Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Aire Slándála Security Minister
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
airí ministers
" Ag an am chéanna, tá baill den UUP ina suí ar an Choimisiún Dílseach, ar a bhfuil, dar le tráchtairí poblachtánacha, an lámh in uachtar ag an UDA/UFF, an dream a mharaigh Gerard Lawlor an mhí seo caite.
téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire the terms of reference of the minister's review
" Creideann dlíodóir an Róistigh, Eamonn Carroll, toisc téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire a bheith sách leathan, go mbeidh ar an Aire míniú sách cuimsitheach a thabhairt den chéad uair ar pé cinneadh a ghlacfaidh sé.
airí ministers
" Ach deir sé mura bhfaigheann sé é, go dtarraingeoidh sé a chuid airí amach as an Fheidhmenannas ó thuaidh.
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Is léir anois, áfach, go gcreideann an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, nach raibh na leasuithe a bhí beartaithe ag an aire a bhí ann roimhe, John O'Donaghue, sách leathan.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" I bhfreagra ar cheist Dála an mhí seo caite, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Brian Cowen go raibh cead tugtha ag an stát seo, idir Samhain 2001 agus Deireadh Fómhair 2002, do 610 eitleán míleata ó thíortha eile tuirlingt in aerfoirt de chuid na tíre.
na hairí mara the marine ministers
" Ach chuile bhliain socraíonn na hairí mara na cuotaí ag leibhéil atá i bhfad níos airde ná an méid a mholann na heolaithe.
Aire Cosanta na Spáinne the Spanish Defence Minister
" D'fhógair Federico Trillo, Aire Cosanta na Spáinne agus ball mór le rá d'Opus Dei, i ndiaidh dó a bheith ag taisteal i héileacaptar ar fud chósta Galicia, go raibh "cuma deas glan ar na tránna" agus go raibh "an radharc thar barr".
aire minister
" Cúpla uair ======= Thug Príomh-aire na Spáinne, Jose María Aznar, cuairt ar Galicia beagnach mí i ndiaidh na timpiste.
Aire Cosanta na linne the Minister for Defence at the time
" Díol spéise freisin é, an bhliain chéanna gur chuir Ceann Foirne Arm na hÉireann, Major General Thomas O'Carroll, meamram chuig Aire Cosanta na linne, Garry Cronin, ina ndúirt sé, "incursions into the Republic by organised Security Forces or partisan elements from N.
iar-Aire Iompair former Transport Minister
" Agus in ainneoin an méid a bhí le rá ag an iar-Aire Iompair Mary O'Rourke faoin tseirbhís a bheith ar fáil don phobal faoi dheireadh na bliana 2003, ní bheidh na tramanna le feiceáil ar shráideanna na hardchathrach go dtí mí an Mheithimh 2004 ar a luaithe.
na hairí talmhaíochta the agriculture ministers
" Nuair a rinne na hairí talmhaíochta an socrú nua, ag deireadh na míosa seo caite, bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil (agus iaraire sóisearach talmhaíochta) Ned O'Keeffe le cloisteáil ag tabhairt amach go glórach faoi ar an raidió.
aire sinsearach senior minister
" Is é an cor is deireanaí sa scéal go bhfuil a fhios againn go raibh Tony Abbott, atá anois ina aire sinsearach sa rialtas náisiúnta, ag bailiú airgid ó 1998 le tacú le daoine a bhí ag tabhairt cásanna cúirte i gcoinne One Nation.
aire sláinte minister for health
"aire sláinte na hÉireann, Mícheál Martin, ag brú ar aghaidh go fonnmhar leis an phlean atá aige dlí a chur i bhfeidhm a chuirfidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna na tíre.
Aire minister
" Bhí Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta againn, Michael McGimpsey, nach dtáinig aoibh an gháire riamh air le linn dó bheith sa roinn sin.
leas-Chéad Aire Deputy First Minister
" D'fhéadfadh sé ansin geallstan nach scorfaidh siad an Tionól arís má athbhunaítear é, ach tá fadhbanna anseo - má thoghtar go leor ball den DUP agus go leor easaontóirí ón UUP, d'fhéadfadh siad sáinn pholaitiúil eile a chruthú sa Tionól, gan Chéad- agus leas-Chéad Aire bheith ainmnithe.
an Chéad Aire the First Minister
" "A dhaoine uaisle, cuirim in bhur láthair an Chéad Aire, Mr Gerry Adams.
i measc na n-airí among the ministers
" Tá céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige.
