Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhilleán blame
" Is é mo bharúil go bhfuair na daoine i mBostún Theas níos mó den mhilleán ná mar a bhí tuillte acu.
milleán blame
" Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
mhilleáin blame
" Tá polaiteoirí ag cur an mhilleáin ar an dream eile, mar a bhí Nero agus an Róimh ag dó.
milleán blame
" Ní ormsa atá an milleán faoi Linwen.
Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí Let us not put all the blame on the politicians
" Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí.
milleán blame
" Agus cuirimse an milleán ar Declan, ach níl a fhios agam an bhfuil sé sin féaráilte.
milleán blame
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
milleán blame
" Orm féin a bhí an milleán nár fhág ar a sáimhín só í.
ag cur an mhilleáin ar blaming
" Tá loitiméireacht déanta ar thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl agus tá an coimeádaí ag cur an mhilleáin ar dhílseoirí áitiúla.
mhilleán blame, responsibility for failure
" Ní thig an locht a chur go hiomlán ar chúinsí lasmuigh den tír go bhfuil titim thubaisteach i ndiaidh tarlú sa ghnó seo - is féidir go leor den mhilleán a chur orainn féin.
a ainm a shaoradh ó mhilleán to clear his name
" Is ansin a tuigeadh dó go raibh air a ainm a shaoradh ó mhilleán.
milleán blame
" Cuirtear an milleán as chuile dhrochrud ar an teilifís, ar ndóigh, ach sa gcás seo tá meáchan áirithe leis an argóint: ní hamháin mar gheall ar na fógraí ach mar gheall go gcaitheann páistí an oiread sin ama suite os a comhair - am ar cheart dóibh bheith ag rith thart taobh amuigh.
mhilleán blame
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
milleán blame
" Agus todhchaí an PSNI á plé faoi láthair, tá iarrachtaí a cheannasaíochta an milleán uilig a chur ar na poblachtánaigh ag dul thar fóir.
mhilleán blame
" Cheana féin i mbliana ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Craobh Laighean faoi 21 i gcoinne Loch Garman ach chaill siad an cluiche in am breise agus cuid mhaith den mhilleán orthu féin.
milleán blame
" "Tá scoileanna s'againne leithscartha, ach ní chuirim an milleán ar an Eaglais Chaitliceach, mar sílim go bhfuil creideamh láidir i scoileanna s'acusan, nach bhfuil le fáil i gcónaí sna scoileanna stáit.
milleán blame
" Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae "bíodh an deabhal aige seo mar obair" agus éirí as.
milleán blame
" Cuireadh milleán ar an APRA chomh maith, an eagraíocht a bhí in ainm is a chinntiú go raibh comhlachtaí árachais ag dul i mbun gnó mar ba chóir.
milleán blame
" Cuireadh as an gcomórtas é dá bharr (tá rialacha aisteacha ag baint le galf ar uairibh) ach in áit an milleán a chur ar a chéile imeartha (a raibh baint aige leis an mbotún ar bhealach nach cuimhin liom anois) nó ar a ghiolla ghlac sé leis gurb é féin a rinne an botún gan chabhair ó éinne.
mhilleán blame
" Cheana féin tá cuid den mhilleán maidir leis seo á chur ar an Rialtas as an stocaireacht a rinne siad don bhád Atlantic Dawn agus cuid eile ar chleachtais áirithe atá ag iascairí santacha de chuid na tíre seo.
milleán blame
" Ní féidir an milleán a chur ar na moltóirí má dhéanann imreoirí feallanna gránna.
milleán blame
" Cén fáth go bhfuil an milleán á chur ag Mac Grifín ar an gcóras? Tar éis an tsaoil, téann curaí Uladh díreach isteach i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
ag cur an mhilleáin orm blaming me
" Ba é an lá pá is fearr a bhí agam i gcaitheamh mo shaoil ach gur íoc mé go daor air i ndeireadh báire nuair a bhí chuile dhuine ag cur an mhilleáin orm gur mealladh iad lena gcuid airgid a chur amú ar na scaireanna! AÓF: Cad é an rud is tábhachtaí duit san amhránaíocht dhúchasach? ÉÓD: Scéal an amhráin.
milleán blame
" Cé chuirfeadh an milleán air? Cuireann imeacht Setanta Uí Ailpín dúshlán roimh an gCumann Lúthchleas Gael.
milleán blame
" Cuirtear an milleán arís ar an lucht agóide - ní bheadh costas ar bith i gceist dá nglacfaí leis na féidearthachtaí eile.
