áiseanna atá dírithe ar mhúineadh na Gaeilge mar dhara teanga, ní ar mhúineadh scríobh agus léamh na Gaeilge do chainteoirí dúchais.
modhanna traenála training methods
" Táim cinnte go bhfuil an-fheabhas ar chuid de na modhanna traenála go mór mór sa réimse a bhaineann le meatáin a shíneadh i gceart, an corp a théamh i gceart roimh imirt nó traenáil, an cineál bia is fearr a ithe, an méid leachtanna is cóir a ól agus mar sin de.
modhanna methods
" Na modhanna traidisiúnta ======= Tá breis is 400 saothar le feiceáil i dtaispeántas na bliana seo, agus is ar na modhanna traidisiúnta - an dealbhóireacht agus an phéintéireacht - atá an bhéim den chuid is mó.
Modh riachtanach cumarsáide a necessary method of communication
" Modh riachtanach cumarsáide atá ann dó.
mhodh oibre method of work
" Tá sé solúbtha mar mhodh oibre - is féidir obair mar seo a dhéanamh déanach san oíche más gá, nó briseadh a thógaint i lár an lae.
mhodhanna traenála training methods
" Labhrann cuid de na himreoirí faoi mhodhanna traenála Sheáin sna blianta sin.
modh íocaíochta method of payment
" Tá gach seans ann freisin go mbeidh muinín ag úsáideoirí as an modh íocaíochta seo, agus más féidir an tseirbhís a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta beidh tíortha atá ag forbairt ábalta leas a bhaint aisti.
modhanna cumarsáide methods of communication
" Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil.
modhanna methods
" Tagann múinteoirí ó Éirinn chun cúnamh a thabhairt dúinn; bíonn deis againn ár stíl mhúinteoireachta a fhorbairt faoi stiúir múinteora agus modhanna nua a fhoghlaim.
modhanna imeartha playing methods
" Scoláireachtaí agus scéimeanna a chur ar bun chun ógánaigh a chur chun na "Gaeltachta" (Tiobrad Árann, Cill Chainnigh, is araile) ar feadh coicíse nó trí seachtainí chun go bhfoghlaimeoidís scileanna agus cultúr an chluiche (an camán ceart a roghnú, camán briste a dheisiú, cuir i gcás) agus, tré imirt le foirne áitiúla, dea-thréithe agus modhanna imeartha a fhoghlaim.
an modh díreach the direct method
modh method
" Go deimhin, tá seandálaithe ar fud na hÉireann an-tógtha leis an raon modhanna teicneolaíochta atá ar fáil dóibh.
mhodh cumarsáide method of communication
" Go bhfeicfeadh daoine go seasann an Ghaeilge aisti féin mar mhodh cumarsáide atá chomh maith le haon teanga eile ar domhan.
modhanna teagaisc teaching methods
" com)) go bhfuil sé "thar barr i measc modhanna teagaisc an lae inniu" agus, cé nach n-aontódh gach aon duine leis an ráiteas sin, is cinnte go bhfuil a lán rudaí úsáideacha in EasyReader.
mhodh uiríslithe a method of humiliation
" De réir mar a tháinig an Chríostaíocht i réim in iarthar na Eorpa, aithníodh an céasadh, ar amharcadh air mar mhodh uiríslithe ag am amháin, mar phríomhshiombail an creidimh nua.
modh method
" Bhí an brú chomh láidir sin gur éirigh Parronchí as an phost, ag rá go raibh dearcadh ann go raibh a modh róchoimeádach agus séimh i gcomparáid leis an mhodh eile, a bhí nua-aimseartha agus luisiúil.
modhanna éagsúla ceiliúrtha various methods of celebration
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
modh féinteagaisc method of self-instruction
" Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile.
modhanna éagsúla different methods
" Nuair a bhíonn tú ag clóbhualadh na ngrianghraf tú féin, bíonn a lán saoirse agat triail a bhaint as modhanna éagsúla chun iad a phróiseáil agus a fheabhsú.
modh method
" Leis an modh seo, bíonn na mic léinn in ann na briathra neamhrialta a chleachtadh nuair a bhíonn siad ag baile, ag tiomáint nó ar an traein - aon uair a mbíonn am saor acu.