Príomhaire Thuaisceart Éireann the Prime Minister of Northern Ireland
" " Cainteanna na seascaidí ======= Ceann de na gníomhartha ceannródaíocha ina raibh Whitaker lárnach le linn a ré féin sa státseirbhís ná na cainteanna sna seascaidí idir an Captaen Terence O'Neill, Príomhaire Thuaisceart Éireann, agus an Taoiseach, Seán Lemass.
Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta Minister for the Arts, Culture and the Gaeltacht
" Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha.
Aire Gnóthaí Inmhéanacha Minister for Internal Affairs
" Dúirt Ángel Acebes, Aire Gnóthaí Inmhéanacha na Spáinne, go feargach gurb iad bithiúnaigh amach is amach na daoine a bhí ag rá go mb'fhéidir nárbh iad ETA a bhí ciontach as an mbuamáil.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" D'ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" Dúirt an sceimhlitheoir Alexander Downer, Aire Gnóthaí Eachtracha, go raibh an méid a dúirt Keelty cosúil le bolscaireacht Al-Qaeda.
na hairí ar fad all the ministers
" Litreacha ======= Tá litreacha scríofa ag grúpa s'againne chuig na hairí ar fad atá bainteach leis an scéal, chomh maith le Margot Wallstrom sa gCoimisiún Eorpach.
an tAire Airgeadais the Minister for Finance
" Tá ráflaí cloiste agamsa, mar shampla, go raibh an tAire Airgeadais (Charlie McGreevy), go raibh sé go binbeach in aghaidh TG4 an chéad uair riamh.
hAire Talmhaíochta Minister for Agriculture
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
an tAire Éadóchais the Minister for Pessimism
"an tAire Éadóchais, Noelle Ó Díomásaigh, ag iarraidh comhchoibhneas a chruthú idir feabhas naíonraí áirithe agus líon na mac léinn iarchéime a fhaigheann céad onóracha sa chéim dochtúireachta.
iar-aire former minister
" Teachta Dála agus iar-aire é Eoin Ryan, fear ó chúlra meánaicmeach i ndeisceart na cathrach a raibh a athair agus a sheanathair roimhe beirt lárnach i bhFianna Fáil.
an tAire Airgeadais the Minister for Finance
" An bhfuil seans ar bith ann go dtarlóidh sé seo? Níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil an tAire Sláinte den tuairim go bhfuil gá leis an méid seo caiteachais agus níos lú cuma fós go bhfuil an tAire Airgeadais chun tacaíocht a thabhairt dó, mar is ag an Roinn Airgeadais atá an chumhacht.
airí áirithe certain ministers
" Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" Cé gur fhógair Brian Cowen, an tAire Gnóthaí Eachtracha, €1 milliún sa bhreis i mbliana, is é sin €5 milliún san iomlán, ní leor é sin, dar le hEmmett Stagg.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Foreign Minister
" " Tar éis dóibh beannú dá chéile, fiafraíonn Nixon de Rogers, "Cad é faoi na hÉireannaigh?" Rogers: "Bhuel, tá an tAire Gnóthaí Eachtracha ag teacht le mé a fheiceáil ar maidin.
Aire Póilíneachta Minister for Policing
" Tá ráite ag Robinson, agus an ceart aige, nach mbeadh an pobal naisiúnach sásta dá mbeadh ball den DUP ina Aire Póilíneachta - agus nach mbeadh an pobal aontachtach sásta glacadh le hAire Póilíneachta ó Shinn Féin.
an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Tá go leor den tuairim nár tháinig aon aire, ach amháin b'fhéidir Mary Harney i réimse na sláinte, in oidhreacht fadhbanna níos casta ná na cinn a bhfuil ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i ngleic leo.
iaraire former minister
" Ach, de réir an iaraire Tony Benn, tá 55,000 Iarácach marbh go dtí seo.
an Aire Comhshaoil nua-cheaptha the newly-appointed Minister for the Environment
" Is ar an ábhar sin gur chuir an NRA agus Comhairle Contae na Mí achainí faoin leasú ar Acht na Seadchomharthaí Náisiúnta faoi bhráid an Aire Comhshaoil nua-cheaptha, Dick Roche, ar an 20 Samhain 2004.
an tAire Gnóthaí Eactracha the Minister for Foreign Affairs
" Duirt Rabbie Namaliu, an tAire Gnóthaí Eactracha, go raibh an tuarascáil míchruinn agus gur gáifeachas a bhí ann.
aire minister
" Na teaghlaigh atá ina gcónaí sna ceantracha seo, níl an t-airgead acu le leabhair a cheannach, ach anois níl airgead ar bith fágtha ag na leabharlanna le leabhair a cheannach! Cad é an teachtaireacht atá á tabhairt ag an fhíric dhochreidte sin? Táthar ag gearradh siar fosta ar sheirbhísí síceolaíochta sna scoileanna.