milleán blame
" Béim eile ======= Ach ní féidir an milleán ar fad a chur ar an aimsir - tá fadhbanna níos bunúsaí ná sin ann.
milleán blame
" Cé go chuir an Breitheamh Taylor an milleán ar na póilíní maidir leis an tubaiste, níor tháinig an scéal iomlán amach agus dúirt muintir Learphoill gur "forcheilt" a bhí i gceist sa tuarascáil.
milleán blame
" Agus is ar rialtais stáit is mó atá an milleán, ó tharla cúram na ndúchasach a bheith orthusan go dtí deireadh na seascaidí.
cluiche an mhilleáin the blame game
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
mhilleán blame
" Dá bhrí sin, tá cuid mhaith den mhilleán ar an gCumann Lúthchleas Gael nach bhfuil Éireannaigh ag déanamh go maith ag na Cluichí Oilimpeacha! Dar ndóigh, tá spóirt eile an-láidir sa tír seo freisin, mar atá sacar, rugbaí, galf agus rásaí capall, agus tá foirne agus daoine aonair an-ábalta dul ag iomaíocht go hidirnáisiúnta sna spóirt sin.
milleán blame
" "Ní féidir an milleán a chur ar an ealaín as gníomhartha a rinne an teaghlach," a deir sí.
milleán blame
" " Tá drogall ar Ray, áfach, an milleán a chur ar Barnes.
ceap milleáin scape-goat
" " Aontaíonn sé leis an tuairim go lorgaítear ceap milleáin go minic nuair nach bhfuil rudaí i gceart.
milleán blame
" Sula n-éireodh leis i dtroid ar bith, thuig sé go mbeadh air duine nó daoine eile a aimsiú leis an milleán maidir leis an titim i líon na vótaí a iompar agus ansin treo an pháirtí a athrú.
milleán blame
" Cuirtear an milleán ar pháirtithe éagsúla: na comhlachtaí is cumhachtaí sna margaí, an tAire Cumarsáide, an t-infrastruchtúr.
milleán blame
" Tá an oiread flosca chun cáinte air gur mór an t-iontas nár chuir sé an milleán ar Shinn Féin as teip fhoirne na hÉireann i gCaerdydd agus i dTel Aviv.
milleán blame
" Ar an chéad dul síos, cuirtear an milleán ar fad ar na ceannairí polaitiúla - Gerry Adams, Martin McGuinness agus Gerry Kelly ach go háirithe - siocair gurb iad a chothaigh na fir chrua mar gur fhóir sé dóibh go mbeadh a leithéid ag déanamh póilíneachta ar na ceantair náisiúnacha.
milleán blame
" Ba é an aidhm a bhí leis an bhréag seo ná an milleán mar gheall ar an trioblóid a chur ar na hÉireannaigh agus amhras a tharraingt orainn.
mhilleán blame
" Tá siad dall ar an mhilleán agus ar an fhreagracht atá orthu féin as foréigean an chéid seo caite.
milleán blame
" Is fearr leo an milleán a chur ar dhaoine eile agus an talamh ard morálta a ghlacadh chucu féin.
milleán blame
" Agus cé a chuirfeadh an milleán orthu tar éis don Chóras Eadrána a bunaíodh go speisialta chun ceisteanna mar seo a réiteach rialú ar a son ar dtús.
milleán blame
" B’fhíor di ach, arís eile, bhí sí ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile le haird a tharraingt óna heaspa gnímh féin maidir leis an ghné seo den fhadhb.
milleán blame
" Dúradh i gcónaí faoi na Trioblóidí ó thuaidh go raibh an milleán céanna orthu siúd a thug lámh chúnta do dhúnmharfóirí agus a bhí ar an té a scaoil na piléir.
milleán blame
" Ní dóigh liom gur chóir an milleán a chur ar na himreoirí fad is a dhéanann siad a ndícheall ó thaobh traenála de.
milleán blame
" Cuireadh an milleán ar chuid de na meáin freisin – bhí siadsan ag gríosú na ndaoine le seachtain roimhe sin.
milleán blame
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
milleán blame
" *(Suirbhé de chuid an INTO, 2004)* Léiríonn na staitisticí thuasluaite, má tá cruinneas ar bith iontu, go bhfuil an scéal go dona sna bunscoileanna i gcoitinne maidir le háiseanna spóirt agus corpoiliúna agus go bhfuil an milleán go huile is go hiomlán ar an stát, is é sin an rialtas, faoi sin.
milleán blame
" Má tá locht ar an chóras, ba cheart iarracht a dhéanamh é a leasú in áit an milleán a chur ar an ábhar.