modhanna methods
" Táthar ag plé modhanna ina mbeidh an díchoimisiúnú atá ag teacht chomh "feiceálach" agus is féidir gan an IRA a náiriú.
modhanna methods
" Seo a leanas na cinn is tábhachtaí: Saineolas (atá ar fáil ach é a lorg) a scaipeadh faoi oiliúint imreoirí, modhanna cearta agus minicíocht na traenála, an bia agus na leachtanna cearta, an tábhacht a bhaineann le codladh agus scíth cheart a fháil.
modhanna methods
" Shíl mé go mbeadh sé suimiúil fáil amach an n-oibreodh na modhanna céanna, agus comparáid a dhéanamh idir an dá thaithí.
mhodhanna maoinithe methods of funding
" Cé gur mhaith le gach duine, gan aon amhras, go bhfaigheadh dreamanna atá gníomhach i measc an phobail, leithéidí Port Láirge le Gaeluinn agus Glór Bhreifne, tacaíocht dá gcuid scéimeanna fiúntacha, scéimeanna a bhfuil oiread díograise caite leo, tá seans maith go dtiocfar ar mhodhanna maoinithe dóibh amach anseo.
na seanmhodhanna traidisiúnta the old traditional methods
" Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil? “Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe.
seanmhodhanna cócaireachta old methods of cooking
" Deir Karen: “Déanaim seanmhodhanna cócaireachta a léiriú.
na seanmhodhanna traidisiúnta the old traditional methods
" Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil? “Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe.
modhanna brúidiúla brutal methods
" Líomhnaíonn an bheirt seo gur baineadh úsáid as modhanna brúidiúla nuair a bhí siad á gceistiú.
modhanna iompair methods of transport
" Éireoidh na modhanna iompair atá againn faoi láthair, mar shampla, i bhfad níos daoire.
modhanna cruthaitheacha múinteoireachta creative teaching methods
" Cuireann sí spéis ionainn agus tá modhanna cruthaitheacha múinteoireachta aici.
modhanna cruthaitheacha cumarsáide creative methods of communication
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
mo mhodh múinteoireachta féin my own method of teaching
" An amharcann tú ar an amhránaíocht mar acmhainn thábhachtach ranga? SNíR: Is amhránaí mé agus, dár ndóigh, is dócha go bhfuil baint ag mo stíl agus mo mhodh múinteoireachta féin leis an chúlra sin sa cheol.
modhanna síochánta peaceful methods
" Is ceann de mhórcheisteanna stair na hÉireann i gcónaí, is dóigh liom, an rogha idir modhanna síochánta agus an foréigean.
an modh tromaíochta seo this method of bullying
"an modh tromaíochta seo thar a bheith contúirteach agus díobhálach.
na modhanna neamhghnácha the unusual methods
" Ar na séasúir a bhí ag a thinneas, na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, a shíceolaíocht agus an domhaintuiscint a bhí aige air féin, a thinneas is na modhanna neamhghnácha a d’úsáid sé le fanacht slán.
ar tí a mhodh oibre a athrú about to change his method of working
" Is iad na radharcanna iontacha den cheantar a bhí le feiceáil ón árasán ar Rue Lepic a roinn Van Gogh lena dheartháir a spreag na ceithre phictiúr a bhfuil *Vue de Paris aux environs Montmartre *ar cheann acu*,* agus rinneadh é nuair a bhí sé ar tí a mhodh oibre a athrú de bharr an tionchair a bhí ag na healaíontóirí air ar bhuail sé leo i bPáras.
modhanna éagsúla various methods
" Bím ag súgradh le modhanna éagsúla i gcónaí.
an modh seo foghlamtha this method of learning
" AÓF: An bhfuil sibh den tuairim go n-oibreodh an modh seo foghlamtha i gcás na n-ealaíon eile? Go mbunófaí comhpháirtíochtaí idir speisialtóirí, údaráis áitiúla agus na daltaí a dteastaíonn uathu an cheird an fhoghlaim? RM: B'fhéidir é.
modh oibre method of working
" Sin an modh oibre atá ag City Channel.
na modhanna tionlacain the methods of accommpaniment
" Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois.
modhanna seachadta clár programme distribution methods
" Níor mhór do na meáin Ghaeilge a bheith ceannródaíoch maidir le modhanna seachadta clár agus an deis a thapú teacht ar lucht éisteachta/féachana úr agus caidreamh idirghníomhach a bheith acu leo.
modh foghlama method of learning
" Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun.
modhanna oibre methods of working
" Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.
bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach. the teachers used the direct method.