Aire Comhshaoil Minister for the Environment
" Liosta le háireamh na botúin a rinne Martin Cullen agus é ina Aire Comhshaoil - idir vótáil leictreonach agus a chuid polasaithe i leith an chomhshaoil agus tithe aonair, gan trácht ar an scannal faoi bhronnadh chonradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid.
Aire Iompair Minister for Transport
" Soitheach gan stiúir ======= Ó ceapadh Martin Cullen ina Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada suntasach déanta aige.
aire sóisearach junior minister
" Más fíor do na Littlejohns, le cabhair Lady Pamela Onslow, a bhí cairdiúil le Lord Carrington – a bhí ina Aire Cosanta i rialtas Coimeádach Edward Heath ag an am – eagraíodh cruinniú idir iad agus aire sóisearach de chuid Rialtas na Breataine, Geofrey Johnson Smith, i Kensington House.
an tAire Iompair Minister for Transport
" Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen, an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “Iarnróid” go géar.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
Aire Bia agus Blonaige the Minister for Food and Blubber
" “Cén áit a rachaidh muid ar saoire i mbliana chun dath na gréine a fháil ar na colainneacha caomha cruthúla seo?” a d’fhiafraigh Balor an Blaochán den Aire Bia agus Blonaige, Conchúr Kebab.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" “Gheall mé do Bhertie go bhfanfainn i bhfad ar shiúl ón áit sin, nó ó thagairt ar bith don áit sin, ar feadh tamaillín ar a laghad, le go dtig leis mé a cheapadh i m’Aire Gnóthaí Eachtracha i gceann cúpla mí.
d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey the Minister for Communications Noel Dempsey announced
" Ag deireadh mhí na Bealtaine, d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, plean nua chun córas náisiúnta cód poist a chur ar bun.
iaraire former minister
" Tacaíonn fianaise an iaraire Caoimhín Ó Beoláin leis an méid seo.
d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey the Minister for Communications Noel Dempsey announced
" Ag deireadh mhí na Bealtaine, d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, plean nua chun córas náisiúnta cód poist a chur ar bun.
an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Brú 345 bar a bheas i gceist leis an phíblíne, brú atá i bhfad thar an ghnách i gcás píblínte den chineál seo, mar a d’adhmhaigh an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, é féin sa Dáil.
iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey minister Dempsey's attempt at compromise
" Sa chomhthéacs sin, is beag is fiú iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey go ndéanfaí measúnú riosca eile ar an tionscadal.
Dhroichead an Mhinistir the Minister's bridge
" Rachaidh an dara duais chuig Comhairle Contae Dhún na nGall as an bhalla gránna, déanta as coincréit, a thóg siad ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna.
an Aire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Tá moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith.
an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta the former Minister for Trade, Commerce and Tourism
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
Aire Fuinnimh Inbhuanaithe a Minister for Sustainable Energy
" B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015: “Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann” Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart? Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007: “Logánú gan Rogha” ======= Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" ” Is léir go bhfuil an-drochmheas aici ar an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell.
airí ministers
" Ach, ní chiallaíonn sé sin go n-airím go bhfuil sé de chead agam stop a chur le duine éicint eile.
an tAire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Cúpla lá i ndiaidh dó éirí as, bhí deis iontach acu an craiceann is luachmhaire sa chomhaireacht a fheannadh – an tAire Dlí is Cirt, Michael McDowell.
thug an tAire na cosa leis the Minister got away with it
" Drochsheans go bhfaighfeá riamh an rud nach n-iarrann tú agus thug an tAire na cosa leis.