milleán blame
" D’fhéadfaí a rá go bhfuil *ethos* leathrúnda, neamhfhoirmeálta i gCLG a deir: gur cluichí “fearúla” iad peil agus iomáint agus is cód é sin a deir “má bhuailtear buille ort, glac leis ach tabhair ceann níos fearr ar ais in am cuí”; go dtarlaíonn scliúchais ó am go ham de bharr theannas na hócáide ach nach bhfuil aon dochar ansin; gur féidir an milleán a chur ar an réiteoir de ghnáth toisc (a) nach raibh smacht aige nó (b) gur shéid sé an fheadóg rómhinic agus araile; baineadh leas as (a) go minic i gcomhthéacs eachtraí na hÓmaí; go bhfuil droch-chaint gháirsiúil inghlactha ag cluichí, ar an taobhlíne, i seomraí gléasta agus araile, go fiú agus mná agus gasúir i láthair.
milleán blame
" * Cén áit ina dtagann *ethos *Chumann Lúthchleas Gael i gcomhthéacs an chineáil iompair a bhí le feiscint san Ómáigh? Ní túisce eachtraí an lae a bheith thart (agus ná déanaimis dearmad narbh é seo an chéad eachtra dá leithéid feicthe againn ná baol air) ná gur cuireadh tús leis na leithscéalta agus na finscéalta agus an chéad scéal ná, mar is iondúil, go raibh an milleán ar an réiteoir.
milleán blame
" D’inis mé dó cad é a tharla dom agus chuir sé ceist ar na bairdéirí go feargach: “Is this true?” Ghabh siad leithscéal leis, dúirt nach raibh locht ar bith orthusan agus chuir siad an milleán ar “the security people”.
milleán blame
" ” Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadach – beart údaraithe dá gcuid, dar leis.
ag cur milleáin ar a chéile blaming each other
" Ní raibh sé mórán achair gur thosaigh na polaiteoirí ag cur milleáin ar a chéile.
milleán blame
" Is ar an chóras cam pleanála atá an milleán.
an milleán the blame
" Ar nóta íseal, ní fhéadfá an milleán a chur ar dhuine a bheith beagán searbhasach faoin lucht tacaíochta a bhíonn ag Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh.
go raibh ceap milleáin á dhéanamh as that a scapegoat was being made of him
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
an milleán the blame
" ”) Luaim féin gur cuireadh an milleán ar an Bhreatain as an ghorta mhór a bhí i mBeangál 1943.
milleán blame
" Dá bhrí sin, nuair a bhíonn daoine míshásta le polasaithe nó le cinntí an rialtais, cuireann siad an milleán ar Canberra.
milleán blame
" Cuireadh an milleán ar antoiscigh na Bahutu as an eitleán a leagan le lámhach.
ag cur an mhilleáin uirthi, blaming it,
" (Paragraf 11) Tá sé ró-fhurasta a bheith ag cáineadh na teicneolaíochta agus a bheith ag cur an mhilleáin uirthi, áfach.
cé a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi who is being blamed
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth ar chuir Megan lámh ina bás féin? (p2) (II) De réir an ailt seo, cé a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi maidir le bás Megan? Cén fáth a bhfuiltear ag cur an mhilleáin ar an duine seo? (p3) (III) Céard a léiríonn torthaí an taighde ar thug "Primetime" agus *The Irish Independent *faoi? (p4 agus p5) CEIST A DÓ (I) Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht ar shaol an duine a ndéantar bulaíocht air? (p6) (II) Cén fáth a bhfuil an chibirbhulaíocht níos nimhní ná bulaíocht a dhéantar aghaidh ar aghaidh? (p8)(III) Céard iad na ceantair is mó a mbíonn an chibirbhulaíocht coitianta iontu? Cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh? (p11) CEIST A TRÍ(I) Ar chóir, dar le húdar an ailt, an locht a chur ar an teicneolaíocht? (p12) (II) Cé hiad na dreamanna a bhfuil freagracht orthu ó thaobh polasaithe i leith na cibirbhulaíochta a stiúradh? (12)
an milleán the blame
" Chuir Huxley an milleán go príomha ar fhorbairt dhaonna na nAfracach.
milleán blame
" " In ionad Rialtas Iosrael a cháineadh mar gheall ar an imshuí danartha a dhéanann siad ar an limistéar, leag Emanuel an milleán ar an trodaíocht idir Hamas agus Fatah.