" Bhí Dónall Ó Lubhlaigh ina “phríomhoide” agus bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach.
modh oibre work method
" Ina litir, ba iomaí uair a cháin an státseirbhíseach, Paul Sweeney, an foirgneamh a raibh USAIG lonnaithe ann i mBaile Nua na hArda agus cháin sé fosta modh oibre na foirne, cur chuige an chathaoirligh, Philip Robinson, ach go háirithe.
cur chuige approach, method
" Tá an cur chuige foinse oscailte seo radacach ó thaobh léarscáileanna de toisc go dtugann sé deis do dhaoine eagarthóireacht a dhéanamh ar an eolas agus é a thabhairt cothrom le dáta go tapa.
modhanna réabhlóideacha revolutionary methods
" Ba ansin a fuair siad traenáil in “*nonviolence as a method of warfare*”, modhanna réabhlóideacha de chuid Gene Sharp, ar bunaitheoir an Albert Einstein Institution é.
modh method
" Tagann an modh acadúil seo ar fad as Meiriceá.
mhodh method
" Chuaigh Cerný chomh fada le ráítis agus beathaisnéisí a fhoilsiú ó gach ealaíontóir bréige, a ghlac páirt sa taispéantas agus rinneadh cur síos ar an mhodh oibre agus an raison d’être a bhí taobh thiar den tsaothar uilig.
cur chuige method
" Áthas orm go rabhas mícheart agus ní mar gheall ar an gcúpla euro a shaothraigh mo gheall le Betfair ar Obama, ach mar gheall go bhfuil cur chuige nua agus smaointí nua ag teastáil, má táthar leis na fadhbanna ollmhóra atá ag bagairt ar an domhan a réiteach.
an cur chuige the method(ology)
" Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná an cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin.
cur chuige a method
" Plean oibre cuimsitheach é a leagan síos cur chuige do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
gnáthmhodh common method
" Cé gurb é an Béarla gnáthmhodh cumarsáide na mball, tá níos mó cainteoirí Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael ná mar atá in aon eagraíocht eile sa tír.
modh taighde research method
" Admhaíonn Irishblogs nach bhfuil a modh taighde foirfe, rud a bhaineann leis an mbealach a bhailíonn, nó nach mbailíonn, Twitter féin an t-eolas.
modh method
" Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d'fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.
chur chuige method
" Bheadh sé de bhuntáiste ag a leithéid de chur chuige go dtabharfadh sé leas pearsanta (agus sochar airgid) do na húinéirí in áis luachmhar atá ar leac an dorais acu.
Modh na Breataine Bige the Welsh method
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
modh a method
" Úsáidtear coincréit agus cruach chun na muilte gaoithe agus na painéil ghréine a thógáil agus a chur suas, modh atá trom go leor ó thaobh astuithe CO2 de.
Slí na Forbartha method of development
" Slí na Forbartha Deir Google gurb é an spreagadh a bhí ann dóibh ná cad a chruthófá dá mbeifeá ag cruthú r-phost inniu agus líon na n-uirlisí idirlín atá ar fáil chun obair agus súgradh a éascú.
shlí method
" Agus ar ndóígh tá a shlí féin ag ainmhithe áirithe chun dul i ngleic leis an gheimheadh: codlaíonn cuid acu, ar nós na gráinneoige, an geimhreadh amach; agus fágann cuid acu, an fháinleog cuir i gcás, an tír ar fad agus tugann siad aghaidh ar thír a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann.
modh method
" Theastaigh an modh faoina thoghtar is a cheaptar an Bord a leasú.
chur chuige method
" Anuas ar sin, caitheadh go leor fuinneamh diúltach sna meáin Ghaeilge ag clamhsán faoin chur chuige neamhthrócaireach a bhí molta ag McCarthy, fuinneamh a bhfeadfaí a chaitheamh ar dhóigheanna níos dearfaí.
modhanna na sochtheangeolaíochta sociolinguistic methods
" An rud is suntasaí faoin phlé a dhéantar ar an Ghaeilge le blianta beaga anuas ná go bhfuiltear ag cur modhanna na sochtheangeolaíochta chun tairbhe, go háirithe an méid a bhaineann le teangacha atá i mbaol, nó go fiú, an tuiscint a bhaineann le bás teangacha.