Aire Cosanta Defence Minister
" Is samplaí cáiliúla iad Condoleeza Rice, Rúnaí Stáit an Rialtais, a bhí ina propast ar Ollscoil Stanford nuair a glaodh uirthi, agus Donald Rumsfeld, Aire Cosanta Mheiriceá, a bhí ina chathaoirleach ar chomhlacht eolaíochta.
an Aire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" Tá an freasúra ag iarraidh a rá go raibh a fhios acu – go háithrid ag an Aire Trádála Mark Vaile nó ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Alexander Downer.
an tAire Cumarsáide the Minister for Communications
" Is dea-scéala é, mar sin, go bhfuil an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, ag caitheamh súile ar shlite leis an fhadhb seo a leigheas.
aire spóirt cúil shadow sports minister
" Fuair Fowler tacaíocht fosta ón fheisire Tom Pendry, aire spóirt cúil Pháirtí an Lucht Oibre.
airí rialtas government ministers
" Ó 2003 anall, mar shampla, táthar ag diúltú eolas a chur ar fáil faoi chinntí a dhéanann airí rialtas.
Aire Fuinnimh Energy Minister
" Tá fearg ar Cholmán mar gheall ar an tslí ar thug Aire Fuinnimh Fhianna Fáil sna hochtóidí, Ray Burke, ceantar gáis na Coiribe ar lámh do Shell agus nár chuir sé iachall orthu fiú dleachtanna a íoc leis an stát.
an tAire Cosanta the Minister for Defence
" Ach bhí spás fá choinne beirte ar an bhosca, agus cé a bhí mar chomrádaí ag Balor ar bharr an bhosca ach Dead Eye O’Dea, an tAire Cosanta.
an tAire Cúrsaí Dúchasacha the Indigenous Affairs Minister
" Dúirt an tAire Cúrsaí Dúchasacha in Canberra, Mal Brough, nach raibh rialtas na Críche ag déanamh dóthain.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.
iarairí sinsearacha senior former ministers
" Má bhí mífhoighid ar Dev, is cosúil nach raibh a chuid iarairí sinsearacha – Lemass, Mac an tSaoi, ná Frank Aiken – ag cothú iomarca tinnis dó, bíodh is gur i bhfad ó theas na cumhachta ar chúlbhinsí an Fhreasúra a fágadh iad.
ceapachán na n-airí sóisearacha the appointment of the junior ministers
" Láimhsigh sé ceannairc inmheánach a chúlbhinseoirí go paiteanta ach ba go tuathalach a dhéileáil sé le ceapachán na n-airí sóisearacha.
Aire Cumarsáide Minister for Communications
" Bhí Máire Geoghegan-Quinn díreach ceaptha mar Aire Cumarsáide agus chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici agus comhairle a chur uirthi.
airí gnóthaí eachtracha an Aigéin the foreign ministers of the Ocean
" Beidh cruinniú ar siúl inniu (1 Nollaig) ag airí gnóthaí eachtracha an Aigéin i Sydney leis an scéal a phlé ach ní léir an féidir leo tada a dhéanamh faoin scéal.
an tAire Airgeadais, the Minister for Finance,
" Tá pinsean réasúnta maith acu fosta agus fógraíodh le gairid go raibh an tAire Airgeadais, Brian Cowen, sásta glacadh le moladh an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seamus Brennan, go n-ardófaí an pinsean ranníocach sa Cháinaisnéis an mhí seo ó €193 sa tseachtain go timpeall €208 sa tseachtain.
tugtha ag an Aire Comhshaoil, given by the Minister for the Environment,
" Tá cuid de seo ar na bacáin cheana féin agus leideanna tugtha ag an Aire Comhshaoil, Dick Roche, go mbeidh beartas éigin i gCáinaisnéis 2007 ina leith, más fíor.
go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, that she would stand against the Prime Minister,
" Maidir leis an toghchán náisiúnta, is fada uainn fós é ach cuireadh cor deas sa scéal nuair a d’fhógair Maxine McKew, a bhí ina hiriseoir teilifíse leis an ABC go dtí le gairid, go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, John Howard, ina shuíochán i Sydney.
má dhéantar Céad Aire dó, if he is elected First Minister,
" Thug sin faill do Paisley – naoi mbliana ina dhiaidh sin – bheith ag maíomh gur bua a bheas ann má dhéantar Céad Aire dó, ainneoin go mbeidh Martin McGuinness taobh leis! I bhfírinne, níl ann ach gur mealladh isteach sa chró dornálaíochta é.