milleán fault
" An sluafhoinsiú Ach ní féidir an milleán a chur ar aithreacha an idirlín (agus b’aithreacha iad don chuid is mó, ach sin alt eile ar fad!) Bhí fís acu agus maireann, go pointe áirithe, an nós cúnta a thosnaigh leis an gcéad “*Request for Comments*”.
milleán blame
" Ach mar a tharla i gcás an díospóireacht a bhain lena laghad eachtrannach a bhíodh ina ngardaí, cuireann daoine eile an milleán ar an Ghaeilge.
mhilleán blame
" Tá ag tsúil ghéar seo níos géire an t-am seo thart i ngeall ar an drochdhóigh a bhfuil geilleagar na tíre agus mar gheall ar an mhilleán atá á chur ar an rialtas atá ann faoi láthair.
milleán blame
" Chuir na ceardchumainn an milleán ar an lucht ghnó; chuir an rialtas an milleán ar chóras gheilleagair an domhain, chuir an freasúra an milleán ar an rialtas, agus chuir an gnáthdhuine an milleán ar na baincéirí agus ar an lucht tógála.
ag leagan an mhilleáin laying the blame
" Mhothaigh FISA go raibh Walshe ag leagan an mhilleáin ar na híospartaigh agus cáineadh go géar an ráiteas sna meáin san India.
milleán blame
" Cuireadh an milleán ar Chomhdháil Uígireach an Domhain, go háirithe ar Rebiya Kadeer, uachtarán na Comhdhála.
milleán blame
" Ach, iontas na n-iontas, níor leag gach éinne sna meáin an milleán ar sceimhlitheoirí Ioslamacha.
milleán blame
" Ní féidir an milleán ar fad a chur ar imreoirí, ar lucht traenála ná ar bhainisteoirí – imrítear an cluiche ar an mbealach is feidhmiúla, dar leo.
milleáin fault
" ” Cé hé Atzmon? Frith-Sheimiteach eile ag leagadh milleáin ar na Giúdaigh as fadbhanna an domhain go léir? Ní hea.
milleán blame
" Cuireadh an milleán ar an Uachtarán Obama nach ndearna sé a dhícheall agus é i gCóbanhávan.
milleán blame
" Cuimhnigh gur Ray Burke a réitigh cuid mhór den ábhar a chuir Bobby Molloy amach ar deireadh, agus cuirtear milleán ar Ray Burke, ach dúirt Ray Burke, cuirim i gcás - in éis dófa milleadh a dhéanamh - ach dúirt Burke nach laghdódh sé an cháin chorparáideach faoi 50%, mar aon rud taobh thíos de sin, nach dtiocfadh leis seasamh leis.
mhilleáin blame
" Ní iontas ar bith é go bhfuil daoine ag leagan an mhilleáin ar an chóras polaitíochta.
milleán blame
" Cuireann an Taoiseach, Enda Kenny, an milleán uilig ar róchaiteachas na rialtas a chuaigh roimhe agus ar an chaidreamh shóchúil idir Fianna Fáil agus tionscal na tógála.
Ceapa Milleáin scapegoats
" Ceapa Milleáin de Dhíth Anois Más dráma tarraingteach a bhfuil ar siúl sa Seanad faoi láthair, ámh, níl amhras ar bith ach go bhfuil gach rud ag rith de réir na scripte.
an milleán the blame
" Seanbhean í Neill, ar fhág a fear í ag an altóir blianta fada ó shin, agus a chuir an milleán ar an mbean eile a fuair an fear sin.
mhilleáin blame
" Tá na poblachtánaigh ag cur an mhilleáin ar an Uachtarán Obama agus tá Obama ag cur an mhilleáin ar BP.
milleán blame
" Ní féidir an milleán faoi aon ócáid ar leith a leagan ar athrú aeráide an domhain i gcoitinne – bíodh an tonn teasa is géire riamh sa Rúis i gceist, nó an bháisteach mhillteanach atá ag cur na milliún as riocht agus ó theach is talamh sa tSín, nó fiú an dá mhilliún duine anois gan dídean sa Phacastáin.
milleán blame
" Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na habairtí ann a bheith roinnte ina ainmní-briathar-cuspóir.
milleán blame
" Agus is leasc leo aird a tharraingt orthu féin nó ar an gcruachás ina bhfuil siad ar eagla go gceapfaí fúthu gur orthu féin atá an milleán má tá siad ina n-aonar.
saor ó mhilleán blameless
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
ceap milleáin scapegoat
" Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an dímheas agus ar an lochtú a dhéantar ar na ceantracha seo agus ar an dóigh a bhfuiltear ag déanamh ceap milleáin díobh cionn is nach bhfuil cumhacht pholaitiúil acu.