modhanna methods
" Creideann cuid mhór daoine - mé féin ina measc - gur cuspóir uasal é sin ach go bhfuil sé faoi smál ag modhanna suaracha lucht an fhoréigin.
modhanna methods
" Tuigim go bhfuil obair mhaith ar bun ag na heagraíochtaí, ach is fiú féachaint i gcónaí ar ár modhanna oibre, féachaint an féidir iad a fheabhsú.
mhodh method(s)
" Agus an ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hIndia ar bun sa 20ú haois, tháinig dhá mhodh chun cinn a raibh sé mar aidhm acu scéal riabhach an aosa sheachanta a fheabhsú.
a gcur chuige their method
" Leasú é seo a chuirfeas córas úr maoinithe i bhfeidhm don obair a bhíodh ar siúl ag na heagrais dheonacha Gaeilge agus a athrós a gcur chuige ó bhonn.
modh method
" Is léir ó na dathanna gléineacha gur mór an acmhainn atá i gceist, ach caithfimid modh a shaothraithe a fhoghlaim.
Athraíonn na nósanna methods change
" Athraíonn na nósanna agus na stíleanna agus na hábhair agus an saol sóisialta chomh sciobtha sin.
mhodhanna methods
" Tá mórán athruithe ar chluichí feicthe ó bunaíodh an CLG, athruithe ar rialacha ballraíochta agus imeartha cuid acu, athruithe ar mhodhanna traenála agus ar stíleanna imeartha agus mar sin de.
cur chuige method, approach
" Is tréith de chultúr cathrach iad siúd a léiríonn stuaim, cur chuige agus socracht na ndaoine ann.
Nós úr eile another new method
" Nós úr eile atá ann ná go seoltar sceideal an Fhómhair ar na stáisiúin teilifíse.
An Modh Oibre the method
" Murach iad, cá mbeadh muid! An Modh Oibre ======= **SMM: An dtéann sibhse i dteagmháil leis na gnónna nó an é an chaoi go dtagann siadsan chugaibhse ag iarraidh cuidithe?** BNC: Ag an tús, théadh muid i dteangmháil leosan.
nósanna imeachta methods
" Ina measc sin d’fhéadfaí treoirlínte agus nósanna imeachta soiléire a leagan síos.
modhanna féinfhoghlama self-learning methods
" Ar ndóigh, is fearr an féinsmacht, na modhanna féinfhoghlama agus is fearr modhanna féinspreagtha a bhíonn ag an duine fásta ná a bhíonn ag an ghasúr.
tréimhsí agus módhanna times and methods
" Ba dhroichead idir tréimhsí agus módhanna intleachtúla éagsúla Foucault freisin, ach go háirithe agus é ag déanamh iarracht tubaistí ilghnéitheacha stair na Fraince a úsáid chun dólás agus brón a linne féin a thuiscint.
Modhanna Ceapacháin appointment methods
" Modhanna Ceapacháin =========== Agus cad faoi chaighdeán na gcomhaltaí? Cairde sa chúirt ab ea go leor de cheapacháin bhoird go dtí go ríghairid.
modhanna methods
" Le fiche bliain anuas tá an eagraíocht seo, lonnaithe in Vancouver, ag obair go dícheallach in aghaidh na fógraíochta a líonann an saol thart orainn ó mhaidin go faoithin, ag úsáid na modhanna fógraíochta is nua-aoisí atá ar fáil.
mhodhanna eagraithe methods of organizing
" Agus an spreagadh seo inár gcluasa, tháinig cainteoir i ndiaidh cainteora amach ag cur síos ar mhodhanna eagraithe agus múinte a d'fhéadfaí a fheidhmiú chun an teanga a chur chun cinn.
cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom his teaching methods help me
" Is é an ghné is mó den chluiche a bhfuil ar Dhaithí feabhas a chur air dar leis, gné na hintinne: “tá aigneolaí spóirt ar fáil do lucht spóirt an choláiste agus cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom a bheith ar mo shuaimhneas agus roghanna maithe a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne le linn cluiche”.