Cé is moite den Aire Éamon Ó Cuív apart from Minister Éamon Ó Cuív
" Cé is moite den Aire Éamon Ó Cuív agus na Teachtaí Dála Joe Higgins agus Aengus Ó Snodaigh, ba léir nach raibh mórán ullmhúcháin déanta ag na hionadaithe a cuireadh os comhair an tslua.
an Príomh-Aire the Prime Minister
" Ba í an Príomh-Aire Helen Clark a sheol an rás – sin cruthúnas ar an meas atá acu ar spórt de gach aon sórt anseo i dtír na *All Blacks*.
gurbh fhearr leo príomh-aire nua that they'd prefer a new prime minister
" Anois, agus rialtas Nouri al-Maliki ag titim as a chéile, tá an CIA ag tabhairt le fios gurbh fhearr leo príomh-aire nua san Iaráic.
ministrí a cheapadh. to appoint ministers.
" Ag an am, bhí na tiarnaí talún ábalta ministrí a cheapadh.
an tAire Forbartha Sóisialta Minister for Social Development
" Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair faoi chinneadh Margaret Ritchie, an tAire Forbartha Sóisialta ó thuaidh, gan maoiniú de £1m a thabhairt don Conflict Transformation Initiative (CTI), tionscnamh ina bhfuil ról ag Ulster Political Research Group, grúpa a dhéanann anailís pholaitiúil don UDA.
mar phríomh-aire, as prime-minister,
" Ach nuair a thaispeáin go leor pobalbhreitheanna eile gurbh fhearr le muintir na tíre Kevin Rudd ná John Howard mar phríomh-aire, chuathas i mbun ionsaithe pearsanta ar cheannaire nua an fhreasúra.
aire minister
" Cuireadh tús leis an "bhfeachtas bréige" ón uair a ceapadh Kevin Rudd mar cheannaire ar an bhfreasúra - ar a dtugtar an Australian Labor Party (ALP) - i Nollaig na bliana seo caite.
aire iompair minister for transport
" Thug Martin Cullen, a bhí ina aire iompair ag an am, gealltanas go ndéanfaí “leasanna straitéiseacha an Stáit” a chosaint agus, chuige sin, go gcoimeádfadh an Stát bun mór sa chomhlacht príobháideach.
bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal the Minister Hanafin herself knew about the situation
" Go deimhin, bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal ó Mheitheamh na bliana 2006 ann.
Aire Airgeadais Minister for Finance
" Tá Peter Robinson ina Aire Airgeadais agus d’fhoilsigh sé dréachtphlean airgid an Tionóil ag deireadh na míosa seo caite.
ag tacú leis an Aire, supporting the Minister,
" Bhí MLA amháin i láthair a thug tacaíocht dóibh roimhe seo ach a bhí anois ag rá go raibh sé ag tacú leis an Aire, Caitríona Ruane.
ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain appointed First Minister of Scotland
" Ní luaithe go raibh Alex Salmond ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain ná gur fhógair sé go mbeadh reifreann á ghairm chun an tsreang imleacáin le Sasana a ghearradh.
iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, a former Conservative Minister,
" ” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu! Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana.
ministir Protastúnach Prodestant minister
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
aire stáit junior minister
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
a bhí ina phríomh-aire who was prime-minister
" Náiríodh an t-iar-chomhrialtas coimeádach nuair a chaill John Howard, a bhí ina phríomh-aire go dtí an mhí seo caite, a shuíochán féin.
tá bean ina leasphríomh-aire. a woman is deputy prime-minister
" Den chéad uair i stair na tíre, tá bean ina leasphríomh-aire.
ar Chomhairle na n-Airí on the Council of Ministers
" Toghfar uachtarán, mar shampla, ar Chomhairle na n-Airí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (cé go mbeidh cead é/í a athcheapadh ar feadh tréimhse amháin eile).
príomh-aire gach ballstáit the prime-minister of every member state
" Sealaíocht sé mhí atá ann faoi láthair, agus bíonn deis ag príomh-aire gach ballstáit suí sa chathaoir.
Ministir Baisteach oirnithe ordainded Baptist minister
" Ministir Baisteach oirnithe is ea é, a rugadh agus tógadh faoin tuath.
Céad-Aire, First Minister
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
an tAire Comhshaoil, the Minister for the Environment
" Ar ndóigh, dúirt an tAire Comhshaoil, Arlene Foster ón DUP, go raibh sé "ar intinn" aici conradh mórluachach a thabhairt don Seymour céanna le hionad léirithe a thógáil ag Clochán na bhFomhórach.
aire inimirce immigration minister
" Sa bhliain 1947, mar shampla, dúirt aire inimirce na linne, Arthur Calwell: “*We have 25 years at most to populate this country before the yellow races are down on us*.