milleán blame
" Éiríonn daoine tuirseach, sáraithe den chuardach agus cuirfidh siad an milleán ar an teanga.
milleán blame
" Ó thaobh athchóiriú geilleagair de, chuir Obama an milleán ar “geilleagair iata” mar gheall ar chuid mhaith de na fadhbanna atá ag na daoine sa réigiún.
an ceap milleáin scapegoat
" Ba iad na Iúdaigh an ceap milleáin ag cách an t-am sin.
milleán blame
" Níl milleán orthu siúd atá bailithe leo i mbun oibre nó ag cuardach eachtraíochta – cuid de shaol na linne seo é – ach ní chuidíonn sé leis an bhfoireann a choinneáil beo.
milleán blame
milleán blame
" Cailleach an Uafáis ========== Cuireadh an milleán ar Qaddafi, sna hochtóidí, as dúnmharú Constábla Yvonne Fletcher os comhair Ambasáid na Libia i Londain i 1984; as marú beirt shaighdiúirí de chuid SAM i mbuamáil dioscó in Iarthar Bheirlín i 1986; agus as buamáil Eitilt Pan Am 103 os cionn Loch Earbaí, Albain i 1988.
an milleán á chur blame is being placed
" Rinne Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail (FG), iarratas chuig an rialtas le go nglanfaí a gcuid fiacha toisc “go bhfuiltear ag bagairt go mbeidh achrann le hÚdarás na Gaeltachta – agus an milleán á chur ar an Rialtas – mura mbeidh na híocaíochtaí iomarcaíochta ar fáil roimh an Aoine seo chugainn ag na hoibrithe atá ag feitheamh le cúpla mí.
ualach an mhilleáin a roinnt to share the burden of fault
" Tá a fhios agam go síleann daoine gur maith an rud é go bhfuil dream eile i gcumhacht liom le go gcuirfidh mé an locht orthu ó am go chéile, ach le leithéidí Pádraig an Coinín agus Moan Burton, is beag an seans a bhíonn agam ualach an mhilleáin a roinnt.
ag cur an mhilleáin ar blaming
" Conas nach bhfacamar ag teacht é? Bímid ag féachaint ar a chéile anseo agus ag cur an mhilleáin ar a chéile mar tar éis an tsaoil nach sinne faoi deara é? Cén fáth nár labhramar amach in am? Cén fáth nár aithníomar na comharthaí sóirt? Cén fáth nár thuigeamar go mbeadh deireadh le saoirse cainte, go raibh na boic ag ullmhú don lá a mbeadh na meáin go léir faoina smacht acu agus nach mbeadh ach an t-aon tuairim amháin ann feasta.
ní thig liom an milleán a chur orthu as I can’t blame them for
" Ach dá olcas an dá leabhar úd, ní thig liom an milleán a chur orthu as gach aon síocóis atá buailte orm! Lena chois sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an ghráin agam ar theanga ná ar litríocht an Bhéarla dá bharr.
milleán blame
" Cuireadh an milleán ar imreoirí, ar phlean an lucht bainistíochta, ar an gcineál ullmhúcháin, ar thuirse a bheith ar na himreoirí de bharr an iomarca traenála sna seachtainí roimh an chomórtas.
atá an milleán á chur are being blamed
" Ar easaontóirí poblachtánacha atá an milleán á chur.
tá cuid den mhilleán agam ar an Sasanach I blame some of it on the English
" Agus tá cuid den mhilleán agam ar an Sasanach.
leis an mhilleán a chur orthu in order to blame them
" Rinne siad untermenschen scáfara den phobal Chaitliceach leis an mhilleán a chur orthu agus maireann a oidhreacht sin.
Bíodh deireadh le polaitíocht an mhilleáin the politics of blame must end
" Bíodh deireadh le polaitíocht an mhilleáin.
cén milleán a chuirfinnse ar an bhforbairt the fault I’d see with the development
" An obair seo go léir i gCuan an Inbhir, ar thug sé an Béarla céim eile chun cinn ar an nGaeilg, meas tú, i gceantar Iorrais?** PÓMurchú: An bhfuil a fios agat cén milleán a chuirfinnse ar an bhforbairt, má thig leat forbairt a thabhairt air, a tháinig ar an mBéarla anseobh in Iorras? Mar a deir siad, ’siad na meáin chumarsáide is ciontaí le seo, stáisiúin raidió agus graithí craoltóireachta nach bhfuil tuiscint acu ar an teangaidh.