seanchleachtas old method(s)
" Arís, san Irish Times, chonaic mé alt faoi Thaipéis Gael, meitheal fíodóirí atá ag cruthú taipéisí ealaíne tríd an seanchleachtas fíodóireachta.
mílte bealaí físe ann thousands of methods of video in use
modhanna cogaíochta methods of warfare
" Dar liomsa, ón uair a pléascadh an chéad bhuama a mharaigh seisear ar shráideanna Bhéal Feirste ar 20 Márta, 1972, ní raibh aon bhunús mórálta le modhanna cogaíochta na bProvos agus is ceart go mbeadh sé ina údar náire d’aon duine a bhí bainteach leis.
tchí tú i modhanna teagaisc do you see in teaching methods
" **SÓC: Cén t-athrú a tchí tú i modhanna teagaisc agus iompair sa seomra ranga ón uair a thosaigh tú i ’61 agus gur éirigh tú as i ’94?** MMGE: Tháinig athruithe ar bhéasaí na bpáistí agus ar an oiliúint a fuair múinteoirí, bealaí nua le teagasc.
modh earcaíochta method of recruitment
" É sin ráite, sílim gur cheart córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm i modh earcaíochta na nGardaí.
modhanna múinteoireachta éagsúla various teaching methods
" Chiallaigh sin go raibh ranganna á múineadh i Meiriceá ar leibhéil éagsúla, le modhanna múinteoireachta éagsúla, nó gan cruth ar bith orthu.
mhodhanna methods
" Léiríonn an saothar sa chuid seo den taispeántas an saineolas a bhí ag ealaíontóirí na tréimhse sin ar choincheapa mar pheirspictíocht líneach/atmaisféarach agus an tionchar a bhí ag an Iodáil ar fhorbairt stíl na hÍsiltíre - bhí sé coitianta ag an am sin go rachadh ealaíontóirí na hÍsiltíre chun seal ama a chaitheamh san Iodáil le staidéar a dhéanamh ar mhodhanna péintéireachta an taoibh sin.
modhanna teagaisc níos solúbtha more flexible teaching methods
" I gcomórtas le cruth an tseomra ranga bíonn modhanna teagaisc níos solúbtha ag an dojo, agus is é bunphrionsabal na gluaiseachta ná cothrom na Féinne do chách.
modh an áitithe the argumentation method
" Cad atá i gceist agam anseo le reitric, más ea? Tig linn ‘modh an áitithe’ a ghairm den reitric thraidisúnta.
chleacht sé ‘modh an allagair he used the argumentative method
" Dhiúltaigh Sócraitéas don reitric agus chleacht sé ‘modh an allagair’ nó réasúnaíocht dhialachtaice d’fhonn ‘fírinne‘ an scéil a nochtadh.
modh an aineolais the method of ignorance
" Tig linn ‘modh an aineolais’ a ghairm den reitric chomhaimseartha faoi mar a chleachtaítear í in Éirinn.
sásta triall a bhaint as modhanna nua content to try new methods
" Chomh maith le sin, bhí Mac Gabhann sásta triall a bhaint as modhanna nua le postanna a chruthú sa Ghaeltacht: bhí dream óg tógtha curtha ag obair aige i nGaeltarra ar fhorbairt feilméireacht éisc i gConamara, mar shampla.
aon bhealach cruinn a leagan síos to lay down any accurate method
" Chlis orthu seilbh a ghlacadh ar thionscadal na hatógála, chlis orthu réiteach glinn ar fhadhb an neamhionannais a chur in iúl, agus chlis orthu aon bhealach cruinn a leagan síos a cheartódh cultúr na hiomarca agus na caimiléireachta atá i smior an chórais chaipitlíoch.
ní féidir cóipcheart a chur ar mhodh déanta one can’t copyright a method of production
" Tá, ó thaobh an cur i bhfocail agus i láthair, ach níl ann ach modh déanamh bia agus ní féidir cóipcheart a chur ar mhodh déanta.
Ba é an modh bainistíochta it was the method of management
" Ba é an modh bainistíochta a chleacht Mac Fheargusa de réir dealraimh ná modh an deachtóra fhorlámhaigh.
modh an deachtóra fhorlámhaigh the method of the domineering dictator
" Ba é an modh bainistíochta a chleacht Mac Fheargusa de réir dealraimh ná modh an deachtóra fhorlámhaigh.